21 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1984


AN tACHT UM CHOSAINT FOSTAITHE (DÓCMHAINNEACHT FOSTÓIRÍ), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

An Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

3.

Feidhm an Achta.

4.

Dócmhainneacht chun críocha an Achta.

5.

Daoine a cheapadh in imthosca áirithe chun feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar leis an Acht d'oifigigh iomchuí.

6.

Cearta fostaithe ar fhostóir d'éirí dócmhainneach.

7.

Ranníocaí neamhíoctha a íoc isteach sa scéim pinsin ghairme.

8.

Féadfaidh an tAire faisnéis agus doiciméid áirithe a éileamh.

9.

Gearáin leis an mBinse.

10.

Cearta agus leigheasanna áirithe a aistriú chun an Aire.

11.

Cumhacht an tAcht a leasú.

12.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1967.

13.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1973 agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

14.

Imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar chion.

15.

Cionta.

16.

Rialacháin.

17.

Costais, etc.

18.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

Deeds of Arrangement Act, 1887

1887, c. 57

Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889

1889, c. 60

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1946

1946, Uimh. 26

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967

1967, Uimh. 21

An tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973

1973, Uimh. 4

An tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973

1973, Uimh. 25

An tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974

1974, Uimh. 15

An tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977

1977, Uimh. 10

An tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977

1977, Uimh. 16

An tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979

1979, Uimh. 7

An tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981

1981, Uimh. 1

Na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1984


AN tACHT UM CHOSAINT FOSTAITHE (DÓCMHAINNEACHT FOSTÓIRÍ), 1984

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO THABHAIRT, AR FHOSTÓIRÍ D'ÉIRÍ DÓCMHAIN-NEACH, CEARTA AIRITHE D'FHOSTAITHE, DO LEASÚ ACHTACHÁN ÁIRITHE A BHAINEANN LE CEARTA FOSTAITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE (LENA nÁIRÍTEAR CIONTA) A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [30 Samhain, 1984].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1967” an tAcht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 ;

ciallaíonn “Acht 1973” an tAcht um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 ;

ciallaíonn “Acht 1974” an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 ;

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht um Dhífhostú Éagórach, 1977 ;

ciallaíonn “Acht 1981” an tAcht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 ;

ciallaíonn “cuideachta”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

nó aon chomhlacht corpraithe eile cibé acu corpraithe laistigh den Stát nó lasmuigh de;

ciallaíonn “fostaí” duine atá, nó a oibríonn (nó, i gcás conradh atá foirceanta, a d'oibrigh) faoi chonradh le fostóir, cibé acu is conradh é le haghaidh obair láimhe, obair chléireachais nó eile, nó is conradh sainráite nó conradh intuigthe é nó is conradh ó bhéal nó conradh i scríbhinn é nó is conradh seirbhíse nó conradh printíseachta nó eile é, agus forléireofar “fostóir” agus aon tagairt d'fhostaíocht dá réir sin;

ciallaíonn “pá saoire”—

(a) pá i leith saoire a tógadh iarbhír; nó

(b) aon phá saoire a bhí faibhrithe ar dháta foirceanta fhostaíocht an fhostaí agus, i gcás é do leanúint i bhfostaíocht leis an bhfostóir go dtiocfadh sé i dteideal saoire, a bheadh, faoi chonradh fostaíochta an fhostaí sa ghnáth-chúrsa, iníoctha leis ar é do theacht i dteideal amhlaidh;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;

ciallaíonn “scéim pinsin ghairme” aon scéim nó comhshocraíocht trína ndéantar, nó trínar indéanta, i ndáil le fostaithe in aon chineál fostaíochta, mar chuid de chonradh fostaíochta, sochair (i bhfoirm pinsean nó eile) a sholáthar is iníoctha le haon fhostaithe den sórt sin nó ina leith ar fhoirceannadh a gcuid fostaíochta nó ar éag nó ar scor dóibh;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;

ciallaíonn “oifigeach iomchuí” seiceadóir, riarthóir, an sannaí oifigiúil nó iontaobhaí i bhféimheacht, leachtaitheoir, glacadóir nó bainisteoir, nó iontaobhaí faoi chomhshocraíocht idir fostóir agus a chreidiúnaithe nó faoi ghníomhas iontaobhais dá chreidiúnaithe arna fhorghníomhú ag fostóir;

ciallaíonn “an Binse” an Binse Achomhairc Fostaíochta.

(2) Aon tagairt san Acht seo do shócmhainní scéime pinsin ghairme is tagairt í do na cistí nó don mhaoin eile as ar iníoctha ó am go ham na sochair a sholáthraítear leis an scéim, lena n-áirítear na fáltais ó aon pholasaí árachais a thógtar amach, nó ó aon chonradh faoina dtéitear, chun críocha na scéime.

(3) Chun críocha an Achta seo measfar fostóir a bheith dócmhainneach nó, de réir mar is cuí, measfar gur tháinig sé chun bheith dócmhainneach más rud é, agus más rud é amháin,

(a) gur breithníodh ina fhéimheach é nó gur chomhdaigh sé achainí comhshocraíochta nó gur fhorghníomhaigh sé gníomhas comhshocraíochta (de réir bhrí alt 4 den Deeds of Arrangement Act, 1887); nó

(b) gur éag sé agus go bhfuil a eastát, is eastát dócmhainneach, á riaradh de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Comharbais, 1965 ; nó

(c) i gcás gur cuideachta an fostóir, go ndearnadh ordú foirceanta nó gur ritheadh rún le haghaidh foirceannadh toilteanach ina leith nó gur ceapadh go cuí glacadóir nó bainisteoir ar a gnóthas nó go ndearna sealbhóirí aon bhintiúir arna n-urrú le haon mhuirear foluaineach, nó go ndearnadh thar a gceann, seilbh a ghlacadh ar aon mhaoin de chuid na cuideachta a bhí cuimsithe sa mhuirear nó a bhí faoina réir, nó

(d) gur fostóir é d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i rialacháin faoi alt 4 (2) den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire agus go mbeidh na himthosca a bheidh sonraithe sna rialacháin maidir le fostóirí den aicme nó den tuairisc sin i bhfeidhm i ndáil leis.

An Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

2. —(1) Gairfear an Ciste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí den chiste a bunaíodh le halt 26 d'Acht 1967 agus déanfar aon tagairtí don Chiste Iomarcaíochta san Acht sin nó in aon Acht eile den Oireachtas nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon Acht den Oireachtas a fhorléiriú mar thagairt don Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

(2) Aon tagairt sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984, nó in alt 28 (a cuireadh isteach le halt 3 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 ) d'Acht 1967, do ranníoc iomarcaíochta fostóra forléireofar í mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon mhéid a bheidh cuimsithe sa ranníoc sin de bhíthin an Achta seo a rith.

Feidhm an Achta.

3. —Faoi réir alt 11 den Acht seo, beidh feidhm ag an Acht seo maidir le fostaithe a fhostaítear i bhfostaíocht atá inárachaithe le haghaidh gach sochar faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1981 go 1984.

Dócmhainneacht chun críocha an Achta.

4. —(1) Fostóir atá dócmhainneach chun críocha an Achta seo measfar chun na gcríoch sin gur tháinig sé chun bheith dócmhainneach—

(a) i gcás gur breithníodh ina fhéimheach an fostóir, ar dháta an bhreithnithe sin,

(b) i gcás go ndearna an fostóir achainí comhshocraíochta, ar dháta comhdaithe na hachainí,

(c) i gcás gur fhorghníomhaigh an fostóir gníomhas dá dtagraítear in alt 1 (3) (a) den Acht seo, ar dháta an fhorghníomhaithe sin,

(d) i gcás gur éag an fostóir, ar dháta a bháis,

(e) i gcás gur cuideachta de réir bhrí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , an fostóir—

(i) i gcás gur ceapadh glacadóir thar ceann shealbhóir aon bhintiúir arna urrú le muirear foluaineach, nó go ndearna sealbhóir bintiúir den sórt sin nó go ndearnadh thar a cheann seilbh a ghlacadh ar aon mhaoin de chuid na cuideachta a bhí cuimsithe sa mhuirear nó a bhí faoina réir, ar an dáta a ceapadh an glacadóir nó ar an dáta ar glacadh seilbh mar a dúradh, de réir mar is iomchuí, nó

(ii) in aon chás eile, ar an dáta arb é, i ndáil leis an gcuideachta, an dáta iomchuí é de réir bhrí alt 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus

(f) más rud é gur fostóir é an fostóir d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe i rialacháin faoi fho-alt (3) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, ar an lá a nglacfar leis, faoi na rialacháin, gur tháinig an fostóir sin chun na gcríoch sin chun bheith dócmhainneach.

(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin na himthosca a shonrú ina measfar, chun críocha an Achta seo, fostóirí d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sna rialacháin a bheith dócmhainneach nó a bheith tagtha chun bheith dócmhainneach.

(3) Féadfaidh an tAire le rialacháin an lá a shonrú ar a bhféadfar aon fhostóir d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe sna rialacháin agus a bheidh freisin, chun críocha an Achta seo, ina fhostóir dócmhainneach, a mheas mar fhostóir a tháinig chun bheith dócmhainneach amhlaidh.

Daoine a cheapadh in imthosca áirithe chun feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar leis an Acht d'oifigigh iomchuí.

5. —(1) Más rud é—

(a) de bhua alt 1 (3) (d) den Acht seo, go dtiocfaidh fostóir chun bheith dócmhainneach chun críocha an Achta seo, nó

(b) go dtiocfaidh fostóir chun bheith dócmhainneach ar shlí eile chun na gcríoch sin agus nach mbeidh oifigeach iomchuí ann de thuras na huaire i ndáil leis an dócmhainneacht,

féadfaidh an tAire duine a cheapadh faoin bhfo-alt seo maidir leis an dócmhainneacht sin.

(2) Má dhéanann an tAire ceapachán faoin alt seo beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) déanfaidh an duine lena mbaineann an ceapachán, agus eisean amháin, na feidhmeanna a shanntar leis an Acht seo d'oifigeach iomchuí a chomhlíonadh maidir leis an bhfostóir lena mbaineann, nó más rud é, de dheasca breoiteachta nó de bhrí gur cúlghaireadh a cheapachán, nó ar chúis ar bith eile, nach féidir leis an duine a bheidh ceaptha amhlaidh na feidhmeanna sin a chomhlíonadh, déanfaidh duine eile a cheapfar amhlaidh iad a chomhlíonadh, agus

(b) fad a bheidh an ceapachán i bhfeidhm, forléireofar gach tagairt d'oifigeach iomchuí in ailt 6, 7 agus 8 den Acht seo mar thagairt a fholaíonn tagairt don duine lena mbaineann an ceapachán.

Cearta fostaithe ar fhostóir d'éirí dócmhainneach.

6. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuige san fhoirm fhorordaithe ag duine aonair nó thar a cheann, gur deimhin leis an Aire—

(a) gur duine lena mbaineann an tAcht seo an duine a rinne an t-iarratas nó an duine a ndearnadh é thar a cheann (is duine dá ngairtear “an t-iarratasóir” san alt seo ina dhiaidh seo) agus go raibh sé fostaithe ag fostóir a tháinig chun bheith dócmhainneach, agus

(b) gur dáta nach luaithe ná an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 1983, an dáta ar tháinig an fostóir chun bheith dócmhainneach, agus

(c) go raibh an t-iarratasóir ar an dáta iomchuí i dteideal iomlán aon fhéich nó cuid d'aon fhiach lena mbaineann an t-alt seo a íoc leis,

déanfaidh an tAire, faoi réir an ailt seo, an méid atá nó a bhí, i dtuairim an Aire, dlite don iarratasóir i leith an fhéich sin a íoc leis an iarratasóir nó ina leith amach as an gCiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, is fiacha lena mbaineann an t-alt seo an méid seo a leanas—

(i) aon riaráistí de ghnáth-luach saothair seachtainiúil i leith tréimhse, nó tréimhsí san iomlán, nach mó ná ocht seachtain agus ar tháinig an t-iarratasóir chun bheith ina dteideal le linn na tréimhse iomchuí,

(ii) aon riaráistí a bheidh dlite, i leith tréimhse nó tréimhsí nach faide ná ocht seachtain ar fad faoi scéim nó faoi chomhshocraíocht trína ndéantar nó trínar indéanta, mar chuid de chonradh fostaíochta fostaí, íocaíochtaí a sholáthar i ndáil le fostaithe in aon chineál fostaíochta, ar íocaíochtaí iad is iníoctha le haon fhostaithe den sórt sin i leith tréimhsí nach féidir leo a gconradh fostaíochta a chomhlíonadh lena linn mar gheall ar easláinte agus ar tháinig an t-iarratasóir chun bheith ina dteideal le linn na tréimhse iomchuí,

(iii) aon mhéid a cheanglaítear ar an bhfostóir a íoc, de bhua dámhachtana faoi alt 12 d'Acht 1973 arna déanamh tráth nach luaithe ná tosach na tréimhse iomchuí, le haghaidh na tréimhse fógra a cheanglaítear le halt 4 d'Acht 1973 nó de bhíthin gur mhainnigh sé an tréimhse fógra a thabhairt a cheanglaítear leis an alt sin 4,

(iv) aon phá saoire i leith tréimhse nó tréimhsí saoire nach faide ná ocht seachtain ar fad, agus ar tháinig an t-iarratasóir chun bheith ina theideal le linn na tréimhse iomchuí,

(v) aon mhéid a cheanglaítear ar fhostóir a íoc de bhua cinneadh faoi alt 8 (1) nó 9 (1) nó de bhua ordú faoi alt 10 (2) d'Acht 1977 agus a rinneadh in aon chás tráth nach luaithe ná tosach na tréimhse iomchuí,

(vi) aon mhéid lena mbaineann moladh faoi alt 8 (1) d'Acht 1977 ar moladh é a rinneadh tráth nach luaithe ná tosach na tréimhse iomchuí,

(vii) aon mhéid a cheanglaítear ar fhostóir a íoc de bhua ordú rialaithe fostaíochta de réir bhrí Chuid IV den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 ar méid é a mbeidh imeachtaí tionscanta faoina threoir in aghaidh an fhostóra mar gheall ar chion faoi alt 45 (1) den Acht sin,

(viii) aon mhéid—

(I) a bheidh sonraithe i moladh a eiseofar faoi alt 7 (3) d'Acht 1974, nó faoi alt 19 (3) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 ,

(II) a cheanglaítear ar fhostóir a íoc de bhua breithe nó cinnidh ar achomharc ag an gCúirt Oibreachais faoi fho-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1974 nó faoi fho-alt (2) d'alt 21 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , nó más iomchuí, de bhua breithe ag an Ard-Chúirt arna tabhairt de bhua fho-alt (3) den alt sin 8 nó fho-alt (4) den alt sin 21,

(ix) damáistí a dhámhtar faoi alt 24 (3) (a) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 ,

(x) fíneáil a fhorchuirtear faoi alt 8 (4) (c) (i) nó faoi mhír (a) (a cuireadh isteach le halt 30 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 ) d'alt 9 (3) d'Acht 1974 nó faoi alt 25 (3) (a) (iii) nó 26 (3) (a) (iii) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , agus

(xi) cúiteamh a ordaítear a íoc faoi alt 10 (1) (d) (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 ) nó faoi alt 10 (3) (a) (a cuireadh isteach leis an alt sin 31) d'Acht 1974 nó faoi alt 26 (1) (d) (iii) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 .

(b) Aon mhéid, damáistí, fíneáil nó cúiteamh dá dtagraítear i bhfomhír (viii), (ix), (x) nó (xi) de mhír (a) den fho-alt seo measfar gur fiach iad lena mbaineann an t-alt seo más rud é, agus más rud é amháin, gur le linn na tréimhse iomchuí, nó tar éis dhul in éag don tréimhse sin, a rinneadh an moladh, an bhreith, an cinneadh, an dámhachtain nó an t-ordú iomchuí.

(3) Más rud é—

(a) go dtionscnóidh fostaí, nó go dtionscnófar thar a cheann, imeachtaí dlíthiúla, agus ar scór gach éilimh nó aon éilimh díobh seo a leanas—

(i) éileamh ar riaráistí a thuairiscítear i bhfomhír (i) nó (ii) d'fho-alt (2) den alt seo,

(ii) éileamh ar phá saoire a thuairiscítear i bhfomhír (iv) den fho-alt sin (2),

(iii) éileamh ar dhamáistí faoin dlí coiteann mar gheall ar dhífhostú éagórach,

go ndéanfaidh an chúirt dámhachtain i bhfabhar an fhostaí, agus

(b) go mbeadh, ach iarratas a bheith déanta aige faoi fho-alt (1) den alt seo maidir le haon ábhar de na hábhair dá dtagraítear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) de mhír (a) den fho-alt seo, ceanglais mhíreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin (1) comhlíonta ag an bhfostaí,

déanfar, faoi réir fho-alt (4) (a) den alt seo, méid a íoc leis an bhfostaí nó ina leith amach as an gCiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí is méid a bheidh comhionann—

(i) le méid na dámhachtana, nó

(ii) leis an uasmhéid a bheadh iníoctha amach as an gCiste sin de bhua an Achta seo dá mba gur éiligh an fostaí sásamh faoi alt 8 (1) nó 9 (1) d'Acht 1977 agus gur éirigh leis san éileamh.

(4) (a) An méid is iníoctha le fostaí i leith aon fhéich a luaitear i bhfo-alt (2) nó i leith dámhachtana a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo, ní bheidh sé, i gcás méid an fhéich sin a ríomh nó a bheith inríofa faoi threoir luach saothair an fhostaí, níos mó ná £211.54 i leith seachtain amháin ar bith ná, i leith tréimhse ar bith is lú ná seachtain, níos mó ná méid a mbeidh idir é agus £211.54 an chomhréir chéanna atá idir an tréimhse sin agus gnáth-uaireanta an chloig seachtainiúla oibre an fhostaí ar an dáta iomchuí.

(b) Aon mhéid is iníoctha faoin alt seo i leith féich a luaitear i bhfo-alt (2) (a) (ii) den alt seo maidir le tréimhse ar leith, ní bheidh sé níos mó ná an difríocht idir méid aon sochair mhíchumais nó sochair dhíobhála is iníoctha faoi Acht 1981 leis an bhfostaí lena mbaineann maidir leis an tréimhse (mar aon, i gceachtar cás, le méid aon sochair phá-choibhneasa is iníoctha leis an bhfostaí sin faoi Acht 1981 maidir leis an tréimhse) agus méid a ghnáth-luach saothair seachtainiúil maidir leis an tréimhse.

(c) (i) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid a cheanglaítear ar fhostóir a íoc de bhua cinneadh a bheith déanta faoi alt 8 (1) nó 9 (1) d'Acht 1977, mura rud é—

(I) i gcás imeachtaí a bheith tionscanta faoi alt 10 d'Acht 1977, go dtarraingeofar siar na himeachtaí, nó

(II) i gcás achomharc a bheith déanta faoi alt 10 (4) d'Acht 1977 i gcoinne an chinnidh, go dtarraingeofar siar nó go gcinnfear an t-achomharc, nó

(III) i gcás nach mbeidh aon achomharc den sórt sin déanta, go mbeidh an t-am le hachomharc den sórt sin a dhéanamh imithe in éag.

(ii) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo i leith méid lena mbaineann moladh faoi alt 8 (1) d'Acht 1977 mura rud é—

(I) i gcás achomharc a bheith déanta i gcoinne an mholta faoi alt 9 (1) d'Acht 1977, go dtarraingeofar siar an t-achomharc, nó

(II) i gcás nach mbeidh aon achomharc den sórt sin déanta, go mbeidh an t-am le hachomharc den sórt sin a dhéanamh imithe in éag.

(iii) Ní dhéanfar aon íocaíocht faoin alt seo maidir le moladh dá dtagraítear i bhfo-alt 2 (a) (viii) (I) den alt seo mura rud é—

(I) i gcás achomharc a bheith déanta faoi alt 8 (1) (a) den Acht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974 , nó faoi alt 21 (1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977 , in aghaidh an mholta, go dtarraingeofar siar an t-achomharc, nó

(II) i gcás nach mbeidh aon achomharc den sórt sin déanta, go mbeidh an t-am le hachomharc den sórt sin a dhéanamh imithe in éag.

(5) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (6) agus (7) den alt seo i gcás oifigeach iomchuí a cheapadh nó i gcás ina gceanglófar é a cheapadh.

(6) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, ní dhéanfaidh an tAire in aon chás, is cás dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, aon íocaíocht faoin alt seo i leith aon fhéich go dtí go bhfaighidh sé ráiteas san fhoirm fhorordaithe ón oifigeach iomchuí i dtaobh méid an fhéich sin a dhealraítear a bheith dlite don fhostaí ar an dáta iomchuí agus a bheith neamhíoctha; agus déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, ar iarraidh chuige sin a bheith déanta ag an Aire, ráiteas den sórt sin a sholáthar dó a luaithe is féidir go réasúnach.

(7) Más rud é—

(a) go mbeidh tréimhse sé mhí caite ón dáta a fuair an tAire an t-iarratas ar íocaíocht faoin alt seo ach nach mbeidh aon íocaíocht den sórt sin déanta,

(b) gur deimhin leis an Aire gur chóir íocaíocht faoin alt seo a dhéanamh, agus

(c) go ndealraítear don Aire gur dóigh go mbeidh tuilleadh moille ann sula bhfaighidh sé ráiteas dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo maidir leis an bhfiach lena mbaineann,

ansin féadfaidh an tAire, má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, nó d'éagmais iarraidh den sórt sin, más cuí leis an Aire, íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin nach bhfuarthas aon ráiteas den sórt sin.

(8) Má dhéantar iarratas chun an Aire faoin alt seo agus más deimhin leis an Aire i ndáil le haon fhiach nó le gach fiach lena mbaineann an t-iarratas—

(a) go raibh comhaontú ann idir an t-iarratasóir agus an fostóir lena mbaineann go mbeadh iomlán an fhéich nó aon chuid de ina ábhar iarratais faoin alt seo, agus

(b) go raibh sé ar chumas an fhostóra sin, an tráth a rinneadh an comhaontú, an fiach sin nó an chuid de a íoc,

féadfaidh an tAire diúltú don iarratas nó é a dhícheadú sa mhéid go mbaineann sé leis an bhfiach sin nó leis an gcuid sin.

(9) San alt seo—

tá le “gnáth-luach saothair seachtainiúil” an bhrí a shanntar dó le Sceideal 3 a ghabhann le hAcht 1967 chun críocha an Sceidil sin ach amháin go bhféadfar aon tagairt sa Sceideal sin don dáta a dearbhaíodh fostaí a bheith iomarcach a fhorléiriú, más iomchuí, mar thagairt a fholaíonn tagairt don dáta iomchuí;

ciallaíonn “an dáta iomchuí”—

(a) i ndáil le fiach ar méid, damáistí, fíneáil nó cúiteamh é dá dtagraítear i bhfomhír (iii), (v), (vi), (viii), (ix), (x) nó (xi) d'fho-alt (2) (a) den alt seo, an dáta a tháinig an fostóir iomchuí chun bheith dócmhainneach nó an dáta a rinneadh an moladh, an bhreith, an cinneadh, an dámhachtain nó an t-ordú iomchuí, cibé acu is déanaí,

(b) i ndáil le haon fhiach eile lena mbaineann an t-alt seo—

(i) i gcás gur de thoradh dhócmhainneacht an fhostóra iomchuí a fhoirceanntar fostaíocht an iarratasóra iomchuí, an dáta a tháinig an fostóir sin chun bheith dócmhainneach nó dáta an fhoirceanta sin, cibé dáta acu a ainmneoidh an t-iarratasóir sin maidir leis an bhfiach, nó

(ii) in aon chás eile, an dáta a tháinig an fostóir sin chun bheith dócmhainneach;

ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le fiach lena mbaineann an t-alt seo, an tréimhse ocht mí dhéag díreach roimh an dáta iomchuí.

(10) Ní fhorléireofar aon tagairt i bhfo-alt (3) den alt seo do dhámhachtain mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon mhéid a lamháiltear maidir le costais.

Ranníocaí neamhíoctha a íoc isteach sa scéim pinsin ghairme.

7. —(1) Más rud é, ar iarratas a bheith déanta chuige san fhoirm fhorordaithe ag fostaí nó ag na daoine atá inniúil chun gníomhú i leith scéim pinsin ghairme, gur deimhin leis an Aire—

(a) go bhfuil fostóir (arb é fostóir an iarratasóra é i gcás gur duine i gcáilíocht seachas ina cháilíocht mar dhuine atá inniúil chun gníomhú amhlaidh an duine a rinne an t-iarratas) tagtha chun bheith dócmhainneach,

(b) gur dáta nach luaithe ná an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 1983 an dáta a tháinig an fostóir chun bheith dócmhainneach chun críocha an Achta seo, agus

(c) go raibh ar an lá sin ranníocaí iomchuí neamhíoctha le híoc fós ag an bhfostóir isteach sa scéim,

ar an dáta a tháinig an fostóir chun bheith dócmhainneach, is dáta nach luaithe ná an 22ú lá sin de Dheireadh Fómhair, déanfaidh an tAire, faoi réir an ailt seo, an tsuim a bheidh ina thuairim iníoctha i leith na ranníocaí iomchuí neamhíoctha a íoc isteach i sócmhainní na scéime as an gCiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

(2) San alt seo ciallaíonn “ranníocaí iomchuí” ranníocaí a bheidh le híoc ag fostóir de réir scéime pinsin ghairme, ar a chuntas féin nó ar son fostaí; ar choinníoll nach measfar chun críocha an ailt seo go mbeidh ranníoc de mhéid ar bith le híoc ar son fostaí murar baineadh suim is comhionann leis an méid sin as pá an fhostaí ar mhodh ranníoca uaidh.

(3) An tsuim is iníoctha faoin alt seo i leith ranníocaí neamhíoctha fostóra ar a chuntas féin isteach i scéim pinsin ghairme is é a bheidh inti an méid is lú de na méideanna seo a leanas—

(a) an fuílleach de ranníocaí iomchuí a bheidh neamhíoctha ar an dáta a tháinig sé chun bheith dócmhainneach agus is iníoctha ag an bhfostóir ar a chuntas féin isteach sa scéim i leith na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an lá díreach roimh an dáta sin,

(b) an méid a dheimhneoidh achtúire a bheith riachtannach faoi choinne dhliteanais na scéime tráth a díscaoilte chun na sochair a sholáthraítear leis an scéim a íoc le fostaithe an fhostóra nó ina leith.

(4) Aon suim is iníoctha faoin alt seo i leith ranníocaí neamhíoctha ar son fostaí, ní rachaidh sí thar an méid a baineadh as pá an fhostaí i leith ranníocaí an fhostaí isteach sa scéim pinsin ghairme i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an lá díreach roimh an dáta a tháinig an fostóir chun bheith dócmhainneach.

(5) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (6), (7) agus (8) den alt seo i gcás ina gceaptar oifigeach iomchuí nó ina gceanglaítear é a cheapadh.

(6) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ní dhéanfaidh an tAire, in aon chás is cás dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, aon íocaíocht faoin alt seo i leith ranníocaí iomchuí neamhíoctha go dtí go bhfaighidh sé ráiteas san fhoirm fhorordaithe ón oifigeach iomchuí i dtaobh méid na ranníocaí iomchuí a dhealraítear a bheith neamhíoctha ar an dáta a tháinig an fostóir chun bheith dócmhainneach agus a bheidh fós neamhíoctha; agus déanfaidh an t-oifigeach iomchuí, ar iarraidh a bheith déanta ag an Aire, ráiteas den sórt sin a sholáthar dó a luaithe is féidir go réasúnach.

(7) Faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ní mheasfar méid a bheith iníoctha faoi fho-alt (3) nó a bheith asbhainte ar an modh dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo, ach amháin má dheimhníonn an t-oifigeach iomchuí é bheith iníoctha amhlaidh nó é bheith asbhainte amhlaidh.

(8) Más rud é—

(a) go mbeidh tréimhse sé mhí caite ón dáta a fuair an tAire iarratas ar íocaíocht faoin alt seo ach nach mbeidh aon íocaíocht den sórt sin déanta,

(b) gur deimhin leis an Aire gur chóir íocaíocht faoin alt seo a dhéanamh, agus

(c) go ndealraítear don Aire gur dóigh go mbeidh tuilleadh moille ann sula bhfaighidh sé ráiteas nó deimhniú maidir leis na ranníocaí lena mbaineann,

ansin féadfaidh an tAire, má iarrann an t-iarratasóir amhlaidh, nó, d'éagmais iarraidh den sórt sin, más cuí leis an Aire, íocaíocht a dhéanamh faoin alt seo d'ainneoin nach bhfuarthas ráiteas nó deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (6) nó (7) den alt seo.

Féadfaidh an tAire faisnéis agus doiciméid áirithe a éileamh.

8. —(1) Má dhéantar iarratas chun an Aire faoi alt 6 nó 7 den Acht seo i leith fiach atá dlite nó ranníocaí atá neamhíoctha isteach i scéim pinsin ghairme, féadfaidh an tAire—

(a) a cheangal ar an bhfostóir lena mbaineann, nó, i gcás oifigeach iomchuí a cheapadh, nó i gcás ina gceanglófar é a cheapadh, ar an oifigeach sin, cibé faisnéis a éileoidh an tAire go réasúnach a sholáthar dó chun a chinneadh an bhfuil bunús maith leis an iarratas, agus

(b) a cheangal ar aon duine a mbeidh ar coimeád nó faoina rialú aige aon taifead iomchuí a choimeádtar agus a choinnítear de bhun alt 10 den Acht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1973 , nó aon chlár, cárta, leathán pá, taifead faoi phá nó aon doiciméad eile is dóigh le hoifigeach don Aire, le réasún, a bheith bainteach leis an iarratas, aon doiciméad den sórt sin a thabhairt ar aird don oifigeach sin lena scrúdú aige.

(2) Aon cheanglas faoin alt seo is trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don duine ar a gcuirtear an ceanglas a dhéanfar é agus féadfar é a athrú nó a chúlghairm trí fhógra ina dhiaidh sin arna thabhairt amhlaidh.

Gearáin leis an mBinse.

9. —(1) Aon duine a mbeidh iarratas déanta aige ar fhiach a thuairiscítear i bhfomhír (i), (ii) nó (iv) d'fho-alt (2) (a) den alt sin a íoc faoi alt 6 den Acht seo féadfaidh sé laistigh den tréimhse sé sheachtain dar tosach an lá ar cuireadh breith an Aire ar an iarratas in iúl dó nó, murab indéanta sin go réasúnach, laistigh de cibé tréimhse bhreise is réasúnach dar leis an mBinse, gearán a dhéanamh leis an mBinse á rá—

(a) gur mhainnigh an tAire aon íocaíocht den sórt sin a dhéanamh;

(b) gur lú aon íocaíocht den sórt sin a rinne an tAire ná an méid ba chóir a íoc.

(2) Aon duine a mbeidh iarratas déanta aige ar íocaíocht a dhéanamh faoi alt 7 den Acht seo isteach in acmhainní scéime pinsin, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse sé sheachtain dar tosach an lá ar cuireadh breith an Aire ar an iarratas sin in iúl dó nó, murab indéanta sin go réasúnach, laistigh de cibé tréimhse bhreise is réasúnach leis an mBinse, gearán a dhéanamh leis an mBinse á rá—

(a) gur mhainnigh an tAire aon íocaíocht den sórt sin a dhéanamh;

(b) gur lú aon íocaíocht den sórt sin a rinne sé ná an méid ba chóir a íoc.

(3) Má dhéantar éileamh ar íocaíocht faoi alt 6 nó 7 den Acht seo agus go ndealraítear don Aire go bhfuil amhras ann i dtaobh an t-éileamh sin a bheith inlamháilte, go hiomlán nó go páirteach, féadfaidh sé aon ní a eascróidh i dtaca leis an éileamh a tharchur chun an Bhinse lena bhreith a fháil maidir leis an ní sin.

(4) Más rud é, ar ghearán a bheidh déanta faoin alt seo a éisteacht, go gcinnfidh an Binse go bhfuil sé dlite den Aire íocaíocht a dhéanamh faoi alt 6 nó 7 den Acht seo, déanfaidh sé dearbhú sa chéill sin agus sonróidh sé méid na híocaíochta sin sa dearbhú.

(5) Beidh feidhm ag fo-alt (14) d'alt 39 d'Acht 1967 maidir le breith de chuid an Bhinse ar aon ní a tharchuirfear chuige faoin alt seo amhail mar atá feidhm aige maidir le breith de chuid an Bhinse ar cheist a tharchuirfear chuige faoin alt sin.

Cearta agus leigheasanna áirithe a aistriú chun an Aire.

10. —(1) Más rud é, de bhun alt 6 den Acht seo, go ndéanfaidh an tAire aon íocaíocht le fostaí i leith aon fhéich lena mbaineann an t-alt sin, tiocfaidh aon chearta agus leigheasanna de chuid an fhostaí i leith an fhéich sin (nó i gcás nach mbeidh ach cuid de íoctha ag an Aire, i leith na coda sin) chun bheith, tráth déanta na híocaíochta, ina gcearta agus ina leigheasanna de chuid an Aire.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, más rud é go dtiocfaidh cearta agus leigheasanna chun bheith, de bhua fho-alt (1) den alt seo, ina gcearta agus ina leigheasanna de chuid an Aire áireofar ina measc aon cheart íocaíocht a fháil i dtosaíocht ar gach fiach eile faoi—

(a) alt 4 den Preferential Payments in Bankruptcy (Ireland) Act, 1889; nó

(b) alt 285, arna leasú le halt 10 d'Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1982 , d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

agus beidh an tAire i dteideal íocaíocht a fháil amhlaidh i dtosaíocht ar aon éileamh neamhshásaithe eile de chuid an fhostaí lena mbaineann, ar éileamh é a bheadh, murach an fo-alt seo, iníoctha i dtosaíocht den sórt sin leis an bhfostaí; agus nuair a bheidh ríomh á dhéanamh, chun críocha aon fhorála d'fhorálacha an ailt sin 4 nó an ailt sin 285, arna leasú amhlaidh, ar aon teorainn ar an méid suimeanna a bheidh le híoc, déileálfar le haon suimeanna a íocadh leis an Aire amhail is dá mba shuimeanna iad a íocadh leis an bhfostaí.

(3) Más rud é, de bhun alt 7 den Acht seo, go ndéanfaidh an tAire aon íocaíocht isteach in acmhainní scéime pinsin ghairme i leith aon ranníocaí isteach sa scéim, tiocfaidh aon chearta agus leigheasanna i leith na ranníocaí sin atá ag na daoine atá inniúil chun gníomhú i leith na scéime, chun bheith, tráth déanta na híocaíochta, ina gcearta agus ina leigheasanna de chuid an Aire.

(4) Aon suim a ghnóthóidh an tAire de thoradh aon cheart a fheidhmiú nó aon leigheas a lorg ar ceart nó leigheas dá chuid é de bhua an ailt seo, íocfar í isteach sa Chiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí.

Cumhacht an tAcht a leasú.

11. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, alt 3 den Acht seo a leasú—

(a) chun fostaithe d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe san ordú a thabhairt faoi réim fheidhm an Achta seo,

(b) chun fostaithe d'aicme nó de thuairisc a bheidh sonraithe amhlaidh a eisiamh ón réim feidhme sin.

(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, alt 6 den Acht seo a leasú le héifeacht a thabhairt do cheachtar díobh seo a leanas nó dóibh araon—

(a) líon difriúil seachtainí a chur in ionad an líon seachtainí a shonraítear sna fo-ailt seo a leanas nó in aon fho-alt díobh, eadhon, fo-alt (2) (a) (i), (2) (a) (ii) nó (2) (a) (iv),

(b) líon difriúil míonna a chur in ionad an líon míonna a shonraítear sa mhíniú ar “an tréimhse iomchuí” atá i bhfo-alt (9) den alt sin.

(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú alt 4 (2), arna leasú le halt 17 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 , agus le halt 12 den Acht seo, d'Acht 1967 a leasú, chun an líon uaireanta an chloig a shonraítear ann a athrú.

(4) Féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú—

(a) mír (a) d'alt 3 (1), arna leasú le halt 13 den Acht seo, d'Acht 1973,

(b) mír 8, arna leasú leis an alt sin 13, den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1973,

a leasú chun an líon uaireanta an chloig a shonraítear sa mhír sin a athrú.

(5) Féadfaidh an tAire le rialachán alt 6 den Acht seo a leasú chun an teorainn a shonraítear i bhfo-alt (4) (a) a athrú.

(6) Déanfar an tagairt in alt 2 (4) d'Acht 1977 don Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1973 a fhorléiriú—

(a) i gcás ordú faoin alt seo ag leasú an Sceidil sin a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, mar thagairt don Sceideal sin arna leasú le halt 20 d'Acht 1977, le halt 13 den Acht seo agus leis an ordú,

(b) i gcás nach mbeidh aon ordú den sórt sin i bhfeidhm, mar thagairt don Sceideal sin arna leasú leis an alt sin 20 agus leis an alt sin 13.

(7) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh, cuirfidh an tAire faoi deara dréacht den ordú a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1967.

12. —Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 4, arna leasú le halt 17 den Acht um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1979 , d'Acht 1967, trí “18 n-uaire an chloig” a chur in ionad “20 uair a chloig”, agus tá an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) Ní bhainfidh an tAcht seo le duine a oibríonn, nó a mbítear ag súil go n-oibreoidh sé, leis an bhfostóir céanna ar feadh cuid is lú ná 18 n-uaire an chloig sa tseachtain.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1973 agus ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

13. —Leasaítear leis seo Acht 1973—

(a) trí “ocht n-uaire an chloig déag” a chur in ionad “uair a chloig is fiche” i mír (a) d'alt 3 (1), agus

(b) trí “ocht n-uaire an chloig déag” a chur in ionad “uair a chloig is fiche” i mír 8 den Chéad Sceideal;

agus tá na míreanna sin (a) agus 8, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i míreanna 1 agus 2, faoi seach, den Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

1. (a) le fostaíocht fostaí a gceaptar dó de ghnáth oibriú don fhostóir céanna ar feadh tréimhse is lú ná ocht n-uaire an chloig déag sa tseachtain.

2. 8. Nuair a bheidh tréimhse seirbhíse á ríomh ní áireofar aon seachtain nach gceaptar de ghnáth do fhostaí oibriú ar feadh ocht n-uaire an chloig déag ar a laghad nó níos mó.

Imeachtaí a thionscnamh mar gheall ar chion.

14. —Is é an tAire amháin a thionscnóidh, nó is le toiliú an Aire amháin a thionscnófar, imeachtaí mar gheall ar chion faoi alt 15 den Acht seo.

Cionta.

15. —(1) Más rud é, i ndáil le hiarratas faoi alt 6 nó 7 den Acht seo, go ndéanfaidh aon duine, ar a shon féin nó ar son duine éigin eile,

(a) aon ráiteas bréagach nó aon uiríoll bréagach a thabhairt go feasach nó aon fhíoras ábhartha a cheilt go feasach, nó

(b) aon doiciméad nó faisnéis is eol dó a bheith bréagach i bponc ábhartha a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil nó a chur faoi deara nó a cheadú go feasach sin a thabhairt ar aird nó a chur ar fáil,

beidh sé ciontach i gcion.

(2) Má dhiúltaíonn duine nó má mhainníonn sé go toiliúil aon fhaisnéis a sholáthar nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a cheanglaítear air a sholáthar nó a thabhairt ar aird trí fhógra faoi alt 8 den Acht seo beidh sé ciontach i gcion.

(3) Má thugann duine aon ráiteas bréagach go feasach nó go meargánta agus é á airbheartú go bhfuil ceanglas aon fhógra faoi alt 8 den Acht seo á chomhlíonadh aige, beidh sé ciontach i gcion.

(4) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air.

(5) Beidh feidhm ag fo-ailt (8) agus (9) d'alt 266 d'Acht 1981 i ndáil le cion faoin alt seo a dhéanfaidh comhlacht corpraithe amhail mar atá feidhm acu maidir le cionta faoi Chuid V d'Acht 1981 a dhéanfar amhlaidh.

(6) Forléireofar fo-alt (10) d'alt 266 d'Acht 1981 agus beidh éifeacht leis amhail is dá bhfolódh an tagairt ann d'imeachtaí faoi Chuid V d'Acht 1981 tagairt d'imeachtaí faoin alt seo.

Rialacháin.

16. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh rialacháin faoin alt seo socrú a dhéanamh a cheanglóidh ar iarratasóir faoi alt 6 nó 7 den Acht seo an t-iarratas a dhéanamh laistigh den am forordaithe.

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar forordaithe a fhorordú.

(4) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo feidhm a bheith leo maidir le hiarratais faoin Acht seo go ginearálta nó maidir leis na hiarratais sin ar d'aicme nó de thuairisc fhorordaithe iad.

(5) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Costais, etc.

17. —(1) Déanfar na costais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Féadfaidh an tAire cibé táillí a chinnfidh sé le comhthoiliú an Aire Airgeadais a íoc as an gCiste um Iomarcaíocht agus um Dhócmhainneacht Fostóirí, le hoifigeach iomchuí nó le duine lena mbaineann ceapachán faoi alt 5 den Acht seo, maidir leis na feidhmeanna a chomhlíonann sé faoin Acht seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

18. —(1) Féadfar an tAcht um Chosaint Fostaithe (Dócmhainneacht Fostóirí), 1984 a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1984, a ghairm d'alt 12 den Acht seo agus de na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1979, le chéile.

(3) Féadfar na hAchtanna um Fhógra Íosta agus Téarmaí Fostaíochta, 1973 agus 1984, a ghairm d'alt 13 den Acht seo agus d'Acht 1973, le chéile.