23 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1984


AN tACHT UM IDIRBHEARTA AIRGEADAIS STÁIT (FORÁLACHA SPEISIALTA), 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Comhshocraíochtaí sealadacha chun idirbhearta airgeadais áirithe Stáit a dhéanamh.

3.

Urrúis áirithe a fhuascailt agus ús nó díbhinní a íoc orthu.

4.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

5.

Caiteachais an Aire.

6.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht an Bhainc Ceannais, 1971

1971, Uimh. 24

Exchequer and Audit Departments Act, 1866

1866, c. 39

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951

1951, Uimh. 12

Na hAchtanna Talamh-Cheannaigh

Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 23 de 1984


AN tACHT UM IDIRBHEARTA AIRGEADAIS STÁIT (FORÁLACHA SPEISIALTA), 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO nDÉANFAR, GO SEALADACH, IN IMTHOSCA NACH FÉIDIR IAD A DHÉANAMH FAOI RÉIM AGUS DE RÉIR COMHSHOCR-AÍOCHTAÍ REACHTÚLA LÁITHREACHA NÓ EILE, IDIRBHEARTA AIRGEADAIS ÁIRITHE STÁIT FAOI RÉIM AGUS DE RÉIR CIBÉ COMHSHOCRAÍOCHTAÍ A DHÉANFAIDH AN tAIRE AIRGEADAIS CHUN NA CRÍCHE SIN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE A BHAINEANN LEIS NA NITHE SIN. [14 Nollaig, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

ciallaíonn “banc tráchtála” duine is sealbhóir ceadúnais a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “cuntas Stáit” cuntas (seachas Cuntas an Státchiste) a choimeádtar sa Bhanc Ceannais ag Aire den Rialtas nó ag Roinn Stáit nó ag aon bhrainse nó oifigeach den tseirbhís phoiblí a mbaineann a ghnó, a chumhachtaí, a dhualgais nó a fheidhmeanna le Roinn Stáit cibé acu de bhua na nAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1983, nó ar shlí eile.

Comhshocraíochtaí sealadacha chun idirbhearta airgeadais áirithe Stáit a dhéanamh.

2. —(1) (a) Aon uair is deimhin leis an Aire nach féidir, i ngeall ar imthosca speisialta de chineál sealadach, ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas a dhéanamh, eadhon, Cuntas an Státchiste a oibriú de réir fhorálacha an Exchequer and Audit Departments Act, 1866, cuntas Stáit a oibriú nó aon idirbheart airgeadais eile a dhéanamh thar ceann an Stáit, féadfaidh sé, má chreideann sé gur le leas an náisiúin é, le hordú nó le horduithe lá nó laethanta a cheapadh ar a dtiocfaidh fo-ailt (2) agus (3) den alt seo, nó ceachtar acu nó aon fhorálacha dá gcuid, i ngníomh nó ar a measfar gur tháinig siad i ngníomh agus tiocfaidh an t-alt nó na fo-ailt, nó na forálacha de na fo-ailt sin, a bheidh sonraithe in ordú den sórt sin i ngníomh nó, mar is iomchuí, measfar gur tháinig siad i ngníomh an lá a bheidh sonraithe chuige sin san ordú ina thaobh sin.

(b) Aon uair, le linn d'fhorálacha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, nó aon fhorálacha díobh, a bheith i bhfeidhm, nach deimhin níos mó leis an Aire mar atá ráite, déanfaidh sé, a luaithe is féidir dá éis sin, ordú lena gceapfar lá (ar lá é nach déanaí ná seacht lá tar éis lá déanta an ordaithe) ar a scoirfidh agus óna scoirfidh na forálacha de na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm an tráth sin d'fheidhm a bheith acu agus scoirfidh na forálacha sin d'fheidhm a bheith acu amhail ar an agus ón lá a cheapfar amhlaidh.

(c) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú, nó le cuid d'ordú, faoi mhír (a) den fho-alt seo, má shonraítear sin, ach ní dhéanfar le haon ordú nó cuid den sórt sin lá a cheapadh is luaithe ná an 26ú lá de Shamhain, 1984 mar an lá a measfar gur tháinig foráil de chuid an ailt seo i ngníomh.

(2) (a) D'ainneoin aon ní san Exchequer and Audit Departments Act, 1866, agus alt 49 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , déanfar na nósanna imeachta a shocraítear faoi na reachtanna sin nó faoi aon reachtanna eile chun ioncam de chuid an Stáit agus airgead poiblí eile a thabhairt chun cuntais agus chun airgead a eisiúint thar ceann an Stáit a mbeadh, murach an fo-alt seo, oibríochtaí ar Chuntas an Státchiste nó ar chuntas Stáit ag gabháil leo, a sheoladh faoi réim agus de réir cibé comhshocraíochtaí (lena n-áirítear Cuntas an Státchiste nó aon chuntas Stáit a aistriú chuig banc tráchtála nó chuig aon fhoras eile) a dhéanfaidh an tAire chuige sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

(b) Déanfar airgead a bheadh, murach an fo-alt seo, iníoctha isteach i gcuntas Stáit, nó amach as cuntas Stáit, a cheanglaítear a choimeád sa Bhanc Ceannais le forálacha aon reachta nó fúthu, a íoc faoi réim agus de réir cibé comhshocraíochtaí a dhéanfaidh an tAire chuige sin.

(c) Le linn aon tréimhse agus ar a feadh sin amháin a mbeidh Cuntas an Státchiste aistrithe faoi fho-alt (2) den alt seo chuig banc tráchtála nó chuig aon fhoras eile, déanfar na tagairtí in ailt 10, 11, 13 agus 15 den Exchequer and Audit Departments Act, 1866, arna leasú le hAcht an Bhainc Ceannais, 1971 , don Bhanc Ceannais a fhorléiriú mar thagairtí don bhanc tráchtála nó don fhoras eile a mbeidh Cuntas an Státchiste aistrithe chuige an tráth sin.

(3) (a) Aon uair is deimhin leis an Aire nach féidir urrús faoi leith atá liostaithe ar Stocmhargadh na hÉireann a fhuascailt ná nach féidir ús ná díbhinn a íoc ar an urrús sin (arb é atá ann banna talún a eisíodh faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh nó faoi ordú arna dhéanamh faoi na hAchtanna sin nó aon urrús a ainmnítear i bpuint Éireannacha agus a eisíodh faoi alt 54 den Acht Airgeadais, 1970 ), féadfaidh sé, le hordú, an fhuascailt nó an íocaíocht sin, de réir mar a bheidh, a chur siar.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin bhfo-alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfomhír seo, a leasú nó a chúlghairm.

(c) Féadfaidh éifeacht chúlghabhálach a bheith le hordú, nó le cuid d'ordú, faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo, má shonraítear sin, ach ní dhéanfar le hordú nó cuid den sórt sin lá a cheapadh is luaithe ná an 30ú lá de Shamhain, 1984 mar an lá a measfar gur tháinig an t-ordú nó an chuid, de réir mar a bheidh, i ngníomh.

Urrúis áirithe a fhuascailt agus ús nó díbhinní a íoc orthu.

3. —(1) Más rud é le linn d'ordú faoi fho-alt (3) d'alt 2 den Acht seo, lena gcuirtear siar fuascailt urrúis nó íocaíocht úis nó díbhinne ar an urrús, a bheith i bhfeidhm, go scoirfidh an fo-alt sin, de bhua ordú faoi fho-alt (1) den alt sin, de bheith i bhfeidhm, déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir dá éis sin, lá a shocrú le hordú, ar lá é nach déanaí ná trí mhí tar éis an scoir sin, chun an t-urrús sin a fhuascailt nó chun an t-ús nó an díbhinn ar an urrús sin a íoc, de réir mar a bheidh, agus má bhaineann an t-ordú le fuascailt urrúis, déanfar an t-urrús, faoi réir fhorálacha an Achta um Iasachta Rialtais (Comhshó), 1951 , a fhuascailt an lá sin agus má bhaineann an t-ordú le híocaíocht úis nó díbhinne ar an urrús, íocfar an t-ús nó an díbhinn sin an lá sin.

(2) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfar ús, de réir cibé ráta a bheidh sonraithe san ordú, a íoc ar an urrús ar cuireadh siar a fhuascailt leis an ordú, nó ar an ús nó ar an díbhinn ar cuireadh siar a íoc amhlaidh, de réir mar a bheidh, i leith na tréimhse lenar bhain an cur siar.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo, lena n-áirítear an fo-alt seo, a chúlghairm nó a leasú.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4. —(1) Déanfar gach ordú faoin Acht seo (seachas faoi alt 2 (1) (b)) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Caiteachais an Aire.

5. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta), 1984 , a ghairm den Acht seo.