25 1984

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1984


AN tACHT UM CHLÁRÚ FÁSÓIRÍ PRÁTAÍ AGUS PACÁLAITHE PRÁTAÍ, 1984


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Clár fásóirí prátaí agus pacálaithe prátaí.

3.

Srian le díol prátaí.

4.

Fianaise i dtaobh ábhar an chláir.

5.

Rialacháin.

6.

Oifigigh údaraithe.

7.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

8.

Cionta.

9.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

10.

Caiteachais an Aire.

11.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

/images/harp.jpg


Uimhir 25 de 1984


AN tACHT UM CHLÁRÚ FÁSÓIRÍ PRÁTAÍ AGUS PACÁLAITHE PRÁTAÍ, 1984

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CLÁR FÁSÓIRÍ PRÁTAÍ AGUS PACÁLAITHE PRÁTAÍ A BHUNÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [19 Nollaig, 1984]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “oifigeach údaraithe” duine a cheapfar faoi alt 6 den Acht seo chun bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha an Achta seo;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “pacáiste” coimeádán ina bpacáiltear prátaí aon tráth sula dtairgtear iad lena miondíol agus folaíonn sé mála, bosca, cartán, coimeádán, clúdach, líon nó sac ina bpacáiltear prátaí amhlaidh;

ciallaíonn “práta” práta a fhástar sa Stát agus nach bhfuil sé beartaithe é a chur;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;

ciallaíonn “an Clár” an Clár a bhunófar faoi alt 2 (1) den Acht seo;

ciallaíonn “fásóir cláraithe” duine a bheidh cláraithe de thuras na huaire i gCuid I den Chlár;

ciallaíonn “pacálaí cláraithe” duine a bheidh cláraithe de thuras na huaire i gCuid II den Chlár;

tá le “uimhir chláraithe” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (4) (e) den Acht seo;

folaíonn “díol” comhaontú ar dhíol, cur ar taispeáint le díol, tairiscint ceannaigh a iarraidh agus tairiscint díola (agus folaíonn an abairt sin fógra ó dhuine faoin bpraghas atá beartaithe aige le prátaí a dhíol agus a thabharfaidh sé trí phraghasliosta a fhoilsiú nó trí na prátaí a chur ar taispeáint le díol agus marc a léiríonn an praghas ag gabháil leo).

Clár fásóirí prátaí agus pacálaithe prátaí.

2. —(1) Bunóidh an tAire agus cothabhálfaidh sé clár fásóirí prátaí agus pacálaithe prátaí ar a dtabharfar “an Clár Fásóirí Prátaí agus Pacálaithe Prátaí” agus dá ngairtear “an Clár” san Acht seo.

(2) Gach duine—

(a) is fásóir prátaí le díol nó is pacálaí prátaí le díol tráth thosach feidhme an Achta seo, nó

(b) a thagann chun bheith ina fhásóir prátaí le díol nó ina phacálaí prátaí le díol tar éis thosach feidhme an Achta seo,

déanfaidh sé, tráth nach déanaí ná tríocha lá tar éis an tosach feidhme sin nó tar éis an dáta a thiocfaidh sé chun bheith ina fhásóir nó ina phacálaí den sórt sin, cibé acu is déanaí, iarratas chun an Aire ar é a chlárú sa Chlár.

(3) Maidir le hiarratas faoi fho-alt (2) den alt seo—

(a) is i scríbhinn a dhéanfar é,

(b) beidh táille £15 nó cibé táille eile a bheidh forordaithe de thuras na huaire ag gabháil leis, agus

(c) sonrófar ann ainm agus seoladh poist an iarratasóra agus cibé acu an fásóir prátaí nó pacálaí prátaí, nó fásóir agus pacálaí prátaí in éineacht, an t-iarratasóir agus cibé sonraí eile, más ann, a bheidh forordaithe.

(4) Má fhaigheann an tAire iarratas a bheidh déanta de réir fho-alt (3) den alt seo agus lena ngabhfaidh an táille iomchuí dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin—

(a) i gcás gur fásóir prátaí an t-iarratasóir, taifeadfar ainm agus seoladh poist an iarratasóra i gCuid I den Chlár,

(b) i gcás gur pacálaí prátaí an t-iarratasóir, taifeadfar ainm agus seoladh poist an iarratasóra i gCuid II den Chlár,

(c) i gcás gur fásóir agus pacálaí prátaí, in éineacht, an t-iarratasóir, taifeadfar ainm agus seoladh poist an iarratasóra i gCodanna I agus II den Chlár,

(d) taifeadfar sa Chlár cibé sonraí eile (más ann) a bheidh san iarratas agus a bheidh forordaithe faoi fho-alt (3) (c) den alt seo, agus

(e) sannfaidh an tAire uimhir (dá ngairtear “uimhir chláraithe” san Acht seo) i leith gach taifid sa Chlár agus cuirfidh sé faoi deara go dtaifeadfar gach uimhir chláraithe sa Chlár os coinne an taifid dá mbeidh sé sannta.

(5) (a) Má fhaigheann fásóir cláraithe nó pacálaí cláraithe amach go bhfuil na sonraí a taifeadadh i ndáil leis sa Chlár neamhcheart nó neamhiomlán, tabharfaidh sé, a luaithe is féidir, cibé sonraí don Aire is gá, chun an taifead sa Chlár a cheartú nó a dhéanamh iomlán.

(a) Féadfaidh an tAire a chur faoi deara tráth ar bith taifead sa Chlár a cheartú.

(6) Má chiontaítear duine, is fásóir cláraithe nó is pacálaí cláraithe, i gcion faoi alt 3 (2) den Acht seo féadfaidh an tAire a chur faoi deara clárú nó cláruithe an duine a chiontófar amhlaidh sa Chlár a fhionraí ar feadh cibé tréimhse is dóigh leis is cuí, nach faide ná dhá mhí, agus ní bheidh an duine a chiontófar amhlaidh ina fhásóir cláraithe ná ina phacálaí cláraithe ar feadh na tréimhse sin.

(7) (a) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, táille bhliantúil a fhorordú a bheidh le híoc ag fásóirí cláraithe agus ag pacálaithe cláraithe.

(b) Tiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh cibé lá a shocróidh an tAire chuige sin le hordú.

(8) Féadfaidh an tAire aon airgead a bheidh dlite dó agus le híoc leis i leith táillí faoin alt seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.

Srian le díol prátaí.

3. —(1) Ní dhíolfaidh duine a fhásann prátaí na prátaí sin mura fásóir cláraithe é.

(2) Ní dhíolfaidh duine prátaí i bpacáiste—

(a) mura fásóir cláraithe a d'fhás na prátaí sin agus mura pacálaí cláraithe a phacáil iad,

(b) i gcás gur pacálaí cláraithe, agus sin amháin, nó gur fásóir cláraithe agus pacálaí cláraithe in éineacht, an díoltóir, mura mbeidh uimhir chláraithe an phacálaí chláraithe ar an bpacáiste, agus

(c) i gcás nach fásóir cláraithe, pacálaí cláraithe ná miondíoltóir prátaí an díoltóir, mura mbeidh ar an bpacáiste uimhir chláraithe an fhásóra chláraithe nó uimhir chláraithe an phacálaí chláraithe mar aon le hainm agus seoladh dhíoltóir na bprátaí sin nó cibé marc aitheantais eile a cheadóidh an tAire.

(3) Is cion a bheidh ann aon fhoráil den alt seo a shárú.

Fianaise i dtaobh ábhar an chláir.

4. —(1) In aon ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo féadfar fianaise prima facie a thabhairt faoi aon taifead sa Chlár trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den taifead sin é agus go bhfuil sé deimhnithe ag oifigeach don Aire arna údarú chuige sin ag an Aire gur cóip dhílis é, agus ní gá, in aon inchúiseamh den sórt sin, a chruthú gurbh oifigeach don Aire an t-oifigeach sin iarbhír ná go raibh sé údaraithe amhlaidh iarbhír.

(2) In aon ionchúiseamh mar gheall ar chion faoin Acht seo beidh doiciméad a thabharfar ar aird agus a airbheartóidh gur deimhniú é a shínigh oifigeach don Aire arna údarú chuige sin ag an Aire, agus a luafaidh nach fásóir cláraithe ná pacálaí cláraithe an duine, ina fhianaise prima facie ar na fíorais a bheidh luaite ann agus sin gan chruthúnas ar an síniú air ná gurb é síniú an oifigigh sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh iarbhír.

Rialacháin.

5. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun críocha an Achta seo:

Ar choinníoll, sa mhéid gur chun críocha alt 2 (3) (b) den Acht seo a dhéanfar rialacháin den sórt sin, nach ndéanfar na Rialacháin sin gan toiliú an Aire Airgeadais.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a dhéanfaidh socrú go gcoimeádfaidh fásóirí cláraithe agus pacálaithe cláraithe taifid i ndáil le cibé nithe a shonrófar sna rialacháin.

(3) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Oifigigh údaraithe.

6. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh agus cibé líon oifigeach dá chuid is cuí leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha an Achta seo.

(2) Ní bheidh oifigeach údaraithe a cheapfar faoi fho-alt (1) den alt seo ina fhásóir ná ina phacálaí prátaí le díol.

(3) Tabharfar barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe do gach oifigeach údaraithe, agus nuair a bheidh aon chumhacht a thugtar d'oifigeach údaraithe leis an Acht seo á feidhmiú aige déanfaidh sé, má iarrann aon duine lena mbaineann air é, an barántas a thabhairt ar aird don duine sin.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

7. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe d'fhonn aon fhaisnéis a fháil a éileoidh an tAire lena chumasú dó aon fheidhmeanna a fheidhmiú a thugtar dó leis an Acht seo—

(a) gach tráth réasúnach dul isteach agus iniúchadh a dhéanamh ar aon talamh a gcreideann an t-oifigeach go réasúnach go bhfuil prátaí á bhfás lena ndíol, á bpacáil lena ndíol nó á dtairiscint lena ndíol ann agus a cheangal ar áititheoir na talún sin—

(i) aon leabhar, taifid nó doiciméid i ndáil le fás prátaí, pacáil prátaí nó díol prátaí ar an talamh sin a thabhairt ar aird don oifigeach,

(ii) cibé faisnéis a bheidh ar eolas aige a thabhairt don oifigeach de réir mar a éileoidh an t-oifigeach go réasúnach maidir le hiontrálacha sna leabhair, sna doiciméid nó sna taifid sin, nó

(iii) cibé pacáistí prátaí a gheofar ar an talamh sin a thabhairt don oifigeach de réir mar a éileoidh an t-oifigeach go réasúnach chun críocha aon imeachtaí i leith cionta faoin Acht seo,

agus

(b) dul isteach gach tráth réasúnach in aon fheithicil, agus iniúchadh a dhéanamh ar aon fheithicil, a gcreideann an t-oifigeach go réasúnach go bhfuil pacáistí prátaí inti agus a cheangal ar an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle sin—

(i) aon taifid nó doiciméid ina sheilbh i ndáil le haon phacáistí prátaí ar an bhfeithicil sin a thabhairt ar aird don oifigeach,

(ii) cibé faisnéis a bheidh ar eolas aige a thabhairt don oifigeach de réir mar a éileoidh an t-oifigeach go réasúnach maidir le hiontrálacha sna doiciméid nó sna taifid sin, nó

(iii) cibé pacáistí prátaí a gheofar ar an bhfeithicil a thabhairt don oifigeach de réir mar a éileoidh an t-oifigeach go réasúnach chun críocha aon imeachtaí i leith cionta faoin Acht seo.

(2) Aon duine a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach údaraithe le linn dó aon cheann dá chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú nó nach ndéanfaidh de réir ceanglais oifigigh údaraithe faoin bhfo-alt sin (1), beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo.

Cionta.

8. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin Acht seo dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(2) Féadfaidh an tAire cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.

Cionta ag comhlachtaí corpraithe.

9. —I gcás cion faoin Acht seo a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú, nó gur inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir ar an gcomhlacht corpraithe nó ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe nó arb é bainisteoir nó rúnaí an chomhlachta chorpraithe nó oifigeach eile don chomhlacht corpraithe é, measfar go ndearna an duine sin freisin an cion agus féadfar imeachtaí a thionscnamh ina choinne agus é a phionósú dá réir sin.

Caiteachais an Aire.

10. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

11. —(1) Féadfar an tAcht um Chlárú Fásóirí Prátaí agus Pacálaithe Prátaí, 1984 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.