An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985)

2 1985

AN tACHT UM LÁN-AOIS, 1985

AN SCEIDEAL

Forálacha Idirlinne agus Cosaint

Alt 7.

Cistí i gCúirt

1. Aon ordú nó ordacháin a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo de bhua aon rialacha cúirte nó forála reachtúla eile a bhaineann le rialú airgid a ghnóthaigh naíon in aon imeachtaí nó a gnóthaíodh thar a cheann nó is iníoctha leis ar shlí eile in aon imeachtaí, beidh éifeacht leis nó leo amhail is dá mba thagairt do shlánú aois iomlán ag naíon aon tagairt ann nó iontu do shlánú bliain is fiche d'aois aige agus déanfar aon fhoráil in ordú nó ordacháin den sórt sin a thagraíonn, go sainráite nó go hintuigthe, don tréimhse sula slánaíonn duine lán-aois nó don tráth a slánaíonn duine lán-aois a fhorléiriú dá réir sin.

Orduithe Coimircíochta agus Coimeádta

2. (1) Maidir le haon ordú a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo—

(a) a dhéanann coimircí cúirte de dhuine, nó

(b) a dhéanann socrú ar shlí eile maidir le haon duine a choimeád nó teacht air,

a mbeidh sé ráite ann go leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí go slánóidh an duine is ábhar don ordú bliain is fiche d'aois nó aois ar bith idir ocht mbliana déag agus bliain is fiche d'aois, beidh éifeacht leis amhail is dá mba thagairt do shlánú aois iomlán dó an tagairt do shlánú na haoise sin dó.

(2) Ní dochar an mhír seo d'aon fhoráil in aon ordú den sórt sin lena ndéantar socrú nó lena gcuirtear san áireamh duine a chothabháil nó oideachas a chur air tar éis dó aois iomlán a shlánú.

Cumhacht Iontaobhaithe Ioncam a Úsáid chun Mionaoiseach a Chothabháil

3. (1) Ní dhéanfaidh alt 2 difear d'alt 42 ná 43 den Conveyancing Act, 1881, maidir lena bhfeidhm i ndáil le haon eastát nó leas faoi ionstraim a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

(2) In aon chás ina bhfuil (cibé acu de bhua na míre seo nó de bhua mhír 7) cumhacht ag iontaobhaithe, faoi fho-alt (4) den alt sin 42 nó faoi fho-alt (1) den alt sin 43, ioncam a íoc le tuismitheoir nó caomhnóir aon duine a bhfuil aois iomlán slánaithe aige, nó é a chaitheamh chun críocha chothabháil, oideachas nó shochar aon duine den sórt sin nó ar mhaithe leis an gcéanna, beidh cumhacht acu freisin é a íoc leis an duine sin é féin.

Cumhachtaí Ionadaithe Pearsanta le linn Mionaois Tairbhí

4. I gcás tairbhí a n-éiríonn a leas faoi uacht nó faoi chodaisíl a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo nó ar bhás díthiomnóra roimh an dáta sin, ní dhéanfaidh alt 2 difear do bhrí an fhocail “naíon” in ailt 57 agus 58 den Acht Comharbais, 1965 .

Tréimhsí Carntha

5. An t-athrú a dhéantar, de bhua alt 2, ar fhorléiriú alt 1 den Accumulations Act, 1892, ní dhéanfaidh sé neamhbhailí aon treoir ar charnadh i gcomhshocraíocht nó i ndiúscairt eile a rinneadh le gníomhas, uacht nó ionstraim eile a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Tréimhse theorainn do Chaingne

6. An t-athrú a dhéantar de bhua alt 2 ar fhorléiriú alt 48 (1) de Reacht na dTréimhsí, 1957 , ní dhéanfaidh sé difear don am le himeachtaí a thabhairt maidir le ceart caingne a d'fhaibhrigh roimh thosach feidhme an Achta seo.

Forálacha Reachtúla a chuimsítear i nGníomhais agus in Uachtanna

7. Ní dhéanfaidh alt 2 difear d'fhorléiriú aon fhorála reachtúla a chuimsítear in aon ghníomhas, uacht nó ionstraim eile nach ndéantar difear dá bhforléiriú leis an alt sin ná d'fhorléiriú aon fhorála reachtúla a bhfuil éifeacht léi mar chuid de ghníomhas, uacht nó ionstraim den sórt sin.