An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRÍÚ SCEIDEAL Teorainneacha Toghchontaetha Bunaithe) Ar Aghaidh (AN CÚIGIÚ SCEIDEAL Rialacha a bhaineann le ceapacháin ag údaráis áitiúla chun coistí áirithe agus chun comhlachtaí eile)

7 1985

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (ATHEAGRÚ), 1985

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Limistéir a bhaintear de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus a chuirtear le Buirg na Gaillimhe de bhua alt 19 (1)

Alt 19.

CUID I

Léiriú

Sa Sceideal seo déanfar tagairt do bhaile fearainn a raibh cuid de ar áireamh i mBuirg na Gaillimhe, mar a bhí sí roimh thosach feidhme alt 19 (1) den Acht seo, a fhorléiriú mar thagairt don chuid den bhaile fearainn sin amháin nach raibh ar áireamh amhlaidh roimh an tosach feidhme sin.

CUID II

Tuairisc Limistéir

An limistéar atá ina chuid de Cheantar Sláinte Contae na Gaillimhe agus ina n-áirítear na bailte fearainn, Cúil Each, Cora Ghrian agus Dabhach Uisce i dtoghroinn ceantair Bhaile an Teampaill; baile fearainn Bhaile an Dúlaigh i dtoghroinn ceantair Cheathrú an Bhrúnaigh; na bailte fearainn, an Baile Bán Beag, an Baile Bán Mór, Baile an Bhriotaigh, an Caisleán Gearr, Cúil Each, Gleann na Néal, Mionlach, Páirc Merlin, Muirbheach, an Pháirc Mhór, Ráth Uillinn, Ros Cam, an Bealach, Barr na Crannaí, Páirc na Sceach, an Daingean Íochtair, Leitreach agus Rathún i dtoghroinn ceantair na Gaillimhe (Tuath); agus na bailte fearainn, Baile na mBúrcach, Baile an Mhóinín Thoir, Baile an Mhóinín Thiar, Baile na hAbhann Thoir, Bearna, an Cheapach, Cluain na nGabhar, an Claí Bán, an Caorán, an Coimín Mór, an Léana Bodhar, Mionchluain, an Seanbhaile Dubh, Seanghort, na hAcraí, Doire Lonaí, Gort na Leice, Cnoc na Cathrach, Poll na Ruama Thiar agus an Roisín i dtoghroinn ceantair Bhearna.