An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Oideachas agus Oiliúint) Ar Aghaidh (CUID VI Srianta le Cleachtadh na Fiaclóireachta)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID V

Feidhmiúlacht Chun Cleachtadh

Fiosrúchán ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh faoi iompar fiaclóra chláraithe.

38. —(1) Féadfaidh an Chomhairle nó duine ar bith iarratas a dhéanamh chun an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar fhiosrúchán faoi fheidhmiúlacht fiaclóra chláraithe chun fiaclóireacht a chleachtadh ar na forais seo—

(a) mí-iompar gairmiúil líomhnaithe, nó

(b) neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun gabháil don chleachtadh sin mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach,

agus déanfaidh an coiste a bhunóidh an Chomhairle faoi alt 13 (2) (b) den Acht seo (dá ngairtear “An Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh” san Acht seo), faoi réir fhorálacha an Achta seo, an t-iarratas a bhreithniú.

(2) I gcás go ndéanfar iarratas faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, nach bhfuil dóthain cúise ann chun fiosrúchán a sheoladh, cuirfidh sé é sin in iúl don Chomhairle agus féadfaidh an Chomhairle, tar éis an t-ábhar a bhreithniú, a chinneadh nach ndéanfar beart ar bith eile i ndáil leis an ábhar agus cuirfidh sí é sin in iúl don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh agus don iarratasóir, nó féadfaidh sí a ordú don Choiste fiosrúchán a sheoladh faoin ábhar de réir fhorálacha an ailt seo.

(3) I gcás go ndéanfar iarratas ar fhiosrúchán faoin alt seo agus gur dóigh leis an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, tar éis an t-iarratas a bhreithniú, go bhfuil cás prima facie ann leis an bhfiosrúchán a sheoladh nó i gcás go mbeidh ordú tugtha dó ag an gComhairle faoi fho-alt (2) den alt seo an fiosrúchán a sheoladh, beidh éifeacht leis an méid seo a leanas—

(a) rachaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar aghaidh leis an bhfiosrúchán a sheoladh,

(b) tíolacfaidh an Cláraitheoir, nó aon duine eile le cead ón gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, don Choiste sin an fhianaise ar an mí-iompar gairmiúil líomhnaithe nó ar an neamhfheidhmiúlacht líomhnaithe chun cleachtadh mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, de réir mar a bheidh,

(c) nuair a bheidh an fiosrúchán críochnaithe, déanfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh a chinntí a chur i dtuarascáil chuig an gComhairle agus sonróidh sé sa tuarascáil sin an t-iarratas agus an fhianaise a leagadh faoi bhráid an Choiste agus ábhair ar bith eile i ndáil leis an bhfiaclóir cláraithe is cuí leis an gCoiste a thuairisciú lena n-áirítear a thuairim, ag féachaint dá mbeidh sa tuarascáil—

(i) maidir le mí-iompar gairmiúil líomhnaithe an fhiaclóra chláraithe, nó

(ii) maidir le feidhmiúlacht nó eile an fhiaclóra sin bheith ag gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach líomhnaithe,

de réir mar a bheidh.

(4) Nuair a bheartófar fiosrúchán a sheoladh faoi fho-alt (3) den alt seo, tabharfaidh an Cláraitheoir don duine is ábhar don fhiosrúchán fógra i scríbhinn, a sheolfar leis an bpost réamhíoctha chuig seoladh an duine sin mar a bheidh sé sin sa chlár, i dtaobh na fianaise a bheartaítear a bhreithniú ag an bhfiosrúchán agus go dtabharfar don duine sin agus d'aon duine is ionadaí dó deis bheith i láthair ag an éisteacht.

(5) Ní dhéanfar cinntí an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ar aon ní a cuireadh faoina bhráid ná cinneadh na Comhairle ar aon tuarascáil a thug an Coiste sin di a phoibliú gan toiliú an duine ab ábhar don fhiosrúchán os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh murar cinneadh, de thoradh an fhiosrúchán sin, an duine sin a bheith—

(a) ciontach i mí-iompar gairmiúil, nó

(b) neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta,

de réir mar a bheidh.

(6) Beidh, chun críocha fiosrúchán a sheolfar faoi fho-alt (3) den alt seo, ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, na cumhachtaí, na cearta agus na pribhléidí a bhíonn dílsithe don Ard-Chúirt nó do bhreitheamh den Ard-Chúirt ar chaingean a éisteacht—

(a) maidir lena thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus iad a cheistiú faoi mhionn nó eile, agus

(b) maidir le hiallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird,

agus féadfar toghairm a bheidh sínithe ag cathaoirleach an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh nó ag cibé comhalta eile den Choiste sin a bheidh údaraithe ag an gCoiste chuige sin a chur in ionad aon nós imeachta foirmiúil, agus is ionannas é d'aon nós imeachta foirmiúil is féidir a eisiúint i gcaingean chun a thabhairt ar fhinnéithe bheith i láthair agus chun iallach a chur doiciméid a thabhairt ar aird.

(7) I gcás—

(a) duine do mhainniú bheith i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, ar é a thoghairm go cuí chun bheith i láthair, nó

(b) duine do dhiúltú, agus é i láthair mar fhinné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, mionn a ghlacadh a iarrfaidh an Coiste sin go dleathach air a ghlacadh, nó aon doiciméad a thabhairt ar aird a bheidh ina chumhacht nó faoina urláimh agus a iarrfaidh an Coiste sin air go dleathach a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a n-iarrfaidh an Coiste sin go dleathach freagra uirthi, nó

(c) duine do dhéanamh, agus é i láthair os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh, aon rud ar dhíspeagadh cúirte é dá mba chúirt dlí agus cumhacht aici cimiú mar gheall ar dhíspeagadh an Coiste sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(8) Beidh finné os comhair an Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.

(9) Má cheanglaíonn an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh taifid fiaclóireachta othar aon fhiaclóra chláraithe a thabhairt ar aird chun críche aon fhiosrúcháin a bheidh á sheoladh ag an gCoiste sin, ní chuirfear na taifid sin ar fáil don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh gan toiliú an othair lena mbaineann mura n-ordóidh an Coiste sin go sonrach don fhiaclóir cláraithe lena mbaineann na taifid sin a thabhairt ar aird.

Ainm a scriosadh nó a fhionraí as an gclár mar gheall ar mhí-iompar gairmiúil, neamhfheidhmiúlacht chun cleachtadh nó mainneachtain táille choinneála a íoc.

39. —(1) I gcás fiaclóra chláraithe—

(a) a mbeidh sé fionnta ag an gCoiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh ina thaobh ar bhonn fiosrúcháin agus tuarascála faoi alt 38 den Acht seo go bhfuil sé ciontach i mí-iompar gairmiúil nó neamhfheidhmiúil, mar gheall ar mhíchumas coirp nó meabhrach, gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta nó

(b) nach mbeidh táille choinneála a bheidh gearrtha ag an gComhairle faoi alt 25 den Acht seo íoctha aige tar éis don Chomhairle dhá mhí ar a laghad roimhe sin, a iarraidh air níos mó ná uair amháin, trí fhógra i scríbhinn a seoladh leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sin sa chlár, an táille a íoc,

féadfaidh an Chomhairle a chinneadh ainm an duine sin a scriosadh as an gclár nó as an gClár de Shaineolaithe Fiaclóireachta, de réir mar a bheidh, nó a chinneadh nach mbeidh, le linn tréimhse d'fhad sonraithe, éifeacht le clárú a ainm sa chlár lena mbaineann.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó,

(ii) a dhearbhú gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin, agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle a ainm a scriosadh as an gclár lena mbaineann nó a ordú nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle a ainm a scriosadh as an gclár iomchuí nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas mar a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin, déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár iomchuí nó ordóidh sí nach mbeidh éifeacht le linn tréimhse sonraithe (dar tosach tráth nach luaithe ná 7 lá tar éis chinneadh na Cúirte) le clárú a ainm sa chlár sin.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh sin chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) (a) Ar ainm duine a scriosadh as aon chlár faoin alt seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(b) I gcás go dtabharfar ordú faoin alt seo nach mbeidh éifeacht le clárú ainm duine in aon chlár le linn tréimhse sonraithe, déanfaidh an Chomhairle, roimh thosach na tréimhse sin, fógra i scríbhinn faoin ordú sin a chur leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as aon chlár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár sin tráth ar bith le hordú ón gComhairle agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár sin, féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear an táille iomchuí a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin i leith clárú dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

(8) I gcás go scoirfidh clárú duine in aon chlár d'éifeacht a bheith leis ar feadh tréimhse sonraithe, féadfaidh an Chomhairle, le hordú, más cuí léi, deireadh a chur leis an bhfionraí ar an duine sin á iarraidh sin uirthi.

(9) Ar iarratas a éisteacht faoin alt seo, féadfaidh an Ard-Chúirt más cuí léi sin a dhéanamh, fianaise a ghlacadh ó aon duine cáiliúil i ngairm na fiaclóireachta i dtaobh céard is mí-iompar gairmiúil ann agus aird a thabhairt ar an bhfianaise sin.

Coinníollacha a chur ag gabháil le hainm a choinneáil ar an gclár.

40. —(1) Féadfaidh an Chomhairle, tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt faoi alt 38 den Acht seo, a chinneadh cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil le duine a bhfuil a ainm taifeadta in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo a choinneáil sa chlár sin.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas amhlaidh—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) a dhearbhú gur chuí cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) a ordú don Chomhairle cibé coinníollacha is cuí leis an gCúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, dearbhóidh an Ard-Chúirt mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, gur chuí don Chomhairle cinneadh a dhéanamh faoin alt seo i ndáil leis an duine sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, dearbhú dá réir sin agus (de réir mar is cuí leis an gCúirt) ordóidh sí don Chomhairle cibé coinníollacha a shonróidh an Chúirt a chur ag gabháil le hainm an duine sin a choinneáil in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo.

(5) Is cinneadh críochaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar choinníollacha a chur faoin alt seo ag gabháil le hainm duine a choinneáil in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoi na coinníollacha a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfaidh an Chomhairle tráth ar bith deireadh a chur go hiomlán nó go páirteach leis na coinníollacha a bheidh ag gabháil le hainm aon duine a choinneáil in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo.

Cumhachtaí na Comhairle comhairle, rabhadh, etc., a thabhairt.

41. —(1) Tar éis don Choiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh fiosrúchán a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt faoi alt 38 den Acht seo i dtaobh iompar duine a mbeidh a ainm taifeadta in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, féadfaidh an Chomhairle, ar thuarascáil an Choiste sin a fháil, comhairle nó rabhadh a thabhairt don duine sin, nó é a cháineadh, i ndáil lena iompar gairmiúil, más cuí sin léi.

(2) Féadfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i dteannta nó in ionad aon cheann de na cumhachtaí a thugtar le hailt 39, 40 agus 42 den Acht seo.

Daoine a ciontaíodh i gcionta indíotála a scriosadh as an gclár.

42. —(1) I gcás fiaclóir cláraithe a chiontú sa Stát i gcion is intriailte ar díotáil nó a chiontú lasmuigh den Stát i gcion is gníomhartha nó neamhghníomhartha ar chion iad ab intriailte ar díotáil dá mba sa Stát a dhéanfaí iad, féadfaidh an Chomhairle a chinneadh go scriosfar ainm an duine sin as an gclár.

(2) Ar chinneadh a dhéanamh faoin alt seo, seolfaidh an Chomhairle láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh, ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár, fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis.

(3) Féadfaidh duine lena mbainfidh cinneadh faoin alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann sé iarratas den sórt sin—

(a) féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht—

(i) an cinneadh a chealú, nó

(ii) an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár, nó

(iii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Chomhairle,

(b) má dheimhníonn an Chomhairle tráth ar bith don Ard-Chúirt go bhfuil moill mhíchuí déanta ag an duine sin ag dul ar aghaidh leis an iarratas, déanfaidh an Ard-Chúirt, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár.

(c) féadfaidh an Ard-Chúirt a ordú conas a íocfar costais an iarratais.

(4) I gcás nach ndéanfaidh duine lena mbainfidh cinneadh ón gComhairle faoin alt seo iarratas chun na hArd-Chúirte, laistigh den tréimhse 21 lá dar tosach dáta an chinnidh, go gcealófar an cinneadh, féadfaidh an Chomhairle iarratas ex parte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte go ndaingneofar an cinneadh agus má dhéanann an Chomhairle iarratas den sórt sin déanfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht, mura mbeidh cúis mhaith aici lena mhalairt, an cinneadh a dhaingniú agus a ordú don Chomhairle ainm an duine sin a scriosadh as an gclár.

(5) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh na hArd-Chúirte ar iarratas faoin alt seo, ach amháin go mbeidh, le cead ón gCúirt sin nó ón gCúirt Uachtarach, ábhar achomhairc ag an gComhairle nó ag an duine lena mbaineann i gcoinne an chinnidh chun na Cúirte Uachtaraí ar cheist shonraithe dlí.

(6) Ar ainm duine a scriosadh as an gclár faoin alt seo, déanfaidh an Chomhairle fógra i scríbhinn faoin scriosadh a chur láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine sin ag a sheoladh mar a bheidh sé sa chlár.

(7) Féadfar ainm aon duine a bheidh scriosta as an gclár faoin alt seo a chur ar ais sa chlár tráth ar bith le hordú speisialta ón gComhairle agus ní ar aon slí eile, agus nuair a chuirfear ainm duine ar ais amhlaidh sa chlár féadfaidh an Chomhairle cibé coinníollacha is cuí léi a chur ag gabháil lena chur ar ais (lena n-áirítear an táille iomchuí a íoc nach mó ná an táille ab iníoctha ag an duine sin dá mba é an tráth sin a bheadh sé á chlárú den chéad uair).

Leanúint d'fhiosrúchán atá ar bun.

43. —I gcás a mbeidh cinnte ag Bord na bhFiaclóirí fiosrúchán a sheoladh de bhun alt 32 d'Acht na bhFiaclóirí, 1928 , nó a mbeidh aon chomhalta nó comhaltaí den Bhord ceaptha aige lena sheoladh, agus nach mbeidh an fiosrúchán sin críochnaithe roimh thosach feidhme an Achta seo, scoirfear den fhiosrúchán agus atosóidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh air ionann is dá mbeadh an tAcht seo i bhfeidhm an tráth a rinneadh an cinneadh sin nó a ceapadh an comhalta nó na comhaltaí sin agus bainfidh forálacha na Coda seo den Acht seo le haon fhiosrúchán a scoirfear de agus a n-atosófar air de bhun an ailt seo.

Iarratas ón gComhairle ar ordú d'fhionraí cláraithe.

44. —(1) Aon uair is deimhin leis an gComhairle gurb é leas an phobail sin a dhéanamh, féadfaidh an Chomhairle iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar ordú, i ndáil le haon duine a bheidh cláraithe in aon chlár a chothabháiltear faoin Acht seo, nach mbeidh éifeacht, le linn na tréimhse a bheidh sonraithe san ordú, le clárú ainm an duine sin sa chlár sin.

(2) Féadfar iarratas faoin alt seo a dhéanamh go hachomair agus éistfear é ar shlí eile seachas go poiblí.

(3) Féadfaidh an Ard-Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach (más aon ordú é) a mheasann sí is iomchuí a dhéanamh in aon iarratas faoin alt seo.

Pribhléid i leith nithe áirithe.

45. —Imeachtaí faoi alt 38 den Acht seo, imeachtaí na Comhairle nó teachtaireachtaí chuici nó uaithi de bhun ailt 39, 40, 41 nó 42 den Acht seo, tuarascálacha a thabharfaidh an Coiste um Fheidhmiúlacht chun Cleachtadh don Chomhairle faoin gCuid seo den Acht seo agus aon teachtaireachtaí eile idir an Coiste agus an Chomhairle i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh chumhachtaí, dhualgais nó fheidhmeanna an Choiste nó na Comhairle, de réir mar a bheidh, beidh siad, in aon chaingean mar gheall ar chlúmhilleadh, faoi phribhléid iomlán.

Ainm a scriosadh nó a fhionraí as an gClár de Shaineolaithe Fiaclóireachta agus ainm a chur ar ais ann.

46. —(1) I gcás ainm duine a bheith scriosta nó curtha ar fionraí as an gclár, déanfar, a luaithe is féidir, an t-ainm, má tá sé cláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta, a scriosadh nó a chur ar fionraí de réir mar a bheidh, as an gclár sin.

(2) I gcás ainm duine a bheith curtha ar ais sa chlár nó deireadh a bheith curtha lena fhionraí as an gclár, déanfar an t-ainm, má bhí sé cláraithe sa Chlár de Shaineolaithe Fiaclóireachta, a chur ar ais sa chlár sin nó cuirfear deireadh lena fhionraí as an gclár sin, de réir mar a bheidh.

Fógra don Aire i dtaobh ainm a scriosadh nó a cuireadh ar ais agus i dtaobh fionraithe a rinneadh agus fionraithe ar cuireadh deireadh leo.

47. —Tabharfaidh an Chomhairle fógra don Aire, nuair a dhéanfar—

(a) ainm duine a scriosadh as clár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(b) ainm duine a chur ar ais i gclár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(c) ainm duine a chur ar fionraí as clár a chothabháiltear faoin Acht seo,

(d) deireadh a chur le tréimhse fionraí as clár a chothabháiltear faoin Acht seo, nó

(e) coinníollacha a chur ag gabháil le hainm duine a choinneáil i gclár a chothabháiltear faoin Acht seo,

go ndearnadh an scriosadh, an cur ar ais nó an fhionraí, gur cuireadh deireadh leis an bhfionraí nó gur cuireadh coinníollacha, de réir mar a bheidh.

Ainm a baineadh den chlár a chur ar ais ann nó deireadh a chur le fionraí a cuireadh mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc.

48. —(1) Déanfaidh an Chomhairle ar aon duine d'íoc táille speisialta leis an gComhairle, is duine ar scriosadh a ainm as aon chlár nó ar cuireadh a chlárú ar fionraí, de bhun alt 39 (1) (b) den Acht seo, as aon chlár mar gheall ar tháille choinneála a bheith gan íoc aige (agus ní mar gheall ar aon chúis eile), ainm an duine sin a chur ar ais sa chlár nó deireadh a chur leis an bhfionraí, de réir mar a bheidh.

(2) San alt seo ciallaíonn “táille speisialta” táille de cibé méid a shocróidh an Chomhairle ó am go ham le toiliú an Aire.