An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Feidhmiúlacht Chun Cleachtadh) Ar Aghaidh (CUID VII Oibrithe Fiaclóireachta Cúnta)

9 1985

ACHT NA bhFIACLÓIRÍ, 1985

CUID VI

Srianta le Cleachtadh na Fiaclóireachta

Tuairiscí daoine cláraithe.

49. —(1) Gach duine a bheidh cláraithe sa chlár beidh sé i dteideal an tuairisc fiaclóir, déidlia nó cleachtóir fiaclóireachta a thabhairt air féin agus a úsáid.

(2) Ní dhéanfaidh duine a bheidh cláraithe sa chlár, i ndáil le cleachtadh na fiaclóireachta, aon teideal nó tuairisc a thabhairt air féin nó a úsáid, nó a ghreamú dá áitreabh nó a úsáid i ndáil leis, is teideal nó tuairisc ba dhóigh, le réasún, a mhaífeadh go bhfuil aige aon stádas gairmiúil nó cáilíocht ghairmiúil seachas stádas gairmiúil nó cáilíocht ghairmiúil atá aige iarbhír agus a thaispeánfar sna sonraí a bhaineann leis agus a bheidh taifeadta sa chlár a bheidh á chothabháil ag an gComhairle.

(3) Aon duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (2) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(4) I gcás arb é tuairim na Comhairle go bhfuil aon bhrainse ar leith den fhiaclóireacht (lena n-áirítear speisialtacht fiaclóireachta dá dtugann an Chomhairle aitheantas faoi alt 37 den Acht seo) tar éis teacht chun bheith chomh sainiúil sin go mbeadh sé caothúil don phobal nó do ghairm na fiaclóireachta dá n-úsáidfeadh fiaclóirí cláraithe, atá cáilithe chun an brainse sin den fhiaclóireacht a chleachtadh, teideal sainiúil, féadfaidh an Chomhairle teidil iomchuí agus na coinníollacha ar fúthu a fhéadfar na teidil sin a úsáid a shonrú, agus ní sárú ar fho-alt (2) den alt seo úsáid teidil arna shonrú amhlaidh de réir na gcoinníollacha sonraithe ag duine atá cáilithe teideal den sórt sin a úsáid.

Toirmeasc ar dhaoine neamhchláraithe d'úsáid teideal.

50. —(1) Ní dhéanfaidh duine nach fiaclóir cláraithe an teideal fiaclóir, déidlia ná cleachtóir fiaclóireachta a thabhairt air féin nó a úsáid agus ní dhéanfaidh duine, nach fiaclóir cláraithe, aon teideal ná tuairisc a thabhairt air féin nó a úsáid a thabharfadh le tuiscint gur fiaclóir cláraithe é.

(2) Duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

Toirmeasc ar dhaoine neamhchláraithe do chleachtadh na fiaclóireachta.

51. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, ní bheidh sé dleathach, ar dháta rite an Achta seo nó dá éis sin, d'aon duine—

(a) an fhiaclóireacht a chleachtadh, nó

(b) a thabhairt le fios nó a chur in iúl, go díreach nó go hintuigthe, gur duine é a chleachtann an fhiaclóireacht nó atá toilteanach agus ullamh lena cleachtadh,

mura fiaclóir cláraithe an duine sin.

(2) Ní oibreoidh forálacha fho-alt (1) (a) den alt seo chun na nithe seo a leanas a thoirmeasc—

(a) lia-chleachtóir cláraithe do chleachtadh na fiaclóireachta, nó

(b) oibrí fiaclóireachta cúnta do dhéanamh obair fhiaclóireachta de réir coinníollacha a shonrófar i scéim a dhéanfaidh an Chomhairle, le ceadú an Aire, faoi alt 53 den Acht seo, nó

(c) na daoine seo a leanas do chleachtadh na fiaclóireachta faoi mhaoirseacht fiaclóra chláraithe—

(i) mac léinn fiaclóireachta i gcomhlacht dá dtagraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó

(ii) mac léinn míochaine i gcomhlacht sa Stát dá dtugann Comhairle na nDochtúirí Leighis aitheantas chun críocha alt 35 (a) d'Acht na Lia-Chleachtóirí, 1978 ,

le linn don mhac léinn sin a bheith faoi theagasc nó ag suí le haghaidh scrúdaithe, nó

(d) aon duine do dhéanamh obair fhiaclóireachta faoi mhaoirseacht fiaclóra chláraithe mar chuid de chúrsa teagaisc atá á dhéanamh aige d'fhonn cáiliú chun bheith ina chomhalta d'aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta dá dtugann an Chomhairle aitheantas nó mar chuid de scrúdú a cheanglaítear a ghnóthú d'fhonn cáiliú chun bheith mar chomhalta den aicme oibrithe fiaclóireachta cúnta sin.

(3) Aon duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(4) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh aon tráth laistigh de dhá bhliain ó thráth déanta an chiona.

Toirmeasc ar chomhlachtaí corpraithe do chleachtadh na fiaclóireachta.

52. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon chomhlacht corpraithe gabháil do chleachtadh na fiaclóireachta (seachas an obair fhiaclóireachta a dhéanamh dá dtagraítear in alt 51 (2) (b) den Acht seo).

(2) Ní thoirmiscfidh forálacha fho-alt (1) den alt seo cleachtadh na fiaclóireachta—

(a) ag aon bhord sláinte arna bhunú faoi fhorálacha an Achta Sláinte, 1970 , nó

(b) ag aon ospidéal, nó

(c) ag aon scoil fiaclóireachta, nó

(d) ag beirt fhiaclóirí cláraithe nó níos mó i gcomhpháirtíocht.

(3) Gach comhlacht corpraithe a ghabhfaidh do chleachtadh na fiaclóireachta de shárú ar fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(4) I gcás ina gciontófar comhlacht corpraithe i gcion faoin alt seo beidh gach stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí air, mura gcruthóidh sé go ndearnadh an cion i ngan fhios dó, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.