An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Cáin Fháltas Caipitiúil) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

CUID VI

Ilghnéitheach

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

66. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950 ;

ciallaíonn “alt leasaitheach 1984” alt 114 den Acht Airgeadais, 1984 ;

ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise is tríocha” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4);

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1984 ach “£31,351,760” a chur in ionad “£32,706,344”.

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1984 ach “£22,604,148” a chur in ionad “£23,973,750”.

(4) Déanfar suim £40,369,034 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sa tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985.

(5) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise is tríocha a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise is tríocha, nach mó ná £31,028,550 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

(7) Déanfar iarmhéid an cúigiú blianacht bhreise is tríocha a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

Ús áirithe faoin Acht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta). 1984, a íoc.

67. —Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a dhéanfar íocaíochtaí maidir le hús a eascraíonn nó a d'eascair faoi alt 3 (2) den Acht um Idirbhearta Airgeadais Stáit (Forálacha Speisialta), 1984 .

Comhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le Bord Telecom Éireann.

68. —(1) D'ainneoin aon ní san Acht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983 , féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide agus le Bord Telecom Éireann (dá ngairtear “an chuideachta” san alt seo), a cheangal go ndéanfaidh an chuideachta íocaíochtaí leis, cibé tráthanna agus i cibé modh a cheapfaidh sé, i leith airgid a bheidh le haisíoc ag an gcuideachta chun tairbhe don Státchiste faoin Acht sin, agus féadfaidh an chuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire Cumarsáide, aon chomhshocraíochtaí a dhéanamh is gá chun na híocaíochtaí sin a mhaoiniú.

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, scaireanna a cheannach sa chuideachta chun oibreacha caipitiúla a mhaoiniú, agus déanfar aon scaireanna a cheannófar amhlaidh a eisiúint chuig an Aire Cumarsáide.

(b) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis aon airgead a bheidh ag teastáil d'aon cheannach den sórt sin, suas go dtí méid nach mó ná £170,000,000.

(3) Leasaítear leis seo an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide, 1983

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fhomhír (ii) d'alt 10 (3) (b):

“agus

(iii) méid na scaireanna a bheidh eisithe chuig an Aire faoi alt 68 den Acht Airgeadais, 1985 ”, agus

(b) trí “, agus in alt 68 den Acht Airgeadais, 1985 ” a chur isteach in alt 21 i ndiaidh “31”.

Urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais.

69. —(1) San alt seo—

forléireofar “rialú” de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach “daoine a chónaíonn i gcríoch iomchuí” a chur in ionad “cúig rannpháirtí nó níos lú” i bhfo-alt (6);

ciallaíonn “cuideachta choigríche” cuideachta—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

(b) atá faoi rialú duine nó daoine a chónaíonn i gcríoch iomchuí;

ciallaíonn “críoch iomchuí” Stáit Aontaithe Mheiriceá nó críoch a bhfuil comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí leo déanta lena rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “trádáil iomchuí” trádáil atá á seoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát, ach ní fholaíonn sé trádáil arb é atá inti go hiomlán nó go páirteach baincéireacht de réir bhrí Acht an Bhainc Ceannais, 1971 , gnó árachais de réir bhrí alt 3 den Acht Árachais, 1936 , miondíol earraí ná déileáil in urrúis:

Ar choinníoll go measfar chun críocha an mhínithe seo nach earraí a mhiondíoltar earraí má dhíoltar iad—

(a) le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme ina bhfuil na hearraí a dhíoltar leis, nó

(b) le duine a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála a sheolann sé, nó

(c) le duine, seachas pearsa aonair, a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha gnóthais a sheolann sé;

ciallaíonn “cuideachta cháilitheach” cuideachta—

(a)  (i) a chónaíonn sa Stát agus nach gcónaíonn in áit ar bith eile,

(ii) arb é atá go hiomlán nó go formhór ina gnó—

(I) trádáil iomchuí nó trádálacha iomchuí a sheoladh, nó

(II) sealbhú stoc, scaireanna nó urrús de chuid cuid eachta atá ann go hiomlán nó go formhór chun trádáil iomchuí nó trádálacha iomchuí a sheoladh,

agus

(iii) a bhfuil cuid nach lú ná 90 faoin gcéad dá scairchaipiteal eisithe á sealbhú ag cuideachta choigríche nó cuideachtaí coigríche, nó ag duine nó daoine atá, go díreach nó go neamhdhíreach, faoi rialú ag cuideachta choigríche nó cuideachtaí coigríche;

(b) is cuideachta choigríche a sheolann trádáil iomchuí trí bhrainse nó gníomhaireacht sa Stát.

(2) Aon urrús a bhfuil sé de chumhacht ag an Aire Airgeadais é a eisiúint chun aon airgead nó iasacht a chruinniú féadfar é a eisiúint maille le coinníoll nach ndlífear cáin chorparáide a íoc i leith aon úis ar an urrús sin fad a bheidh an t-urrús á shealbhú go leanúnach, ó dháta a eisiúna, in úinéireacht thairbhiúil cuideachta cáilithí ar eisíodh an t-urrús chuici.

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

70. —Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir (seachas na dleachtanna máil ar fheithiclí inneallghluaiste a fhorchuirtear le hailt 32 agus 33) a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

71. —(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar Cuid I agus alt 69 (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(3) Déanfar Cuid II (a mhéid a bhaineann le custaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus (a mhéid a bhaineann le dleachtanna máil) a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

(4) Forléireofar Cuid III i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1984, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1985, a ghairm díobh le chéile.

(5) Forléireofar Cuid IV i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

(6) Déanfar Cuid V a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(7) Measfar gur tháinig Cuid I i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1985.

(8) Measfar gur tháinig Cuid III (seachas ailt 42, 45, 47 agus 52) i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Mhárta, 1985.

(9) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

(10) San Acht seo, aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(11) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.