An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1985) Ar Aghaidh (Caibidil II Tobhach Ioncaim)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

CUID I

Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar na forálacha a bhaineann le díolúine ó cháin ioncaim.

1. —Maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1980

(a) i bhfo-alt (2) d'alt 1, trí “£5,300” a chur in ionad “£5,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) agus trí “£2,650” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), agus

(b) i bhfo-alt (6) d'alt 2, trí “£6,000” a chur in ionad “£5,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), tri “£7,000” a chur in ionad “£6,600” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), trí “£3,000” a chur in ionad “£2,800” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) agus trí “£3,500” a chur in ionad “£3,300” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ),

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 £5,300, agus

(b) in aon chás eile, £2,650.

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £6,000:

Ar chionníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta go gciallaíonn “an méid sonraithe” £7,000;

(b) in aon chás eile, £3,000:

Ar choinníoll má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £3,500.

Athrú ar na rátaí cánach ioncaim.

2. —Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an Tábla seo a leanas a chur in ionad an Tábla a ghabhann leis an alt sin:

“AN TÁBLA

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £4,500

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,800 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £9,000

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £5,600 eile

...

...

48 faoin gcéad

na hard-rátaí

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

Faoisimh phearsanta.

3. —(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1985-86 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an méid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an méid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1984-85

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1985-86 agus do bhlianta dá éis

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967 :

alt 138

(fear pósta)

...

...

...

3,600

3,800

(baintreach fir nó mná)

...

...

2,300

2,400

(baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta a d'éag a fearchéile)

3,600

3,800

(duine singil)

...

...

...

1,800

1,900

alt 141

(leanbh éagumasaithe)

...

...

500

600

An tAcht Airgeadais, 1969 :

alt 3

(coimeádaí tí ag tabhairt aire do

dhuine éagumasaithe)

...

...

2,000

2,500

An tAcht Airgeadais, 1971 :

alt 11

(dall)

...

...

...

...

500

600

(an dá chéile dall)

...

...

...

1,200

1,400

(2) Beidh éifeacht le halt 2 den Acht Airgeadais, 1982 , le halt 3 den Acht Airgeadais, 1984 , agus le halt 8 den Acht Airgeadais, 1984 , faoi réir fhorálacha an ailt seo.

(3) Beidh éifeacht leis an gCéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

Leasú ar alt 138A (liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

4. —Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 138A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 )—

“138A.—(1) (a) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair nach bhfuil teideal aige chun asbhainte a luaitear i mír (a) nó mír (b) (ii) d'alt 138.

(b) San alt seo ciallaíonn ‘leanbh cáilitheach', i ndáil le haon éilitheoir agus le haon bhliain mheasúnachta—

(i) leanbh—

(I) a rugadh sa bhliain mheasúnachta, nó

(II) atá, i dtosach na bliana measúnachta, faoi bhun 16 bliana d'aois, nó

(III) arb amhlaidh dó, má tá sé os cionn 16 bliana d'aois i dtosach na bliana measúnachta—

(A) go bhfuil sé ag fáil teagaisc lánaimsire in aon ollscoil, coláiste, scoil nó bunachas eile oideachais, nó

(B) go bhfuil sé, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, buanéagumasach ar é féin a chothabháil agus gur tháinig sé chun bheith buanéagumasach amhlaidh sula raibh 21 bliain d'aois slán aige nó gur tháinig sé chun bheith buanéagumasach amhlaidh tar éis dó 21 bliain d'aois a shlánú ach sin le linn dó a bheith ag fáil teagaisc lánaimsire mar a dúradh,

agus

(ii) leanbh is leanbh leis an éilitheoir nó, mura leanbh den sórt sin é, leanbh atá i gcoimeád an éilitheora agus á chothabháil ag an éilitheoir ar a chostas féin ar feadh iomlán na bliana measúnachta nó ar feadh coda di.

(2) Faoi réir fho-alt (3), má dhéanann an t-éilitheoir, is pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo, a chruthú i gcás bliana measúnachta go bhfuil leanbh cáilitheach ina chónaí leis ar feadh iomlán na bliana nó ar feadh coda di, beidh teideal aige, más pearsa aonair é lena mbaineann mír (b) (i) d'alt 138, chun asbhaint £1,400 nó, más pearsa aonair é lena mbaineann mír (c) d'alt 138, chun asbhaint £1,900:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm leis an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an banchéile lena fearchéile, ná i gcás fear agus bean a chónaíonn le chéile mar fhearchéile agus banchéile.

(3) Ní bheidh teideal ag éilitheoir ach chun aon asbhainte amháin faoi fho-alt (2) d'aon bhliain mheasúnachta, is cuma cé mhéid leanaí cáilitheacha a chónaíonn leis sa bhliain sin.

(4) (a) Na tagairtí i bhfo-alt (1) (b) do leanbh atá ag fáil teagaisc lánaimsire i mbunachas oideachais, folóidh siad tagairtí do leanbh atá á oiliúint ag aon duine (dá ngairtear ‘an fostóir’ anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) d'aon cheird nó gairm in imthosca de shórt go bhfuil ar an leanbh a chuid ama go léir a chaitheamh leis an oiliúint ar feadh tréimhse nach lú ná dhá bhliain.

(b) Chun críche éilimh maidir le leanbh atá á oiliúint, féadfaidh an cigire a cheangal ar an bhfostóir sonraí i dtaobh oiliúint an linbh a thabhairt i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta maidir le haon leanbh a bhfuil teideal aige féin chun ioncaim de bhreis ar £720 sa bhliain sin, ach amháin, más lú méid na breise ná an asbhaint ab inlamhála ar leith ón bhfo-alt seo, go lamhálfar asbhaint arna laghdú den mhéid sin:

Ar choinníoll nach ndéanfar, le linn ioncam an linbh a bheith á ríomh chun críocha na forála sin roimhe seo, aon ioncam a bhfuil teideal ag an leanbh chuige mar shealbhóir scoláireachta, sparánachta nó dearlaice oideachais eile dá samhail a chur i gcuntas.

(6) Má éiríonn aon cheist i dtaobh teideal a bheith ag aon duine chun liúntais faoin alt seo maidir le leanbh atá os cionn 16 bliana d'aois, ar leanbh é atá ag fáil teagaisc lánaimsire den chineál sin a dúradh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais.

(7) I bhfo-alt (1) (b) (ii) folaíonn an tagairt do leanbh leis an éilitheoir tagairt do leasleanbh dá chuid, do leanbh neamhdhlisteanach dá chuid má phós sé an tuismitheoir eile tar éis bhreith an linbh agus do leanbh uchtaithe dá chuid a bhfuil ordú uchtála faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, i bhfeidhm ina leith.”.

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

5. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn an méid ioncaim a fhionnadh a bhfuil pearsa aonair dá dtagraítear ann le muirearú i leith cánach ioncaim ina leith don bhliain 1985-86, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1985-86” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 125 (feidhm Í.M.A.T.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

6. —(1) Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le díolaíochtaí ar sa bhliain 1986-87 agus blianta measúnachta dá éis dóibh, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 125:

“125.—Baineann an Chaibidil seo le gach díolaíocht seachas díolaíochtaí is díolaíochtaí ar chuir an cigire scéala chuig an bhfostóir ina dtaobh gur díolaíochtaí iad ó oifig nó fostaíocht agus nach inoibrithe, i dtuairim an chigire, ag féachaint do chúinsí na hoifige nó na fostaíochta nó do mhéid na ndíolaíochtaí, cáin a bhaint astu faoi threoir fhorálacha na Caibidle seo:

Ar choinníoll go bhféadfaidh an cigire, más gá é de bharr athrú ar chúinsí na hoifige nó na fostaíochta nó ar mhéid na ndíolaíochtaí, an scéala sin a chealú trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don fhostóir agus bainfidh an Chaibidil seo ansin le híocaíochtaí díolaíochtaí ón oifig nó ón bhfostaíocht a dhéanfar tar éis dháta an fhógra sin.”.

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht, i ndáil le díolaíochtaí ar sa bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis dóibh, le haon fhógra arna eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim nó thar a gceann, faoi alt 125 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986.

Leasú ar alt 142A (liúntas maidir le cíos a íocann tionóntaí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

7. —Déantar leis seo alt 142A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a leasú i bhfo-alt (2), maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis—

(a) trí “cúig bliana is caoga” a chur in ionad “seasca bliain” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) i mír (a) (i), agus

(b) trí “£1,500” a chur in ionad “£1,000” agus “£750” a chur in ionad “£500” i mír (b),

agus tá na míreanna sin (a) (i) agus (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) go raibh sé cúig bliana is caoga d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, agus

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “an teorainn iomchuí”—

(i) i gcás éilitheoir atá i dteideal asbhainte faoi alt 138 (a), £1,500, agus

(ii) in aon chás eile, £750.

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

8. —Leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir leis an mbliain 1985-86 agus blianta measúnachta dá éis, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ):

“(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh in ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear ‘na suimeanna sin' san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin ná an méid sonraithe:

Ar choinníoll go mbeidh feidhm le forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairsceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

(1A) (a) Faoi réir mhír (b), san alt seo ciallaíonn ‘méid sonraithe'—

(i) i gcás suimeanna a fhreagraíonn d'ús ar thaiscí a luaitear i mír (a) d'fho-alt (1), £120:

Ar choinníoll, más rud é go raibh an phearsa aonair cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘méid sonraithe', i gcás na suimeanna sin, £240;

(ii) i gcás suimeanna a fhreagraíonn d'ús ar thaiscí a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1), £50:

Ar choinníoll, más rud é go raibh an phearsa aonair cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn tráth ar bith le linn na bliana measúnachta, go gciallaíonn ‘méid sonraithe', i gcás na suimeanna sin, £100.

(b) Ní mó na suimeanna go léir a ndéanfar neamhshuim díobh faoin alt seo i gcás pearsan aonair ná an méid sonraithe iomchuí a luaitear i mír (a) (i).

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cé mhéid is mó na suimeanna sin ná an méid sonraithe iomchuí. déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.”.

Leasú ar na forálacha a bhaineann le cáin a bheidh dlite a mheas.

9. —Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1968 , maidir le meastacháin ar cháin a bheidh dlite a dhéanfar ar an Acht seo a rith nó dá éis—

(a) in alt 7 (5), trí “nó alt 8” a scriosadh, agus

(b) in alt 8—

(i) i bhfo-alt (1)—

(I) trí “I gcás ina mbeidh cúis ag an gcigire, nó ag cibé oifigeach eile a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear ‘oifigeach eile' anseo ina dhiaidh seo san alt seo), a chreidiúint” a chur in ionad “I gcás ina mbeidh cúis ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint”.

(II) trí “féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile meastachán a dhéanamh” a chur in ionad “féadfaidh siad meas a thabhairt”, agus

(III) trí “dar leis” a chur in ionad “dar leo”, agus trí “sé” a chur in ionad “siad”,

(ii) i mír (a) d'fho-alt (2)—

(I) trí “don chigire nó don oifigeach eile” a chur in ionad “do na Coimisinéirí Ioncaim”, agus

(II) trí “tríocha lá” a chur in ionad “cheithre lá dhéag”,

agus

(iii) i bhfo-alt (4), trí “ón gcigire nó ón oifigeach eile” a chur in ionad “ó na Coimisinéirí Ioncaim”,

agus tá an t-alt sin 7 (5), an fo-alt sin (1) (ar leith ó mhíreanna (a), (b) agus (c) den fho-alt sin), an mhír sin (a) d'fho-alt (2) agus an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach nó oifigigh dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo a dhéanamh nó a chomhlíonadh ag na Coimisinéirí Ioncaim.

(1) I gcás ina mbeidh cúis ag an gcigire, nó ag cibé oifigeach eile a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear “oifigeach eile” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), a chreidiúint gur mhó an méid iomlán cánach a dhligh fostóir faoi na rialacháin a chur ar aghaidh i leith na míonna cánach ioncaim faoi seach in aon bhliain mheasúnachta áirithe ná an méid cánach (má b'ann) a d'íoc an fostóir in aghaidh na míonna sin ansin, gan dochar d'aon bheart eile is féidir a dhéanamh, féadfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile meastachán a dhéanamh i suim amháin ar an méid iomlán cánach ba cheart, dar leis, a bheith íoctha in aghaidh na míonna cánach ioncaim sa bhliain sin agus féadfaidh sé fógra a sheirbheáil ar an bhfostóir a shonróidh—

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar fhostóir faoi fho-alt (1)—

(a) féadfaidh an fostóir, má éilíonn sé go bhfuil an méid iomlán cánach nó an iarmhéid cánach atá gan íoc iomarcach, ar fhógra scríofa a thabhairt don chigire nó don oifigeach eile laistigh den tréimhse tríocha lá ó dáta an fógra a sheirbheáil, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc,

(4) Féadfaidh fógra ón gcigire nó ón oifigeach eile faoi fho-alt (1) baint a bheith aige le dhá bhliain mheasúnachta nó níos mó.

Ioncam áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú a bheith díolmhaithe.

10. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “talamh feirmeoireachta” talamh sa Stát atá áitithe go hiomlán nó go formhór chun críocha fearachais agus folaíonn sé foirgneamh (seachas foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear mar theaghais) atá ar an talamh agus a úsáidtear chun críocha feirmeoireachta ar an talamh sin;

tá le “léas”, “léasaí”, “léasóir” agus “cíos” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le Caibidil VI de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

ciallaíonn “léas cáilitheach” léas ar thalamh feirmeoireachta—

(i) is léas i scríbhinn nó is léas atá fianaithe i scríbhinn, agus

(ii) is léas ar feadh téarma cinnte cúig bliana nó níos mó, agus

(iii) is léas arna dhéanamh ar bhonn neamhthuilleamaíoch idir léasóir cáilitheach nó léasóirí cáilitheacha agus léasaí nó léasaithe ar léasaí cáilitheach i ndáil leis an léasóir cáilitheach nó na léasóirí cáilitheacha an léasaí, nó gach duine de na léasaithe;

ciallaíonn “léasaí cáilitheach”, i ndáil le léasóir cáilitheach nó léasóirí cáilitheacha, pearsa aonair—

(i) nach bhfuil baint aige leis an léasóir cáilitheach nó le haon duine de na léasóirí cáilitheacha, agus

(ii) a úsáideann aon talamh feirmeoireachta atá léasaithe aige ón léasóir cáilitheach nó ó na léasóirí cáilitheacha chun críocha trádála feirmeoireachta atá á seoladh aige go haonraic nó i gcomhpháirt;

ciallaíonn “léasóir cáilitheach” pearsa aonair—

(i) atá 55 bliana d'aois nó os a chionn nó atá, mar gheall ar éiglíocht mheabhrach nó choirp, buanéagumasach ar thrádáil feirmeoireachta a sheoladh, agus

(ii) nach bhfuil an talamh feirmeoireachta is ábhar don léas cáilitheach léasaithe aige, tar éis an 30ú lá d'Eanáir, 1985, ó dhuine nó ó dhaoine a bhfuil baint aige leis nó le duine díobh ar théarmaí nach de chineál a mbeifí ag súil go mbeidís ar áireamh i léas dá mba ar neamhthuilleamaí a dhéantaí na caibidlí don léas;

ciallaíonn “an méid sonraithe”, i ndáil le haon bharrachas nó barrachais (de réir bhrí alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) a eascraíonn i leith an chíosa nó na gcíosanna ó aon talamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach nó léasanna cáilitheacha—

(i) méid an bharrachais sin nó méid comhiomlán na mbarrachas sin, nó

(ii) £2,000, nó

(iii) i gcás nárbh i leith ligean nó ligin bliana iomláine ab infhaighte an cíos nó na cíosanna, an méid sin a mbeidh idir é agus £2,000 an chomhréir chéanna atá idir méid an chíosa nó méid comhiomlán na gcíosanna agus méid an chíosa nó méid comhiomlán na gcíosanna ab infhaighte i leith ligean nó ligin bliana iomláine,

cibé acu is lú.

(b) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis de réir fhorálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

(2) I gcás inarb éard é ioncam iomlán léasóra cháilithigh don bhliain 1985-86 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó i gcás inar cuid den ioncam sin, aon bhrabúis nó gnóchain ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás V de Sceideal D agus go mbeidh aon bharrachas nó barrachais (de réir bhrí alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ) a eascraíonn i leith an chíosa nó na gcíosanna ó aon talamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach nó léasanna cáilitheacha curtha i gcuntas le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan sin a bheith á ríomh, beidh teideal ag an léasóir cáilitheach, le linn dó an t-ioncam iomlán sin a fhionnadh, chun asbhainte—

(a) den mhéid sonraithe i ndáil leis an mbarrachas nó leis na barrachais, nó

(b) de mhéid na mbrabús nó na ngnóchan,

cibé acu is lú.

(3) Maidir le méid aon asbhainte a bheidh dlite faoi fho-alt (2) déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, é a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin, agus i gcás ina mbeidh feidhm le forálacha alt 197 den Acht sin déanfar aon asbhaint a lamháiltear de bhua an fho-ailt sin (2) a leithroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile ionann is dá mba nach raibh siad pósta.

(4) (a) Chun críocha fho-alt (2), i gcás ina mbaineann léas cáilitheach amháin le talamh feirmeoireachta agus le maoin. earraí nó seirbhísí eile trí chéile, ní áireofar mar bharrachas a eascraíonn i leith cíosa ó thalamh feirmeoireachta atá ligthe faoi léas cáilitheach ach cibé méid, más ann, den bharrachas a eascraíonn i leith an chíosa is iníoctha faoin léas a chinnfidh an cigire a bheith inchurtha síos go cuí don léas ar an talamh feirmeoireachta, agus sin tar éis cibé cionroinntí cíosa, costais agus asbhaintí eile is gá, go feadh a eolais agus a bhreithiúnais.

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Achomhairc nó an Chúirt Chuarda aon mhéid a chinnfidh an cigire de bhua mhír (a) a leasú ar achomharc i gcoinne an chinnidh sin a éisteacht nó a athéisteacht.

(5) D'fhonn a chinneadh cad é méid aon fhaoisimh atá le lamháil faoi fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an léasóir cibé faisnéis is dóigh leis an gcigire is gá, a chur ar fáil.

(6) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm leo i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm leo, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hasbhaint faoin alt seo.