An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Cáin Ioncaim, Tobhach Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil III Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

Caibidil II

Tobhach Ioncaim

Feidhm alt 16 (tobhach ioncaim) den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le 1985-86.

11. —Beidh feidhm agus éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1983 , arna leasú le halt 10 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir leis an mbliain dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1985 agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1986 (dá ngairtear “an bhliain ranníoca 1985-86” san alt seo) amhail mar atá feidhm agus éifeacht leis maidir leis an mbliain ranníoca 1984-85 (de réir bhrí an ailt sin 16), faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, maidir leis an mbliain ranníoca 1985-86, na tagairtí do “£96” agus “£5,000” sa choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) a ghabhann le fo-alt (2) a fhorléiriú mar thagairtí do “£102” agus “£5,300”, faoi seach.