An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil IV Cáin Chorparáide) Ar Aghaidh (CUID II Custaim agus Mál)

10 1985

AN tACHT AIRGEADAIS, 1985

Caibidil V

Luathcháin Chorparáide

Leathnú ar alt 52 (laghdú eatramhach ar luathcháin chorparáide) den Acht Airgeadais. 1983.

25. —Leasaítear leis seo alt 52 den Acht Airgeadais, 1983

(a) i bhfo-alt (1), trí “1985” a chur in ionad “1984”, agus

(b) i bhfo-alt (2), trí—

(i) “1985” a chur in ionad “1984”, agus

(ii) “1986” a chur in ionad “1985” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ), gach áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

52.—(1) D'ainneoin aon ní sa Chaibidil seo, is é méid na luathchánach corparáide a dhlífidh cuideachta a íoc i leith dáiltí arna ndéanamh aici i dtréimhse chuntasaíochta dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, nó aon lá roimhe, leath mhéid na luathchánach corparáide a dhlífeadh an chuideachta a íoc, ar leith ón alt seo, i leith na ndáiltí sin.

(2) Más roimh an lú lá d'Eanáir, 1986, do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta agus más i dtréimhse dar tosach an dáta sin don chuid eile di, beidh feidhm ag an gCaibidil seo ionann is dá mba dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, agus an chuid dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1986.