|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II Custaim agus Mál) | Ar Aghaidh (CUID IV Dleachtanna Stampa) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Cáin Bhreisluacha | |
[EN] |
Léiriú (Cuid III). |
41. —Sa Chuid seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1978” an tAcht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1983” an tAcht Airgeadais, 1983 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1984” an tAcht Airgeadais, 1984 . | |
[EN] |
Leasú ar alt 5 (seirbhísí a dhéanamh) den Phríomh-Acht. |
42. —Déantar leis seo alt 5 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht a leasú trí mhír (d) a scriosadh as fo-alt (6). |
[EN] |
Leasú ar alt 11 (rátaí cánach) den Phríomh-Acht. |
43. —Leasaítear leis seo alt 11 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht 1978): | |
[EN] | “(1) Muirearófar cáin de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is iomchuí in aon chás áirithe— | |
[EN] | (a) 23 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí inchánach, seachas earraí nó seirbhísí ar ar inmhuirearaithe cáin de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear i míreanna (b), (c) agus (d), | |
[EN] | (b) nialas faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí sna himthosca a shonraítear i mír (i) den Dara Sceideal nó le soláthar earraí de chineál a shonraítear i míreanna (v), (vii), (viii), (x), (xii) go (xva) agus (xvii) go (xx) den Sceideal sin nó le soláthar seirbhísí de chineál a shonraítear sa Sceideal sin. | |
[EN] | (c) 10 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar earraí nó seirbhísí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal, agus | |
[EN] | (d) 2.2 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar beostoic.”, | |
[EN] | (b) trí fho-alt (2) (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a scriosadh. | |
[EN] | (c) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach le hAcht 1978), trí “(ar leith ó fho-alt (2))” a scriosadh as mír (b) (ii), | |
[EN] | (d) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach le hAcht 1976)— | |
[EN] | (i) trí “earraí inchánach a sheachadadh i ndáil leis an rince” a chur in ionad “aon earraí a sheachadadh i ndáil leis an rince, is earraí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a), fo-alt (1) (aa). fo-alt (1) (aaa) nó fo-alt (1) (b)” i mír (e) (i), agus | |
[EN] | (ii) trí “seirbhísí inchánach a dhéanamh i ndáil leis an rince” a chur in ionad “aon seirbhísí a dhéanamh i ndáil leis an rince, is seirbhísí lena mbainfeadh, mura mbeadh an fo-alt seo, fo-alt (1) (a) nó fo-alt (1) (b)” i mír (e) (ii), | |
[EN] | agus | |
[EN] | (e) i bhfo-alt (8), trí “an Dara nó an Séú Sceideal” a chur in ionad “an Dara, an Tríú, an Séú nó an Seachtú Sceideal i mír (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973 ). | |
[EN] |
Leasú ar alt 12A (forálacha speisialta i leith cánach arna sonrasc ag feirmeoirí cothrom-ráta) den Phríomh-Acht. |
44. —Leasaítear leis seo alt 12A (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “2.2 faoin gcéad” a chur in ionad “2 faoin gcéad” (a cuireadh isteach le hAcht 1983) i bhfo-alt (1). |
[EN] |
Leasú ar alt 13 (loghadh cánach ar earraí a onnmhairítear. etc.) den Phríomh-Acht. |
45. —Leasaítear leis seo alt 13 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht trí “nó atá le fruiliú lena n-úsáid sa Stát” a scriosadh as fo-alt (3) (c). |
[EN] |
Leasú ar alt 15 (cáin a mhuirearú ar earraí allmhairithe) den Phríomh-Acht. |
46. —Leasaítear leis seo alt 15 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1): | |
[EN] | “(1) Ní bhainfidh alt 14 le cáin dá bhforáiltear le halt 2 (1) (b) agus déanfar, faoi réir fho-alt (2), an cháin sin a mhuirearú— | |
[EN] | (a) ar earraí de chineál a shonraítear sa Séú Sceideal de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (c) de luach na n-earraí, | |
[EN] | (b) ar bheostoc de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (d) de luach na n-earraí, agus | |
[EN] | (c) ar gach uile earra eile de réir an ráta a shonraítear in alt 11 (1) (a) de luach na n-earraí.”, agus | |
[EN] | (b) trí fho-alt (4) a scriosadh. | |
[EN] |
Leasú ar alt 23 (an cháin a bheidh dlite a chinneadh) den Phríomh-Acht. |
47. —Leasaítear leis seo alt 23 (a cuireadh isteach le hAcht 1978) den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) i bhfo-alt (1)— | |
[EN] | (i) trí “ag an gcigire cánach, nó ag cibé oifigeach eile a údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim chun na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú (dá ngairtear ‘oifigeach eile’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo)” a chur in ionad “ag na Coimisinéirí Ioncaim”, | |
[EN] | (ii) trí “do na Coimisinéirí Ioncaim” a chur in ionad “dóibh”, | |
[EN] | (iii) trí “féadfaidh an cigire nó oifigeach eile” a chur in ionad “féadfaidh siad” sa chéad áit a bhfuil sé, agus | |
[EN] | (iv) trí “is dóigh leis” a chur in ionad “is dóigh leo”, agus trí “féadfaidh sé” a chur in ionad “féadfaidh siad” sa dara háit a bhfuil sé, agus | |
[EN] | (b) i bhfo-alt (2) (a), trí “don chigire nó oifigeach eile” a chur in ionad “do na Coimisinéirí Ioncaim”. | |
[EN] |
Leasú ar alt 32 (rialacháin) den Phríomh-Acht. |
48. —Leasaítear leis seo alt 32 den Phríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh mhír (w): | |
[EN] | “(ww) meánmhéid choise a chinneadh chun críocha mhír (xix) den Dara Sceideal;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) trí “na nithe a shonraítear i bhfo-alt (1) (w) nó (1) (ww)” a chur in ionad “an ní a shonraítear i bhfo-alt (1) (w)” i bhfo-alt (2A). | |
[EN] |
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
49. —Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (vii): |
[EN] | “(viii) taibhithe beo amharclainne nó ceoil, lena n-áirítear sorcais, a sheoladh agus daoine a ligean isteach chucu, ach gan na nithe seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (a) damhsaí lena mbaineann alt 11 (7), nó | |
[EN] | (b) taibhithe a bhfuil saoráidí ar fáil i ndáil leo le go gcaithfidh daoine atá ag freastal ar an taibhiú bia nó deoch le linn an taibhithe go léir nó le linn coda de;”. | |
[EN] |
Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
50. —Leasaítear leis seo an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a ghabhann leis an bPríomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xii): | |
[EN] | “(xii) bia agus deoch de chineál a chaitheann daoine, seachas— | |
[EN] | (a) deochanna ar ar inmhuirearaithe aon dleacht máil a mhuirearaítear go sonrach ar bhiotáille, beoir, fíon, leann úll, leann piorraí nó fíon Éireannach agus ar ullmhóidí díobh, | |
[EN] | (b) deochanna monaraithe eile, lena n-áirítear sú torthaí agus uiscí buidéalaithe, agus síoróipí, tiubhacháin, úscraí, púdair, criostail nó táirgí eile chun deochanna a ullmhú, ach gan iad seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (I) tae agus ullmhóidí tae, | |
[EN] | (II) cócó, caife agus siocaire agus caife tacair rósta eile, agus ullmhóidí agus eastóscáin díobh, nó | |
[EN] | (III) ullmhóidí agus eastóscáin feola, gabhála, uibheacha nó bainne. | |
[EN] | (c) uachtar oighir, súracáin oighir, oighir uisce agus táirgí reoite dá samhail, agus meascáin agus púdair ullmhaithe chun na táirgí sin a dhéanamh, | |
[EN] | (d) (I) seacláidí, milseáin agus milseogra dá samhail (lena n-áirítear torthaí díscithe, snasta nó criostalaithe), brioscaí, brioscaí crua agus abhlanna de gach cineál, agus gach uile tháirge milseogra agus báicéireachta eile seachas arán, | |
[EN] | (II) san fhomhír seo ciallaíonn “arán” bia don duine, a mhonaraítear trí thaos a bhácáil atá comhdhéanta ar fad de mheascán plúir ghráin agus d'aon cheann nó níos mó de na táthchodanna a luaitear sna fochlásail seo a leanas i gcainníochtaí nach dtéann thar an teorainn, más ann, a shonraítear do gach táthchuid— | |
[EN] | (1) gabháil nó gníomhaire eile deascaidh nó aeraithe, salann, eastóscán braiche, bainne, uisce, glútan, | |
[EN] | (2) saill, siúcra agus feabhsaí aráin, faoi réir na teorann nach mó meáchan aon táthchuid a shonraítear san fhochlásal seo ná 2 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos, | |
[EN] | (3) torthaí tirime, faoi réir na teorann nach mó a meáchan ná 10 faoin gcéad de mheáchan an phlúir sa taos. | |
[EN] | seachas bia atá pacáistithe lena dhíol mar aonad (nach aonad a bhfuil curtha in iúl air nach bhfuil ann ach bia le haghaidh naíonán) ina bhfuil dhá cheann nó níos mó de shlisníní, de theascáin, de chandaí nó de phíosaí dá samhail agus screamhóg thar mhórchuid den taobh amuigh díobh, is é sin, screamhóg a tháinig orthu le linn bácála nó ruachana, agus | |
[EN] | (e) aon ábhar díobh seo a leanas nuair a sholáthraítear iad mar bhia don duine gan a thuilleadh ullmhúcháin, is é sin le rá, brioscaí prátaí, scealloga prátaí, sliseoga prátaí, séideoga prátaí agus táirgí dá samhail, as prátaí nó as plúr prátaí nó as stairse prátaí, grán rósta, agus cnónna saillte nó rósta i mblaoscanna nó gan blaoscanna;”, | |
[EN] | agus | |
[EN] | (b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (xviiia) (a cuireadh isteach le hAcht 1984) agus (xix) (a cuireadh isteach le hAcht 1976): | |
[EN] | “(xix) earraí coisbhirt phearsanta do leanaí, nach mó a méideanna ná an mhéid is iomchuí do leanaí a bhfuil meánmhéid choise leanaí 10 mbliana d'aois acu (ach measfar chun críocha na míre seo gur leanbh 10 mbliana d'aois leanbh a bhfuil 10 mbliana nó 10 mbliana agus codán de bhliain slánaithe aige) ach gan coisbheart nach bhfuil tuairiscthe, lipéadaithe, marcáilte nó margaithe ar bhonn aoise nó méide a áireamh;”. | |
[EN] |
Leasuithe ilghnéitheacha (an Tríú, an Séú agus an Seachtú Sceideal) ar an bPríomh-Acht. |
51. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht— |
[EN] | (a) tríd an Tríú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1976) a scriosadh. | |
[EN] | (b) tríd an Seachtú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1984) a scriosadh, agus | |
[EN] | (c) tríd an Sceideal seo a leanas a chur in ionad an Séú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1983): | |
[EN] | “AN SÉÚ SCEIDEAL | |
[EN] | Earraí agus Seirbhísí is Inmhuirearaithe de réir an Ráta a Shonraítear in Alt 11 (1) (c) | |
[EN] | (i) (a) Gual, móin agus substaintí soladacha eile ar mar bhreosla amháin a chuirtear ar díol iad, | |
[EN] | (b) gás de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin nó soilsiúcháin i dtithe nó i dtionscail i bhfoirm gásach nó i bhfoirm leachtach, ach gan gás a áireamh de chineál a úsáidtear de ghnáth le miotail a tháthú agus a ghearradh ná gás a dhíoltar mar bhreosla lastóra, | |
[EN] | (c) ola hidreacarbóin de chineál a úsáidtear le haghaidh téacháin i dtithe nó i dtionscail seachas ola gáis (de réir bhrí na Rialachán Ola Hidreacarbóin (Ola faoi Lacáiste), 1961 (I.R. Uimh. 122 de 1961)), nach ola gáis atá marcáilte go cuí de réir Rialachán 6 (2) de na Rialacháin sin; | |
[EN] | (ii) earraí do-chorraithe; | |
[EN] | (iii) seirbhísí arb éard iad earraí do-chorraithe a fhorbairt, agus earraí do-chorraithe a chothabháil agus a dheisiú lena n-áirítear daingneáin a fheistiú, i gcás nach mó luach na n-earraí so-chorraithe (más ann dóibh) a sholáthrófar de bhun chomhaontú i ndáil leis na seirbhísí sin ná dhá thrian den mhéid iomlán ar ar inmhuirearaithe cáin maidir leis an gcomhaontú; | |
[EN] | (iv) coincréit atá réidh le doirteadh; | |
[EN] | (v) bloic choincréite de chineál atá i gcomhréir leis an sonraíocht sa Dearbhú um Shonraíocht Chaighdeánach (Bloic Thógála Choincréite), 1974 (Caighdeán Éireannach 20: 1974); | |
[EN] | (vi) earraí éadaí pearsanta agus ciarsúir theicstíleacha, seachas— | |
[EN] | (a) earraí éadaí atá déanta go hiomlán nó go páirteach as seithí fionnaidh, ach amháin baill éadaí nach bhfuil orthu ach ciumhsóga de sheithí fionnaidh mura rud é gur mó na ciumhsóga sin ná an cúigiú cuid d'achar an ábhair sheachtraigh, agus | |
[EN] | (b) earraí éadaí pearsanta de chineál a shonraítear i míreanna (xvii) agus (xviii) den Dara Sceideal; | |
[EN] | (vii) (a) faibricí, abhras, snáth agus leathar de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú éadaí, lena n-áirítear leaisticí, téip agus ábhair stuála san fhoirm a sholáthraítear le haghaidh monarú éadaí, agus | |
[EN] | (b) abhras de chineál a úsáidtear de ghnáth i monarú faibricí éadaí; | |
[EN] | (viii) earraí coisbhirt phearsanta, ach amháin earraí coisbhirt phearsanta de chineál a shonraítear i mír (xix) den Dara Sceideal; | |
[EN] | (ix) leathar boinn agus uachtair de chineál a úsáidtear de ghnáth chun coisbheart a mhonarú agus a dheisiú, agus freisin boinn, sála agus boinn istigh d'ábhar ar bith; | |
[EN] | (x) (a) na nuachtáin laethúla náisiúnta a fhoilsítear sa Stát, | |
[EN] | (b) nuachtáin eile, a fhoilsítear de ghnáth uair sa tseachtain ar a laghad, agus a bhfuil a leagan amach agus raon agus cineál an ábhair iontu ar aon dul le haon nuachtán dá dtagraítear i bhfomhír (a); | |
[EN] | (xi) ligean den chineál dá dtagraítear i mír (iv) (b) den Chéad Sceideal; | |
[EN] | (xii) ní ar bith acu seo a leanas a fhruiliú (dá ngairtear ‘an fruiliú reatha’ sa mhír seo) chuig duine— | |
[EN] | (a) feithicil atá deartha agus déanta, nó oiriúnaithe, chun daoine a iompar de bhóthar, | |
[EN] | (b) long, bád nó soitheach eile atá deartha agus déanta chun paisinéirí a iompar agus nach mó ná 15 thonna a mórthonnáiste, | |
[EN] | (c) bád spóirt nó áineasa d'aon chineál lena n-áirítear luamh, bád cábáin, báidín calaidh, curach, coite nó bád rásaíochta, nó | |
[EN] | (d) carbhán, teaghais so-ghluaiste, puball nó leanphuball, | |
[EN] | faoi chomhaontú, seachas comhaontú den chineál dá dtagraítear in alt 3 (1) (b), ar feadh aon téarma nó aon choda de théarma nach faide ná 5 sheachtain ar é a chur le téarma aon fhruilithe den sórt sin (cibé acu ar na hearraí céanna é nó ar earraí éigin eile den chineál céanna) chuig an duine céanna i rith na tréimhse 12 mhí dar críoch dáta thosach feidhme an fhruilithe reatha; | |
[EN] | (xiii) seirbhísí arb éard iad deisiú nó cothabháil a dhéanamh— | |
[EN] | (a) ar fheithiclí talún inneallghluaiste lena n-áirítear innealra soghluaiste uathghluaisteach (seachas feithiclí agus innealra atá deartha, déanta nó ceaptha lena n-úsáid ar ráillí), | |
[EN] | (b) innealra, gléasra nó trealamh de chineál a úsáideann feirmeoirí sa Stát de ghnáth chun críocha a slí bheatha agus nach n-úsáidtear de ghnáth chun críche ar bith eile, nó | |
[EN] | (c) leantóirí (gan carbháin, teaghaisí so-ghluaiste agus leanphubaill a áireamh), | |
[EN] | lena n-áirítear earraí a chur ar fáil agus a fheistiú i gcúrsa na seirbhísí sin a sholáthar ar earraí iad de chineál a bhíonn ar áireamh mar chodanna de na feithiclí, den innealra, den ghléasra, den trealamh nó de na leantóirí sin de ghnáth nuair a sholáthraítear as an nua iad, ach gan iad seo a leanas a áireamh— | |
[EN] | (I) na nithe seo a leanas a chur ar fáil i gcúrsa seirbhíse deisithe nó cothabhála— | |
[EN] | (A) gabhálais nó aidhlicí, | |
[EN] | (B) boinn, cásanna boinn, tráchtanna boinn idirmhalartacha, lamhnáin agus flapaí boinn, do rothaí de gach cineál, nó | |
[EN] | (C) batairí, agus | |
[EN] | (II) deisiú nó cothabháil a dhéanamh, cibé acu ar leithligh nó i gcúrsa earraí eile a dheisiú nó a chothabháil, ar airceadail arb éard iad gabhálais nó aidhlicí nó earraí a shonraítear i gclásal (I) (B) den mhír seo, seachas earraí dá dtagraítear i gclásail (b) agus (c) agus fochlásal (I) (C) den mhír seo, agus | |
[EN] | (III) ní, glanadh agus snasú; | |
[EN] | (xiv) seirbhísí talmhaíochta arb éard iad— | |
[EN] | (a) obair mhachaire, buaint, baint, bualadh, cornadh, fómharaíocht, curaíocht agus plandáil, | |
[EN] | (b) táirgí talmhaíochta a dhíghalrú agus a shadhlasú, | |
[EN] | (c) fiaile agus loitmhíola a dhíothú agus barraí agus talamh a dhustáil agus a spréáil, | |
[EN] | (d) teascadh, crainn a leagan agus seirbhísí foraoiseachta dá samhail, agus | |
[EN] | (e) siltean agus míntíriú talún; | |
[EN] | (xv) seirbhísí ceantálaí, aturnae, gníomhaire eastáit nó gníomhaire eile, a bhaineann go díreach le soláthar earraí do-chorraithe a úsáidtear chun críocha gníomhaíochta de chuid Iarscríbhinn A; | |
[EN] | (xvi) seirbhísí cuntasaíochta feirme nó bainistí feirme.”. | |
[EN] |
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht. |
52. —Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal (a cuireadh isteach le hAcht 1978) a ghabhann leis an bPríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (i): |
[EN] | “(ia) fruiliú earraí so-chorraithe seachas modhanna iompair;” | |
[EN] |
Aisghairm. |
53. —Aisghairtear leis seo alt 89 (2) d'Acht 1983 agus alt 96 d'Acht 1984. |
[EN] |
Méadú ar ráta cánach a chur siar (teaghaisí príobháideacha). |
54. —(1) Chun críocha an ailt seo— |
[EN] | ciallaíonn “teaghais” teach, nó leithleann, árasán, díonteach nó aonad cóiríochta dá samhail; | |
[EN] | ciallaíonn “soláthar cáilitheach” seirbhís arb éard í forbairt earraí dochorraithe, arb é atá inti foirgniú teaghaise atá deartha lena húsáid go príobháideach, agus lena háitiú, ag duine, a sholáthar an 30ú lá d'Aibreán, 1985, nó roimhe, don duine sin, ar pearsa aonair ag gníomhú thar a cheann féin é, agus folaíonn sé soláthar earraí dochorraithe don duine sin ar an dáta sin nó roimhe i ndáil le soláthar na seirbhíse sin. | |
[EN] | (2) San alt seo ní fholaíonn tagairt d'fhoirgniú teaghaise tagairt d'aon fhoirgneamh láithreach nó foirgnimh láithreacha a athchóiriú, a athfhoirgniú, a athrú nó a mhéadú. | |
[EN] | (3) Maidir leis an tréimhse inchánach dar thosach an 1ú lá de Mhárta, 1985, d'ainneoin fhorálacha alt 11 den Phríomh-Acht (arna leasú leis an Acht seo) beidh, agus measfar go raibh, cáin bhreisluacha inmhuirearaithe, i ndáil le soláthar cáilitheach, de réir ráta 5 faoin gcéad. |