An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHÁIN FHEIRME, 1985)

17 1985

AN tACHT UM CHÁIN FHEIRME, 1985

AN SCEIDEAL

An Binse Cánach Feirme

Alt 8.

1. (1) Is iad a bheidh ar an mBinse cathaoirleach agus cibé líon de leaschathaoirligh (más ann) agus de ghnáthchomhaltaí a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, arb é an líon é is gá i dtuairim an Aire Airgeadais, leis an mBinse do chomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo.

(2) Is é an tAire Airgeadais, ó am go ham de réir mar is gá sa chás, a cheapfaidh comhaltaí an Bhinse agus, faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh siad i seilbh oifige ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire Airgeadais tráth a gceaptha, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(3) Is é a bheidh i dtéarma oifige comhalta den Bhinse cibé tréimhse nach faide ná 3 bliana a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, tráth a cheaptha aige agus, faoi réir fhorálacha an Sceidil seo, beidh comhalta den Bhinse in-athcheaptha mar chomhalta den sórt sin.

(4) Féadfaidh comhalta den Bhinse tráth ar bith éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a bheidh dírithe chun an Aire Airgeadais agus glacfaidh an t-éirí as éifeacht ar an dáta agus ón dáta a bhfaighfear an litir.

(5) I gcás go dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhinse, féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis sin a dhéanamh, cibé bearta is gá a dhéanamh chun an folúntas a líonadh agus beidh an duine a cheapfar chun an folúntas a líonadh i seilbh oifige ar feadh a mbeidh fágtha den téarma oifige dár ceapadh an comhalta a bhí ann roimhe.

(6) íocfar le comhaltaí den Bhinse cibé luach saothair (más ann), agus cibé liúntais i leith caiteachas, a chinnfidh an tAire Airgeadais, le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, ó am go ham.

(7) (a) I gcás go ndéanfar comhalta den Bhinse a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó mar iarrthóir lena thoghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas nó chun Tionól na gComhphobal Eorpach nó go measfar, de bhun alt 15 den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 , gur toghadh é chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh, scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Bhinse.

(b) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhinse.

2. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh chun bheith ina chathaoirleach air.

(2) Má scoireann cathaoirleach an Bhinse, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBinse.

(3) Beidh cathaoirleach an Bhinse i seilbh oifige mar chathaoirleach den sórt sin go dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar chomhalta den Bhinse mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina chathaoirleach ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, beidh sé in-athcheaptha mar chathaoirleach ar an mBinse.

3. (1) Déanfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham de réir mar is gá sa chás comhalta den Bhinse a cheapadh chun bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.

(2) Má scoireann leaschathaoirleach ar an mBinse, le linn a théarma oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin, de bheith ina chomhalta den Bhinse, scoirfidh sé air sin freisin de bheith ina leaschathaoirleach ar an mBinse.

(3) Beidh leaschathaoirleach ar an mBinse i seilbh oifige mar leaschathaoirleach den sórt sin go dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar chomhalta den Bhinse mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig nó a scoirfidh sé ar shlí eile de bheith ina leaschathaoirleach ach má athcheaptar é mar chomhalta den Bhinse, beidh sé in-athcheaptha mar leaschathaoirleach ar an mBinse.

4. Uair ar bith a bheidh cathaoirleach an Bhinse den tuairim gurbh fhóirsteanach, le dlús a chur le gnó an Bhinse, an Binse do ghníomhú trí rannáin, féadfaidh sé ordú a thabhairt dá réir sin agus má thugann sé ordú amhlaidh, ansin, go dtí go gcúlghairfidh sé a ordú—

(a) féadfaidh an Binse gníomhú trí cibé líon rannán a chinnfidh cathaoirleach an Bhinse ó am go ham,

(b) is iad a bheidh i rannán den Bhinse, trí chomhalta den Bhinse arna roghnú ag cathaoirleach an Bhinse ar cathaoirleach ar an mBinse nó leaschathaoirleach ar an mBinse duine amháin ar a laghad acu,

(c) déanfaidh cathaoirleach an Bhinse na hachomhairc a bheidh le cinneadh ag rannán den Bhinse a shannadh don rannán sin,

(d) is é a bheidh ina chathaoirleach ar rannán den Bhinse cathaoirleach an Bhinse nó, mura comhalta den rannán cathaoirleach an Bhinse, an comhalta den rannán is leaschathaoirleach ar an mBinse, agus

(e) chun críocha achomhairc a bheidh sannta dó, beidh ag rannán den Bhinse cumhachtaí uile an Bhinse agus beidh ag cathaoirleach ar rannán den Bhinse cumhacht uile chathaoirleach an Bhinse agus aon tagairtí san Acht seo don Bhinse agus do chathaoirleach an Bhinse forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do rannán agus do chathaoirleach ar rannán, faoi seach.

5. (1) Más triúr, agus aon uair gur triúr, líon chomhaltaí an Bhinse, tabharfaidh na trí chomhalta éisteacht d'achomharc chuig an mBinse agus déanfaidh siad cinneadh air.

(2) Más mó ná triúr, agus aon uair gur mó ná triúr, líon chomhaltaí an Bhinse agus nach mbeidh ordú faoi mhír 4 den Sceideal seo i bhfeidhm, tabharfaidh trí chomhalta den Bhinse a bheidh roghnaithe ag cathaoirleach an Bhinse éisteacht d'achomharc chuig an mBinse agus déanfaidh siad cinneadh air, agus mura mbeidh cathaoirleach an Bhinse i measc na gcomhaltaí de a bheidh roghnaithe chun an t-achomharc a éisteacht agus a chinneadh, déanfaidh duine de na comhaltaí sin a bheidh roghnaithe ag cathaoirleach an Bhinse gníomhú mar chathaoirleach ar an mBinse.

6. (1) Comórfaidh an Binse suíonna agus ag na suíonna féadfaidh an Binse fianaise a thógáil agus aighneachtaí a ghlacadh ón achomharcóir agus ón bhfreagróir in achomharc faoi alt 8 den Acht seo agus ó aon duine eile ar dealraitheach leas a bheith aige i gcinneadh an achomhairc agus ar difear dó an cinneadh sin nó féadfaidh sé fianaise a thógáil agus a ghlacadh thar ceann na ndaoine sin.

(2) Is go príobháideach a chomórfar suíonna den Bhinse.

7. Aon fhinné a mbeidh a fhianaise tugtha, á tabhairt nó le tabhairt os comhair an Bhinse beidh teideal aige chun na bpribhléidí agus na ndíolúintí céanna a bhíonn ag finné i gcúirt.

8. Féadfaidh gur cinneadh ó thromlach na gcomhaltaí a éistíonn achomharc aon chinneadh de chuid an Bhinse ag an achomharc nó i ndáil leis an achomharc.

9. Féadfaidh cathaoirleach an Bhinse—

(a) ordú a thabhairt i scríbhinn do dhuine, a mbeidh a fhianaise ag teastáil ón mBinse, láithriú os comhair an Bhinse ar dháta agus ag tráth agus ag ionad a bheidh sonraithe san ordú agus fianaise a thabhairt ansin agus aon doiciméad nó rud a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht, a bheidh sonraithe san ordú, a thabhairt ar aird,

(b) a ordú d'aon duine den sórt sin aon doiciméad nó rud sonraithe a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht a thabhairt ar aird dó,

(c) aon orduithe eile a thabhairt chun críche achomhairc a dhealraíonn dó a bheith réasúnach agus cóir.

10. Aon duine—

(a) dá dtabharfar ordú faoi mhír 9 den Sceideal seo láithriú os comhair an Bhinse agus, ar aon suim a bheith tairgthe dó maidir le caiteachais i leith a láithrithe, ar suim í a mbeadh finné faoi thoghairm láithriú os comhair na Cúirte Dúiche ina teideal, nach ndéanfaidh, gan chúis ná leithscéal cóir, de réir an ordaithe,

(b) ar é do láithriú os comhair an Bhinse de bhun ordú faoin mír sin 9, a dhiúltóidh an mionn a ghlacadh ar an mBinse á éileamh sin air nó a dhiúltóidh aon cheist a fhreagairt a bhféadfadh an Binse freagra a éileamh uirthi go dlíthiúil,

(c) nach ndéanfaidh, gan chúis ná leithscéal cóir, de réir ordaithe faoi fhomhír (a) den mhír sin 9 i ndáil le fianaise a thabhairt nó le doiciméad nó rud a thabhairt ar aird nó de réir ordaithe faoi fhomhír (b) nó (c) den mhír sin 9, nó

(d) a dhéanfaidh aon ní eile i ndáil leis na himeachtaí os comhair an Bhinse ar díspeagadh ar an gcúirt a bheadh ann dá ndéanfaí é i ndáil le himeachtaí os comhair cúirte ag finné sa chúirt,

beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £700, nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó iad araon, a chur air.

11. Má thugann duine fianaise bhréige os comhair an Bhinse in imthosca ina mbeadh sé ciontach i mionnú éithigh dá mba os comhair cúirte a thabharfadh sé an fhianaise, beidh sé ciontach sa chion sin.

12. Faoi réir fhorálacha an Achta seo, beidh an nós imeachta sin ag an mBinse a chinnfidh an Binse le rialacha a dhéanfaidh sé le toiliú an Aire Airgeadais agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfaidh na rialacha foráil a dhéanamh—

(a) chun dáta, tráth agus ionad an tsuí iomchuí den Bhinse a chur in iúl do na daoine lena mbaineann,

(b) chun a chur ar chumas na ndaoine lena mbaineann a gcásanna a chur faoi bhráid an Bhinse go pearsanta nó trí ionadaí,

(c) chun an Binse do dhéanamh ceistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) ar fhinnéithe os a chomhair,

(d) chun daoine lena mbaineann, nó daoine thar a gceann, do dhéanamh ceistiú agus croscheistiú (faoi mhionn nó ar shlí eile mar a chinnfidh an Binse) ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,

(e) chun an Binse do chinneadh ar chóir fianaise os comhair an Bhinse a thabhairt faoi mhionn,

(f) chun cathaoirleach an Bhinse do chur mionn ar fhinnéithe os comhair an Bhinse,

(g) chun fógra a thabhairt ag suí den Bhinse faoi chinneadh nó faoi chinntí an Bhinse i ndáil le hachomharc chuige, agus

(h) chun taifead dóthanach a dhéanamh ar imeachtaí an Bhinse.

13. (1) Faoi réir fhomhír (3) den mhír seo, féadfaidh an Binse, maidir le costais agus caiteachais duine, a bheidh bainteach in achomharc chuige faoin Acht seo, i leith an achomhairc, a ordú go n-íocfaidh duine eile a bheidh bainteach san achomharc na costais agus na caiteachais sin, féadfaidh sé méid aon chostas agus caiteachas den sórt sin a chinneadh agus, mura bhfuil cúis mhaith aige gan sin a dhéanamh, féadfaidh sé ordú a thabhairt go n-íocfaidh an freagróir nó an t-achomharcóir, de réir mar a bheidh, ar theip air in achomharc, costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra ar éirigh leis san achomharc chuig an mBinse faoin Acht seo i leith an achomhairc.

(2) Maidir le méid costas agus caiteachas duine a mbeidh ordú tugtha ag an mBinse faoin mír seo é a íoc leis an duine sin, féadfaidh an duine sin an méid sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine dá mbeidh ordú tugtha ag an mBinse é a íoc.

(3) Ní thabharfaidh an Binse aon ordú go mbeidh costais agus caiteachais achomharcóra nó freagróra in achomharc chuige faoin Acht seo le híoc ag úinéir nó áititheoir ar ghabháltas talaimh talmhaíochta seachas an gabháltas sin lena mbaineann an t-achomharc.

14. (1) I gcás leas tairbhiúil a bheith ag comhalta den Bhinse i dtalamh is ábhar d'achomharc faoi alt 8 den Acht seo nó in aon talamh a ndéanfaidh, nó ar dóigh go ndéanfadh, achomharc den sórt sin difear dó, nó i gcás aon leas eile a bheith aige san achomharc ar dhóigh dó tionchar a bheith aige air i ndáil le cinneadh an achomhairc, déanfaidh an comhalta—

(a) an cineál leasa atá aige a nochtadh don Bhinse,

(b) staonadh ó aon pháirt a ghlacadh sa díospóireacht, ná sa bhreithniú, ar an achomharc,

(c) staonadh ó vótáil nó ó ghníomhú ar shlí eile mar chomhalta den Bhinse i ndáil le cinneadh an achomhairc.

(2) Chun críocha na míre seo, measfar leas tairbhiúil i dtalamh a bheith ag comhalta den Bhinse—

(a) más eisean nó más é a chéile, úinéir nó áititheoir na talún nó páirt-úinéir nó páirt-áititheoir na talún, cibé mar nascthionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta eile, i dteannta duine nó daoine eile, nó

(b) má tá baint aigesean nó ag a chéile le húinéir nó le háititheoir na talún nó más fostóir nó fostaí nó príomhaí nó gníomhaire úinéir nó áititheoir na talún é, nó más iontaobhaí nó airíoch i leith na talún é don úinéir nó don áititheoir sin, nó duine a bhaineann leis an úinéir nó leis an áititheoir sin.

(3) Chun críocha na míre seo, aon leas i dtalamh nó aon leas eile in achomharc faoi alt 8 den Acht seo atá chomh fada amach nó chomh neamhshuntasach sin nach bhféadfar go réasúnach glacadh leis gur dóigh tionchar a bheith aige ar an duine ag a bhfuil an leas ní mheasfar gur leas tairbhiúil sa talamh é nó, de réir mar a bheidh, gur leas eile é in achomharc faoin alt sin 8.

(4) (a) Aon duine a sháraíonn ceanglas den mhír seo nó a mhainníonn déanamh dá réir, beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

(b) In aon imeachtaí mar gheall ar chion faoin bhfomhír seo, is cosaint é don duine a chúisítear sa chion a chruthú nárbh eol dó agus nach raibh aon chúis aige lena chreidiúint tráth an chiona a líomhnaítear—

(i) go raibh leas tairbhiúil aige sa talamh lena mbaineann, nó

(ii) gur leas tairbhiúil a raibh feidhm i ndáil leis ag ceanglas den mhír seo an leas tairbhiúil lena mbaineann an cion a líomhnaítear.

(c) Is é an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí amháin a thionscnóidh imeachtaí i leith ciona faoin bhfo-alt seo nó is lena thoiliú amháin a thionscnófar iad.

(5) Comhalta den Bhinse a chiontófar i gcion faoi fhomhír (4) den mhír seo scoirfidh sé ar an gciontú sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.

(6) Má dhéanann duine a bhfuil leas tairbhiúil aige i dtalamh lena mbaineann achomharc faoi alt 8 den Acht seo ceanglas den mhír seo a shárú nó má mhainníonn sé déanamh dá réir, cuirfidh an sárú nó an mhainneachtain sin cinneadh an achomhairc ó bhail.

(7) Más rud é, de bhua fhomhír (6) den mhír seo, go gcuirtear cinneadh ón mBinse ar achomharc faoi alt 8 den Acht seo ó bhail, cinnfidh an Binse an t-achomharc athuair.