|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II An Bord Altranais) | Ar Aghaidh (CUID IV Oideachas agus Oiliúint) |
ACHT NA nALTRAÍ, 1985
[EN] | ||
[EN] |
CUID III Clárú | |
[EN] |
An clár. |
27. —(1) Déanfaidh an Bord, de réir rialacha a dhéanfaidh an Bord, clár altraí a chothabháil (dá ngairtear an clár san Acht seo) agus roinnfear an clár sna ranna a shonraítear sna rialacha sin agus beidh ar áireamh sna ranna sin roinn a bhainfidh le cnáimhseacha. |
[EN] | (2) Déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, an clár a ullmhú agus a bhunú. | |
[EN] | (3) Aon tagairt san Acht seo do chlár na n-altraí measfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, gur tagairt í a fholaíonn tagairt d'aon roinn den chlár agus forléireofar “cláraithe” agus “clárú” dá réir. | |
[EN] | (4) Foilseoidh an Bord clár na n-altraí nó aon roinn nó ranna de ag cibé tráthanna agus i cibé slí a ordóidh an tAire. | |
[EN] | (5) Cuirfidh altra aon athrú ar a ainm nó ar a sheoladh in iúl don Bhord. | |
[EN] | (6) Déanfaidh an Bord cibé bearta a mheasann sé is gá ó am go ham chun a chinntiú go bhfuil ainmneacha agus seoltaí na ndaoine atá cláraithe sa chlár cruinn. | |
[EN] | (7) Gach duine a dtaifeadfar a ainm sa chlár, déanfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis clárú an duine sin a bheith críochnaithe, deimhniú á rá go bhfuil a ainm taifeadta sa chlár a sheoladh chuige. | |
[EN] | (8) Deimhniú a eiseoidh an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin á rá go bhfuil ainm an duine lena mbaineann an deimhniú taifeadta sa chlár beidh sé, gan cruthúnas ar shíniú an duine a airbheartaíonn gurbh é a shínigh an deimhniú nó gurbh é an duine sin an duine cuí lena shíniú amhlaidh, ina fhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a bheidh deimhnithe sa deimhniú, go dtí go suífear a mhalairt. | |
[EN] |
Clárú i gclár na n-altraí. |
28. —(1) Déanfaidh an Bord, de réir rialacha, gach duine a shásaíonn an Bord go gcomhlíonann sé na coinníollacha forordaithe le haghaidh clárú, a chlárú sa chlár. |
[EN] | (2) Féadfaidh an Bord-duine a chlárú i níos mó ná roinn amháin den chlár má iarrann an duine sin é agus má shásaíonn sé na coinníollacha forordaithe le haghaidh clárú i ngach roinn acu sin. | |
[EN] | (3) Déanfar gach duine a bhfuil a ainm, ar dháta an chláir a bhunú, taifeadta i gclár na n-altraí a bhí á chothabháil ag an Seanbhord de bhun Acht na nAltran, 1950 , a chlárú sa chlár. | |
[EN] | (4) Gach duine is náisiúnach de Bhallstát agus a mbeidh cáilíocht san altracht dáfa dó i mBallstát ar cáilíocht í a bhfuil sé d'oibleagáid ar an Stát aitheantas a thabhairt di de bhun fhorálacha aon Treorach lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach, déanfar, ar é do dhéanamh iarratais san fhoirm agus ar an modh a bheidh sonraithe i rialacha arna ndéanamh ag an mBord, agus ar cibé táille a bheidh sonraithe amhlaidh a íoc, é a chlárú sa chlár. | |
[EN] | (5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun a chosc ar an mBord diúltú ainm aon duine a chlárú is duine a bheidh, thairis sin, i dteideal a bheith cláraithe, ar fhoras neamhfheidhmiúlacht an duine sin gabháil do chleachtadh na haltrachta. | |
[EN] | (6) Ar chinneadh a dhéanamh de bhun fho-alt (5) den alt seo, déanfaidh an Bord fógra i scríbhinn a inseoidh an cinneadh, dáta an chinnidh agus na cúiseanna leis a sheoladh láithreach leis an bpost réamhíoctha chuig an duine lena mbaineann an cinneadh. | |
[EN] | (7) Féadfaidh duine lena mbaineann cinneadh faoi fho-alt (5) den alt seo iarratas a dhéanamh, laistigh den tréimhshe dhá mhí dar tosach dáta an chinnidh, chun na hArd-Chúirte go gcealófar an cinneadh agus má dhéanann an duine sin iarratas den sórt sin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar an iarratas a éisteacht— | |
[EN] | (a) a dhearbhú gur chuí don Bhord an cinneadh a dhéanamh, nó | |
[EN] | (b) an cinneadh a chealú agus a ordú don Bhord ainm an duine a rinne an t-iarratas a chlárú, nó | |
[EN] | (c) an cinneadh a chealú agus— | |
[EN] | (i) a ordú don Bhord cinneadh nua a dhéanamh, nó | |
[EN] | (ii) cibé orduithe eile is cuí leis an gCúirt a thabhairt don Bhord. | |
[EN] |
An clár a cheartú. |
29. —(1) D'fhonn an clár a choimeád ceart déanfaidh an Bord ó am go ham de réir mar is gá sa chás gach dearmad focal nó cléireachais sa chlár sin a cheartú, gach taifead ann a tugadh chun críche trí chalaois nó mífhaisnéis a bhaint de, gach athrú a thiocfaidh ar a n-iúl ar sheoltaí na ndaoine a bheidh cláraithe sa chlár a thaifeadadh ann, agus ainmneacha na ndaoine ar fad ar cuireadh i bhfios don Bhord nó ar tháinig sé ar iúl an Bhoird go bhfuil siad tar éis bháis a bhaint den chlár. |
[EN] | (2) Aon uair a dhéanfaidh an Bord beart de bhun fho-alt (1) den alt seo d'fhonn an clár a choimeád ceart, déanfaidh an Bord láithreach an beart atá déanta agus na cúiseanna leis a chur in iúl don duine lena mbainfidh, nó dá neasghaol, de réir mar a bheidh. | |
[EN] |
Daoine i ngairmeacha coimhdeacha a chlárú. |
30. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire, ainmneacha daoine atá ag gabháil do ghairm atá coimhdeach don altracht a chlárú i gclár a bheidh á chothabháil chun na críche sin, agus beidh feidhm, maidir le haon chlárú den sórt sin, ag forálacha an Achta seo, faoi réir cibé modhnuithe a bheidh sonraithe i rialacha a dhéanfaidh an Bord le toiliú an Aire. |