An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Feidhmiúlacht chun Cleachtadh) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtanna a Aisghairtear)

18 1985

ACHT NA nALTRAÍ, 1985

CUID VI

Ilghnéitheach

Comhshocraíochtaí le daoine le cabhrú leis an mBord.

48. —Féadfaidh an Bord comhshocraíochtaí a dhéanamh agus a chomhlíonadh le haon duine nó comhlacht le cabhrú leis an mBord nó le haon choiste dá chuid chun aon chuid dá fheidhmeanna a fheidhmiú go cuí.

An teideal altra, cnáimhseach etc, a úsáid go míchuí.

49. —(1) Duine ar bith—

(a) nach duine a bheidh cláraithe i gclár na n-altraí, agus a thógfaidh nó a úsáidfidh an t-ainm nó an teideal altra nó cnáimhseach, go haonraic nó mar aon le focail nó litreacha eile nó aon ainm, teideal nó tuairisc, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe sa chlár, nó

(b) is duine a bhfuil a ainm in aon roinn den chlár agus a thógfaidh nó a úsáidfidh aon ainm, teideal nó tuairisc, nó a dhéanfaidh ar shlí eile aon ghníomh d'aon saghas, a thabharfaidh le tuiscint go bhfuil an duine cláraithe in aon roinn eile den chlár nach bhfuil ainm an duine inti, nó

(c) a bhainfidh úsáid le hintinn mheabhlaireachta, as aon deimhniú arna eisiúint faoin Acht seo chun an duine sin nó chun aon duine eile, nó

(d) a dhéanfaidh nó a thabharfaidh, nó a chuirfidh faoi deara go ndéanfar nó go dtabharfar, aon dearbhú bréagach nó aon mhífhaisnéis d'fhonn clárú a fháil faoin Acht seo nó a chabhróidh nó a neartóidh le dearbhú bréagach nó mífhaisnéis den sórt sin a dhéanamh nó a thabhairt,

beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair fíneáil nach mó ná £1,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá mhí dhéag nó, de rogha na cúirte, an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

(2) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón uair a rinneadh an cion.

Tuarascáil ón mBord.

50. —Déanfaidh an Bord a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana, tuarascáil a ullmhú agus a fhoilsiú ar a chuid imeachtaí faoin Acht seo le linn na bliana roimhe sin.

Feidhmeanna comhairleacha ginearálta an Bhoird.

51. —(1) Is feidhm de chuid an Bhoird an tAire a chomhairliú, ar iarratas ón Aire nó ar a thionscnamh féin, i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann leis na feidhmeanna a shanntar don Bhord faoin Acht seo.

(2) Is feidhm de chuid an Bhoird treoir a thabhairt do lucht ghairm na haltrachta i gcoitinne i dtaobh na n-ábhar ar fad a bhaineann le hiompar eiticiúil.

(3) Is feidhm de chuid an Bhoird an pobal a chomhairliú i dtaobh na n-ábhar ar fad is díol suime i gcoitinne a bhaineann le feidhmeanna an Bhoird.

Feidhmeanna i ndáil le Treoracha etc. lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach.

52. —Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna a shannfaidh an tAire dó ó am go ham i ndáil le haon Treoir nó Rialachán lenar ghlac Comhairle na gComhphobal Eorpach nó a rinne sí agus a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin, a chur i ngníomh.

Feidhmeanna breise a shannadh don Bhord.

53. —(1) Comhlíonfaidh an Bord cibé feidhmeanna, seachas feidhmeanna a shanntar dó faoin Acht seo, a shannfaidh an tAire dó ó am go ham le hordú i ndáil le hoideachas agus oiliúint altraí nó le hábhair eile a bhaineann le cleachtadh na haltrachta agus leis na daoine a bhíonn ag gabháil don chleachtadh sin.

(2) Féadfaidh an tAire ordú faoin alt seo, lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo, a leasú nó a chúlghairm.

(3) Leagfar gach ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Tagairtí don Bhord Altranais.

54. —Déanfar gach tagairt don Bhord Altranais atá in aon achtachán nó in aon ionstraim reachtúil a fhorléiriú mar thagairt don Bhord.

Rialacháin.

55. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt d'aon cheann d'fhorálacha an Achta seo.

(2) Déanfar gach rialachán, seachas rialachán a dhéanfar faoi alt 9 (3) den Acht seo, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach den Oireachtas laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Rialacháin maidir le hoiriúnuithe.

56. —Féadfaidh an tAire, le rialacháin, maidir le haon reacht, ordú nó rialachán a bheidh i bhfeidhm tráth rite an Achta seo agus a bhaineann le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an tAcht seo nó a ndéanann an tAcht seo difear dó, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh is dóigh leis is gá chun go bhféadfaidh éifeacht i gcomhréir leis an Acht seo a bheith leis an reacht, leis an ordú nó leis an rialachán sin.

An fógra a thabharfaidh cnáimhseach do bhord sláinte.

57. —(1) Más rud é maidir le cnáimhseach, nach bhfuil ar fostú ag bord sláinte nó ag údarás ospidéil a chuireann seirbhísí máithreachais ar fáil nó ag údarás tí máithreachais, go mbeidh sé ag gabháil do chleachtadh an chnáimhseachais nó go mbeartaíonn sé an cnáimhseachas a chleachtadh, cuirfidh sé in iúl don bhord sláinte nó do na boird sláinte, de réir mar a bheidh, ar ina limistéar feidhme atá sé ag cleachtadh nó ar ann atá brath aige cleachtadh go bhfuil sé ag cleachtadh amhlaidh nó go bhfuil beartaithe aige cleachtadh amhlaidh.

(2) Beidh sé de dhualgas ar bhord sláinte ar ina limistéar feidhme atá cnáimhseach den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag cleachtadh nó ar ina limistéar feidhme a bheartaíonn sé cleachtadh, maoirseacht agus rialú ginearálta a fheidhmiú de réir rialacháin arna ndéanamh ag an Aire, maidir leis an gcnáimhseach sin.

Cosc freastal ar bhreith linbh.

58. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith freastal ar bhean seoil mura rud é, maidir leis an duine sin—

(a) gur cnáimhseach é, nó

(b) gur lia-chleachtóir cláraithe é, nó

(c) go bhfuil sé ag dul faoi oiliúint chun bheith ina lia-chleachtóir cláraithe nó ina chnáimhseach agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla, nó

(d) go bhfuil sé ag fáil taithí agus ag dul faoi oiliúint san asaoideolaíocht agus go ndéanann sé an freastal sin mar chuid de chúrsa oiliúna gairmiúla,

ach amháin i gcás go ndéantar an freastal sin, ar shlí seachas ar luach, in aon chás riachtanais thobainn nó phráinnigh mar nach bhfuil cnáimhseach nó lia-chleachtóir cláraithe ar fáil láithreach.

(2) Beidh duine a dhéanfaidh gníomh is sárú ar fho-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 a chur air.

Cionta a ionchúiseamh.

59. —Féadfaidh an Bord gach cion faoin Acht seo a ionchúiseamh.