21 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1985


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960.

2.

£1,500,000 a íoc leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta le haghaidh na Saoráide Speisialta don Afraic Fho-Shahárach.

3.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna Dá dTagraítear

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960

1960, Uimh. 35

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980

1980, Uimh. 15

An tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1983

1983, Uimh. 33

Na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1983

/images/harp.jpg


Uimhir 21 de 1985


AN tACHT UM CHOMHLACHAS FORBARTHA IDIRNÁISIÚNTA (LEASÚ), 1985

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DÁ CHUMASÚ ÍOCAÍOCHTAÍ NACH MÓ NÁ MÉID-EANNA IOMLÁNA SONRAITHE A DHÉANAMH THAR CEANN AN RIALTAIS LEIS AN gCOMHLACHAS FORB-ARTHA IDIRNÁISIÚNTA CHUN ACMHAINNÍ AN CHO-MHLACHAIS SIN A ATHLÍONADH AGUS CHUN CRÍOCHA NA SAORÁIDE SPEISIALTA DON AFRAIC FHO-SHAHÁRACH A BHUNAIGH AN COMHLACHAS SIN. [21 Nollaig, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 .

1. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 , trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhír (i) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1983 ) d'fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1980 ):

“(i) íocaíochtaí leis an gComhlachas nach mó san iomlán ná £8,330,000, de réir aon chomhshocraíochtaí idir an Rialtas agus an Comhlachas de bhíthin aon Rúin ó Bhord Rialtóirí an Chomhlachais i dtaobh acmhainní breise airgeadais,

(j) íocaíochtaí faoi fhomhír (i) de mhír (c) d'Alt 4 d'Airteagal VII den Chomhaontú.”.

£1,500,000 a íoc leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta le haghaidh na Saoráide Speisialta don Afraic Fho-Shahárach.

2. —(1) Féadfar íocaíochtaí nach mó san iomlán ná £1,500,000 a dhéanamh thar ceann an Rialtais, mar is iomchuí agus an tráth is iomchuí dóibh, leis an gComhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, ar mhodh ranníocaí de réir fhorálacha Rún Uimh. 85-1, ó Bhord Stiúrthóirí Feidhmiúcháin an Chomhlachais sin, arna dhéanamh i Washington, D.C., an 21ú lá de Bhealtaine, 1985, leis an tSaoráid Speisialta don Afraic Fho-Shahárach arna bunú leis an Rún sin.

(2) Chun na ranníocaí, dá bhforáiltear i bhfo-alt (1) den alt seo, a íoc leis an tSaoráid Speisialta sin don Afraic Fho-Shahárach, féadfaidh an tAire Airgeadais nótaí neamh-úsmhara de chuid an Stáit a chruthú agus a eisiúint agus aon íocaíochtaí thar ceann an Stáit i leith nótaí den sórt sin, déanfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis iad.

Gearrtheideal agus comhlua.

3. —(1) Féadfar an tAcht um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta (Leasú), 1985 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1985, a ghairm de na hAchtanna um Chomhlachas Forbartha Idirnáisiúnta, 1960 go 1983, agus den Acht seo.