Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

24 1985

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1985


AN tACHT LEITHREASA, 1985


RIAR NA nALT

Alt

1.

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,150,747,000, a leithreasú.

2.

Gearrtheideal.

AN SCEIDEAL


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965

1965, Uimh. 26

Public Accounts and Charges Act, 1891

1891, c. 24

/images/harp.jpg


Uimhir 24 de 1985


AN tACHT LEITHREASA, 1985

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEITHREASÚ SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE (FORÁLACHA BUANA), 1965 , CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA gCRÍOCHA CUÍ. [28 Nollaig, 1985]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Suimeanna a vótáladh le haghaidh seirbhísí soláthair, eadhon, £6,150,747,000, a leithreasú.

1. —(1) Na suimeanna a deonaíodh as an bPríomh-Chiste leis an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 , chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán suim sé mhíle céad is caoga milliún, seacht gcéad daichead is seacht míle punt le haghaidh seirbhíse na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, déantar iad a leithreasú le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh-Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach i gcolún (4) den Sceideal a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim cúig chéad tríocha is cúig mhilliún, trí chéad seasca is ceithre mhíle punt a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasaí-i-gcabhair do na deontais le haghaidh na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis seo.

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1985 , a ghairm den Acht seo.