An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Greasachtaí Tionscail) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL)

9 1986

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986

CUID IV

Comhaltaí agus Foireann

Luach saothair etc. chomhaltaí an Údaráis.

[1969, a. 24]

38. —Sealbhóidh an Cathaoirleach, na Leas-Chathaoirligh agus comhaltaí eile an Údaráis, oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha (lena n-áirítear luach saothair) a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

Foireann an Údaráis.

[1969, a. 26]

39. —(1) Féadfaidh an tÚdarás cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh ó am go ham chun bheith ina gcomhaltaí d'fhoireann an Údaráis.

(2) Fostófar comhalta d'fhoireann an Údaráis ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tÚdarás ó am go ham.

(3) Cinnfidh an tÚdarás ó am go ham le toiliú an Aire agus le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí luach saothair agus liúntais chomhaltaí fhoireann an Údaráis.

Comhaltas de Thithe an Oireachtais nó de Thionól na gComhphobal Eorpach.

[1950, a. 4; 1969, ailt 25, 30. Nua i bpáirt]

40. —(1) Más rud é, i gcás comhalta den Údarás nó de bhord nó de choiste a bhunaigh an tÚdarás faoin Acht seo—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

 (c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den Údarás, den bhord nó den choiste.

(2) Más rud é, i gcás comhalta d'fhoireann an Údaráis—

(a) go n-ainmneofar é mar chomhalta de Sheanad Éireann, nó

(b) go dtoghfar é mar chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas nó de Thionól na gComhphobal Eorpach, nó

(c) go measfar de bhun alt 15 (a cuireadh isteach leis an Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1984 ) den Acht um Thoghcháin do Thionól na hEorpa, 1977 é a bheith tofa chun an Tionóil sin chun folúntas a líonadh,

beidh sé ar iasacht air sin ó fhoireann an Údaráis agus ní íocfaidh an tÚdarás leis, ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón Údarás, aon luach saothair ná liúntais in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth a ainmnithe nó a thofa amhlaidh nó an tráth a measfar amhlaidh é bheith tofa, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta de cheachtar Teach acu sin nó den Tionól sin.

(3) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin nó is comhalta de Thionól na gComhphobal Eorpach beidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh nó ina chomhalta den sórt sin, dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Údarás nó d'aon cheann dá bhoird nó dá choistí nó chun bheith ar fostú ag an Údarás.

Aoisliúntas don fhoireann.

[1969, ailt 27, 30; 1978, a. 3]

41. —(1) Ullmhóidh an tÚdarás agus cuirfidh faoi bhráid an Aire scéim nó scéimeanna chun pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar bhás, do cibé comhaltaí dá fhoireann is cuí leis nó ina leith.

(2) Socróidh gach scéim den sórt sin an tráth agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir arb iníoctha leo nó ina leith faoin scéim, pinsin, aiscí nó liúntais ar scor nó ar bhás agus féadfar tráthanna agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.

(3) Féadfaidh an tÚdarás aon tráth scéim a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire do leasú scéime a cuireadh faoi bhráid an Aire agus a ceadaíodh roimhe sin faoin alt seo.

(4) Déanfaidh an tÚdarás aon scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a sheoladh de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.

(5) Leanfaidh scéim faoi Acht aisghairthe d'fheidhm a bheith aici agus measfar gur scéim í a rinneadh faoin alt seo.

(6) Má éiríonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh a méid, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus cuirfidh seisean faoi bhráid Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.

(7) Ní dheonóidh an tÚdarás aon phinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht eile den sórt sin ar éirí as, ar scor nó ar bhás d'fhostaí den Údarás ná ní dhéanfar aon chomhshocraíocht eile chun pinsean, aisce, liúntas ná íocaíocht den sórt sin a chur ar fáil do na daoine sin ar iad do scor d'oifig a shealbhú ach amháin de réir scéime faoin alt seo.

(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.

(9) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas i ndáil le comhalta den fhoireann a bheidh ar iasacht faoi alt 40 (2) agus ar comhalta de scéim é faoin alt seo:

(a) measfar, chun críocha na scéime, gur seirbhís de chuid an duine sin is ináirithe le haghaidh sochair aoisliúntais faoin scéim í tréimhse na hiasachta, ach sin más rud é agus sa chás sin amháin—

(i) go raibh sé ina bhuanchomhalta d'fhoireann an Údaráis agus ina ranníocóir faoin scéim díreach roimh thosach thréimhse na hiasachta,

(ii) go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don Údarás laistigh de thrí mhí tar éis thosach thréimhse na hiasachta, ranníocaí a íoc faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta de réir fhorálacha an ailt seo, agus

(iii) go n-íocfaidh sé, cibé tráthanna agus i cibé slí a shonróidh an duine a bheidh ceaptha go cuí chun an scéim a riaradh, ranníocaí faoin scéim in aghaidh thréi mhse na hiasachta ar cóimhéid le comhiomlán na ranníocaí a bheadh íoctha aige agus na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás in aghaidh thréimhse na hiasachta dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh thréimhse na hiasachta agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin,

(b) ní íocfaidh an tÚdarás aon ranníocaí faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta, ach measfar, chun críocha na scéime, gur íoc an tÚdarás an chuid sin de na ranníocaí is iníoctha ag an gcomhalta sin mar a dúradh is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha ag an Údarás faoin scéim in aghaidh thréimhse na hiasachta dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh thréimhse na hiasachta agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin,

(c) má fhoirceannann tréimhse na hiasachta tríd an gcomhalta d'éag nó do scor ón bhfoireann sin, measfar, chun críocha na scéime, gur éag sé agus é ar fhoireann an Údaráis, nó gur scoir sé ó fhoireann an Údaráis, de réir mar a bheidh, agus go raibh luach saothair á fháil aige díreach roimh an éag nó an scor sin, de réir mar a bheidh,

(d) mura n-íocann sé ranníocaí, nó más rud é, tar éis dó ranníocaí a íoc faoin scéim de réir fhorálacha an fho-ailt seo, go scoireann sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh, measfar, chun críocha na scéime, go mbeidh sé éirithe as an bhfoireann sin—

(i) i gcás go scoireann sé de ranníocaí a íoc mar a dúradh — ar dháta na híocaíochta deiridh, agus

(ii) in aon chás eile — díreach roimh thosach thréimhse na hiasachta.

(10) I gcás duine atá nó a bhí ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis a theacht chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1977—

(a) ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin de réir bhrí na nAchtanna sin a ríomh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim lena mbaineann an t-alt seo,

(b) má bhíonn aon ranníocaí íoctha aige de réir fhorálacha fho-alt (9) in aghaidh na tréimhse sin, déanfar an oiread sin díobh is comhionann le méid na ranníocaí a bheadh íoctha aige in aghaidh na tréimhse sin faoin scéim dá mba gur fhan sé, gan dul ar iasacht, ina chomhalta d'fhoireann an Údaráis i gcaitheamh na tréimhse sin agus go raibh luach saothair á fháil aige i gcaitheamh na tréimhse sin, a thabhairt ar ais dó má dhéantar agus nuair a dhéanfar sochar a íoc leis nó ranníocaí eile a thabhairt ar ais dó faoin scéim.

(11) Aon tagairt atá i bhfo-alt (9) nó (10) do dhuine d'fháil luach saothair ón Údarás, measfar gur tagairt í don duine sin d'fháil luach saothair ón Údarás de réir ráta a luach saothair an lá roimh dhul ar iasacht dó.

Doiciméid a nochtadh.

[1969, a. 28. Nua i bpáirt]

42. —(1) Ní nochtfaidh an tÚdarás gan toiliú an Aire aon doiciméad a bheidh faoina choimeád nó faoina rialú ag an Údarás agus a n-iarrtar é a thabhairt ar aird maidir le haon imeachtaí dlí.

(2) I gcás go ndiúltaíonn an tAire a thoiliú a thabhairt don nochtadh, beidh an tÚdarás i dteideal na pribhléide céanna, agus éileoidh sé sna himeachtaí an phribhléid chéanna, i leith an doiciméid a bheadh an tAire i dteideal a éileamh dá mbeadh an doiciméad faoina choimeád féin.

Faisnéis a nochtadh.

[1969, a. 29. Nua i bpáirt]

43. —(1) Faoi réir fho-alt (3), ní dhéanfaidh duine aon fhaisnéis a nochtadh a gheobhaidh sé—

(a) agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Údarás nó d'aon bhord nó coiste den Údarás nó mar chomhalta d'fhoireann an Údaráis, nó mar chomhairleoir nó mar chomhchomhairleoir don Údarás, nó

(b) mar chomhalta d'aon chomhlacht, nó mar chomhalta d'fhoireann aon chomhlachta, a rachfar i gcomhairle leis de bhun aon fhorála den Acht seo le linn dó a bheith ag comhlíonadh dualgas a bhaineann le haon chomhairliúchán den sórt sin.

(2) Beidh aon duine a sháróidh fo-alt (1) ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air.

(3) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (1)—

(a) faisnéis a nochtadh i dtuarascáil chun an Údaráis nó (thar ceann an Údaráis) chun an Aire,

(b) an tÚdarás nó comhalta den Údarás nó d'aon bhord nó coiste den Údarás do nochtadh faisnéise chun críche scéime taighde nó forbartha nó scéime chun teicneolaíocht táirgí nó próiseas a fháil.