An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Comhaltaí agus Foireann) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL)

9 1986

AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986

AN CHÉAD SCEIDEAL

Alt 10.

[1969, Sc. 2]

An tÚdarás Forbartha Tionscail

Corprú.

1. Beidh an tÚdarás ina chomhlacht corpraithe le comharbas suthain agus gnáthshéala agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

Comhaltas.

2. (1) Naonúr comhaltaí ar a mhéid a bheidh ar an Údarás.

(2) Is é an tAire le toiliú an Aire Airgeadais a cheapfaidh comhaltaí an Údaráis.

(3) Ainmneoidh an tAire comhalta amháin den Údarás mar Chathaoirleach agus féadfaidh an tAire beirt chomhaltaí eile den Údarás a ainmniú mar Leas-Chathaoirligh.

(4) Féadfaidh an tÚdarás gníomhú trí aon triúr dá chomhaltaí.

(5) Féadfaidh an tÚdarás a nós imeachta féin a rialáil.

(6) Ní bheidh aon chomhalta den Údarás ina chomhalta d'údarás áitiúil.

Tréimhse oifige na gcomhaltaí. [Nua]

3. (1) Ar gach cothrom lae de dháta thosach feidhme na míre seo scoirfidh aon chúigiú de chomhaltaí an Údaráis ó oifig nó, mura cúigear a líon, ansin an líon is gaire d'aon chúigiú.

(2) Is iad na comhaltaí is faide i seilbh oifige óna gceapachán deiridh roimhe sin a scoirfidh gach bliain, ach i measc daoine a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí ar dtús an lá céanna is trí chrannchur a chinnfear cé hiad na daoine a scoirfidh (mura n-aontaíonn siad ar shlí eile eatarthu féin).

(3) Beidh comhalta a bheidh ag scor i dteideal a athcheaptha.

(4) Aon chomhalta den Údarás a bheidh i seilbh oifige ar dháta thosach feidhme na míre seo go ceann tréimhse nach mbeidh caite an uair sin, ní bheidh sé d'oibleagáid air faoi fhomhír (1) scor roimh chríoch na tréimhse oifige sin.

Coinníollacha oifige.

4. (1) Féadfaidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais comhalta a chur as oifig.

(2) Féadfaidh comhalta éirí as a oifig trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht an dáta a gheobhaidh an tAire an fógra.

(3) I gcás aon leas airgeadais a bheith go díreach nó go hindíreach ag comhalta in aon ghnóthas tionscail, tráchtála nó seirbhíse, dearbhóidh sé don Údarás, sula bhfeidhmeoidh sé aon fheidhmeanna mar chomhalta, cad é an cineál leasa é agus comhlíonfaidh sé cibé treoracha a thabharfaidh an tÚdarás dó maidir leis.

(4) Beidh comhalta dícháilithe chun oifig a shealbhú agus scoirfidh sé d'oifig a shealbhú má bhreithnítear ina fhéimheach é nó má dhéanann sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó má chiontaítear é in aon chion indíotáilte i ndáil le cuideachta, nó má chiontaítear i gcion é lena mbaineann calaois nó mímhacántacht cibé acu i dtaca le cuideachta nó nach ea, nó más ábhar d'ordú é faoi alt 184 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 .

(5) Na coinníollacha oifige is infheidhme maidir le comhaltaí den Údarás agus atá leagtha amach i bhfomhíreanna (3) agus (4), beidh feidhm acu maidir le comhaltaí de bhoird agus de choistí a bhunaítear faoin Acht seo.

Gnáthsheála.

5. (1) Déanfar gnáthshéala an Údaráis, nuair a chuirfear ar dhoiciméad é, a fhianú le síniú beirt chomhaltaí nó le síniu comhalta agus comhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe ag an Údarás gníomhú chuige sin nó le síniú beirt chomhaltaí d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe amhlaidh.

(2) Tabharfaidh na cúirteanna breithiúnais go léir aird bhreith iúnach ar ghnáthshéala an Údaráis agus gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an tÚdarás agus a bheith séalaithe leis an ngnáthshéala agus a bheith fianaithe de réir na míre seo, glacfar i bhfianaise é, agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais, mura suífear a mhalairt.

Conarthaí agus ionstraimí.

6. Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba phearsa aonair a rinne nó a d'fhorghníomhaigh é nó í, féadfar é nó í a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Údaráis ag aon duine a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an Údarás chuige sin.

Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais.

7. (1) Déanfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a ordóidh an tAire, tuarascáil bhliantúil ar a ghníomhaíochtaí a chur faoina bhráid a luaithe is féidir tar éis dheireadh na bliana airgeadais dá dtagraíonn an tuarascáil agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

(2) Coimeádfaidh an tÚdarás, i cibé foirm a cheadóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead a gheobhaidh sé agus a chaithfidh sé agus, go háirithe, coimeádfaidh sé i bhfoirm den sórt sin a dúradh na cuntais speisialta sin go léir a ordóidh an tAire ó am go ham.

(3) Cuirfidh an tÚdarás cuntais an Údaráis faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh cibé tráthanna a ordóidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais, agus, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, tíolacfar iad, mar aon le tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu, don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna den chéanna a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Faisnéis.

8. Tabharfaidh an tÚdarás don Aire cibé faisnéis a iarrfaidh sé ó am go ham i dtaobh gníomhaíochtaí an Údaráis.