|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL) | Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL | |
[1952, Sc. 2; 1969, a. 8] | Forálacha a Bhaineann le Cumhachtaí an Údaráis a Fheidhmiú | |
Talamh a Fháil | ||
Dul isteach ar thalamh, etc., roimh an tíolacadh. | 1. (1) Aon uair roimh thíolacadh nó fionnadh praghais nó cúitimh, féadfaidh an tÚdarás, faoi réir na míre seo agus chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh: | |
(a) dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar aon talamh; | ||
(b) aon cheart a fheidhmiú a údaraítear leis an Acht seo don Údarás a fháil; | ||
(c) foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh ar aon éasúint nó aon mhaoin nó ceart eile a n-údaraítear don Údarás leis an Acht seo foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile a dhéanamh air. | ||
(2) Aon uair a fheidhmeoidh an tÚdarás aon chumhacht faoi fhomhír (1) dlífear de ús ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo le háititheoir na talún nó le húinéir na héasúna, an chirt nó na maoine eile a ndeachthas isteach orthu nó ar cuireadh isteach orthu, a íoc leis an áititheoir nó leis an úinéir sin de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire, ó am go ham chun críche na míre seo, i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, ó dháta an dul isteach nó an churtha isteach go dtí dáta íoctha an phraghais nó an chúitimh. | ||
(3) Ní dhéanfaidh an tÚdarás— | ||
(a) dul isteach ná seilbh a ghlacadh ar aon talamh faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad nó, i gcás teach cónaithe áitithe, fógra trí mhí ar a laghad, a thabhairt i scríbhinn roimh ré don áititheoir go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh, ná | ||
(b) aon éasúint ná ceart eile a fheidhmiú nó cur isteach ar aon cheart nó maoin faoin mír seo gan fógra míosa ar a laghad a thabhairt i scríbhinn roimh ré don úinéir go bhfuil sé ar intinn aige sin a dhéanamh. | ||
(4) Féadfar fógra faoin mír seo a sheirbheáil ar dhuine ar bith trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach arna dhíriú chun an duine sin ag an seoladh is gnách, nó is déanaí is eol, a bheith aige. | ||
(5) Mura féidir, ar aon chúis, an clúdach a dhíriú amhlaidh, féadfar é a dhíriú chun an duine dá mbeidh sé beartaithe i gceachtar slí nó sa dá shlí acu seo a leanas: | ||
(a) faoin tuairisc “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (cibé acu é) gan a ainm a lua, | ||
(b) ag an talamh nó ag suíomh na maoine lena mbaineann an fógra. | ||
Léarscáileanna, pleananna, etc., a thaisceadh. | 2. (1) Cuirfidh an tÚdarás faoi deara, tráth nach déanaí ná mí roimh dó dul isteach ar aon talamh nó cur isteach ar aon mhaoin nó ceart, go dtaiscfear de réir na míre seo léarscáileanna, pleananna agus leabhair thagartha maidir leis an gcéanna. | |
(2) Beidh na léarscáileanna agus na pleananna líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun go dtaispeánfaidh siad ar leor-scálaí an mhaoin, corprach nó neamhchorprach, a bheartaítear a fháil agus gach cur isteach (a mhéid is féidir sin a thaispeáint ar líníocht) a bheartaítear a dhéanamh ar aon mhaoin, corprach nó neamhchorprach. | ||
(3) Beidh sna leabhair thagartha ainmneacha na ndaoine is úinéirí nó úinéirí ainme, léasaithe nó léasaithe ainme, agus áititheoirí ar an talamh go léir a mbeartaítear í a fháil nó baint léi ar shlí eile faoin Acht seo agus ar an maoin go léir, corprach nó neamhchorprach, a mbeartaítear cur isteach uirthi in aon slí faoin Acht seo. | ||
(4) Taiscfear na léarscáileanna, na pleananna agus na leabhair thagartha i bpríomh-oifig an Údaráis agus i cibé áiteanna eile a fhorordóidh an tAire agus coimeádfar ar taisceadh amhlaidh iad go ceann cibé tréimhse a fhorordófar agus, fad a bheidh siad ar taisceadh amhlaidh, beidh siad ar fáil chun a n-iniúchta ag duine ar bith, in aisce, idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog tráthnóna gach lá ach amháin an Satharn, an Domhnach, agus laethanta saoire bainc. | ||
(5) A luaithe is féidir tar éis aon léarscáileanna, pleananna nó leabhair thagartha a thaisceadh, tabharfaidh an tÚdarás fógra poiblí i dtaobh an taiscthe sin trí fhógrán a fhoilsiú faoi dhó i ngach ceann de dhá nuachtán laethúla nó níos mó agus i cibé nuachtáin eile (más ann) a fhorordóidh an tAire. | ||
(6) Déarfar san fhógra poiblí go bhfuil na léarscáileanna, na pleananna nó na leabhair thagartha lena mbaineann sé ar fáil chun a n-iniúchta ag an bpobal de réir na míre seo agus luafar ann na tráthanna agus na háiteanna a bhféadfar iad a iniúchadh. | ||
Praghas nó cúiteamh a mheasúnú. | 3. (1) An praghas nó an cúiteamh a bheidh le híoc ag an Údarás as aon talamh a fuarthas (go buan nó go sealadach) faoin Acht seo, leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chuici, nó eastáit nó leasanna acu inti, nó as aon éasúint, cead slí, ceart uisce, nó ceart eile, nó i leith aon cheann acu sin, a fuarthas amhlaidh (go buan nó go sealadach), lena n-úinéir nó leis na daoine ar leithligh a bhfuil teideal acu chun na talún nó eastáit nó leasanna acu sa talamh, ar uirthi nó ina leith a fuarthas an ceart sin amhlaidh, déanfar, cheal comhaontú, méid an phraghais nó an chúitimh sin a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919. | |
(2) An cúiteamh a bheidh le híoc ag an Údarás as foirceannadh, srianadh nó cur isteach eile (buan nó sealadach) a dhéanamh faoin Acht seo ar aon éasúint, cead slí, ceart uisce nó ceart eile thar aon talamh nó uisce nó ina leith, déanfar, cheal comhaontú, méid an chúitimh sin a shocrú faoi réim agus de réir an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, amhail is dá mba é a bheadh sa chúiteamh sin an praghas ar thalamh a fuarthas go héigeantach. | ||
(3) Nuair a bheidh aon phraghas nó cúiteamh á mheasúnú i leith aon mhaoine, corprach nó neamhchorprach, atá á háitiú, á húsáid nó á teachtadh i dteannta aon mhaoine eile nó is cuid d'aon mhaoin eile, tabharfar aird ar aon sochar i bhfoirm siltin nó i bhfoirm feabhsaithe ar sholáthar uisce a mbeadh sé réasúnach súil a bheith lena fhaibhriú don mhaoin eile sin de bhíthin aon oibreacha a bheidh déanta nó á ndéanamh nó ar tí a ndéanta faoin Acht seo. | ||
(4) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845 (arna oiriúnú nó arna leasú le haon Acht iardain nó faoi) maidir le haon phraghas nó cúiteamh is iníoctha faoin mír seo agus maidir le maoin, corprach nó neamhchorprach, a bheidh faighte faoin Acht seo, a thíolacadh don Údarás, agus chun críche na feidhme measfar gurb iad an tÚdarás bunaitheoirí an ghnóthais. | ||
(5) Ní bheidh aon ábhar caingne, dlí ná cothromais, ann i gcoinne an Údaráis ná aon chonraitheora ná aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis ná d'fhoireann aon chonraitheora i leith aon ghnímh, ní nó ruda nó mar gheall orthu a mbeidh cúiteamh iníoctha ina leith de bhua na míre seo. | ||
An tréimhse chun praghas nó cúiteamh a éileamh. | 4. Gach éileamh ar an bpraghas le haghaidh, nó ar an gcúiteamh i leith, aon talún, éasúna, cirt nó maoine eile (corprach nó neamhchorprach) a fuarthas nó ar cuireadh isteach orthu faoin Acht seo, déanfar é laistigh de bhliain tar éis an dáta a ndeachthas isteach nó a rinneadh feidhmiú nó cur isteach den chéad uair, faoin Acht seo, ar an talamh, ar an éasúint, ar an gceart, nó ar an maoin. | |
Oibreacha a dhéanamh in ionad cúiteamh a íoc. | 5. (1) Má bhíonn teideal, go hiarbhír nó go hionchasach, ag duine chun cúitimh i leith aon ní a rinneadh nó a bheartaítear a dhéanamh go dleathach faoin Acht seo, féadfaidh an tÚdarás cibé oibreacha a dhéanamh chun tairbhe don duine, mar shásamh nó mar shásamh páirteach ina éileamh ar chúiteamh, is cuí leis an Údarás agus a aontóidh an duine sin a ghlacadh. | |
(2) Féadfaidh an tÚdarás cibé téarmaí (lena n-áirítear téarmaí i dtaca le húinéireacht, seilbh agus rialú na n-oibreacha), ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus an duine ar chun tairbhe dó a dhéanfar na hoibreacha amhlaidh, a chur le déanamh aon oibreacha faoin mír seo. | ||
Talamh a fháil in ionad cúiteamh a íoc. | 6. Aon uair is dóigh leis an Údarás go mbeadh sé neamheacnamúil nó go mbeadh sé neamhfhóirsteanach ar aon chúis eile cúiteamh a íoc as cur isteach ar aon talamh, féadfaidh sé an talamh a fháil go buan faoin Acht seo, trí chomhaontú nó go héigeantach. | |
Cumhachtaí agus dualgais i gcás talamh faighte a bheith faoi réir blianachta talamhcheannaigh, etc. | 7. (1) Sa mhír seo, ciallaíonn “údarás poiblí” Coimisiún Talún na hÉireann nó Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn. | |
(2) Aon uair a gheobhaidh an tÚdarás go buan aon talamh atá, aisti féin nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta talamh-cheannaigh, íocaíochta in ionad cíosa, nó suime bliantúla eile (nach é amháin atá inti cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha le húdarás poiblí, ansin, amhail ón dáta a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh sé seilbh ar an talamh a gheobhaidh sé amhlaidh— | ||
(a) titfidh sé ar an Údarás, agus beidh dliteanas air, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di a chionroinnfidh an t-údarás poiblí ar an talamh sin, a íoc leis an údarás poiblí, amhail is dá mba gur aistrigh an t-úinéir an talamh chun an Údaráis ar an dáta sin, agus | ||
(b) beidh an tÚdarás i dteideal, más oiriúnach leis é, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di mar a dúradh, a fhuascailt, agus | ||
(c) beidh d'oibleagáid ar an Údarás, má cheanglaíonn an t-údarás poiblí air é, an tsuim bhliantúil sin, nó cibé cuid di mar a dúradh, a fhuascailt. | ||
Cumhacht an Údaráis talamh a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann. | 8. (1) Féadfaidh an tÚdarás aon talamh, atá dílsithe do Choimisiún Talún na hÉireann agus atá ag teastáil ón Údarás chun aon cheann dá fheidhmeanna a chomhlíonadh, a cheannach ó Choimisiún Talún na hÉireann. | |
(2) Ceannófar an talamh amhlaidh ar cibé praghas agus ar cibé téarmaí eile ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus Coimisiún Talún na hÉireann, faoi réir an tsrianta nach ndéanfar, nuair a bheidh an praghas á mheasúnú, aon aird a thabhairt, ná aon mhéadú praghais a lamháil, ar fheabhsú ar bith a rinneadh ar an talamh le hairgead a íocadh nó a airleacadh as an bPríomh-Chiste nó as airgead a sholáthraigh an tOireachtas. | ||
(3) Déanfaidh Coimisiún Talún na hÉireann an talamh a thíolacadh don Údarás nó a dhílsiú dó. | ||
(4) Soláthróidh agus íocfaidh an tÚdarás an praghas a bheidh le híoc. | ||
(5) Íocfaidh an tÚdarás costais agus caiteachais uile an Údaráis agus Choimisiún Talún na hÉireann a ghabhann nó a bhaineann leis an gceannach sin. | ||
(6) Sna forálacha roimhe seo den mhír seo, folaíonn “talamh” aon éasúint, profit-à-prendre, nó ceart eile thar aon talamh nó ina leith, agus folóidh an chumhacht ceannaigh a thugtar leis an mír seo cumhacht chun aon cheart den sórt sin a cheannach cibé acu i dteannta talamh a cheannach nó ar leith uaidh sin é. | ||
Ilghnéitheach | ||
Conraitheoirí a fhostú. | 9. (1) Féadfaidh an tÚdarás conradh a dhéanamh le duine ar bith le go ndéanfaidh sé aon obair a údaraítear don Údarás le halt 16 a dhéanamh. | |
(2) Féadfaidh an tÚdarás an ceart chun an obair a dhéanamh a tharmligean chun an duine sin trí chomhaontú, agus air sin beidh ag an duine sin, i gcomhthráth leis an gceart sin, an ceart chun cibé cumhachtaí de na cumhachtaí a thugtar don Údarás leis an Acht seo agus is gá chun an obair a dhéanamh agus a bheidh sonraithe sa chomhaontú, a fheidhmiú. | ||
(3) Na tagairtí in alt 16 don Údarás do dhéanamh aon obair, forléireofar iad mar thagairtí a fholaíonn déanamh na hoibre sin ag conraitheoir a bheidh údaraithe faoin mír seo. | ||
Cumhacht ghinearálta an Údaráis dul isteach ar thalamh. | 10. (1) Beidh an tÚdarás, comhaltaí dá fhoireann agus daoine eile a bheidh údaraithe chuige sin ag an Údarás, i dteideal dul isteach ar aon talamh chun gach ní nó aon ní a dhéanamh ar an talamh sin, nó ar aon talamh eile, a údaraítear don Údarás a dhéanamh leis an Acht seo nó chun aon fhiosrú, imscrúdú nó scrúdú a dhéanamh roimh ré. | |
(2) Duine ar bith a dhéanfaidh cosc nó toirmeasc nó cur isteach ar fheidhmiú aon chumhachta ag an Údarás nó ag aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis nó ag aon duine a bheidh údaraithe ag an Údarás, is cumhacht a thugtar don Údarás nó don chomhalta leis an mír seo, beidh sé ciontach i gcion i gcoinne an Achta seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £800 a chur air. | ||
Ceart an Údaráis chun faisnéise as leabhair rátaí. | 11. Aon uair a theastóidh faisnéis as leabhar rátaí nó as doiciméad eile dá shamhail ón Údarás chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, déanfaidh an t-údarás áitiúil a mbeidh an leabhar nó an doiciméad sin faoina choimeád, ar an Údarás á iarraidh sin air— | |
(a) cead a thabhairt d'aon chomhalta d'fhoireann an Údaráis a bheidh údaraithe chuige sin ag an Údarás cóip d'iomlán an leabhair nó an doiciméid nó d'aon chuid de a iniúchadh in aisce, agus | ||
(b) cóip den leabhar nó den doiciméad, nó d'aon chuid áirithe de a shonróidh an tÚdarás, a thabhairt don Údarás ar an Údarás d'íoc cibé táille ar a gcomhaontóidh an tÚdarás agus an t-údarás áitiúil nó, mura gcomhaontóidh siad amhlaidh, a shocróidh an tAire Comhshaoil. | ||
Seirbhísí poist agus teilcagrafacha a chosaint. | 12. Ní dhéanfaidh an tÚdarás ná aon chonraitheoir a bheidh ag déanamh aon oibreacha faoin Acht seo aon talamh, oibreacha, gléasra, ábhair nó maoin eile leis An bPost ná le Bord Telecom Éireann a fháil ná dul isteach orthu ná iad a dhíchur ná cur isteach orthu ar shlí eile de bhua an Achta seo, ná ní thógfaidh sé aon oibreacha ná ní dhéanfaidh sé aon ní ná rud eile, de bhua an Achta seo, is dóigh leis an Aire Cumarsáide a choiscfeadh, a mhoilleodh, a bhacfadh nó a dhochródh ar shlí eile feidhmiú cuí seirbhísí poiblí An Phoist nó Bhord Telecom Éireann. | |
Airgead an Údaráis a dhiúscairt. | 13. Aon airgead a gheobhaidh an tÚdarás as talamh a dhiúscairt, cibé acu trí dhíol, léasú nó ar shlí eile é, íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é, i cibé slí a ordóidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais. |