|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL) | Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear) |
AN tACHT UM FHORBAIRT TIONSCAIL, 1986
[EN] | ||
[EN] |
AN TRÍÚ SCEIDEAL | |
[1952, a. 3; 1969, a. 6. & orduithe] | Limistéir Ainmnithe | |
1. Na contaethe seo a leanas— | ||
an Cabhán, an Clár (cé is moite de limistéar an aerfoirt, de réir bhrí an Achta um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 ), Dún na nGall, Gaillimh, Ciarraí, Liatroim, an Longfort, Maigh Eo, Muineachán, Ros Comáin agus Sligeach. | ||
2. Na ceantair uirbeacha seo a leanas— | ||
Cloich na Coillte, Cionn tSáile, Maigh Chromtha, An Sciobairín; | ||
na sean-tuathcheantair seo a leanas— | ||
Droichead na Bandan, Beanntraí, Baile an Chaisleáin, Cloich na Coillte, Dún Mánmhaí, Ceann Toirc, Cionn tSáile, Sráid an Mhuilinn, An Scoil, An Sciobairín; | ||
na toghranna seo a leanas— | ||
Béal Átha an Ghaorthaidh, Ceann Droma, Claonráth, Cluain Droichead, Doire Finghín, Gort na Tiobratan, Inse Geimhleach, Cill na Martra, Magh Cluaineich, Magh Seana Glaise, Ráthaluisc, An Sliabh Riabhach agus na hUalláin i sean-tuathcheantar Mhaigh Chromtha; agus | ||
na bailte fearainn seo a leanas— | ||
Baile Uí Shealbhaigh, Páirc an tSrutháin, Cluainte Uí Chuirc, Cuar Uí Choileáin, Diméin na Coille Dorcha, Na Doiríní, Drom Líne, Dún Mánmhaí (Thuaidh agus Theas), Cill Barra, Meall an tSeangharraí, Millín an Eanaigh, Tóin an Phóire agus Underhill i mbarúntacht Chairbreach Thoir (An Roinn Thiar); | ||
atá, iad go léir, i gContae Chorcaí. | ||
3. Na limistéir i gcontaetha na Mí agus Phort Láirge a mbeidh sé cinnte de thuras na huaire le hordú faoi alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 , gur limistéir Ghaeltachta iad. | ||
4. Na bailte fearainn seo a leanas— | ||
Áth an Dá Each, Áth an Bheithín, Baile Uí Mhongáin, Caladh Abha, An Cheathrú Ard Thoir, An Cheathrú Ard Thiar, Cluain Creamha, Cluain Lára, Cúla Buí, Cúil na gCnocán, Múscraí Uí Núnáin Theas, Múscraí Uí Núnáin Thoir, Múscraí Uí Núnáin Thiar, An Goirtín, An Mullach Ard, Na Cealla, Móin Deilithe, Seiseamh, Tulaigh Mhic Thomáis agus Ros na Réileán i mbarúntacht Chonallaigh Uachtaracha | ||
agus atá i gContae Luimnigh. | ||
5. An baile fearainn seo a leanas— | ||
Doirín Locha i mbarúntacht na hEaglaise agus atá i gContae Uíbh Fhailí. | ||
6. An limistéar de Lárchathair Bhaile Átha Cliath arb é atá ann na bardaí atá liostaithe in I.R. Uimh. 355 de 1982 ar feadh thréimhse cúig bliana a thosaigh an 1 Eanáir, 1983. | ||
7. Eastáit Tionscail Pháirc na hEaglaise agus Chnoc an Chuilinn i gContaebhuirg Chorcaí agus Eastáit Tionscail an Tóchair agus Rinn an Scidígh agus Cuan Rinn an Scidígh i gContae Chorcaí mar atá mínithe in I.R. Uimh. 273 de 1984 ar feadh tréimhse trí bliana a thosaigh an 5 Samhain, 1984. |