An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cánachas ar Bhrabúis Fheirmeoireachta) Ar Aghaidh (Caibidil IV Íocaíochtaí Úis ag Glacadóirí Taisce Áirithe)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil III

Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTaighde agus Forbairt

Léiriú (Caibidil III).

17. —(1) Sa Chaibidil seo—

tá le “comhlach” an bhrí chéanna i ndáil le duine atá leis, de bhua alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le rannpháirtí;

forléireofar “rialú”, ach amháin in alt 20 (7), de réir fho-ailt (2) go (6) d'alt 102 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

forléireofar “stiúrthóir” de réir alt 103 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta;

ciallaíonn “an tréimhse tionscadail”, i ndáil le tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, an tréimhse dar tosach an dáta a gcuirtear tús leis an obair i ndáil leis an tionscadal agus dar críoch an dáta—

(a) a mbeidh deireadh leis an obair go léir i ndáil leis an tionscadal, agus

(b) a mbeidh na méideanna go léir den chineál dá dtagraítear in alt 24 (b) a bhaineann leis an tionscadal sin faighte ag an gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha a sheol an tionscadal;

ciallaíonn “tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha” tionscadal—

(a) arb é an t-aon chuspóir amháin atá leis próiseanna, modhanna nó táirgí tionsclaíocha nua nó feabhsaithe a fhorbairt, agus

(b) a sheolfar go hiomlán nó go formhór sa Stát;

ciallaíonn “trádáil cháilitheach” trádáil—

(a) arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 ;

(b) atá á stiúradh ar bhonn tráchtála agus á seoladh d'fhonn brabúis a réadú,

agus déanfar tagairtí do thrádáil sa Chaibidil seo a fhorléiriú gan féachaint don mhéid sin den mhíniú ar “trádáil” in alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le fiontair nó cúraim de chineál trádála:

Ar choinníoll, i gcás trádáil arb é atá inti le linn tréimhse iomchuí, monarú earraí, de réir na brí sin a dúradh, go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile go páirteach, go n-áireofar í chun críocha an mhínithe seo mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir na brí sin a dúradh más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte sa tréimhse iomchuí ó dhíolacháin na n-earraí sin ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéantar agus na seirbhísí go léir a thugtar i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí;

tá le “an tréimhse iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 18 (7);

agus

ciallaíonn “an faoiseamh” agus “faoiseamh” faoiseamh faoi alt 18 agus déanfar tagairtí do mhéid an fhaoisimh a fhorléiriú de réir fho-alt (3) den alt sin.

(2) Tá feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fhorálacha na Caibidile seo cé is moite d'alt 20.

(3) Aon tagairtí sa Chaibidil seo do dhiúscairt scaireanna folaíonn siad tagairtí do dhiúscairt leasa nó cirt sna scaireanna nó tharstu agus i gcás ina n-áirítear pearsa aonair, de bhua mhír 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , mar phearsa aonair a mhalartaigh scaireanna ar scaireanna eile, áireofar é, chun críocha na Caibidle seo, mar phearsa aonair a dhiúscair na scaireanna sin.

(4) Aon tagairtí sa Chaibidil seo d'aon mhéid a laghdú folaíonn siad tagairtí dá laghdú go nialas.

An faoiseamh.

18. —(1) Tá éifeacht leis an gCaibidil seo chun faoiseamh a thabhairt ó cháin ioncaim i gcás—

(a) ina ndéanfaidh pearsa aonair, a bheidh cáilithe le haghaidh an fhaoisimh, suibscríobh le haghaidh scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus

(b) ina n-eiseofar na scaireanna sin chuige chun airgead a chruinniú le haghaidh tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheidh á sheoladh ag an gcuideachta nó a bheartaíonn sí a sheoladh.

(2) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “scaireanna cáilithe” gnáthscaireanna nua nach mbeidh ag gabháil leo, i gcaitheamh na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta a n-eisiúna, aon cheart tosaíochta, anois nó feasta, chun díbhinní, ná chun sócmhainní cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta chun fuascailte, anois nó feasta.

(3) Tabharfar an faoiseamh i leith an méid a shuibscríobh pearsa aonair le haghaidh aon scaireanna cáilithe tríd an méid sin a asbhaint óna ioncam iomlán don bhliain mheasúnachta ina n-eisítear na scaireanna, agus is tagairtí do mhéid na hasbhainte sin aon tagairtí sa Chaibidil seo do mhéid an fhaoisimh.

(4) Is ar éileamh a thabharfar an faoiseamh agus ní lamhálfar é—

(a) mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha dár cruinníodh an t-airgead trí eisiúint na scaireanna a bhfuil faoiseamh á éileamh ina leith, á sheoladh ag an gcuideachta ar feadh ceithre mhí ar a laghad, nó ar feadh na tréimhse tionscadail más giorra í, agus

(b) i gcás nach mbeidh an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha sin á sheoladh ag an gcuideachta an tráth a eiseofar na scaireanna, mura dtosóidh an chuideachta á sheoladh laistigh de dhá bhliain i ndiaidh an ama sin.

(5) Féadfar géilleadh d'éileamh ar an bhfaoiseamh tráth ar bith tar éis don chuideachta bheith ag seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ar feadh na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a), má bhíonn na coinníollacha le haghaidh an fhaoisimh comhlíonta an tráth sin; ach ní ghéillfear d'aon éileamh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1987.

(6) I gcás ina ngéillfear d'éileamh roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, mar gheall ar aon teagmhas dá éis sin, gur dealraitheach nach raibh an t-éilitheoir i dteideal an fhaoisimh a lamháladh.

(7) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”, i ndáil le faoiseamh i leith aon scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha d'fhonn airgead a chruinniú do thionscadal cáilitheach taighde agus forbartha—

(a) maidir le hailt 20 agus 25, an tréimhse dar tosach dáta corpraithe na cuideachta coimircíochta cáilithí ar thar a ceann a dhéanann an chuideachta taighde agus forbartha, nó a bheartaíonn sí, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh (nó, má corpraíodh an chuideachta choimircíochta cháilitheach breis agus dhá bhliain roimh dháta eisiúna na scaireanna, an tréimhse dar thosach dhá bhliain roimh an dáta sin) agus dar críoch cibé dáta acu seo a leanas is luaithe, is é sin le rá—

(i) an dáta atá cúig bliana i ndiaidh dháta eisiúna na scaireanna, agus

(ii) an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thionscadail (dá ngairtear “an tréimhse thionscadail iomchuí” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i ndáil leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha dá bhfuil an t-airgead a cruinníodh trí na scaireanna a eisiúint caite nó le caitheamh,

(b) maidir le halt 21, an tréimhse a fhreagraíonn don tréimhse thionscadail iomchuí nó don tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch an dáta atá cúig bliana tar éis dháta eisiúna na scaireanna, cibé tréimhse acu is túisce a thiocfaidh chun deiridh, agus

(c) maidir le halt 22, an tréimhse dar tosach dáta eisiúna na scaireanna agus dar críoch cibé dáta acu seo a leanas is déanaí, is é sin le rá—

(i) an dáta atá trí bliana tar éis thosach na tréimhse tionscadail iomchuí, agus

(ii) an dáta a dtiocfaidh deireadh leis an tréimhse thionscadail iomchuí.

(8) Más rud é, de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, go seolann an chuideachta an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha ar feadh tréimhse is giorra ná an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (a), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin (4) (a) ionann is dá mba thagairt don tréimhse is giorra sin a bhí ann ach sin ar an gcoinníoll amháin go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arb é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

(9) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , beidh feidhm acu, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le faoiseamh faoin gCaibidil seo.

(10) Faoi réir fhorálacha alt 30, ní dhéanfar an faoiseamh, sa mhéid nach dtarraingeofar siar é, a chur i gcuntas nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil aon suimeanna le heisiamh, de bhua mhír 4 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , as na suimeanna is inlamháilte mar asbhaint le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

(11) Níl feidhm ag an alt seo ach amháin nuair is sa bhliain 198687 nó in aon bhliain de na ceithre bliana measúnachta díreach ina dhiaidh sin a eiseofar na scaireanna atá i gceist.

Teorainneacha le faoiseamh.

19. —(1) Ní thabharfar an faoiseamh i leith aon mhéideanna a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag aon chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha chuige in aon bhliain mheasúnachta mura £200 nó níos mó an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa aige le haghaidh na scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige an bhliain sin;

Ar choinníoll i gcás pearsa aonair is fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , go ndéanfar, d'fhonn a chinneadh an bhfuil feidhm ag an bhfo-alt seo, aon mhéid a bheidh suibscríofa ag a chéile le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuici sa bhliain mheasúnachta sin, a mheas mar mhéid a bheidh suibscríofa aige féin le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe ag an gcuideachta chuige.

(2) Ní thabharfar an faoiseamh sa mhéid gur mó ná £25,000 an méid nó an méid iomlán a bheidh suibscríofa ag pearsa aonair le haghaidh scaireanna cáilithe a bheidh eisithe chuige in aon bhliain mheasúnachta (cibé acu ag an gcuideachta chéanna nó nach ea).

(3) Leasaítear leis seo alt 198 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (ix) (arna cur isteach le halt 14):

“(x) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , sa chomhréir inar shuibscríobh siad le haghaidh na scaireanna cáilithe ar dá mbarr an faoiseamh,”.

Pearsana aonair a bheidh cáilithe le haghaidh faoisimh.

20. —(1) (a) Beidh pearsa aonair cáilithe le haghaidh an fhaoisimh más rud é go suibscríobhfaidh sé thar a cheann féin le haghaidh na scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus nach mbeidh, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí. baint aige le cuideachta choimircíochta cháilitheach ar thar a ceann a sheolann an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha.

(b) Chun críocha an ailt seo, is de réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo a chinnfear aon cheist i dtaobh baint a bheith ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach.

(2) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach—

(a) más fostaí de chuid na cuideachta nó de chuid comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid,

(b) más comhpháirtí don chuideachta é féin nó aon chomhlach dá chuid, nó

(c) faoi réir fho-alt (3), más stiúrthóir de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid.

(3) Níl baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach de bhíthin amháin gur stiúrthóir de chuid na cuideachta nó de chuid cuideachta eile is comhpháirtí don chuideachta sin é féin nó aon chomhlach dá chuid, mura bhfaighidh sé féin nó a chomhlach (nó comhpháirtíocht ar comhalta di é féin nó a chomhlach) íocaíocht ó cheachtar cuideachta i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach dáta eisiúna na scaireanna nó mura mbeidh sé i dteideal íocaíocht den sórt sin a fháil i leith na tréimhse sin nó aon chuid di; ach ní thabharfar aon aird ar na nithe seo a leanas chun na críche sin—

(a) aon íocaíocht nó aisíocaíocht i leith caiteachais taistil nó caiteachais eile a thabhaigh sé féin nó a chomhlach go hiomlán, go heisiach agus de riachtanas ag comhlíonadh a dhualgais dó mar stiúrthóir den sórt sin,

(b) aon ús nach bhfreagraíonn ach d'fháltas tráchtála réasúnach ar airgead a tugadh ar iasacht do cheachtar cuideachta,

(c) aon díbhinn nó dáileadh eile a d'íoc nó a rinne ceachtar cuideachta agus nach mó ná gnáthfháltas ar an infheistíocht,

(d) aon íocaíocht i leith earraí a sholáthar do cheachtar cuideachta nach mó ná margadhluach na n-earraí sin, agus

(e) aon luach saothair réasunach is gá—

(i) is luach saothair a íoctar i leith seirbhísí a tugadh do cheachtar cuideachta i gcúrsa trádála nó gairme (nach seirbhísí rúnaíochta nó bainistíochta ná seirbhísí de chineál a chuireann an chuideachta féin ar fáil), agus

(ii) is luach saothair a chuirtear i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme a bheith á ríomh faoi Chás I nó II de Sceideal D nó is luach saothair a chuirfí i gcuntas amhlaidh dá mba i dtréimhse ar ar a bonn a mheasúnaítear na brabúis nó na gnóchain sin faoin Sceideal sin a d'íocfaí é.

(4) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach má shealbhaíonn sé go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 30 faoin gcéad—

(a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó

(b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta, nó

(c) den chumhacht vótála sa chuideachta.

nó má tá sé i dteideal breis agus 30 faoin gcéad den chéanna a fháil.

(5) Chun críocha fho-alt (4) (b) agus alt 21 (7) (b) measfar go bhfolaíonn caipiteal iasachta cuideachta aon fhiach, seachas fiach dá dtagraítear i bhfo-alt (9), a thabhaigh an chuideachta—

(a) i leith aon airgid a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní caipitiúla a fuair an chuideachta, nó

(b) i leith aon chirt chun ioncam a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta a ghlacadh, nó

(c) i leith comaoine ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh air sin).

(6) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach má shealbhaíonn sé, go díreach nó go neamhdhíreach, cibé cearta, nó má tá sé i dteideal cibé cearta a fháil, a thabharfadh teideal dó, i gcás foirceannadh na cuideachta nó in aon imthoisc eile, breis agus 30 faoin gcéad de shócmhainní na cuideachta a fháil ar sócmhainní iad ab inchomhairimh an tráth sin lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus chun críocha an fho-ailt seo déanfar—

(a) na daoine is sealbhóirí cothromais de chuid na cuideachta, agus

(b) an céatadán de shócmhainní na cuideachta a mbeadh teideal ag an bpearsa aonair chucu,

a chinneadh de réir ailt 109 agus 111 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ach tagairtí san alt sin 111 don chéad chuideachta a ghlacadh mar thagairtí do shealbhóir cothromais agus tagairtí d'fhoirceannadh a ghlacadh mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon imthoisc eile inarb inchomhairimh sócmhainní de chuid na cuideachta lena ndáileadh ar a sealbhóirí cothromais.

(7) Tá baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach más é a rialaíonn í, de réir bhrí alt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(8) Chun críocha an ailt seo áireofar pearsa aonair a bheith i dteideal aon rud a fháil má bhíonn sé i dteideal é a fháil tráth éigin sa todhchaí nó más rud é go mbeidh sé, tráth éigin sa todhchaí, i dteideal é a fháil; agus glacfar leis go bhfuil ag aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag aon duine eile is comhlach dá chuid.

(9) Nuair a bheifear ag cinneadh, chun críocha an ailt seo, cibé atá nó nach bhfuil baint ag pearsa aonair le cuideachta choimircíochta cháilitheach, ní dhéileálfar le haon fhiach a thabhaigh an chuideachta trí chuntas a rótharraingt le duine atá ag seoladh gnó baincéireachta mar chaipiteal iasachta de chuid na cuideachta más i ngnáthchúrsa an ghnó sin a tabhaíodh an fiach.

Cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

21. —(1) Is cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha cuideachta (dá ngairtear “cuideachta taighde agus forbartha” anseo ina dhiaidh seo san alt seo agus in alt 23) má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo agus ceanglais alt 23.

(2) Ní mór don chuideachta taighde agus forbartha, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí—

(a) cónaí a bheith uirthi sa Stát agus gan cónaí a bheith uirthi áit ar bith eile, agus

(b) a bheith ann d'aon toisc chun tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (4), scoirfidh cuideachta taighde agus forbartha d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , go ndéantar aon ghníomh eile chun na críche sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh.

(4) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta taighde agus forbartha d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nár chuid é de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

(5) Ní cead, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí, aon scaireanna nach scaireanna cáilithe a áireamh i scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha.

(6) (a) Ní cead don chuideachta taighde agus forbartha, tráth ar bith le linn na tréimhse iomchuí—

(i) rialú a bheith aici (nó aici agus ag aon duine a bhfuil baint aige léi) ar chuideachta eile nó bheith faoi rialú ag cuideachta eile (nó ag cuideachta eile agus ag aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta eile sin), nó

(ii) bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile nó fochuideachta 51 faoin gcéad a bheith aici féin,

agus ní cead aon chomhshocraíochtaí a bheith ar marthain tráth ar bith i rith na tréimhse sin a bhféadfadh an chuideachta dá mbua teacht faoi réim fhomhír (i) nó (ii).

(b) San fho-alt seo tá le “fochuideachta 51 faoin gcéad”, i ndáil le haon chuideachta, an bhrí a shanntar dó, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(7) Aon chuideachta choimircíochta cháilitheach a ndéanann an chuideachta taighde agus forbartha tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh ina leith, ní cead di, sa tréimhse iomchuí, breis agus 49 faoin gcéad—

(a) de ghnáth-scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha, nó

(b) de chaipiteal iasachta agus scairchaipiteal eisithe na cuideachta taighde agus forbartha, nó

(c) den chumhacht vótála sa chuideachta taighde agus forbartha

a shealbhú, nó teideal a bheith aici breis agus 49 faoin gcéad den chéanna a fháil, go díreach nó go neamhdhíreach.

(8) Más rud é tráth ar bith go mbeidh cuideachta taighde agus forbartha i dteideal, nó go bhféadfadh sé teacht chun bheith i dteideal, aon mhéid a fháil de bhíthin tionscadal taighde agus forbartha a bheith seolta aici áireofar í, an tráth sin, mar chuideachta atá ann chun an tionscadal sin a sheoladh.

Cuideachta choimircíochta cháilitheach.

22. —(1) Is cuideachta choimircíochta cháilitheach cuideachta má tá sí corpraithe sa Stát agus má chomhlíonann sí ceanglais an ailt seo.

(2) Ní mór don chuideachta, i gcaitheamh na tréimhse iomchuí—

(a) cónaí a bheith uirthi sa Stát agus gan cónaí a bheith uirthi áit ar bith eile, agus

(b) a bheith ina cuideachta atá ann d'aon toisc chun trádáil cháilitheach amháin nó níos mó a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát.

(3) Maidir le haon tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, ní cuideachta choimircíochta cháilitheach cuideachta ach amháin má thugann sí fianaise shásúil, agus gur dealraitheach chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, go ndéanfaidh an chuideachta aon sochair a fhaibhreoidh chuig an gcuideachta ón tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a chur chun feidhme, go hiomlán nó go formhór, chun críocha trádála cáilithí nó trádálacha cáilitheacha a bheidh á seoladh ag an gcuideachta.

(4) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (2) ach faoi réir fho-alt (5), scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más rud é, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, go ritear rún, nó go ndéantar ordú, chun an chuideachta a fhoirceannadh (nó, i gcás foirceannadh a dhéantar ar shlí seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963 , go ndéantar aon ghníomh eile chun na gcríoch sin) nó má dhíscaoiltear an chuideachta gan foirceannadh a dhéanamh.

(5) Ní mheasfar go scoirfidh cuideachta d'fho-alt (2) a chomhlíonadh más de bharr a foirceanta, nó de bharr a díscaoilte gan foirceannadh, a scoireann sí dá chomhlíonadh agus má shuitear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an foirceannadh nó an díscaoileadh agus nár chuid é de scéim nó de chomhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

Tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh.

23. —(1) Faoi réir cheanglais an ailt seo, ní mheasfar tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheith á sheoladh ag cuideachta taighde agus forbartha ach amháin más thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí atá an tionscadal sin á sheoladh aici.

(2) Is thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí a sheoltar tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha sa chás amháin go seoltar é in imthosca a fhágann gur chuig an gcuideachta sin a fhaibhríonn sochair an tionscadail, go hiomlán nó go formhór.

(3) Measfar, chun críocha an ailt seo, tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a bheith á sheoladh ag cuideachta taighde agus forbartha thar ceann cuideachta coimircíochta cáilithí más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin—

(a) i gcás aon airgead a chaitheann an chuideachta taighde agus forbartha i gcúrsa an tionscadal sin a sheoladh, gur ar fhiontar na cuideachta taighde agus forbartha sin a chaitear é agus, gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil ansin roimhe seo, ní mheasfar, chun na críche seo, airgead a bheith caite ar fhiontar cuideachta taighde agus forbartha más amhlaidh atá i gcás na cuideachta coimircíochta cáilithí ar thar a ceann a sheoltar an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, nó más amhlaidh atá i gcás aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach sin, go bhfuil sí nó sé, nó go dtiocfaidh sí nó sé chun bheith, faoi dhliteanas, go díreach nó go neamhdhíreach—

(i) i leith aon chaiteachais a thabhóidh an chuideachta taighde agus forbartha, nó i leith aon chaillteanais a bhainfidh di, ag seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nó

(ii) aon scaireanna nó sócmhainní de chuid na cuideachta taighde agus forbartha a fháil ar phraghas is mó ná margadhluach na scaireanna nó na sócmhainní tráth a bhfála, agus

(b) go dtabharfaidh sí fianaise shásúil agus gur dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim tar éis dóibh cibé comhairle, más ann, is dóigh leo is gá a ghlacadh ó cibé duine nó comhlacht daoine a mheasann siad a d'fhéadfadh cabhrú leo, agus faoi réir cibé coinníollacha maidir le fíorú na gcríoch chun a gcaitear airgead iarbhír, a fhorchuirfidh siad ar an gcuideachta taighde agus forbartha nó ar an gcuideachta choimircíochta cháilitheach, go raibh nó go bhfuil an t-airgead go léir a chruinnigh an chuideachta taighde agus forbartha ó shuibscríobhanna le haghaidh scaireanna cáilithe ó phearsana aonair a cháilíonn le haghaidh faoisimh i leith na scaireanna sin, á úsáid le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nó go mbeartaítear é a úsáid amhlaidh.

(4) Aon tagairtí do sheoladh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ag cuideachta taighde agus forbartha folaíonn siad tagairtí do sheoladh tionscadail den sórt sin, nó do sheoladh aon oibre a bheidh ar áireamh sa tionscadal sin, ag aon duine eile, lena n-áirítear an chuideachta choimircíochta cháilitheach, faoi chonradh idir an duine sin agus an chuideachta taighde agus forbartha.

(5) D'ainneoin mhír (b) d'fho-alt (3), i gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, maidir le haon airgead ba dhealraitheach dóibh faoi théarmaí na míre sin (b) a bheith beartaithe lena úsáid le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, nár úsáideadh le haghaidh tionscadail den sórt sin é agus nach raibh sé beartaithe é a úsáid amhlaidh, féadfaidh siad fógra i scríbhinn chuige sin a thabhairt don chuideachta taighde agus forbartha agus air sin measfar nach bhfuil, agus nach raibh riamh, an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha á sheoladh ag an gcuideachta.

Cánachas ar chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha.

24. —Measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, cé is moite de chríocha alt 22, gur seoladh trádála (dá ngairtear “an trádáil mhonarúcháin” anseo ina dhiaidh seo san alt seo), ar leith ó aon trádáil eile a sheolfaidh an chuideachta tráth ar bith, arb é atá inti go hiomlán monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , seoladh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, agus, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Cánach nó aon áit eile—

(a) measfar gur méid a bheidh caite chun críocha na trádála monarúcháin aon mhéid a bheidh caite ag an gcuideachta i gcúrsa tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh ar méid é nach mbeadh liúntas, faoiseamh nó asbhaint ar fáil, go díreach nó go neamhdhíreach, ina leith thairis sin faoi na hAchtanna Cánach ar an mbonn gur seoladh trádála seoladh an tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha, agus

(b) measfar gur fáltas trádála de chuid na trádála monarúcháin don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas é aon mhéid a fuair an chuideachta, is cuma cén fhoirm ina raibh sé nó conas a tuairiscíodh é, de bhíthin nó de thoradh an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha a sheoladh nó thairis sin i ndáil lena sheoladh,

agus measfar an trádáil mhonarúcháin a bheith á seoladh ag an gcuideachta fad a bheidh sí i dteideal aon mhéid dá dtagraítear i mír (b) a fháil.

Scaireanna a dhiúscairt.

25. —(1) I gcás ina ndiúscróidh pearsa aonair aon scaireanna cáilithe roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ansin—

(a) i gcás ina ndearnadh an diúscairt ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí, ní bheidh teideal aige chun aon fhaoisimh i leith na scaireanna sin, agus

(b) in aon chás eile, déanfar méid an fhaoisimh a mbeidh teideal aige chuige i leith na scaireanna sin a laghdú de mhéid nó de luach na comaoine a gheobhaidh sé astu.

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le diúscairt a dhéanfaidh banchéile chuig a fearchéile tráth a measfar í a bheith ina cónaí leis chun críocha cánach ioncaim mar a fhoráiltear in alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , nó maidir le diúscairt a dhéanfaidh seisean chuici tráth den sórt sin; ach i gcás inar trí idirbheart inter vivos a bheidh scaireanna, a eisíodh chuig duine acu, aistrithe chuig an duine eile—

(a) beidh feidhm ag an bhfo-alt sin tráth a dhiúscróidh an t-aistrí na scaireanna chuig tríú duine, agus

(b) más rud é, tráth ar bith, nach measfar a thuilleadh go bhfuil banchéile ina cónaí lena fearchéile chun na gcríoch thuasluaite agus go mbeidh aon chuid de na scaireanna sin nach mbeidh diúscartha ag an aistrí roimhe sin, is ar an aistrí a dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh i leith na scaireanna sin a tharraingt siar.

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna d'aon aicme i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus gur tugadh an faoiseamh i leith roinnt scaireanna den aicme sin ach nár tugadh é i gcás roinnt eile, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar ghnáthscaireanna den aicme sin sa chuideachta mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin ar tugadh faoiseamh ina leith faoin gCaibidil seo seachas le scaireanna eile.

(4) I gcás inar tugadh faoiseamh do phearsa aonair i leith scaireanna d'aon aicme i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, ar scaireanna iad a eisíodh chuige tráthanna éagsúla, déileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon diúscairt a rinne sé ar scaireanna den aicme sin mar dhiúscairt a bhaineann leis na scaireanna sin a eisíodh níos luaithe seachas leo sin a eisíodh níos déanaí.

(5) I gcás ina raibh, de bhua aon leithroinnte den chineál a luaitear i bhfomhír (1) (a) (i) de mhír 2 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (nach leithroinnt ar íocaíocht), scaireanna ar tugadh faoiseamh ina leith le háireamh faoi fhomhír (2) den mhír sin mar chomhshócmhainn le sealbhán nua—

(a) áireofar an sealbhán nua, chun críocha fho-alt (3), mar scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith, agus

(b) déanfar diúscairt ar an sealbhán nua go léir nó ar chuid de a áireamh chun críocha an ailt seo mar dhiúscairt ar na scaireanna sin go léir nó ar chuid chomhréireach díobh.

(6) Ní dhéanfar scaireanna i gcuideachta a áireamh chun críocha an ailt seo mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.

(7) I gcás ina ndéanfar cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, áireofar sin, chun críocha an ailt seo, i gcás aon phearsan aonair, mar dhiúscairt, roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, ar scaireanna cáilithe na pearsan aonair sa chuideachta ar phraghas neamhthuilleamaíoch is ionann agus an méid a mbeidh teideal ag an bpearsa aonair chuige ar an bhfoirceannadh nó ar an díscaoileadh a dhéanamh i leith aon airgid a suibscríobhadh le haghaidh scaireanna cáilithe sa mhéid nach mbeidh an t-airgead sin úsáidte le haghaidh tionscadail cháilithigh taighde agus forbartha.

Mí-úsáid a chosc.

26. —Níl pearsa aonair i dteideal faoisimh i leith aon scaireanna mura rud é gur chun críocha tráchtála bona fide agus nach mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an príomhchuspóir, nó ceann de na príomhchuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint, a suibscríobhadh le haghaidh na scaireanna agus a eisíodh iad.

Éilimh.

27. —(1) Aon éileamh ar an bhfaoiseamh i leith scaireanna cáilithe arna n-eisiúint ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha in aon bhliain mheasúnachta déanfar é—

(a) tráth nach luaithe ná an lú lá d'Eanáir, 1987, nó más déanaí é, ná deireadh na tréimhse a luaitear in alt 18 (4) (a), agus

(b) tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na bliana measúnachta sin nó, más tar éis dheireadh na bliana sin a chríochnaigh an tréimhse a luaitear in alt 18 (4) (a), tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse sin.

(2) Ní ghéillfear d'éileamh ar fhaoiseamh i leith scaireanna cáilithe i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha mura mbeidh ag gabháil leis deimhniú arna eisiúint ag an gcuideachta, agus é i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, á dheimhniú go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha, leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach agus leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, comhlíonta i ndáil leis na scaireanna sin.

(3) Sula n-eiseoidh sí deimhniú chun críocha fho-alt (2) tabharfaidh cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha ráiteas don chigire á rá go bhfuil na coinníollacha i leith an fhaoisimh, a mhéid a bhaineann siad leis an gcuideachta, leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach agus leis an tionscadal cáilitheach taighde agus forbartha, comhlíonta aici agus go raibh siad comhlíonta amhlaidh gach uile thráth ó thosach na tréimhse iomchuí.

(4) Ní eiseofar aon deimhniú den sórt sin gan údarás ón gcigire ná ní eiseofar é i gcás ina mbeidh an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó an chuideachta choimircíochta cháilitheach, nó duine a bhfuil baint aige le ceachtar cuideachta, tar éis fógra a thabhairt don chigire faoi alt 29 (2).

(5) Beidh in aon ráiteas faoi fho-alt (3) cibé faisnéis a iarrfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le réasún agus beidh an ráiteas sin i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh dearbhú ann go bhfuil sé ceart de réir mar is fearr is eol don chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus mar a chreideann sí.

(6) I gcás ina mbeidh cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha tar éis deimhniú a eisiúint chun críocha fho-alt (2) nó ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (3) agus—

(a) gur tugadh an deimhniú nó an ráiteas go calaoiseach nó go faillíoch, nó

(b) gur eisíodh an deimhniú de shárú ar fho-alt (4),

dlífear pionós nach mó ná £500 nó, i gcás calaoise, nach mó ná £1,000, a chur ar an gcuideachta agus féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a shaothrú i leith an phionóis sin agus é a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar in imeachtaí achoimre chun aon fhíneáil nó pionós a ghnóthú faoi aon Acht a bhaineann leis an mál.

(7) Chun críche rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ní thabharfar aon aird ar an bhfaoiseamh mura mbeidh éileamh air sin déanta, agus mura mbeidh glactha leis, go cuí.

(8) Chun críocha alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht—

(a) áireofar í mar cháin atá dlite agus iníoctha d'ainneoin faoiseamh ón gcáin (cibé acu trí urscaoileadh nó trí aisíoc) a thabhairt dá éis sin de chionn éileamh ar an bhfaoiseamh, ach

(b) mura rud é gur íocadh níos luaithe ná sin í nó go mbeidh sí dlite agus iníoctha níos déanaí ná sin, áireofar í mar cháin a íocadh, sa mhéid go mbeidh faoiseamh ó cháin dlite faoin gCaibidil seo, ar an dáta a rinneadh an t-éileamh ar dá chionn a tugadh an faoiseamh,

agus ní bheidh feidhm ag alt 551 den Acht sin de thoradh aon urscaoileadh nó aisíoc lena dtabharfar éifeacht don fhaoiseamh.

Measúnachtaí chun faoiseamh a tharraingt siar.

28. —(1) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh agus go bhfaighfear amach dá éis sin nach raibh sé dlite, tarraingeofar siar é trí mheasúnacht i leith cánach a dhéanamh faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta dár tugadh an faoiseamh.

(2) I gcás inar tugadh aon fhaoiseamh i leith scaireanna ar shuibscríobh fearchéile nó a bhanchéile lena n-aghaidh ar scaireanna iad a eisíodh le linn dó bheith á mheasúnú de réir fhorálacha alt 194 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus go mbeidh an faoiseamh sin le tarraingt siar de bhua diúscairt a dhéanfaidh an duine a shuibscríobh le haghaidh na scaireanna sin orthu dá éis sin agus gurb amhlaidh, tráth na diúscartha, nach mbeidh an fearchéile inmheasúnaithe amhlaidh, is ar an duine a dhéanfaidh an diúscairt a dhéanfar aon mheasúnacht chun an faoiseamh sin a tharraingt siar agus déanfar í faoi threoir an laghdú cánach a thig ó mhéid an fhaoisimh gan féachaint d'aon leithroinnt ar an laghdú sin faoi alt 198 (1) nó (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná d'aon leithroinnt ar aisíoc cánach faoi alt 195A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1983 ) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(3) Faoi réir na bhforálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo, aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar a dhéanfar mar gheall ar theagmhas a tharlóidh tar éis dháta an éilimh, féadfar í a dhéanamh laistigh de dheich mbliana tar éis dheireadh na bliana measúnachta ina dtarlaíonn an teagmhas sin.

(4) Ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith scaireanna a eisíodh chuig duine ar bith mar gheall ar aon teagmhas a tharlóidh tar éis dó bás a fháil.

(5) I gcás ina ndearna duine, trí dhiúscairt nó diúscairtí lena mbain eann alt 25 (1) (b), na gnáthscaireanna go léir a bheidh eisithe ag cuideachta cháilitheach taighde agus forbartha chuige a dhiúscairt, ní dhéanfar aon mheasúnacht chun faoiseamh a tharraingt siar i leith aon scair de na scaireanna sin mar gheall ar aon teagmhas ina dhiaidh sin mura dtarlóidh sé tráth a mbeidh baint aige leis an gcuideachta choimircíochta cháilitheach de réir bhrí alt 20.

(6) Ní dochar fo-alt (3) don choinníoll a ghabhann le halt 186 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 .

(7) Beidh éifeacht ag alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir lena fheidhmiú i ndáil le measúnacht a dhéanfar de bhua an ailt seo, ionann is dá mba é an dáta a dtiocfaidh an cháin a mhuirearófar leis an measúnacht chun bheith dlite agus iníoctha—

(a) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 20, 21, 22, nó 23 de thoradh aon teagmhais a tharlóidh tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta an teagmhais sin,

(b) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 25 (1) de thoradh diúscartha tar éis an faoiseamh a dheonú, dáta na diúscartha,

(c) i gcás faoiseamh arna tharraingt siar de bhua alt 26—

(i) a mhéid a bheidh éifeacht tugtha don fhaoiseamh de réir rialachán faoi alt 127 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain mheasúnachta inar tugadh éifeacht dó amhlaidh, agus

(ii) a mhéid nach mbeidh éifeacht tugtha dó amhlaidh, an dáta ar ar deonaíodh an faoiseamh.

(8) Chun críocha fho-alt (7) is é dáta deonaithe an fhaoisimh an dáta ar tugadh aisíoc cánach chun éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh nó, murar tugadh aon aisíoc den sórt sin, an dáta ar ar eisigh an cigire fógra chuig an éilitheoir inar léiríodh méid na cánach ab iníoctha tar éis éifeacht a thabhairt don fhaoiseamh.

Faisnéis.

29. —(1) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh a tugadh do phearsa aonair le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 20 nó 25, déanfaidh an phearsa aonair, laistigh de sheasca lá ón la a dtiocfaidh an teagmhas ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais.

(2) I gcás ina dtarlóidh teagmhas a mbeidh aon fhaoiseamh i leith aon scaireanna i gcuideachta le tarraingt siar dá bharr de bhua alt 21, 22, 23 nó 26, déanfaidh—

(a) an chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó an chuideachta choimircíochta cháilitheach, de réir mar a bheidh, agus

(b) aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin agus a bhfuil eolas aige faoin ábhar sin,

laistigh de sheasca lá ó dháta an teagmhais nó, i gcás duine a thagann faoi réim mhír (b), laistigh de sheasca lá ón lá a dtiocfaidh sin ar a eolas, fógra i scríbhinn a thabhairt don chigire ina mbeidh sonraí i dtaobh an teagmhais.

(3) Má tá cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil fógra, a cheanglaítear ar dhuine a thabhairt faoi fho-alt (1) nó (2) i dtaobh aon teagmhais, tugtha aige, féadfaidh an cigire, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar an duine sin cibé faisnéis i ndáil leis an teagmhas a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na Caibidle seo a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra.

(4) I gcás ina n-éileofar faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha agus go mbeidh cúis ag an gcigire chun a chreidiúint nach bhfuil sé dlite mar gheall ar aon chomhshocraíocht nó scéim den sórt a luaitear in alt 21 (6) nó 26, féadfaidh sé, le fógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine lena mbaineann, na nithe seo a leanas a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama (nach lú ná seasca lá) a bheidh sonraithe san fhógra—

(a) dearbhú i scríbhinn á rá cibé acu atá nó nach bhfuil, de réir na faisnéise atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil, comhshocraíocht nó scéim den sórt sin ann, nó an raibh riamh, agus

(b) cibé faisnéis eile a iarrfaidh an cigire le réasún chun críocha na forála atá i gceist ar faisnéis í atá ag an duine sin nó a fhéadfaidh sé le réasún a fháil.

(5) Na tagairtí i bhfo-alt (4) don duine lena mbaineann, is tagairtí iad, i ndáil le halt 26, don éilitheoir agus, i ndáil le hailt 21 (6) agus 26, don chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha nó don chuideachta choimircíochta cháilitheach, de réir mar a bheidh, agus d'aon duine a rialaíonn an chuideachta sin.

(6) I gcás inar éilíodh faoiseamh i leith scaireanna i gcuideachta cháilitheach taighde agus forbartha ní mór d'aon duine a shealbhaíonn nó a shealbhaigh scaireanna sa chuideachta agus d'aon duine a bhfuil nó a raibh aon scaireanna den sórt sin á sealbhú thar a cheann, má cheanglaíonn an cigire air sin a dhéanamh, a rá maidir leis na scaireanna a shealbhaíonn nó a shealbhaigh sé nó na scaireanna atá nó a bhí á sealbhú thar a cheann, ar thar ceann aon duine eile seachas é féin atá nó a bhí siad á sealbhú agus, más amhlaidh atá, tabharfaidh sé ainm agus seoladh an duine sin.

(7) Ní bheidh aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le reacht nó ar shlí eile ina bac ar an gcigire a nochtadh do chuideachta cháilitheach taighde agus forbartha gur tugadh nó gur éilíodh faoiseamh i leith líon nó cion áirithe dá cuid scaireanna.

(8) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 29 (3) agus (4)” a chur isteach i gcolún 2; agus

(b) trí “An tAcht Airgeadais, 1986 , alt 29 (1) agus (2)” a chur isteach i gcolún 3.

Cáin ghnóchan caipitiúil.

30. —(1) Déanfar na suimeanna is inlamháilte mar asbhaintí as an gcomaoin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ar an ngnóchan nó ar an gcaillteanas a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair as diúscairt scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, aon fhaoiseamh ina leith, a chinneadh gan féachaint don fhaoiseamh sin, ach amháin go ndéanfar, i gcás inar mó na suimeanna sin ná an chomaoin, iad a laghdú méid is ionann agus—

(a) méid an fhaoisimh sin, nó

(b) an bhreis,

cibé acu is lú, ach ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo maidir le diúscairt a thagann faoi réim alt 13 (5) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

(2) I ndáil le scaireanna ar tugadh, agus nár tarraingíodh siar, faoiseamh ina leith, déanfar, chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, aon cheist—

(a) i dtaobh cé acu de na scaireanna den sórt sin, a eisíodh chuig duine tráthanna éagsúla, a mbaineann diúscairt leo, nó

(b) i dtaobh cibé acu an leis na scaireanna sin nó le scaireanna eile a bhaineann diúscairt,

a chinneadh amhail mar a chinntear chun críocha ailt 25.

(3) I gcás ina sealbhaíonn pearsa aonair gnáthscaireanna i gcuideachta agus go bhfuil an faoiseamh tugtha i leith cuid acu ach nach bhfuil i gcás cuid eile, ansin, má tharlaíonn atheagrú, de réir bhrí mhír (2) (1) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a dhéanann difear do na scaireanna sin, beidh feidhm ar leithligh ag mír 2 (2) den Sceideal sin maidir leis na scaireanna ar tugadh an faoiseamh ina leith agus maidir leis na scaireanna eile (sa chaoi go ndéileálfar leis na scaireanna de gach cineál mar shealbhán ar leithligh de scaireanna bunaidh agus go sonrófar iad le sealbhán nua ar leithligh).

(4) Déanfar na coigeartuithe sin go léir ar cháin ghnóchan caipitiúil, cibé acu trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim an faoiseamh a thabhairt nó a tharraingt siar.