An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V Athnuachan Uirbeach: Faoiseamh ó Cháin Ioncaim agus ó Cháin Chorparáide) Ar Aghaidh (Caibidil VII Cáin Chorparáide)

13 1986

AN tACHT AIRGEADAIS, 1986

Caibidil VI

Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil

Comhpháirtíochtaí teoranta: srianta le faoiseamh.

46. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an méid comhiomlán”, i ndáil le trádáil—

(a) i gcás pearsa aonair, comhiomlán na méideanna a thabharfar nó a lamhálfar dó tráth ar bith faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain dó sa trádáil, nó le hús a d'íoc sé mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil, in aon bhliain mheasúnachta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt dó d'aon bhliain mheasúnachta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aige chuige mar gheall ar é bheith ranpháirteach sa trádáil,

agus

(b) i gcás cuideachta, comhiomlán na méideanna a thabharfar nó a lamhálfar don chuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomhpháirtíochta” anseo ina dhiaidh seo san alt seo) nó do chuideachta eile tráth ar bith faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a thabhaigh an chuideachta chomhpháirtíochta sa trádáil, nó le muirir a d'íoc sí féin nó cuideachta eile mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil, in aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt don chuideachta chomhpháirtíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aici chuige mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil;

ciallaíonn “comhpháirtí teoranta”, i ndáil le trádáil—

(a) duine a sheolann an trádáil mar chomhpháirtí teoranta i gcomhpháirtíocht theoranta atá cláraithe faoin Limited Partnerships Act, 1907,

(b) duine a sheolann an trádáil mar chomhpháirtí ginearálta i gcomhpháirtíocht, nach bhfuil i dteideal páirt a ghlacadh i mbainistí na trádála agus atá i dteideal go ndéanfaidh duine éigin eile a chuid dliteanas, nó a chuid dliteanas thar theorainn áirithe, i leith fiacha nó oibleagáidí a tabhaíodh chun críocha na trádála, a urscaoileadh nó a chúiteamh, nó

(c) duine a sheolann an trádáil i gcomhpháirt le daoine eile agus nach bhfuil, faoi dhlí aon chríche lasmuigh den Stát, i dteideal páirt a ghlacadh i mbainistí na trádála agus nach bhfuil faoi dhliteanas thar theorainn áirithe i leith fiacha nó oibleagáidí a tabhaíodh chun críocha na trádála;

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta comhpháirtíochta ar críoch di an dáta sonraithe nó dá éis agus a raibh an chuideachta sin ag seoladh trádála mar chomhpháirtí teoranta tráth ar bith lena linn;

ciallaíonn “an tráth iomchuí”—

(a) i gcás pearsa aonair, deireadh na bliana measúnachta iomchuí inar tabhaíodh an caillteanas nó inar íocadh an t-ús, nó a mbeidh an liúntas le tabhairt maidir léi (ach amháin, i gcás inar scoir sé de bheith ag seoladh na trádála le linn na bliana measúnachta sin, gurb é a bheidh ann an tráth ar scoir sé amhlaidh), agus

(b) i gcás cuideachta comhpháirtíochta, deireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí inar tabhaíodh an caillteanas nó inar íocadh na muirir, nó a mbeidh an liúntas le tabhairt maidir léi (ach amháin, i gcás inar scoir an chuideachta chomhpháirtíochta de bheith ag seoladh na trádála le linn na tréimhse cuntasaíochta sin, gurb é a bheidh ann an tráth ar scoir sí amhlaidh);

ciallaíonn “bliain mheasúnachta iomchuí” bliain mheasúnachta ar críoch di dáta i ndiaidh an dáta shonraithe agus a raibh an phearsa aonair ag seoladh trádála mar chomhpháirtí teoranta tráth ar bith lena linn;

ciallaíonn “an dáta sonraithe” an 22ú lá de Bhealtaine, 1985;

ciallaíonn “na forálacha sonraithe”—

(a) i gcás pearsa aonair—

(i) alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(ii) alt 307 den Acht sin, agus

(iii) Caibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974 ,

agus

(b) i gcás cuideachta, na forálacha seo a leanas den Acht Cánach Corparáide, 1976

(i) alt 10,

(ii) alt 14 (6),

(iii) alt 16 (2), agus

(iv) fo-ailt (1), (2) agus (6) d'alt 116.

(2) (a) Más rud é, i gcás pearsa aonair is comhpháirtí teoranta i ndáil le trádáil, go bhféadfar, ar leith ón alt seo, méid a thabhairt nó a lamháil faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain dó sa trádáil, nó le hús a d'íoc sé mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil, i mbliain mheasúnachta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt dó do bhliain mheasúnachta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aige chuige mar gheall ar é bheith rannpháirteach sa trádáil,

féadfar an méid sin a thabhairt nó a lamháil, seachas in aghaidh ioncaim arb é atá ann na brabúis nó na gnóchain ón trádáil, sa mhéid, agus sa mhéid amháin, nach mó an méid a thabharfar nó a lamhálfar nó, de réir mar a bheidh, an méid comhiomlán i ndáil leis an trádáil sin, ná méid a ranníoca i leith na trádála amhail ag an tráth iomchuí.

(b) Más rud é, i gcás cuideachta chomhpháirtíochta is comhpháirtí teoranta i ndáil le trádáil, go bhféadfar, ar leith ón alt seo, méid a thabhairt nó a lamháil faoi aon cheann de na forálacha sonraithe—

(i) maidir le caillteanas a bhain don chuideachta chomhpháirtíochta sa trádáil, nó le muirir a d'íoc an chuideachta chomhpháirtíochta nó cuideachta eile mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil, i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó

(ii) mar liúntas a bheidh le tabhairt don chuideachta chomhpháirtíochta do thréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn an trádáil a chur faoi cháin nó mar urscaoileadh nó aisíoc cánach a mbeidh teideal aici chuige mar gheall ar í bheith rannpháirteach sa trádáil,

féadfar an méid sin a thabhairt nó a lamháil don chuideachta chomhpháirtíochta, seachas in aghaidh brabús nó gnóchan ón trádáil, nó do chuideachta eile, sa mhéid, agus sa mhéid amháin, nach mó an méid a thabharfar nó a lamhálfar nó, de réir mar a bheidh, an méid comhiomlán ná ranníoc na cuideachta comhpháirtíochta i leith na trádála amhail ag an tráth iomchuí.

(3) (a) Is é is ranníoc duine i leith trádála tráth ar bith comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(i) méid an ranníoca a bheidh déanta aige ina leith mar chaipiteal agus nach mbeidh tarraingthe amach nó faighte ar ais aige, go díreach nó go neamhdhíreach, ina dhiaidh sin ón gcomhpháirtíocht nó ó dhuine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht (seachas aon ní, i ndáil le caiteachas a bheidh tabhaithe aige thar ceann na trádála comhpháirtíochta nó ag soláthar saoráidí don trádáil chomhpháirtíochta, a bheidh sé nó a fhéadfaidh sé a bheith i dteideal a tharraingt amach nó a fháil ar ais amhlaidh tráth ar bith le linn dó bheith ag seoladh na trádála mar chomhpháirtí teoranta, nó a bheidh sé nó a fhéadfaidh sé a bheith i dteideal a cheangal ar dhuine eile a chúiteamh leis), agus

(ii) méid aon ghnóchan nó brabús de chuid na trádála a mbeidh teideal aige chuige ach nach mbeidh faighte aige in airgead nó i luach airgid.

(b) Chun críocha mhír (a), áireofar méid a bheidh ranníoctha ag duine i leith na comhpháirtíochta a bheith faighte ar ais aige más rud é—

(i) go bhfuair sé comaoin an méid nó an luacha sin as a leas, nó aon chuid dá leas, sa chomhpháirtíocht a dhíol,

(ii) go ndéanann an chomhpháirtíocht nó aon duine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht an méid sin d'iasacht nó d'airleacan uaidh a aisíoc, nó

(iii) go bhfaigheann an duine an méid sin luacha as sannadh aon fhéich a bheidh dlite dó den chomhpháirtíocht nó d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcomhpháirtíocht.

(4) Sa mhéid go gcuirfear liúntas i gcuntas le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais sa bhliain chaillteanais a bheith á ríomh de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , déileálfar leis an liúntas sin, chun críocha an ailt seo, mar liúntas a bheidh le tabhairt sa bhliain chaillteanais (agus ní sa bhliain mheasúnachta arb í an bhliain chaillteanais an bhonn-bhliain ina leith).

(5) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag duine le comhpháirtíocht i gcás go measfaí sin maidir leis chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 .

Leasú ar alt 16 (bronntanais do Scéim Chearnmhír an Uachtaráin) den Acht Airgeadais, 1985 .

47. —Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1985 , trí “1987” a chur in ionad “1986” i bhfo-alt (1) (b) (i) agus tá an fo-alt sin (1) (b) (i), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(i) a thabharfar an 5ú lá d'Aibreán, 1987, nó roimhe, d'iontaobhaithe Scéim Chearnmhír an Uachtaráin lena úsáid acu chun críocha na scéime sin, agus

Formhuirear as tuairisceáin a chur isteach déanach.

48. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “tuairisceán ar ioncam” tuairisceán, ráiteas, dearbhú nó liosta a cheanglaítear ar dhuine a sheachadadh ar an gcigire de bharr fógra arna thabhairt ag an gcigire faoi aon cheann nó níos mó de na hailt shonraithe;

ciallaíonn “dáta sonraithe”, i ndáil le tuairisceán ar ioncam do bhliain mheasúnachta nó do thréimhse chuntasaíochta—

(i)    (I) maidir leis an mbliain 1986-87, an 31ú lá de Nollaig, 1987,

(II) maidir leis an mbliain 1987-88 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis, an 31ú lá de Nollaig an bhliain sin,

(III) maidir le tréimhsí cuntasaíochta ar críoch dóibh sa bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1986, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1987, an 31ú lá de Nollaig, 1987, agus

(IV) maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, an lá deiridh den tréimhse naoi mí dar tosach an chéad lá díreach i ndiaidh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, nó

(ii) an lá deiridh den tréimhse sé mhí dar tosach an lá díreach i ndiaidh an dáta a gceanglaítear ar an duine, le fógra, an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh,

cibé acu is déanaí;

ciallaíonn “ailt shonraithe”—

(i) ailt 70, 94 (a), 94 (d), 169, 170, 172 agus 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ,

(ii) alt 11 den Acht Airgeadais, 1976 , agus

(iii) alt 143 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, cáin chorparáide nó cáin ghnóchan caipitiúil, de réir mar is cuí.

(b) Chun críocha an ailt seo—

(i) i gcás ina ndéanfaidh duine tuairisceán mícheart ar ioncam a sheachadadh go calaoiseach nó go faillíoch, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, measfar gur mhainnigh sé an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an dáta sin nó roimhe mura ndéanfar an earráid sa tuairisceán ar ioncam a cheartú ar an dáta sin nó roimhe,

(ii) i gcás ina ndéanfaidh duine tuairisceán mícheart ar ioncam a sheachadadh, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán sin ar ioncam ach nach go calaoiseach ná go faillíoch a dhéanfaidh sé amhlaidh agus go dtiocfaidh sé ar a iúl (nó, má tá sé tar éis bás a fháil, go dtiocfaidh sé ar iúl dá ionadaithe pearsanta) go bhfuil sé mícheart, measfar gur mhainnigh sé an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, mura ndéanfar an earráid sa tuairisceán ar ioncam a cheartú gan mhoill mhíréasúnach,

(iii) i gcás ina seachadfaidh duine tuairisceán ar ioncam, ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, ach go ndéanfaidh an cigire, mar gheall ar é bheith mí-shásta le haon ráiteas ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair chuig an duine ó aon trádáil nó gairm agus atá sa tuairisceán ar ioncam, a cheangal ar an duine, le fógra i scríbhinn arna sheirbheáil ar an duine sin faoi alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , aon rud a dhéanamh, measfar nár sheachaid an duine an tuairisceán ar ioncam ar an dáta sonraithe nó roimhe mura ndéanfaidh sé an rud sin laistigh den tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra,

(iv) déanfar tagairtí do cibé cinn de na hailt shonraithe a chuirtear chun feidhme, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil le mír 3 de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do na hailt sin arna gcur chun feidhme amhlaidh, agus

(v) déanfar tagairtí do thuairisceán ar ioncam do bhliain mheasúnachta nó i ndáil le bliain mheasúnachta a fhorléiriú mar thagairtí do thuairisceán ar ioncam lena gceanglaítear ráiteas nó sonraí a thabhairt ar aon ioncam de chuid na bliana dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh thosach na bliana measúnachta sin.

(2) Más rud é, i ndáil le bliain mheasúnachta (arb í an bhliain 198687 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í) nó le tréimhse chuntasaíochta (ar tréimhse chuntasaíochta í ar críoch di an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis) go mainneoidh duine ar a gceanglaítear tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar an gcigire an tuairisceán ar ioncam a sheachadadh ar nó roimh an dáta sonraithe i ndáil leis an tuairisceán ar ioncam, déanfar aon mhéid cánach don bhliain mheasúnachta sin nó don tréimhse chuntasaíochta sin a bheidh nó a bheadh, ar leith ón alt seo, ar áireamh i measúnacht i leith cánach arna déanamh nó a bheadh le déanamh ar dhuine (dá ngairtear an “duine inmhuirearaithe” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) is inmhuirearaithe i leith cánach don bhliain mheasúnachta nó don tréimhse chuntasaíochta sin ar an iomlán nó ar aon chuid, nó faoi threoir an iomláin nó aon chuid, den ioncam, de na brabúis nó de na gnóchain inmhuirearaithe atá ar áireamh nó tuairiscthe sa tuairisceán ar ioncam nó a bheadh ar áireamh nó tuairiscthe amhlaidh sa tuairisceán ar ioncam dá seachadfaí é, a mhéadú méid (dá ngairtear an “formhuirear” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) is ionann agus 10 faoin gcéad den mhéid sin cánach agus, murab é atá sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha uile de na hAchtanna Cánach agus de na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ar leith ón alt seo ach lena n-áirítear go háirithe iad siúd a bhaineann le bailiú agus gnóthú cánach agus le hús a íoc ar cháin neamhíoctha, ionann is dá mba é a bhí sa cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach an méid cánach arna mhéadú amhlaidh:

Ar choinníoll go measfar, le linn méid an fhormhuirir a bheith á ríomh, an cháin atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach a bheith laghdaithe de chomhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) aon cháin a asbhaineadh, de bhua aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach nó na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, ó aon ioncam, brabúis nó gnóchain inmhuirearaithe a bheidh muirearaithe sa mheasúnacht i leith cánach sa mhéid nach mbeidh an cháin sin aisíoctha, nó nach inaisíoctha í, leis an duine inmhuirearaithe agus sa mhéid gur féidir an cháin a asbhaineadh amhlaidh a fhritháireamh in aghaidh na cánach atá ar áireamh sa mheasúnacht i leith cánach,

(b) méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh an duine inmhuirearaithe ina theideal maidir le haon ioncam, brabúis nó gnóchain inmhuirearaithe a bheidh muirearaithe sa mheasúnacht i leith cánach, agus

(c) aon mhéideanna eile a fhritháireofar sa mheasúnacht i leith cánach, in aghaidh na cánach atá ar áireamh ann.

Leasú ar alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976 .

49. —Leasaítear leis seo alt 30 den Acht Airgeadais, 1976 , tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “an méid iomchuí” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) i bhfo-alt (1):

“ciallaíonn ‘an méid iomchuí'—

(a) i gcás measúnacht i leith cánach ioncaim (seachas measúnacht i leith méid in ionannas cánach ioncaim chun críocha alt 31 (1) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ) don bhliain 1984-85 nó 1985-86, 85 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh,

(b) i gcás—

(i) measúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach gnóchan caipitiúil don bhliain 1986-87 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis, nó

(ii) measúnacht i leith cánach corparáide do thréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis,

90 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh, agus

(c) i gcás aon mheasúnacht eile i leith cánach, 80 faoin gcéad den mhéid cánach a fionnadh a bheith inmhuirearaithe leis an measúnacht tar éis an t-achomharc a chinneadh;”.

Liúntais chaipitiúla d'fheithiclí, agus asbhaint i leith feithiclí.

50. —(1) (a) Beidh éifeacht le hailt 25 go 29 den Acht Airgeadais, 1973 , i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle lena mbaineann na hailt sin, ionann is dá gcuirfí “£4,000” in ionad “£2,500” gach áit a bhfuil sé sna hailt sin.

 (b) Ní fholaíonn an tagairt i mír (a) do chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar nó ag fruiliú feithicle—

(i) maidir leis na hailt sin 25 go 27, tagairt do chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó a thabhófar laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an lae sin faoi chonradh a rinneadh roimh an lá sin, agus

(ii) maidir le fo-ailt (2) agus (3) den alt sin 28 agus leis an alt sin 29, tagairt do chaiteachas faoi chonradh a rinneadh roimh an 6ú lá sin d'Aibreán, 1986.

(2) Beidh éifeacht le halt 32 den Acht Airgeadais, 1976 , i ndáil le caiteachas cáilitheach (de réir bhrí an ailt sin) a tabhaíodh maidir le tréimhse i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1986, ionann is dá gcuirfí “£4,000” in ionad “£3,500”, gach áit a bhfuil sé.

Leasú ar alt 25 (liúntas i leith caiteachais áirithe ar charrchlóis ilstóir a fhoirgniú) den Acht Airgeadais, 1981 .

51. —(1) Leasaítear leis seo alt 25 den Acht Airgeadais, 1981 , trí “1988” a chur in ionad “1987” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ) sa mhíniú ar “caiteachas iomchuí” i bhfo-alt (1), agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “caiteachas iomchuí” caiteachas caipitiúil arna thabhú an 29ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1988, ag foirgniú carrchlóis ilstóir.

(2) Déantar leis seo an t-alt sin 25 a leasú tuilleadh tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1984 ):

“(2) Na forálacha uile de na hAchtanna Cánach (seachas alt 25 den Acht Airgeadais, 1978 ) a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh i leith caiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgneamh nó déanmhas tionscail, beidh feidhm acu maidir le caiteachas iomchuí ionann is dá mba chaiteachas é a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a bhfuil liúntas le tabhairt ina leith chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear in alt 255 (1) (a) den Acht sin.”.

Liúntais chaipitiúla: mar a dhéileálfar le deontais, etc.

52. —(1) (a) Faoi réir mhír (b), i gcás ina mbeidh liúntas le tabhairt chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh, faoi alt 241 nó 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , agus gur ar an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra a mbeidh an liúntas le tabhairt ina leith, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—

(i) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha nó le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, agus

(ii) chun críocha an ailt sin 241, measfar gurb é costas iarbhír aon innealra nó gléasra d'aon duine méid an chaiteachais chaipitiúil a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin lúide aon chaiteachas den chineál dá dtagraítear i bhfomhír (i).

(b) Ní bheidh éifeacht le mír (a) i ndáil le haon chaiteachas caipitiúil a bheidh íoctha nó le híoc sa tslí a luaitear i mír (a) (i)—

(i) faoi théarmaí comhaontaithe a bheidh ceadaithe go críochnaitheach an 29ú lá d'Eanáir, 1986, nó roimhe, ag Roinn Stáit, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil, nó

(ii) faoi théarmaí comhaontaithe—

(I) is ábhar caibidlí a bhí ar siúl an 29ú lá d'Eanáir, 1986, le Roinn Stáit, le haon bhord a bunaíodh le reacht nó le haon údarás poiblí nó áitiúil, agus

(II) a bheidh ceadaithe go críochnaitheach ag an Roinn sin, ag an mbord sin nó ag an údarás sin tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1986.

(2) Leasaítear leis seo alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Le linn an liúntas síos-scríofa a bheidh le tabhairt do dhuine faoi fho-alt (3) a bheith á fhionnadh, glacfar leis gurb é iarmhar an chaiteachais a luaitear san fho-alt sin, i gcás inar mó é ná méid an chaiteachais a thabhaigh an duine sin i leith an díola, méid an chaiteachais a tabhaíodh amhlaidh.”.

Feidhm alt 40 (liúntais chaipitiúla i leith sócmhainní léasaithe áirithe) den Acht Airgeadais, 1984 .

53. —Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le hinnealra nó gléasra a sholáthrófar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh an mhínithe ar “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse”:

“ciallaíonn ‘léasaí’ agus ‘léasóir', i ndáil le hinnealra nó gléasra a sholáthraítear lena léasú, an duine a bhfuil nó a mbeidh an t-innealra nó an gléasra á léasú chuige agus an duine a sholáthraíonn an t-innealra nó an gléasra lena léasú, faoi seach, agus folaíonn ‘léasaí’ agus ‘léasóir', faoi seach, comharbaí i dteideal de chuid léasaí nó léasóra;”,

(b) i bhfo-alt (1), trí “, (7) nó (8)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (6)” sa mhíniú ar “na liúntais chaipitiúla shonraithe” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo,

(c) i bhfo-alt (5), trí “nó (7)” a chur isteach i ndiaidh “fo-alt (6)”, agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, agus

(d) trí fho-alt (6) a scriosadh agus trí na fo-ailt seo a leanas a chur ina ionad:

“(6) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(a) roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó

(b) roimh an lú lá de Mhárta, 1984, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 25ú lá d'Eanáir, 1984,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra.

(7) Aon tagairtí san alt seo d'innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo is tagairtí iad d'innealra nó gléasra arna sholáthar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú más rud é, maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nó, i gcás scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , maidir leis an gcostas a bhain leis an scannán a dhéanamh), go bhfuil sé íoctha nó le híoc go díreach nó go neamhdhíreach, go hiomlán nó go páirteach, ag an Údarás Forbartha Tionscail, Bord Scannán na hÉireann, Cuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta nó Údarás na Gaeltachta:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, mura rud é—

(a) gur scannán lena mbaineann alt 6 nó 7 den Acht um Bord Scannán na hÉireann, 1980 , an t-innealra nó an gléasra, nó

(b) gur faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra (nach scannán den chineál a luaitear i mír (a)).

(8) (a) An tagairt sa mhíniú ar ‘na liúntais chaipitiúla shonraithe’ i bhfo-alt (1) d'innealra nó gléasra lena mbaineann an t-alt seo is tagairt í d'innealra nó gléasra (nach scannán den chineál a luaitear i mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (7)) arna sholáthar an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, lena léasú ag léasóir chuig léasaí (nach duine é a bhfuil baint aige leis an léasóir) faoi léas a bhfuil ar áireamh ina théarmaí geallúint ón léasaí gurb amhlaidh, le linn tréimhse (dá ngairtear ‘an tréimhse iomchuí’ anseo ina dhiaidh seo san alt seo) nach lú ná trí bliana agus dar tosach an lá a dtosóidh an léasaí ag úsáid an innealra nó an ghléasra i gcéaduair, nach mbeidh an t-innealra nó an gléasra a soláthraíodh amhlaidh á úsáid ag an leásaí ach amháin chun críocha trádála sonraithe arna seoladh sa Stát ag an léasaí:

Ar choinníoll, maidir le haon innealra nó gléasra a mbeidh geallúint den sórt sin tugtha ag léasaí ina leith, agus a bheidh áirithe tráth ar bith mar innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo, go scoirfidh sé aon tráth dá éis sin de bheith ina innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo más rud é, an tráth sin dá éis sin, gur dealraitheach don chigire (nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc) nach mbeidh an gheallúint comhlíonta ag an léasaí; agus, i gcás ina scoirfidh aon innealra nó gléasra amhlaidh de bheith ina innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo, déanfar cibé measúnachtaí nó coigeartuithe ar mheasúnachtaí chun aon fhaoiseamh ó cháin a ghnóthú ón léasóir a tugadh dó mar gheall ar an innealra nó gléasra a áireamh mar innealra nó gléasra lena mbaineann an fo-alt seo.

(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hinnealra nó gléasra arna sholáthar lena léasú an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó dá éis, más faoi oibleagáid faoina ndeachaigh an léasóir agus an léasaí—

(i) roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986, nó

(ii) roimh an lú lá de Mheán Fómhair, 1986, de bhun caibidlí a bhí ar siúl idir an léasóir agus an léasaí roimh an 13ú lá de Bhealtaine, 1986,

a tabhaíodh an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar an innealra nó an ghléasra.

(9) Chun críocha fho-ailt (6), (7) agus (8)—

(a) áireofar oibleagáid mar oibleagáid faoina ndeachthas roimh dháta áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, go raibh ar marthain, roimh an dáta sin, conradh ceangailteach i scríbhinn ba bhun leis an oibleagáid sin, agus

(b) ní mheasfar caibidlí a ndeachthas faoi oibleagáid dá mbun a bheith ar siúl idir léasóir agus léasaí roimh dháta áirithe mura rud é go ndearna an léasóir agus an léasaí, ar an dáta sin nó roimhe réamhghealltanais nó réamhchomhaontuithe i ndáil leis an oibleagáid sin.

(10) I bhfo-alt (8) (a), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe' i ndáil le léasaí, trádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, i gcaitheamh na tréimhse sonraithe—

(a) monarú earraí (lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí), nó

(b) oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976 :

Ar choinníoll go n-áireofar trádáil, maidir leis an tréimhse iomchuí, mar thrádáil arb é atá inti go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll sin amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an léasaí ó dhíolacháin a rinneadh nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith seirbhísí a tugadh, i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse iomchuí ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an léasaí ó na díolacháin go léir a rinneadh nó, de réir mar a bheidh, mar íocaíocht i leith na seirbhísí go léir a tugadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse iomchuí.

(11) Beidh feidhm ag alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , chun críocha fho-alt (8) (a) ach amháin go mbeidh feidhm ag forálacha alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 , chun a chinneadh an bhfuil baint ag duine le duine eile a bhfuil a bhrabúis nó a ghnóchain inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim.”.

AN TÁBLA

ciallaíonn “na liúntais chaipitiúla shonraithe” liúntais chaipitiúla maidir le—

(i) caiteachas a tabhaíodh ar innealra nó gléasra a sholáthrófar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, lena léasú i gcúrsa trádála léasúcháin, nó

(ii) luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt,

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6), (7) nó (8);

(5) Ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná le hailt 14 (6) agus 116 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil le liúntais chaipitiúla—

(a) maidir le caiteachas arna thabhú an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, ag soláthar innealra nó gléasra, nó

(b) maidir le luach laghdaithe innealra nó gléasra mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt más rud é, maidir leis an duine a bhfuil na liúntais chaipitiúla le tabhairt nó tugtha dó, gur ar an 25ú lá d'Eanáir, 1984, nó dá éis, a fuair sé an t-innealra nó an gléasra sin i gcéaduair,

seachas liúntais chaipitiúla maidir le hinnealra nó gléasra lena mbaineann fo-alt (6) nó (7).