33 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1986


ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 3), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Eisiúint toghairmeacha i ndáil le cionta.

2.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1986


ACHT NA gCÚIRTEANNA (UIMH. 3), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHTANNA NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961 GO 1986. [19 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Eisiúint toghairmeacha i ndáil le cionta.

1. —(1) Féadfar imeachtaí sa Chúirt Dúiche i leith ciona a thosú trí oifig iomchuí na Cúirte Dúiche d'eisiúint doiciméid (dá ngairtear “toghairm” ina dhiaidh seo san alt seo) mar nós imeachta riaracháin.

(2) Eiseofar toghairmeacha faoi mhaoirseacht ghinearálta cléirigh Cúirte Dúiche iomchuí agus beidh ainm cléirigh Cúirte Dúiche iomchuí ar gach toghairm.

(3) Maidir le toghairm—

(a) luafar inti go gearr, i ngnáthchaint, sonraí i dtaobh an chiona a líomhnaítear agus ainm agus, más eol sin, seoladh an duine a líomhnaítear gurb é a rinne an cion, agus

(b) cuirfidh sí in iúl dó go gcúiseofar é sa chion sin ag suí den Chúirt Dúiche, ar suí é a bheidh sonraithe faoi threoir a dháta agus a shuímh agus, a mhéid is indéanta, faoi threoir a thrátha.

(4) Féadfaidh an tArd-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí, comhalta den Gharda Síochána nó aon duine a bheidh údaraithe le reacht nó faoi reacht chun cion a ionchúiseamh, nó féadfar thar a gceann, iarratas a dhéanamh chuig oifig iomchuí na Cúirte Dúiche chun toghairm a eisiúint i ndáil leis an gcion.

(5) In aon imeachtaí, aon doiciméad a airbheartóidh gur toghairm é, measfar, mura suífear a mhalairt, gur toghairm é a ndearnadh iarratas ina leith, agus a eisíodh, go cuí.

(6) Maidir le toghairm arna heisiúint go cuí faoin Acht seo, measfar chun gach críche gur toghairm í arna heisiúint go cuí de bhun an dlí a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith.

(7) (a) Aon fhoráil arna déanamh le haon reacht nó faoi aon reacht a ritheadh roimh an Acht seo a rith a bhaineann leis an am chun gearán a dhéanamh i ndáil le cion, beidh feidhm aici, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (4) den alt seo.

(b) D'ainneoin fhorálacha mhír (a) den fho-alt seo, i gcás go ndearna duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) den alt seo gearán mar is cuí i ndáil le cion agus go bhfuair cléireach Cúirte Dúiche nó Feidhmeannach Síochána é, an 20ú lá de Mhárta, 1986, nó dá éis agus roimh an Acht seo a rith agus le linn na tréimhse ar laistigh di a ceanglaíodh le dlí an gearán a dhéanamh, ansin, tráth nach déanaí ná an 20ú lá de Mhárta, 1987, beidh sé dleathach don duine sin iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt seo chun toghairm a eisiúint i ndáil leis an gcion agus d'oifig iomchuí na Cúirte Dúiche an toghairm a eisiúint.

(8) Na nósanna imeachta dá bhforáiltear san alt seo i ndáil le hiarratais ar thoghairmeacha agus i ndáil le toghairmeacha a eisiúint, is nósanna imeachta iad gan dochar d'aon nósanna imeachta eile a bhí i bhfeidhm díreach roimh an Acht seo a rith ar féidir imeachtaí maidir le cion a thosú dá réir agus féadfar dá réir sin aon cheann de na nósanna imeachta eile sin a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, amhail is dá mba nár ritheadh an tAcht seo.

(9) San alt seo—

ciallaíonn “cléireach Cúirte Dúiche iomchuí”, i ndáil le toghairm, cléireach Cúirte Dúiche a bheidh sannta d'aon cheantar Cúirte Dúiche sa dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil dlínse ag breitheamh den Chúirt Dúiche i ndáil leis an gcion lena mbaineann an toghairm;

ciallaíonn “oifig iomchuí na Cúirte Dúiche”, i ndáil le toghairm, oifig aon chléirigh Cúirte Dúiche a bheidh sannta d'aon cheantar Cúirte Dúiche sa dúiche Cúirte Dúiche ina bhfuil dlínse ag breitheamh den Chúirt Dúiche i ndáil leis an gcion lena mbaineann an toghairm; tá le “toghairm” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (1) den alt seo.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

2. —(1) Féadfar Acht na gCúirteanna (Uimh. 3), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Folóidh an comhlua “Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986” an tAcht seo agus forléireofar Achtanna na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 go 1986 sin le chéile mar aon Acht amháin.