37 1986

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 1986


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú at Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.

2.

Forléiriú ar thagairtí do Thionól na gComhphobal Eorpach.

3.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gComhphobal Eorpach, 1972

1972, Uimh. 27

Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1985

Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú) (Uimh. 2), 1985

1985, Uimh. 19

/images/harp.jpg


Uimhir 37 de 1986


ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH, 1972 , CHUN A FHORÁIL GUR CUID DE DHLÍ BAILE AN STÁIT FORÁLACHA ÁIRITHE DEN IONSTRAIM EOR-PACH AONAIR A SHONRAÍTEAR ANSEO INA DHIAIDH SEO AGUS DO DHÉANAMH FORÁIL I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA EILE. [23 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 .

1. —Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 , tríd an mír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh mhír (n) (a cuireadh isteach le hAcht na gComhphobal Eorpach (Leasú) (Uimh. 2), 1985 ):

“agus

(o) na forálacha seo a leanas den Ionstraim Eorpach Aonair (arna déanamh i Lucsamburg an 17ú lá d'Fheabhra, 1986, agus sa Háig an 28ú lá d'Fheabhra, 1986), eadhon, Airteagal 3.1; Teideal II; Airteagail 31 agus 32; agus, a mhéid a bhaineann siad leis an Airteagal sin 3.1, leis an Teideal sin II agus leis na hAirteagail sin 31 agus 32, Airteagail 33 agus 34.”.

Forléiriú ar thagairtí do Thionól na gComhphobal Eorpach.

2. —Déanfar tagairtí do Thionól na gComhphobal Eorpach in aon Acht a ritheadh nó in aon ionstraim reachtúil a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo a fhorléiriú mar thagairtí do Pharlaimint na hEorpa.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

3. —(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1986 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1986, a ghairm d'Achtanna na gComhphobal Eorpach, 1972 go 1985, agus den Acht seo le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé dáta a cheapfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú.