1 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1987


AN tACHT UM EISEACHADADH (AN COINBHINSIÚN EORPACH CHUN SCEIMHLIÚ A DHÍCHUR), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Tíortha coinbhinsiúin.

3.

Cionta áirithe nach measfar gur cionta polaitiúla iad.

4.

Cionta áirithe eile nach measfar gur cionta polaitiúla iad in imthosca áirithe.

5.

Dlínse maidir le cionta áirithe a dhéantar lasmuigh den Stát.

6.

Imeachtaí de bhua alt 5.

7.

Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.

8.

Leasú ar alt 44 d'Acht 1965.

9.

Leasú ar alt 50 d'Acht 1965.

10.

Cumhacht chun forálacha an Achta a chur chun feidhme maidir le tíortha neamhchoinbhinsiúin.

11.

Cosaint.

12.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

13.

Tosach feidhme.


Na hACHTANNA dá dTagraítear

An tAcht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976

1976, Uimh. 14

Explosive Substances Act, 1883

1883, c. 3

Extradition Act, 1870

1870, c. 52

Extradition Act, 1873

1873, c. 60

An tAcht um Eiseachadadh, 1965

1965, Uimh. 17

/images/harp.jpg


Uimhir 1 de 1987


AN tACHT UM EISEACHADADH (AN COINBHINSIÚN EORPACH CHUN SCEIMHLIÚ A DHÍCHUR), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO THABHAIRT ÉIFEACHT DON CHOINBHINSIÚN EORPACH CHUN SCEIMHLIÚ A DHÍCHUR, A RIN-NEADH I STRASBOURG AN 27ú LÁ D'EANÁIR, 1977, AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM EISEACHADADH, 1965 . [21 Eanáir, 1987].

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1965” an tAcht um Eiseachadadh, 1965 ;

ciallaíonn “tír choinbhinsiúin” tir seachas an Stát a bheidh arna hainmniú de thuras na huaire in ordú faoi alt 2;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

ciallaíonn “cion tromaí” cion ar chion é a bhféadfaí, dá mba sa Stát a dhéanfaí an gníomh arb é an cion é, duine 21 bliain nó os a chionn, is duine lán-inniúil nár ciontaíodh roimhe sin, a phionósú ina leith le príosúnacht ar feadh téarma 5 bliana nó le pionós is déine ná sin.

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo do ghníomh tagairtí do neamhghníomh agus folaíonn tagairtí do ghníomh a dhéanamh tagairtí do ghníomh a fhágáil gan déanamh.

(3) (a) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(b) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(4) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm ag an Acht seo i ndáil le cion cibé acu is roimh an Acht seo a rith nó dá éis a rinneadh, nó a líomhnaítear a rinneadh, é.

Tíortha coinbhinsiúin.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha na tíortha is páirtithe sa Choinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur, a rinneadh i Strasbourg an 27ú lá d'Eanáir, 1977, a ainmniú le hordú.

(2) Féadfaidh an tAire Gnóthaí Eachtracha le hordú, ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Leagfar ordú faoin alt seo faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta.

Cionta áirithe nach measfar gur cionta polaitiúla iad.

3. —(1) Chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2)—

(a) ní mheasfar gur cion polaitiúil ná cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil aon chion lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil duine cúisithe ann nó ar ciontaíodh é ina leith lasmuigh den Stát, agus

(b) ní mheasfar gur ábhar coiriúil de chineál polaitiúil aon imeachtaí lasmuigh den Stát i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo.

(2) Is iad na críocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1)—

(a) críocha Chuid II d'Acht 1965 i ndáil le haon iarraidh ó aon tír choinbhinsiúin, a bhfuil feidhm ag an gCuid sin i ndáil léi, go dtabharfaí suas duine, is iarraidh a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo;

(b) críocha Chuid III d'Acht 1965 i ndáil le haon bharántas chun duine a ghabháil a eiseofar tar éis thosach feidhme an Achta seo in áit a bhfuil feidhm ag an gCuid sin i ndáil léi;

(c) críocha alt 24 den Extradition Act, 1870, agus alt 5 den Extradition Act, 1873, i ndáil le fianaise a fháil sa Stát a úsáidfear in imeachtaí coiriúla a thionscnófar i dtír choinbhinsiúin tar éis thosach feidhme an Achta seo.

(3) (a) Baineann an t-alt seo leis na cionta seo a leanas—

[Feic 1973 (Uimh. 29) a.11]

(i) cion a bheidh faoi réim an Choinbhinsiúin chun Cosc a chur le hUrghabháil Neamhdhleathach Aerárthach, a rinneadh sa Háig an 16ú lá de Nollaig, 1970,

Feic 1975 (Uimh. 9) a.3]

(ii) cion a bheidh faoi réim an Choinbhinsiúin chun Cosc a chur le Gníomhartha Neamhdhleathacha in aghaidh Shábháilteacht na hEitlíochta Sibhialta, a rinneadh i Montreal an 23ú lá de Mheán Fómhair, 1971,

(iii) cion tromaí lena ngabhann ionsaí ar bheatha, ar iomláine coirp nó ar shaoirse duine faoi chosaint idirnáisiúnta,

(iv) cion lena ngabhann fuadach, giall a thógáil nó príosúnú neamhdhleathach tromaí,

(v) cion lena ngabhann pléascán nó arm tine uathoibríoch a úsáid, i gcás go gcuireann an úsáid sin daoine i mbaol, agus

(vi) aon chion ar iarracht é aon cheann de na cionta roimhe seo a dhéanamh.

(b) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do chion tagairtí do pháirt a ghlacadh mar chomhchoirí le duine a dhéanfaidh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3) (a):

(a) i bhfomhír (iii) den chéanna, tá le “duine faoi chosaint idirnáisiúnta” an míniú a shanntar dó le fo-alt (5),

(b) i bhfomhír (iv) den chéanna—

folaíonn “cion lena ngabhann”, i ndáil le fuadach, giall a thógáil nó príosúnú neamhdhleathach tromaí, aon chion a dhéantar le linn an chéanna nó i gcomhar leis an gcéanna;

ciallaíonn “príosúnú neamhdhleathach tromaí” aon phríosúnú neamhdhleathach lena ngabhann contúirt, nó anró nó ceataí fadtréimhseach nó substaintiúil, don duine atá á choinneáil,

(c) i bhfomhír (v) den chéanna—

ciallaíonn “arm tine uathoibríoch”, arm tine atá deartha nó oiriúnaithe sa chaoi, má chuirtear brú ar an truicear, go leanfar ag caitheamh diúracán go dtí go mbainfear an brú den truicear nó go mbeidh an philéarlann ina bhfuil na diúracáin folamh;

ciallaíonn “pléascán” aon earra a mhonaraítear chun éifeacht phraiticiúil trí phléascadh a thabhairt i gcrích nó atá beartaithe chun na críche sin ag an duine a úsáideann é;

folaíonn “cion lena ngabhann”, i ndáil le pléascán nó arm tine uathoibríoch a úsáid, aon chion a dhéantar leis an bpléascán nó leis an arm tine.

(5) (a) San alt seo ciallaíonn “duine faoi chosaint idirnáisiúnta”, i ndáil le haon chion den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (a) (iii), aon duine díobh seo a leanas:—

(i) duine atá, tráth déanta an chiona, ina Cheann Stáit, ina chomhalta de chomhlacht a chomhlíonann feidhmeanna Cheann Stáit faoi bhunreacht stáit, ina cheann rialtais nó ina aire gnóthaí eachtracha, agus atá lasmuigh de chríocha an stáit ina bhfuil sé i seilbh oifige,

(ii) duine atá, tráth déanta an chiona, ina ionadaí nó ina oifigeach de chuid stáit nó ina oifigeach nó ina ghníomhaire d'eagraíocht idirnáisiúnta de chineál idir-rialtasach, atá i dteideal faoin dlí idirnáisiúnta cosaint speisialta a fháil ó ionsaí ar a phearsa, ar a shaoirse nó ar a dhínit agus nach n-áirítear i bhfomhír (i),

(iii) duine atá, tráth déanta an chiona, ina chomhalta de theaghlach duine a luaitear i bhfomhír (i) nó (ii), agus—

(I) i gcás an duine eile a bheith luaite i bhfomhír (i), go bhfuil sé á thionlacan, nó

(II) i gcás an duine eile a bheith luaite i bhfomhír (ii), gur comhalta dá theaghlach é.

(b) (i) Más rud é, in aon imeachtaí, go mbeidh ceist ann ar dhuine faoi chosaint idirnáisiúnta é duine ag an tráth iomchuí, beidh deimhniú arna shíniú ag an Aire Gnóthaí Eachtracha nó ag duine a bheidh údaraithe aige agus a luafaidh aon fhíoras a bhaineann leis an gceist ina fhianaise ar an bhfíoras sin.

(ii) Aon doiciméad a airbheartóidh gur deimhniú é a thuairiscítear i bhfomhír (i) measfar gur deimhniú den sórt sin é agus gur shínigh an duine é a airbheartaíonn é a bheith sínithe aige (agus, i gcás doiciméid den sórt sin a airbheartóidh é a bheith sínithe ag duine a bheidh údaraithe ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, gur síníodh é de réir an údaraithe), mura suífear a mhalairt.

Cionta áirithe eile nach measfar gur cionta polaitiúla iad in imthosca áirithe.

4. —(1) (a) Chun na gcríoch a luaitear i bhfomhíreanna (a) agus (b) d'alt 3 (2), ní mheasfar gur cion polaitiúil ná cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil aon chion lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil duine cúisithe ann nó ar ciontaíodh é ina leith lasmuigh den Stát más rud é, tar éis don chúirt nó don Aire, de réir mar a bheidh, breithniú cuí a dhéanamh ar aon ghnéithe tromaí suntasacha den chion, lena n-áirítear—

(i) gurbh údar contúirte é ina iomláine do bheatha, d'iomláine coirp nó do shaoirse daoine,

(ii) gur chuir sé as do dhaoine a bhí aineolach ar na tucaidí ba bhun leis, nó

(iii) gur úsáideadh modhanna cruálacha nó fíochmhara le linn an cion a bheith á dhéanamh,

go bhfuil siad den tuairim nach féidir a mheas go ceart gur cion polaitiúil nó cion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil an cion.

(b) Chun na gcríoch a luaitear in alt 3 (2) (c) ní mheasfar gur ábhar coiriúil de chineál polaitiúil imeachtaí lasmuigh den Stát i leith ciona lena mbaineann an t-alt seo.

(2) (a) Beidh feidhm ag an alt seo—

(i) maidir le haon chion tromaí (seachas cion lena mbaineann alt 3) a bhfuil duine cúisithe ann nó ar ciontaíodh é ina leith lasmuigh den Stát—

(I) lena ngabhann gníomh foréigin in aghaidh beatha, iomláine coirp nó saoirse duine, nó

(II) lena ngabhann gníomh in aghaidh maoine má ba údar contúirte an gníomh ina iomláine do dhaoine,

agus

(ii) maidir le haon chion ar iarracht é aon cheann de na cionta roimhe seo a dhéanamh.

(b) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do chion tagairtí do pháirt a ghlacadh mar chomhchoirí le duine a dhéanfaidh an cion.

Dlínse maidir le cionta áirithe a dhéantar lasmuigh den Stát.

5. —(1) Más rud é go ndéanfaidh duine, cibé acu is saoránach Éireannach é nó nach ea, gníomh i dtír choinbhinsiúin—

(a) ar chion a bheadh ann dá mba sa Stát a dhéanfadh sé é, agus

(b) a thagann faoin tuairisc ar aon cheann de na cionta dá dtagraítear i bhfomhír (iii), (iv) nó (v) d'alt 3 (3) (a),

nó go ndéanfaidh sé iarracht aon ghníomh den sórt sin a dhéanamh i dtír choinbhinsiúin, beidh sé ciontach sa chion a bheadh sa ghníomh nó san iarracht dá mba sa Stát a dhéanfadh sé an gníomh nó an iarracht sin.

(2) Más rud é, maidir le duine is náisiúnach de thír choinbhinsiúin ach nach saoránach Éireannach, go ndéanfaidh sé gníomh lasmuigh den Stát agus den tír choinbhinsiúin sin—

(a) ar cion é faoi dhlí na tíre coinbhinsiúin sin,

(b) dá mba gur shaoránach Éireannach é, go mba chion dúnmharaithe nó dúnorgana é nó cion faoi alt 2 nó 3 den Explosive Substances Act, 1883 (arna ionadú le halt 4 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 ), agus

(c) a thagann faoin tuairisc ar aon cheann de na cionta dá dtagraítear i bhfomhír (iii), (iv) nó (v) d'alt 3 (3) (a),

beidh sé ciontach sa chion a bheadh sa ghníomh dá mba gur shaoránach Éireannach é.

(3) (a) Chun críocha an ailt seo, déileálfar le haon ghníomh a dhéanfar ar bord loinge, aerárthaigh, nó sciorrárthaigh, le linn dóibh a bheith i gcríoch tíre coinbhinsiúin nó os cionn a críche, mar ghníomh a rinneadh sa tír sin agus déileálfar le haon ghníomh a dhéanfar ar bord loinge, aerárthaigh nó sciorrárthaigh a bheidh cláraithe i dtír choinbhinsiúin, mar ghníomh a rinneadh sa tír sin agus sa tír choinbhinsiúin (más ann) ar ina críoch, nó os cionn a críche, a rinneadh é.

(b) I mír (a) folaíonn “críoch” farraigí teorann.

(4) Maidir le forálacha dhlí an Stáit a chuirtear i bhfeidhm de bhua an ailt seo maidir le nithe a dhéantar in aon tír eile léifear iad chun críocha an Achta seo maille le haon mhodhnuithe is gá.

(5) Ní bheidh feidhm leis an alt seo ach amháin maidir le gníomhartha a dhéanfar tar éis thosach feidhme an Achta seo.

Imeachtaí de bhua alt 5.

6. —(1) Féadfar imeachtaí mar gheall ar chion, ar cion é de bhua alt 5, a thionscnamh in aon áit sa Stát agus féadfar, chun gach críche teagmhasaí, déileáil leis an gcion mar chion a rinneadh san áit sin.

(2) I gcás go gcúiseofar duine i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní thionscnófar aon imeachtaí breise san ábhar (seachas aon athchur i gcoimeád nó faoi bhannaí) ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó lena thoiliú.

(3) Ní thionscnóidh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí aon imeachtaí breise mar atá luaite i bhfo-alt (2) maidir le cion ná ní thoileoidh sé lena dtionscnamh mura ndealraítear dó—

(a) go ndearna tír choinbhinsiúin a mbeidh feidhm ag Cuid II d'Acht 1965 i ndáil léi iarraidh faoin gCuid sin chun an duine lena mbaineann a thabhairt suas di lena thriail mar gheall ar chion maidir leis an ngníomh áirithe agus go bhfuiltear tar éis diúltú go críochnaitheach don iarraidh (cibé acu is mar gheall ar bhreith cúirte é nó ar shlí eile), nó

(b) gur eisigh údarás breithiúnach barántas in áit lena mbaineann Cuid III d'Acht 1965 chun an duine lena mbaineann a ghabháil lena thriail mar gheall ar chion maidir leis an ngníomh áirithe agus go bhfuiltear tar éis a chinneadh go críochnaitheach (cibé acu is mar gheall ar bhreith cúirte é nó ar shlí eile) nár cheart an barántas a fhormhuiniú lena fhorghníomhú sa Stát faoin gCuid sin nó nár cheart an duine lena mbaineann a sheachadadh de réir an bharántais, nó

(c) go bhfuil sé fóirsteanach mar gheall ar imthosca speisialta (a bhféadfadh dóchúlacht diúltaithe mar a luaitear i mír (a) nó cinneadh mar a luaitear i mír (b) a bheith ar áireamh ann) go dtionscnófaí imeachtaí in aghaidh an duine lena mbaineann mar gheall ar chion faoi dhlí an Stáit maidir leis an ngníomh áirithe.

(4) Más rud é go gceanglófaí, murach an fo-alt seo, pianbhreith báis a chur ar dhuine, ar é a chiontú i gcion dá dtagraítear i bhfo-alt (1), cuirfear príosúnacht saoil mar phianbhreith air.

(5) Ní thionscnófar aon imeachtaí—

(a) faoin alt seo maidir le gníomh ar cion é dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus ar cion é freisin faoi alt 2 den Acht um an Dlí Coiriúil (Dlínse), 1976 , nó

(b) faoi alt 38 d'Acht 1965 maidir le gníomh ar cion é de bhua an ailt sin agus ar cion é freisin dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

Leasú ar alt 4 d'Acht 1965.

7. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 d'Acht 1965:

“Orduithe a leagan i ndréacht faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

4.—Déanfar dréacht d'aon ordú a bheartaíonn an Rialtas a dhéanamh faoin Acht seo tar éis thosach feidhme an Achta um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987, a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh tairiscint ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.”.

Leasú ar alt 44 d'Acht 1965.

8. —Leasaítear leis seo alt 44 d'Acht 1965 (a shonraíonn imthosca nach ndéanfar barántas a eiseofar in áit lena mbaineann Cuid III den Acht sin a fhormhuiniú lena fhorghníomhú sa Stát) trí na focail seo a leanas a chur, i bhfo-alt (2), in ionad na bhfocal ó dheireadh mhír (c) go dtí deireadh an fho-ailt:

“nó go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint—

(i) go ndéanfar an duine atá ainmnithe nó tuairiscithe sa bharántas, má aistrítear amach as an Stát é faoin gCuid seo, a ionchúiseamh nó a choinneáil mar gheall ar chion polaitiúil nó ar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil nó ar chion faoin dlí míleata nach cion faoin ngnáthdhlí coiriúil, nó

(ii) go ndearnadh an barántas a eisiúint go fírinneach chun é a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta nó go ndéanfaí dochar dá chás ar aon chúis acu sin.”.

Leasú ar alt 50 d'Acht 1965.

9. —Leasaítear leis seo alt 50 d'Acht 1965 (a shonraíonn imthosca ina ndéanfar duine a gabhadh faoi Chuid III den Acht sin a scaoileadh saor) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (2) tar éis mhír (b):

“(bb) go bhfuil fáthanna substaintiúla ann chun a chreidiúint go ndearnadh an barántas a eisiúint go fírinneach chun é a ionchúiseamh nó a phionósú mar gheall ar a chine, a chreideamh, a náisiúntacht nó a thuairimí polaitíochta nó go ndéanfaí dochar dá chás ar aon chúis acu sin, nó”.

Cumhacht chun forálacha an Achta a chur chun feidhme maidir le tíortha neamhchoinbhinsiúin.

10. —(1) Féadfaidh an Rialtas maidir le gach foráil nó le haon fhoráil d'fhorálacha an Achta seo nach mbeadh, ar leith ón alt seo, feidhm acu ach amháin i ndáil le tíortha coinbhinsiúin, a ordú le hordú go mbeidh feidhm acu (faoi réir cibé eisceachtaí, más ann, a shonrófar san ordú) i ndáil le haon tír nach tír choinbhinsiúin í agus a bhfuil comhaontú eiseachadta i bhfeidhm léi (de réir bhrí Acht 1965) faoi mar atá feidhm acu i ndáil le tír choinbhinsiúin.

(2) Féadfaidh an Rialtas le hordú ordú faoin alt seo lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(3) Déanfar dréacht d'aon ordú a bheartaítear a dhéanamh faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh tairiscint ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh sin.

Cosaint.

11. —Ní choiscfidh aon ní san Acht seo—

(a) cion a mheas mar chion nach cion polaitiúil ná mar chion a bhfuil baint aige le cion polaitiúil, nó

(b) imeachtaí mar gheall ar chion a mheas mar imeachtaí nach ábhar coiriúil de chineál polaitiúil,

chun na gcríoch a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 3 in imthosca, nó de bhíthin cúinsí, seachas na himthosca nó na cúinsí sin dá dtagraítear san alt sin nó in alt 4.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

12. —(1) Féadfar an tAcht um Eiseachadadh (An Coinbhinsiún Eorpach chun Sceimhliú a Dhíchur), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Eiseachadadh, 1965 agus 1987, a ghairm d'Acht 1965 agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar Acht 1965 agus an tAcht seo le chéile mar aon ní amháin.

Tosach feidhme.

13. —(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá de Nollaig, 1987.

(2) Más rud é, tar éis an tAcht seo a rith ach roimh an 1ú lá de Nollaig, 1987, go rithfidh gach Teach den Oireachtas rún á dhearbhú gur cheart an tAcht seo a theacht i ngníomh ar lá sonraithe roimh an dáta sin, déanfaidh an tAire ordú á cheapadh gurb é an lá a bheidh sonraithe amhlaidh an lá a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh agus tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh dá réir sin.

(3) (a) Más rud é, tar éis an tAcht seo a rith ach roimh an 1ú lá de Nollaig, 1987, go rithfidh gach Teach den Oireachtas rún á dhearbhú nár cheart an tAcht seo a theacht i ngníomh ar an 1ú lá de Nollaig, 1987, ní thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar an 1ú lá de Nollaig, 1987.

(b) Más rud é—

(i) go ndearbhaíonn rún arna rith ag gach Teach den Oireachtas faoi mhír (a) gur cheart an tAcht seo a theacht i ngníomh ar lá sonraithe, nó

(ii) go rithfidh gach Teach acu sin rún tráth ar bith tar éis do gach Teach acu sin rún a rith faoi mhír (a) (ar rún é nach mbeidh ann dearbhú den sórt a shonraítear i bhfomhír (i)) á dhearbhú gur cheart an tAcht seo a theacht i ngníomh ar lá sonraithe,

déanfaidh an tAire ordú á cheapadh gurb é an lá a bheidh sonraithe amhlaidh an lá a thiocfaidh an tAcht seo i ngníomh agus tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh dá réir sin.