7 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1987


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Leasú ar alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979.

2.

Gearrtheideal agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 1979, No. 9

/images/harp.jpg


Uimhir 7 de 1987


AN tACHT TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA TALMHAÍOCHTA (AN CHOMHAIRLE OILIÚNA TALMHAÍOCHTA), 1979 . [20 Meitheamh, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Leasú ar alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 .

1. —Leasaítear leis seo alt 7 den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, féadfaidh an Chomhairle táillí a mhuirearú, a athrú, a ghlacadh agus a ghnóthú as seirbhísí comhairleacha sa talmhaíocht (mar a mhínítear le hAcht 1977) a sholáthraíonn sí.

(b) Aon táillí a bheartaíonn an Chomhairle a mhuirearú nó a athrú faoi mhír (a) den fho-alt seo agus aon téarmaí agus coinníollacha a bhaineann le muirearú nó le hathrú aon táillí den sórt sin atá beartaithe beidh siad faoi réir cheadú an Aire roimh ré, agus féadfaidh seisean méid aon táillí nó aon athraithe den sórt sin atá beartaithe, nó aon téarmaí nó aon choinníollacha den sórt sin atá beartaithe, a athrú agus is ceadú ginearálta nó ceadú a bhainfidh le táille, téarma nó coinníoll sonraithe nó le haicme nó le haicmí sonraithe táillí, téarmaí nó coinníollacha, aon cheadú den sórt sin.

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith ordú i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle scor, amhail ó cibé dáta a bheidh sonraithe san ordú, d'aon táille nó táillí a bheidh ceadaithe aige faoi mhír (b) den fho-alt seo a mhuirearú agus féadfaidh sé ordú i scríbhinn a thabhairt don Chomhairle ó am go ham aon táille nó táillí a bheidh ceadaithe amhlaidh a athrú amhail ó cibé dáta a bheidh sonraithe amhlaidh.

(d) Comhlíonfaidh an Chomhairle go cuí ordú faoi mhír (c) den fho-alt seo.”.

Gearrtheideal agus comhlua.

2. —(1) Féadfar an tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1987 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 agus 1987, a ghairm den Acht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta), 1979 , agus den Acht seo le chéile.