An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1987) Ar Aghaidh (Caibidil II Cáin Ioncaim: Faoiseamh i leith Infheistíochta i dTrádálacha Corpraithe)

10 1987

AN tACHT AIRGEADAIS, 1987

CUID I

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

Leasú ar alt 6 (liúntas speisialta i leith A.S.P.C. do 1982-83) den Acht Airgeadais, 1982 .

1. —Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1982 , d'fhonn a fhionnadh cad é méid an ioncaim ar a mbeidh cáin ioncaim don bhliain 1987-88 le muirearú ar phearsa aonair dá dtagraítear ann, ionann is dá ndéanfaí, i bhfo-alt (2)—

(a) “1987-88” a chur in ionad “1982-83”, agus

(b) “£286” a chur in ionad “£312”, gach áit a bhfuil sé.

Feidhm alt 10 (ioncam áirithe ó thalamh feirmeoireachta a léasú a bheith díolmhaithe) den Acht Airgeadais, 1985 .

2. —(1) San alt seo, tá le “léas cáilitheach”, “léasóir cáilitheach” agus “an méid sonraithe” na bríonna faoi seach a shanntar dóibh le halt 10 (1) den Acht Airgeadais, 1985 .

(2) Maidir le léas cáilitheach nó le léasanna cáilitheacha a dhéantar sa tréimhse dar tosach an 20ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1987, beidh éifeacht leis an alt sin 10 (1) ionann is dá mba thagairtí do £2,800 na tagairtí ann do £2,000:

Ar choinníoll, i gcás gurb é atá in ioncam léasóra cháilithigh, nó i gcás gur cuid den ioncam sin, cíos nó cíosanna ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar laistigh den tréimhse sin agus ó léas cáilitheach nó ó léasanna cáilitheacha a dhéantar aon tráth eile, nach mó an méid sonraithe ná £2,800.

Feidhm alt 16 (creidmheas i leith cánach feirme) den Acht Airgeadais, 1986 .

3. —Beidh feidhm agus éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1986 , don bhliain mheasúnachta 1986-87 ionann is dá mba thagairtí do cháin fheirme a bhí arna híoc nó arna hiompar an 30ú lá de Mheitheamh, 1987, nó roimhe, na tagairtí san alt sin don cháin sin a bhí arna híoc nó arna hiompar sa bhliain mheasúnachta sin.

Áit chónaithe daoine atá ag obair thar lear.

4. —(1) I gcás pearsa aonair, a bhfuil sainchónaí air sa Stát, a bheith ag gabháil go lánaimseartha do cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá, trádáil, gairm, oifig nó fostaíocht, agus go mbeidh an coinníoll a luaitear i bhfo-alt (2) comhlíonta, déanfar an cheist i dtaobh cónaí a bheith air sa Stát chun críocha cánach a chinneadh agus neamhaird á thabhairt ar aon áit chónaithe a bheidh á chothabháil sa Stát lena húsáid aige.

(2) Is é an coinníoll sin a dúradh ná gan aon chuid den trádáil ná den ghairm a bheith á seoladh sa Stát agus dualgais uile na hoifige nó na fostaíochta a bheith á gcomhlíonadh lasmuigh den Stát.

(3) Nuair a bheifear ag cinneadh an bhfuil dualgais oifige nó fostaíochta á gcomhlíonadh lasmuigh den Stát, aon dualgais a chomhlíontar sa Stát nach bhfuil ach baint theagmhasach idir a gcomhlíonadh agus comhlíonadh dhualgais na hoifige nó na fostaíochta lasmuigh den Stát, áireofar iad chun críocha an ailt seo mar dhualgais a rinneadh lasmuigh den Stát.

Leasú ar alt 14 (mar a dhéileálfar, ó thaobh cánach, le díbhinní áirithe) den Acht Airgeadais, 1986 .

5. —Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgeadais, 1986 , maidir leis an mbliain 1987-88 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis—

(a) trí “i leith scaireanna cáilithe” a chur isteach i ndiaidh “Aon díbhinn” i bhfo-alt (1),

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

“(1A) (a) San alt seo ciallaíonn ‘scaireanna cáilithe’, i ndáil le cuideachta, scaireanna is cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta agus ar scaireanna iad—

(i) atá láníoctha,

(ii) nach mbeidh ag gabháil leo aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchúil chun díbhinní nó chun sócmhainní na cuideachta ar í a fhoirceannadh, ná aon cheart tosaíochta láithreach nó todhchúil chun fuascailte, agus

(iii) nach bhfuil faoi réir aon déileála atá difriúil leis an déileáil atá i bhfeidhm maidir leis na scaireanna uile den aicme chéanna, go háirithe, déileáil difriúil—

(I) maidir leis an díbhinn is iníoctha,

(II) maidir le haisíoc,

(III) maidir le srianta a ghabhann leis na scaireanna,

(IV) maidir le haon tairiscint scaireanna, urrús nó ceart, de chineál ionadach nó breise, de thuairisc ar bith i leith na scaireanna.

(b) Ach amháin i gcás gurb é atá sna scaireanna, scaireanna i gcuideachta ar scaireanna d'aon aicme amháin a gnáth-scairchaipiteal, ní scaireanna cáilithe a bheidh i scaireanna chun críocha an ailt seo mura rud é, tráth íoca na díbhinne i leith na scaireanna lena mbaineann an t-éileamh faoin alt seo, maidir le formhór na scaireanna eisithe ar den aicme chéanna iad leis na scaireanna sin, go bhfuil siad á sealbhú ag daoine seachas—

(i) daoine a fuair a gcuid scaireanna de bhun aon tairbhe, cirt nó deise a tugadh dóibh mar stiúrthóir nó mar fhostaí de chuid na cuideachta lena mbaineann nó de chuid aon chuideachta eile agus ní de bhun tairisceana don phobal, agus

(ii) iontaobhaithe atá ag sealbhú scaireanna thar ceann daoine a fuair a leas tairbhiúil sna scaireanna de bhun tairbhe, cirt nó deise den chineál a luaitear i bhfomhír (i).

(c) San fho-alt seo tá le ‘gnáth-scairchaipiteal’ an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

(d) Ní áireofar scaireanna i gcuideachta, chun críocha an ailt seo, mar scaireanna d'aicme amháin nó mar scaireanna den aicme chéanna mura n-áireofaí amhlaidh iad dá ndéileálfaí iontu ar stocmhargadh sa Stát.”,

(c) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (2):

“Ar choinníoll, maidir leis an méid a ndéanfar ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha a laghdú de réir an ailt seo d'aon bhliain mheasúnachta, nach mó é—

(i) i gcás díbhinní cáilitheacha a d'íoc cuideachta—

(I) atá ar marthain go hiomlán chun trádáil, arb é atá inti go hiomlán nó go formhór monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , a sheoladh go hiomlán nó go formhór sa Stát, agus

(II) a bhunaigh scéim brabús-roinnte a bhí ceadaithe, agus atá fós á ceadú, ag na Coimisinéirí Ioncaim de réir Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1982 ,

ná £9,000, agus

(ii) i gcás díbhinní cáilitheacha a d'íoc aon chuideachta eile, ná £7,000:

Ar choinníoll thairis sin nach mó ná £9,000 an méid iomlán a mbeidh ioncam pearsan aonair dá bhfreagraíonn díbhinní cáilitheacha le laghdú faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta.”,

agus

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(2A) Chun críocha fho-alt (2), déanfar trádáil arb é atá inti monarú earraí de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , go páirteach, agus oibríochtaí trádála eile, go páirteach, a áireamh mar thrádáil arb é atá inti, go hiomlán nó go formhór, monarú earraí de réir na brí sin a dúradh más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta a sheolann an trádáil ó dhíol na n-earraí sin ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta ó na díolacháin go léir a dhéanfar i gcúrsa na trádála sin.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Aon díbhinn i leith scaireanna cáilithe arna híoc, an 6ú lá d'Aibreán, 1986, nó dá éis, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ar dáileadh iomchuí í chun críocha alt 45 den Acht Airgeadais, 1980 , is díbhinn cháilitheach í chun críocha an ailt seo.

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith úis.

6. —(1) I ndáil le haon ús arna íoc i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1987, nó dá éis, ní thabharfar faoiseamh faoi ailt 76 (1) (c) agus 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , ná faoi mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, i leith na breise a bheidh ag méid, nó ag méid comhiomlán, an úis ar 90 faoin gcéad de mhéid, nó de mhéid comhiomlán, an úis a dtabharfaí, ar leith ón alt seo, faoiseamh faoi na forálacha sin ina leith thairis sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir le hús ar airgead a gheofar ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.

Méid malartach ar cuntas cánach cuí.

7. —(1) Chun criocha an ailt seo—

(a) áireofar go bhfaibhríonn ús ó lá go lá mura n-áirítear ar shlí eile amhlaidh é,

(b) déanfar tagairtí do “dáta creidiúnúcháin ginearálta” a fhorléiriú, maidir le glacadóir taisce iomchuí, mar thagairtí do dháta ar a ndéanann an glacadóir taisce iomchuí an t-ús faibhrithe a bheidh dlite i leith na dtaiscí iomchuí a shealbhaíonn sé ar an dáta sin a chreidiúnú do na taiscí sin go léir nó don chuid is mó díobh (cibé acu a dhéanfar nó nach ndéanfar an t-ús a chur le hiarmhéideanna na dtaiscí iomchuí ar an dáta sin d'fhonn ús a ríomh a bheidh dlite ar dháta éigin sa todhchaí), agus

(c) déanfar tagairtí don “príomh-alt” a fhorléiriú mar thagairtí d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1986 .

(2) Más rud é, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1986-87 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis í), gur lú an méid cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha ag glacadóir taisce iomchuí don bhliain sin faoin bpríomh-alt ná an méid cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain dá mbeadh méid iomlán an úis a d'fhaibhrigh, sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch—

(a) an dáta creidiúnúcháin ginearálta maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin a thiteann sa bhliain mheasúnachta sin, nó

(b) má thiteann breis agus dáta creidiúnúcháin ginearálta amháin maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin sa bhliain mheasúnachta sin, cibé dáta acu is déanaí, nó

(c) mura dtiteann aon dáta creidiúnúcháin ginearálta maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin sa bhliain mheasúnachta sin, an 5ú lá d'Aibreán sa bhliain sin,

ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach mbeadh níos mó ná sin) íoctha aige sa tréimhse sin, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh na bliana measúnachta sin agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.

(3) I gcás feidhm a bheith ag forálacha an ailt seo maidir le glacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta, ní bheidh, d'ainneoin aon ní sa phríomh-alt, feidhm ag fo-alt (4) den phríomh-alt maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta sin ach beidh feidhm ag fo-alt (4) den alt seo maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain sin agus, maidir leis an nglacadóir taisce iomchuí sin don bhliain sin, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach, ar leith ón alt seo, d'fho-alt (4) den phríomh-alt, a fhorléiriú mar thagairt d'fho-alt (4) den alt seo.

(4) D'ainneoin fho-alt (3) den phríomh-alt, ní mór do ghlacadóir taisce iomchuí, maidir le gach bliain mheasúnachta, méid ar cuntas cánach cuí a íoc leis an Ard-Bhailitheoir laistigh de 15 lá ón 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta sin ar méid é nach lú ná an méid a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo; agus aon mhéid ar cuntas cánach cuí a bheidh íoctha amhlaidh ag an nglacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta, áireofar é, a mhéid is féidir, mar íocaíocht ar cuntas aon chánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3):

Ar choinníoll, i gcás inar mó an méid ar cuntas cánach cuí a íocfaidh glacadóir taisce iomchuí do bhliain mheasúnachta faoin bhfo-alt seo ná méid na cánach cuí a bheidh dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin faoin bhfo-alt sin (3), go ndéanfar an bhreis a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh aon mhéid a bheidh dlite agus iníoctha faoin bhfo-alt seo nó faoin bhfo-alt sin (3) ag an nglacadóir taisce iomchuí d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin (ach déanfar an fritháireamh sin, a mhéid is féidir, in aghaidh méid a bheidh dlite agus iníoctha amhlaidh ar dháta níos luaithe seachas ar dháta níos déanaí).

AN TÁBLA

A - (B - C)

i gcás

gurb é A méid na cánach cuí a bheadh dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an “bliain iomchuí” ina dhiaidh seo sa Tábla seo) de réir fho-alt (3) den phríomh-alt dá mbeadh méid iomlán an úis iomchuí a d'fhaibhrigh sa tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain iomchuí ar na taiscí iomchuí go léir a bhí á sealbhú ag an nglacadóir taisce iomchuí sa tréimhse sin (ach nach mbeadh níos mó ná sin) íoctha aige sa bhliain iomchuí,

gurb é B méid na cánach cuí a bhí dlite agus iníoctha ag an nglacadóir taisce iomchuí don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí de réir an fho-ailt sin (3), agus

gurb é C méid ar comhionann leis an méid is lú den mhéid ag B agus den mhéid a áireofar, de réir fhorálacha an fho-ailt seo nó de réir fhorálacha fho-alt (4) den phríomh-alt, mar mhéid a d'íoc an glacadóir taisce iomchuí ar cuntas na cánach cuí a bhí dlite agus iníoctha aige don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain iomchuí.

(5) Forléireofar an t-alt seo i dteannta Chaibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1986 , agus measfar aon cháin is iníoctha de réir an ailt seo a bheith iníoctha de réir na Caibidle sin.