An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Caomhnóireacht) Ar Aghaidh (CUID V Cearta Maoine)

26 1987

AN tACHT UM STÁDAS LEANAÍ, 1987

CUID IV

Cothabháil

Míniú (Cuid IV).

14. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 .

Tuismíocht atá faoi dhíospóid in imeachtaí cothabhála, etc.

15. —Más rud é, in aon imeachtaí os comhair cúirte i ndáil le cothabháil linbh nó íoc cnapshuime i leith caiteachas maidir le breith nó sochraid linbh, go mbraitheann déanamh aon ordaithe chun an chothabháil sin a dheonú nó an chnapshuim sin a íoc, de réir mar a bheidh, ar chinneadh gur tuismitheoir ar an leanbh duine, ní dhéanfaidh an chúirt aon ordú den sórt sin sna himeachtaí sin mura gcruthófar gur dóichí gur tuismitheoir ar an leanbh an duine sin.

Leasú ar alt 3 d'Acht 1976.

16. —Leasaítear leis seo alt 3 d'Acht 1976 i bhfo-alt (1)—

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “Cúirt”:

“ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach’ aon leanbh (lena n-áirítear leanbh nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile) atá faoi bhun sé bliana déag d'aois, nó, má tá an aois sin slánaithe aige—

(a) a bhfuil nó a mbeidh nó, dá ndéanfaí ordú faoin Acht seo do dhéanamh socrú le haghaidh íocaíochtaí tréimhsiúla lena chothú, a mbeadh oideachas nó teagasc lánaimsire á fháil aige in aon ollscoil, coláiste, scoil nó foras eile oideachais agus atá faoi bhun bliain is fiche d'aois, nó

(b) a bhfuil an oiread sin de mhíchumas meabhrach nó coirp air nach féidir leis le réasún é féin a chothabháil go hiomlán;”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “leanbh cleithiúnach den teaghlach”:

“ciallaíonn ‘leanbh cleithiúnach den teaghlach’, i ndáil le céile nó céilí, aon leanbh cleithiúnach—

(a) leis an dá chéile, nó a d'uchtaigh an dá chéile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó a bhfuil an dá chéile in loco parentis maidir leis, nó

(b) le ceachtar céile, nó a d'uchtaigh ceachtar céile faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó a bhfuil ceachtar céile in loco parentis maidir leis, i gcás go bhfuil caite ag an gcéile eile, agus a fhios aige nach é tuismitheoir an linbh é, leis an leanbh mar dhuine den teaghlach;”,

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ordú eatramhach”:

“ciallaíonn ‘ordú cnapshuime’ ordú faoi alt 21A den Acht seo;”,

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “ordú cothabhála”:

“ciallaíonn ‘ordú cothabhála’, de réir mar a éilíonn an comhthéacs, ordú faoi alt 5 nó 5A den Acht seo;”,

agus

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach roimh an míniú ar “ordú athrúcháin”:

“folaíonn ‘tuismitheoir’, i ndáil le leanbh cleithiúnach, duine a d'uchtaigh an leanbh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, ach ní fholaíonn sé duine is tuismitheoir ar an leanbh a uchtaíodh faoi na hAchtanna sin i gcás nach uchtaitheoir de chuid an linbh an duine;”.

Leasú ar alt 5 d'Acht 1976.

17. —Leasaítear leis seo alt 5 d'Acht 1976—

(a) i bhfo-alt (1) (c)—

(i) trí “faoin alt seo” a chur isteach i ndiaidh “ordú cothabhála”, agus

(ii) trí “den teaghlach” a chur isteach i ndiaidh “leanbh cleithiúnach”, gach áit a bhfuil sé,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

“(4) Le linn don Chúirt bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála faoin alt seo agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas—

(a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile—

(i) na gcéilí agus aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, agus

(ii) aon leanaí cleithiúnacha eile ar tuismitheoir orthu ceachtar céile,

lena n-áirítear ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag ceachtar céile nó ag aon leanaí den sórt sin chucu le reacht, nó faoi reacht, agus

(b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile—

(i) na gcéilí i leith a chéile agus i leith aon leanaí cleithiúnacha den teaghlach, agus

(ii) gach céile mar thuismitheoir, i leith aon leanaí cleithiúnacha eile,

agus riachtanais aon leanaí den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas.”,

agus tá an fo-alt sin (1) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(c) Sonrófar in ordú cothabhála faoin alt seo nó in ordú athrúcháin gach cuid d'íocaíocht faoin ordú ar le leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothú í agus féadfar an tréimhse, le linn bheith beo don duine a d'iarr an t-ordú, a shonrú ann a ndéanfar an oiread sin d'íocaíocht faoin ordú, ar chun leanbh cleithiúnach den teaghlach a chothú é, a íoc ina haghaidh.

Ordú cothabhála (soláthar le haghaidh leanaí cleithiúnacha áirithe).

18. —Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 5:

“5A.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, más rud é maidir le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas chuici ó cheachtar tuismitheoir de chuid an linbh, go bhfuil mainnithe ag an tuismitheoir eile an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) á ordú don tuismitheoir eile íocaíochtaí tréimhsiúla, chun an leanbh sin a chothú mar a dúradh, a íoc leis an tuismitheoir iarrthach go ceann cibé tréimhse le linn don tuismitheoir iarrthach a bheith beo, agus de cibé méid agus ag cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo más rud é, maidir le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile, gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas chuici ó aon duine seachas tuismitheoir, go bhfuil mainnithe ag tuismitheoir de chuid an linbh (nach leanbh é atá á chothabháil go hiomlán ag an tuismitheoir eile) an chothabháil sin is cuí sna himthosca a sholáthar don leanbh, féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cothabhála san Acht seo) á ordú don tuismitheoir íocaíochtaí tréimhsiúla chun an leanbh a chothú a íoc leis an duine sin go ceann cibé tréimhse le linn don duine sin a bheith beo, agus de cibé méid agus ag cibé tráthanna, is cuí leis an gCúirt.

(3) Le linn don Chúirt bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú cothabhála faoin alt seo agus, má chinneann sí é a dhéanamh, le linn di bheith ag cinneadh méid aon íocaíochta, beidh aird aici ar imthosca uile an cháis agus, go háirithe, ar na hábhair seo a leanas—

(a) ioncam, cumas tuillimh (más ann), maoin agus acmhainní airgeadais eile—

(i) gach duine de na tuismitheoirí,

(ii) an linbh chleithiúnaigh a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith, agus

(iii) aon leanaí cleithiúnacha eile de chuid ceachtar tuismitheoir,

lena n-áirítear ioncam nó sochair a bhfuil teideal ag ceachtar tuismitheoir, ag an leanbh cleithiúnach a dúradh nó ag na leanaí cleithiúnacha eile den sórt sin chucu le reacht nó faoi reacht, agus

(b) freagrachtaí airgeadais agus freagrachtaí eile gach duine de na tuismitheoirí—

(i) i leith céile,

(ii) i leith an linbh chleithiúnaigh a bhfuil an t-ordú á iarraidh ina leith, agus

(iii) i leith aon leanaí cleithiúnacha eile de chuid ceachtar tuismitheoir,

agus riachtanais aon linbh chleithiúnaigh a dúradh nó aon leanaí cleithiúnacha eile den sórt sin, lena n-áirítear aire agus aireachas.

(4) Ní dhéanfaidh an Chúirt ordú cothabhála faoi fho-alt (2) den alt seo i ndáil le tuismitheoir linbh chleithiúnaigh má tá ordú cothabhála i bhfeidhm faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal ar an tuismitheoir sin íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc chun an leanbh a chothú nó má tá soláthar déanta ag an tuismitheoir sin don leanbh trí chomhaontú a bhfuil, an tráth a éistfear an t-iarratas ar ordú faoin bhfo-alt sin (2) nó dá éis sin, íocaíochtaí le déanamh faoi agus a mbeidh ordú faoi alt 8A den Acht seo déanta i ndáil leis, mura rud é—

(a) nach bhfuil an tuismitheoir ag déanamh de réir an ordaithe faoin bhfo-alt sin (1) nó de réir an chomhaontaithe, de réir mar a bheidh, agus

(b) gur dóigh leis an gCúirt, ag féachaint do na himthosca uile, gur cuí déanamh amhlaidh,

ach, má dhéanann an Chúirt an t-ordú faoin bhfo-alt sin (2), aon mhéideanna a bheidh le híoc faoin bhfo-alt sin (1) nó faoin gcomhaontú, de réir mar a bheidh, ar dháta déanta an ordaithe faoin bhfo-alt sin (2) nó dá éis sin, ní bheidh siad iníoctha.”.

Leasú ar alt 6 d'Acht 1976.

19. —Leasaítear leis seo alt 6 d'Acht 1976, i bhfo-alt (3)—

(a) trí “den teaghlach”, sa chéad áit a bhfuil sé, a scriosadh, agus

(b) trí “chun críocha an ordaithe” a chur in ionad “den teaghlach”, mar a bhfuil sé go deireanach,

agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Beidh an chuid sin d'ordú cothabhála a dhéanann socrú chun leanbh cleithiúnach a chothú arna hurscaoileadh nuair a scoirfidh an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach mar gheall ar shé bliana déag d'aois nó bliain is fiche d'aois, de réir mar a bheidh, a shlánú dó, agus urscaoilfidh an Chúirt í, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (1) den alt seo, más deimhin léi go bhfuil scortha ar chúis ar bith ag an leanbh de bheith ina leanbh cleithiúnach chun críocha an ordaithe.

Orduithe i leith comhaontuithe áirithe eile.

20. —Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 8:

“8A.—I gcás—

(a) go ndéanfaidh tuismitheoirí linbh chleithiúnaigh nach bhfuil pósta ar a chéile comhaontú i scríbhinn tar éis thosach feidhme Chuid IV den Acht um Stádas Leanaí, 1987 , ina mbeidh ceachtar den dá fhoráil seo a leanas nó iad araon, is é sin le rá—

(i) foráil trína ngeallann tuismitheoir íocaíochtaí tréimhsiúla a íoc i leith chothabháil an linbh,

(ii) foráil, a dhéanann difear do leasanna an linbh, do rialú cearta agus dliteanais na dtuismitheoirí i leith a chéile maidir le híocaíochtaí (seachas íocaíochtaí a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo) a íoc nó a urrú, nó do rialú diúscairt nó úsáid aon mhaoine,

agus

(b) go ndéanfaidh tuismitheoir amháin nó an dá thuismitheoir iarratas chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Cuarda ar ordú a dhéanfaidh riail cúirte den chomhaontú,

féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a dhéanamh más deimhin léi gur comhaontú cóir réasúnach é a leor-chosnaíonn, sna himthosca go léir, leasanna an linbh agus, a mhéid a bhainfidh an t-ordú sin le foráil a shonraítear i mír (a) (i) den alt seo, measfar, chun críocha alt 9 agus Chuid III den Acht seo, gur ordú cothabhála é.”.

Caiteachais i ndáil le breith agus sochraid linbh chleithiúnaigh.

21. —(1) Leasaítear leis seo Acht 1976 tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:

“21A.—(1) Féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh (dá ngairtear ordú cnapshuime san Acht seo) i gcás gur dealraitheach don Chúirt, ar iarratas—

(a) i ndáil le leanbh cleithiúnach den teaghlach, ó chéile, nó

(b) i ndáil le leanbh cleithiúnach nach bhfuil a thuismitheoirí pósta ar a chéile, ó thuismitheoir,

go bhfuil mainnithe ag an gcéile eile nó ag an tuismitheoir eile, de réir mar a bheidh, an ranníoc sin is cuí sna himthosca a dhéanamh faoi chomhair na gcaiteachas a ghabh le ceachtar díobh seo a leanas nó leo araon—

(i) breith linbh ar leanbh cleithiúnach é nó ar leanbh cleithiúnach a bheadh ann dá mbeadh sé beo tráth an iarratais ar ordú cnapshuime,

(ii) sochraid linbh ar leanbh cleithiúnach é nó ar leanbh cleithiúnach a bheadh ann dá mbéarfaí beo é,

agus in aon ordú cnapshuime ordófar don chéile is freagróir nó don tuismitheoir is freagróir, de réir mar a bheidh, cnapshuim nach mó ná £1,500 a íoc leis an iarratasóir, ach ní ordófar in aon ordú den sórt sin go n-íocfaí méid is mó ná £750 maidir le breith linbh lena mbaineann an t-alt seo ná £750 maidir le sochraid linbh den sórt sin.

(2) Beidh feidhm ag alt 5 (4) (arna leasú leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ) nó 5A (3) (arna chur isteach leis an Acht sin) den Acht seo, de réir mar is iomchuí, chun méid aon chnapshuime faoin alt seo a chinneadh amhail mar atá feidhm aige chun méid aon íocaíochta faoi alt 5 nó 5A den Acht seo, de réir mar is iomchuí a chinneadh.

(3) (a) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo, cé is moite den fho-alt seo, dochar d'aon cheart atá ag duine airgead a caitheadh i ndáil le breith nó sochraid linbh a ghnóthú ar shlí eile.

(b) I gcás cinneadh a bheith déanta ar iarratas ar ordú cnapshuime, ní bheidh an t-iarratasóir i dteideal airgead a ghnóthú ar shlí eile ón bhfreagróir i ndáil le hábhair a cinneadh amhlaidh.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Sláinte, 1970 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

“(3) Le linn bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú faoi alt 21A den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ), sa mhéid go mbaineann aon ordú den sórt sin le caitéachais a íoc a ghabh le breith linbh, ní chuirfidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais faoin alt seo.”.

(3) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Le linn bheith ag cinneadh an ndéanfaidh nó nach ndéanfaidh sí ordú faoi alt 21A den Acht um an Dlí Teaghlaigh (Cothabháil Céilí agus Leanaí), 1976 (arna chur isteach leis an Acht um Stádas Leanaí, 1987 ), sa mhéid go mbaineann aon ordú den sórt sin le caiteachais a íoc a ghabh le breith linbh, ní chuirfidh an Chúirt Chuarda nó an Chúirt Dúiche, de réir mar a bheidh, san áireamh go bhfuil máthair an linbh i dteideal liúntais mháithreachais.”.

Leasú ar alt 23 d'Acht 1976.

22. —Leasaítear leis seo alt 23 d'Acht 1976 trí “ailt 5, 5A, 6, 7, 9 agus 21A” a chur in ionad “ailt 5, 6, 7 agus 9” i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach le hAcht na gCúirteanna, 1981 ), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh dlínse ag an gCúirt Chuarda agus ag an gCúirt Dúiche imeachtaí faoi ailt 5, 5A, 6, 7, 9 agus 21A den Acht seo a éisteacht agus a chinneadh.

Leasú ar alt 24 d'Acht 1976.

23. —Leasaítear leis seo alt 24 d'Acht 1976 trí “nó 8A” a chur isteach i ndiaidh “alt 8” agus trí “faoi cheachtar de na hailt sin” a chur in ionad “faoin alt sin” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

24.—Aon íocaíocht thréimhsiúil airgid a dhéanfar de bhun ordaithe cothabhála, ordaithe athrúcháin, ordaithe eatramhaigh, ordú faoi alt 8 nó 8A den Acht seo (a mhéid a mheastar faoi cheachtar de na hailt sin gur ordú cothabhála é) nó ordaithe astaithe tuillimh déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti.

Leasú ar an Acht Cosanta, 1954 .

24. —(1) Déanfar an tagairt in alt 98 (1) (d) den Acht Cosanta, 1954 , d'ordú ó chúirt shibhialta faoi alt 3, 6 nó 7 d'Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 , a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoi alt 5A, 6, 7 nó 21A d'Acht 1976 (arna leasú leis an gCuid seo) nó d'ordú faoi alt 8A (arna chur isteach leis an gCuid seo) d'Acht 1976 (a mhéid a mheastar faoin alt sin gur ordú cothabhála é).

(2) Déantar leis seó alt 99 (mar a thugtar réim dó maidir le mná de bhua ailt 2 agus 5 den Acht Cosanta (Leasú) (Uimh. 2), 1979 ) den Acht Cosanta, 1954 (a bhaineann le hasbhaintí as pá comhaltaí áirithe de na Buan-Óglaigh i leith céile nó leanaí dlisteanacha a chothabháil) a leasú trí “a chéile nó aon duine dá leanaí (lena n-áirítear aon duine dá leanaí nach tuismitheoir air a chéile agus aon leanaí a d'uchtaigh sé faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976)” a chur in ionad “a bhean chéile nó aon duine dá leanaí dlisteanacha” agus trí “an céile nó aon leanaí den sórt sin” a chur in ionad “an bhean chéile nó na leanaí dlisteanacha sin” i bhfo-alt (1).

Aisghairm Acht 1930 agus forálacha iarmhartacha.

25. —(1) Aisghairtear leis seo Acht na Leanbhaí Tabhartha (Orduithe Athairíochta), 1930 (dá ngairtear “Acht 1930” ina dhiaidh seo san alt seo).

(2) Aon ordú arna dhéanamh ag cúirt faoi fhorálacha Acht 1930 agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme na Coda seo measfar chun gach críche, sa mhéid go bhféadfadh an t-ordú sin a bheith déanta faoi alt 5A (arna chur isteach leis an gCuid seo) d'Acht 1976 dá mbeadh sé i ngníomh an tráth a rinneadh an t-ordú sin, gur ordú é a rinneadh faoin alt sin 5A.

(3) Aon imeachtaí a bheidh tionscanta faoi fhorálacha Acht 1930 agus nach mbeidh críochnaithe roimh thosach feidhme na Coda seo measfar, chun gach críche, sa mhéid go bhféadfadh na himeachtaí sin a bheith tionscanta faoi alt 5A d'Acht 1976 dá mbeadh sé i bhfeidhm an tráth a tionscnaíodh iad, gur imeachtaí iad faoin alt sin 5A agus féadfar leanúint leo dá réir sin.

(4) Ní dochar fo-ailt (2) agus (3) den alt seo d'aon imeachtaí a tionscnaíodh, nó d'aon ordú nó cuid d'ordú den sórt sin a rinneadh, faoi Acht 1930 ar imeachtaí, ordú nó cuid d'ordú iad nach mbaineann na fo-ailt sin leo.