27 1987

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1987


AN tACHT IOMPAIR, 1987

RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Urscaoileadh ar dhliteanas an Bhoird airleacain áirithe a aisíoc agus ús a íoc.

3.

Cumhachtaí chun iasachtaí a fháil.

4.

An Stát do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Bord.

5.

Leasú ar alt 21 (7) den Acht Iompair, 1950.

6.

Leasú ar alt 22 (4) den Acht Iompair, 1950.

7.

Leasú ar alt 59 (1) den Acht Iompair, 1950.

8.

Leasú ar alt 25 (1) den Acht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971.

9.

Leasú ar alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868.

10.

Leasú ar alt 5 den Regulation of Railways Act, 1889.

11.

Cumhacht gabhála.

12.

Caiteachais.

13.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Offences against the Person Act, 1861

24 & 25 Vict. c. 100

Regulation of Railways Act, 1868

31 & 32 Vict. c. 119

Regulation of Railways Act, 1889

52 & 53 Vict. c. 57

An tAcht Iompair, 1950

1950, Uimh. 12

An tAcht Iompair, 1964

1964, Uimh. 30

An tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971

1971, Uimh. 14

/images/harp.jpg


Uimhir 27 de 1987


AN tACHT IOMPAIR, 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE I nDÁIL LE hIOM-PAR. [22 Nollaig, 1987]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Iompair, 1964 ;

ciallaíonn “Acht 1971” an tAcht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971 ;

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Turasóireachta agus Iompair.

(2) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán, nó faoi aon achtachán, dá éis sin.

Urscaoileadh ar dhliteanas an Bhoird airleacain áirithe a aisíoc agus ús a íoc.

2. —(1) Na hairleacain, arb ionann a n-iomlán agus £44,458,691 a thug an tAire Airgeadais don Bhord faoi alt 4 (1) d'Acht 1964 ní bheidh siad, d'ainneoin aon chinnidh faoi alt 4 (2) den Acht sin ón Aire Airgeadais maidir le téarmaí a cheanglaíonn na hairleacain sin a aisíoc, inaisíoctha ag an mBord.

(2) D'ainneoin aon téarmaí maidir le híoc úis arna gcinneadh ag an Aire Airgeadais faoi alt 4 (2) d'Acht 1964, ní bheidh aon ús iníoctha ag an mBord i leith na n-airleacan dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo in aghaidh tréimhse ar bith tar éis thosach feidhme an Achta seo.

Cumhachtaí chun íasachtaí a fháil.

3. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú roimh ré ón Aire, arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé airgead a fháil ar iasacht, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, de réir mar a bheidh ag teastáil uaidh, faoi chomhair a oibleagáidí agus chun a dhualgais a chomhlíonadh.

(2) Feidhmeoidh an Bord na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo i slí nach mó ná £45,000,000 san iomlán méid nó méideanna na príomhshuime a dhlífidh an Bord aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon dliteanais nó dliteanas a tabhaíodh faoin alt seo.

(3) I ndáil le méid nó méideanna iomlána na príomhshuime ag aon tráth áirithe a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar airgead a gheofar ar iasacht in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit a ríomh mar an choibhéis in airgead reatha an Stáit faoi threoir an ráta iomlaoide a bheidh i bhfeidhm tráth na hiasachta a fháil.

An Stát do ráthú iasachtaí a gheobhaidh an Bord.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, seachas ón Aire Airgeadais, faoi alt 3 den Acht seo nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfar a áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha a éireoidh i ndáil le hairgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná £45,000,000 méid, nó méid iomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha aige roimhe sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.

(3) D'fhonn méid na príomhshuime a ráthóidh an tAire Airgeadais faoin alt seo, faoi threoir na teorann le príomhsuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo, a ríomh déanfar, maidir le príomhshuim in airgead reatha coigríche, a coibhéis in airgead reatha an Stáit a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bheidh i bhfeidhm tráth na ráthaíochta a thabhairt.

(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina leagfar amach, maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás aon íocaíocht a bheith déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) méid na príomhshuime a bhí faoi bhrí na ráthaíochta agus a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.

(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le haghaidh suimeanna a airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoraidh fáis agus chun na suimeanna sin a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca, fuascailte nó eile, is cuí leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(7) Déanfar príomhshuim na n-urrús go léir, agus ús ar na hurrúis go léir, a eiseofar faoi fho-alt (6) den alt seo, agus na caiteachais a thabhófar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin, a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus beidh siad iníoctha as an gcéanna.

(8) Déanfaidh an Bord airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.

(9) I gcás an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (8) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh gan íoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(10) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (9) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire sin ag cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire agus, in éagmais aisíoc a dhéanamh mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(11) Déanfar airgead a d'íoc an Bord faoi fho-alt (8) nó (10) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is cuí leis an Aire Airgeadais.

(12) I ndáil le ráthaíochtaí arna dtabhairt ag an Aire Airgeadais faoin alt seo in airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit—

(i) gach tagairt de na tagairtí do phríomhshuim, gach tagairt de na tagairtí d'ús agus an tagairt do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo measfar gur tagairtí iad don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, don ús iarbhír agus do na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an choibhéis sin a ríomh de réir chostas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit an tráth a dhéantar an ríomh,

(ii) an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (4) den alt seo measfar gur tagairt í don mhéid in airgead reatha an Stáit is coibhéis don phríomhshuim iarbhír, agus an choibhéis sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide de thuras na huaire don airgead reatha sin agus d'airgead reatha an Stáit an tráth a dhéantar an ríomh, agus

(iii) gach tagairt de na tagairtí d'airgead i bhfo-alt (5) agus i bhfo-ailt (8) go (10) den alt seo measfar gur tagairt í do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.

Leasú ar alt 21 (7) den Acht Iompair, 1950 .

5. —Leasaítear leis seo alt 21 (7) d'Acht 1950 trí “nó thairiscint” a chur isteach i ndiaidh “cheaint”.

Leasú ar alt 22 (4) den Acht Iompair, 1950 .

6. —Leasaítear leis seo alt 22 (4) d'Acht 1950 trí “£400 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 3 mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile,” a chur in ionad “deich bpuint”.

Leasú ar alt 59 (1) den Acht Iompair, 1950 .

7. —Leasaítear leis seo alt 59 (1) d'Acht 1950 trí “£500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile,” a chur in ionad “dhá phunt”.

Leasú ar alt 25 (1) den Acht Iompair (Forálacha Ilghnéitheacha), 1971 .

8. —Leasaítear leis seo alt 25 (1) d'Acht 1971 trí “£500 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile,” a chur in ionad “£25”.

Leasú ar alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868.

9. —Leasaítear leis seo alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868—

(a) trí na focail “and travels more than twenty miles without stopping,” a scriosadh,

(b) trí “£500” a chur in ionad “ten pounds”, agus

(c) trí “£500, or at the discretion of the court, to imprisonment for a term not exceeding 3 months, or to both the fine and the imprisonment” a chur in ionad “twenty-five pounds” (arna ionadú le hAcht 1971).

Leasú ar alt 5 den Regulation of Railways Act, 1889.

10. —Leasaítear leis seo alt 5 den Regulation of Railways Act, 1889—

(a) i bhfo-alt (1) trí “£400, or at the discretion of the court, to imprisonment for a term not exceeding 3 months, or to both the fine and the imprisonment” a chur in ionad “forty shillings”, agus

(b) i bhfo-alt (3), trí “to a fine not exceeding £400, or at the discretion of the court, to imprisonment for a term not exceeding 3 months, or to both the fine and the imprisonment” a chur in ionad na bhfocal ó “to a fine not exceeding forty shillings,” go dtí deireadh an fho-ailt.

Cumhacht gabhála.

11. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine a ghabháil gan bharántas i gcás go mbeidh cúis réasúnach ag an gcomhalta lena chreidiúint go bhfuil cion á dhéanamh, nó déanta, ag an duine sin, faoi aon alt díobh seo a leanas—

(a) alt 59 (1) d'Acht 1950,

(b) alt 25 (1) d'Acht 1971,

(c) alt 34 den Offences against the Person Act, 1861, nó

(d) alt 22 den Regulation of Railways Act, 1868 (sa mhéid go mbaineann sé le cionta ag paisinéirí).

Caiteachais.

12. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

13. —Féadfar an tAcht Iompair, 1987 , a ghairm den Acht seo.