An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III Árachas Sóisialach do Dhaoine Féinfhostaithe) Ar Aghaidh (SCEIDEAL A)

7 1988

AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1988

CUID IV

Leasuithe Ilghnéitheacha

An Probation of Offenders Act, 1907, a fheidhmiú maidir le daoine áirithe.

19. —I gcás—

(a) go gcúiseofar duine i gcion i ndáil le haon sochar, pinsean, cúnamh nó liúntas a fháil faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, agus

(b) go mbeartóidh an chúirt ordú a dhéanamh faoi alt 1 (1) den Probation of Offenders Act, 1907,

ní dhéanfaidh an chúirt an t-ordú sin go dtí gur deimhin léi go mbeidh aon mhéideanna aisíoctha a dhlífear a aisíoc i leith an tsochair, an phinsin, an chúnaimh nó an liúntais sin.

Forálacha a bhaineann le hionchúisimh.

20. —(1) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire.

(2) Féadfar ionchúiseamh i leith ciona achomair faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a thionscnamh ar agra an Aire.

(3) D'ainneoin fhorálacha fho-alt (1) den alt seo nó aon fhoráil in aon achtachán a shonraíonn an tréimhse ar féidir imeachtaí a thionscnamh lena linn, féadfar ionchúiseamh i leith ciona achomair faoin bPríomh-Acht no faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta a thionscnamh tráth ar bith laistigh de cibé tréimhse díobh seo a leanas is deireanaí a rachaidh in éag—

(a) an tréimhse sé mhí dar tosach an dáta ar tháinig leorfhianaise i seilbh an Aire le gur chóir an t-ionchúiseamh sin a thionscnamh, nó

(b) an tréimhse dhá bhliain dar tosach an dáta a rinneadh an cion.

(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, is leorfhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, maidir leis an dáta ar tháinig an fhianaise sin a dúradh i seilbh an Aire, deimhniú arna shéalú le séala oifigiúil an Aire ag lua an dáta sin.

(5) Má tharlaíonn in ionchúiseamh i leith ciona faoin bPríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú fhorálacha an Phríomh-Achta, go suífear chun sástacht na cúirte—

(a) go ndearna duine (dá ngairtear an cosantóir san alt seo) iarratas ar aon sochar, cúnamh, liúntas nó forlíonadh faoi Chodanna II, III, IV nó IVA den Phríomh-Acht, agus

(b) go ndearnadh de thoradh an iarratais sin aon sochar, cúnamh, liúntas nó forlíonadh den sórt sin a íoc le haon duine (cibé acu arbh é an sochar, an cúnamh, an liúntas nó an forlíonadh sin a iarradh nó nárbh é agus cibé acu ar leis an gcosantóir nó nár leis a íocadh é),

toimhdeofar gur thug an cosantóir aon fhaisnéis a bheidh san iarratas (nó gur chuir sé faoi deara í a thabhairt thar a cheann) agus, i gcás gur faisnéis bhréagach an fhaisnéis sin, gurbh eol dó go hiomlán gurbh fhaisnéis bhréagach í agus gur thug sé í le hintinn go meabhlódh sí; ach féadfar an toimhde sin a fhrisnéis.

(6) Chun imeachtaí a thionscnamh faoin bPríomh-Acht, deimhniú a airbheartaíonn a bheith tugtha ag oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire agus a bheith sínithe ag an oifigeach sin, lena ndeimhnítear na fíorais seo a leanas, eadhon, gur oifigeach don Aire duine agus go bhfuil sé údaraithe faoi threoir speisialta nó ginearálta ón Aire na himeachtaí sin a thionscnamh, nó gur thoiligh an tAire le tionscnamh na n-imeachtaí sin, beidh sé ina leorfhianaise in aon imeachtaí dlíthiúla ar na nithe a dheimhnítear sa deimhniú go dtí go suífear a mhalairt.

(7) In aon imeachtaí i leith ciona faoi Chuid II, nó faoi Chaibidil 2 de Chuid III, den Phríomh-Acht nó faoi rialacháin arna ndéanamh faoi réim nó d'fheidhmiú na bhforálacha sin, beidh banchéile nó fearchéile an duine a cúisíodh sa chion, inniúil d'ainneoin aon achtacháin eile ar fhianaise a thabhairt, cibé acu ar son nó in aghaidh an duine sin, ach ní inordaithe don bhanchéile ná don fhearchéile fianaise a thabhairt ná, le linn fianaise a thabhairt, aon eolas a nochtadh a thug an duine sin di nó dó, de réir mar a bheidh, le linn an phósta.

(8) Aisghairtear leis seo na forálacha seo a leanas:

(a) sa Phríomh-Acht—

(i) alt 116,

(ii) alt 145,

(iii) alt 168,

(iv) fo-ailt (4) agus (5) d'alt 188, agus

(v) fo-ailt (4) agus (5) d'alt 231;

(b) in Acht 1986, alt 20.

Pionóis a mhéadú i gcás ciontú ar díotáil.

21. —Duine a chiontófar ar díotáil i gcion dá bhforáiltear fíneáil nó téarma príosúnachta in aon alt den Phríomh-Acht a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo dlífear—

(a) in ionad na fíneála a fhoráiltear don chiontú sin in aon alt den sórt sin, fíneáil nach mó ná £10,000, nó

(b) in ionad an téarma príosúnachta a fhoráiltear don chiontú sin in aon alt den sórt sin, téarma príosúnachta nach faide ná trí bliana,

nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air.

AN TÁBLA

Alt 114 (4) (arna leasú le halt 15 d'Acht 1986);

Alt 143A (5) (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1985);

Ailt 115 (1), 115 (2), 115 (3), 144 (1), 144 (2), 169 (1), 174 (2), 188 (1), 231 (1) agus 294 (arna leasú le halt 12 d'Acht 1985).

Méaduithe ar fhíneálacha áirithe i gcás ciontú go hachomair.

22. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí “£1,000” a chur in ionad “£500” (a cuireadh isteach le halt 12 d'Acht 1985), in alt 185 (3), agus

(b) trí “£500” a chur in ionad “£100” in alt 298 (10).

Tréimhsí bearnaithe fostaíochta le cur san áireamh d'fhonn teideal chun sochair a fhionnadh.

23. —(1) Leasaítear leis seo alt 22 (a bhaineann le ré na híocaíochta i gcás sochair mhíchumais) den Phríomh-Acht tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) roimh an lá sin go raibh teideal ag an duine sin, i leith aon tréimhse bearnaithe fostaíochta (cibé acu is cuid de an lá sin nó nach ea) le linn na tréimhse dar tosach an dáta sé bliana roimh an 5ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain sochair ina dtarlaíonn an lá sin, agus dar críoch an lá sin, chun sochair mhíchumais in aghaidh 312 lá,”.

(2) Bainfidh an t-alt seo le haon éileamh ar shochar míchumais a fhaightear an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.

Méideanna is iníoctha mar shochar díobhála agus mar chúnamh dífhostaíochta.

24. —(1) Leasaítear leis seo alt 42 den Phríomh-Acht (a bhaineann le teideal chun sochair dhíobhála) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

“(5) Is é an méid is iníoctha mar shochar díobhála in aghaidh aon lae áirithe éagumais an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí faoi réir an choinníll go ndéanfar an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire i gcás gur iolraí ar 5p é ach nach iolraí freisin ar 10p é agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí ar 5p ná 10p é.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 150 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cúnamh dífhostaíochta a íoc) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

“(3) Is é an méid is iníoctha mar chúnamh dífhostaíochta in aghaidh aon lae dífhostaíochta an séú cuid den ráta seachtainiúil iomchuí faoi réir an choinníll go ndéanfar an méid iomlán a bheidh á íoc tráth ar bith de bhua an fho-ailt seo a chothromú suas go dtí an 10p is gaire is gcás gur iolraí ar 5p é ach nach iolraí freisin ar 10p é agus a chothromú go dtí an 10p is gaire i gcás nach iolraí ar 5p ná 10p é.”.

(3)   (a) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá d'Iúil, 1988, agus

(b) tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1988.

Éifeacht acmhainne ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.

25. —(1) Leasaítear leis seo alt 140 den Phríomh-Acht (a bhaineann le héifeacht acmhainne ar rátaí a mbeidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha dá réir) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

“(b) má bhíonn acmhainn aige, de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 10p sa tseachtain in aghaidh gach 10p nó cuid de 10p dá acmhainn.”.

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh (Uimh. 2), 1985 (a bhaineann le lánúineacha pósta a bheith i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) I gcás nach cleithiúnaí aosaithe céile iarratasóra ar chúnamh dífhostaíochta, is de réir ráta is ionann agus an ráta sceidealta arna laghdú 10p in aghaidh gach 20p nó cuid de 20p dá chuid acmhainne a bheidh cúnamh dífhostaíochta iníoctha leis an iarratasóir.”.

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 20ú lá d'Iúil, 1988.

Forálacha a bhaineann le híocaíochtaí ó údaráis áitiúla a aisghairm.

26. —(1) Aisghairtear leis seo ailt 153 (a bhaineann le híocaíochtaí leis an Aire ó údaráis áitiúla) agus 154 (a bhaineann le deimhnithe luachála) den Phríomh-Acht.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1989.

Leasú ar an Acht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981 .

27. —Leasaítear leis seo an tAcht um Scéim Ranníocaí Fostaíochta Fostóirí, 1981

(a) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

“4. Aistreofar an t-airgead a bheidh chun creidmheas na scéime go dtí cuntas Chiste na nDíobhálacha Ceirde lena mbaineann alt 67 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú), 1981 .”, agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (6) d'alt 6:

“(6) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an Aire Leasa Shóisialaigh an t-airgead go léir a bheidh íoctha i leith an ranníoca fostaíochta fostóra agus aistreoidh an tAire sin é go dtí cuntas Chiste na nDíobhálacha Ceirde dá dtagraítear in alt 4 den Acht seo.”.

Liúntas réamhscoir.

28. —(1) Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) tríd an mír bhreise seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (1) d'alt 134 (a bhaineann leis an gcineál cúnaimh):

“(k) liúntas réamhscoir.”,

(b) tríd an gCaibidil seo a leanas a chur isteach i gCuid III i ndiaidh Chaibidil 2:

“Caibidil 2A

LIÚNTAS RÉAMHSCOIR

Teideal chun liúntais réamhscoir.

156A.—Faoi réir na Caibidle seo, beidh liúntas (dá ngairtear ‘liúntas réamhscoir’ sa Chaibidil seo) iníoctha, faoi réir rialachán, maidir le haon tréimhse scoir le duine—

(a) a mbeidh an aois a shonraítear le rialacháin slánaithe aige ach nach mbeidh aois inphinsin slánaithe aige,

(b) a raibh sochar dífhostaíochta nó cúnamh dífhostaíochta á fháil aige ar feadh 390 lá ar a laghad in aghaidh aon tréimhse leanúnaí dífhostaíochta sa tréimhse díreach roimhe sin mar a fhorléirítear de réir alt 135 (2),

(c) a chomhlíonfaidh na coinníollacha maidir le hacmhainn a fhorordaítear chun críocha na Caibidle seo, agus

(d) a bheadh in aon chás eile i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta de réir an ráta sceidealta arna chinneadh de réir alt 140 (1) (a) nó de réir cibé rátaí eile a fhorordófar.

An ráta liúntais réamhscoir.

156B.—Faoi réir rialachán faoi alt 156C, is de réir an ráta a bheadh i bhfeidhm dá mbeadh an duine i dteideal cúnaimh dhífhostaíochta faoi Chaibidil 2 de Chuid III a bheidh an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir.

Rialacháin.

156C.—(1) Faoi réir cheadú an Aire Airgeadais féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Chaibidil seo.

(2) Maidir le rialacháin faoin alt seo féadfaidh siad go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1)—

(a) an aois a shonrú chun críocha alt 156A (a),

(b) na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh maidir le hacmhainn a fhorordú chun críocha alt 156A (c),

(c) na tréimhsí a shonrú a measfar gur tréimhsí scoir iad chun críocha na Caibidle seo, agus

(d) aon fhorálacha den Acht seo nó rialacháin faoi a chur chun feidhme (fara nó d'éagmais modhnaithe), nó forálacha a dhéanamh (fara nó d'éagmais modhnaithe) ar comhréir le haon fhorálacha den Acht seo nó le rialacháin faoi.

(3) Féadfaidh an tAire, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, an ráta seachtainiúil liúntais réamhscoir faoi alt 156B a athrú le rialacháin ach ní laghdóidh aon athrú den sórt sin na rátaí seachtainiúla ab infheidhme díreach roimh thosach feidhme na rialacháin sin.”.

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Fostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde).

29. —Leasaítear leis seo alt 38 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (f) d'fho-alt (3):

“(f) fostaíocht, ar shlí seachas faoi chonradh seirbhíse, a shonraítear i mír 12 de Chuid I den Chéad Sceideal.”,

agus

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11) (a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1983 ):

“(11) Le linn do dhuine atá dífhostaithe a bheith ag freastal ar chúrsa oiliúna a sholáthraigh nó a cheadaigh An Foras Áiseanna Saothair, An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta nó An Chomhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint, Teoranta, measfar chun críocha na Coda seo é a bheith i bhfostaíocht inárachaithe (díobhálacha ceirde) agus é a bheith fostaithe ag an bhForas Áiseanna Saothair, ag an gComhairle Oiliúna Talmhaíochta nó ag an gComhairle um Oideachas, Earcaíocht agus Oiliúint, Teoranta (de réir mar a bheidh).”.

Coinníollacha chun pinsin seanaoise agus baintrí (ranníocach) agus sochar banchéile thréigthe a fháil.

30. —Leasaítear leis seo an Príomh-Acht—

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (11) d'alt 79 (a bhaineann leis na coinníollacha chun pinsin seanaoise (ranníocach) a fháil):

“(12) Faoi réir fho-alt (13), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun pinsin seanaoise (ranníocach) ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 , a theacht i ngníomh.

(13) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (12) go mbeidh pinsean seanaoise (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal, agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (c) comhlíonta.”,

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (9) d'alt 93 (a bhaineann leis na coinníollacha chun pinsean baintrí (ranníocach) a fháil):

“(10) Faoi réir fho-alt (11), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun pinsin baintrí (ranníocach) ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta faoi threoir taifid árachais duine i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 , a theacht i ngníomh.

(11) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (10) go mbeidh pinsean baintrí (ranníocach) is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta.”, agus

(c) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8) d'alt 101 (a bhaineann leis an gcoinníoll chun sochar banchéile thréigthe a fháil):

“(9) Faoi réir fho-alt (10), féadfar a fhoráil le rialacháin, faoi réir cheadú an Aire Airgeadais, go mbeidh teideal chun sochair banchéile thréigthe ag duine a mbeadh an teideal sin aige mura mbeadh nach bhfuil an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) comhlíonta faoi threoir taifid árachais duine i gcás gur tháinig an duine sin, tar éis dó scor roimhe sin de bheith ina ranníocóir fostaithe, chun bheith ina ranníocóir fostaithe de dhroim alt 12 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1973 , a theacht i ngníomh.

(10) Forálfar le rialacháin chun críocha fho-alt (9) go mbeidh sochar banchéile thréigthe is iníoctha de bhua na rialachán sin iníoctha de réir ráta is lú ná an ráta a shonraítear sa Dara Sceideal agus féadfar an ráta a shonrófar leis na rialacháin a athrú de réir an méid a bheidh an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-alt (1) (b) (ii) comhlíonta.”.

Faisnéis a mhalartú.

31. —(1) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon achtachán, féadfaidh an tAire faisnéis atá aige chun críocha an Phríomh-Achta (lena n-áirítear bailiú ranníocaí fostaíochta agus féinfhostaíochta ag na Coimisinéirí Ioncaim) a aistriú go dtí na Coimisinéirí Ioncaim, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis atá acu chun críocha an Phríomh-Achta nó na nAchtanna Cánach Ioncaim, a bhaineann le fostóirí, le tuilleamh ináirithe ranníocóirí fostaithe nó le hioncam ináirithe nó díolaíochtaí ináirithe ranníocóirí féinfhostaithe nó le haon íocaíochtaí arna ndéanamh faoin bPríomh-Acht, a aistriú go dtí an tAire.

(2) D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon achtachán, féadfaidh an tAire faisnéis atá aige chun críocha an Phríomh-Achta nó chun scéimeanna a rialú a riarann an tAire nó an Roinn Leasa Shóisialaigh nó a riartar thar a gceann, a aistriú go dtí Aire eile den Rialtas nó go dtí comhlacht sonraithe agus aon fhaisnéis atá ag Aire eile den Rialtas nó ag comhlacht sonraithe agus is gá chun na gcríoch sin nó chun aon scéim den sórt sin a rialú a riarann Aire eile den Rialtas nó comhlacht sonraithe, féadfaidh an tAire sin den Rialtas nó an comhlacht corpraithe an fhaisnéis sin a aistriú go dtí an tAire.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “comhlacht sonraithe” údarás áitiúil (chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ), bord sláinte, an Garda Síochána nó aon chomhlacht eile arna bhunú—

(a) le haon achtachán nó faoi aon achtachán (seachas Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986), nó

(b) faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1986, de bhun cumhachtaí a thugtar le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile,

agus a mhaoinítear go hiomlán nó go páirteach le hairgead a chuireann Aire den Rialtas ar fáil nó le hiasachtaí a dhéanann nó a ráthaíonn sé nó le heisiúint scaireanna a shealbhaíonn Aire den Rialtas nó a shealbhaítear thar a cheann agus fochomhlacht d'aon chomhlacht den sórt sin.