|
|||||
|
[EN] | ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 9 de 1988 | ||||||||||
[EN] |
AN tACHT UM DHLÍNSE MHUIRÍ (LEASÚ), 1988 | |||||||||
RIAR NA nALT | ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
| ||||||||||
Uimhir 9 de 1988 | ||||||||||
AN tACHT UM DHLÍNSE MHUIRÍ (LEASÚ), 1988 | ||||||||||
[An tiontú oifigiúil] |
ACHT DO LEASÚ AN ACHTA UM DHLÍNSE MHUIRÍ, 1959. [4 Bealtaine, 1988] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: | |||||||||
[EN] |
“Príomh-Acht”. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Dhlínse Mhuirí, 1959. | |||||||
[EN] |
Teorainn fhorimeallach farraigí teorann a leathnú. |
2. —(1) Leasaítear leis seo alt 3 (lena sonraítear teorainn fhorimeallach na bhfarraigí teorann) den Phríomh-Acht trí “12 mhíle farraige” a chur in ionad “trí mhíle farraige” agus tá an t-alt sin 3, arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | |||||||
[EN] | (2) Leasaítear leis seo alt 4 (lena sonraítear an bhunlíne) den Phríomh-Acht trí “12 mhíle farraige” a chur in ionad “trí mhíle farraige” i mír (b) d'fho-alt (1) agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
[EN] | (3) Leasaítear leis seo alt 14 (lena ndéantar foráil d'oiriúnú achtachán) den Phríomh-Acht trí “, de thrí mhíle farraige “a chur isteach i ndiaidh “de thrí mhíle” i bhfo-alt (1) agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach i gCuid III den Tábla a ghabhann leis an alt seo. | ||||||||
| |||||||||
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme. |
3. —(1) Féadfar an tAcht um Dhlínse Mhuirí (Leasú), 1988 , a ghairm den Acht seo. | |||||||
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 go 1988, a ghairm de na hAchtanna um Dhlínse Mhuirí, 1959 agus 1964, agus den Acht seo le chéile. | ||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1988. |