An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Dleachtanna Stampa) Ar Aghaidh (CUID VI Ilghnéitheach)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

CUID V

Cáin Fháltas Caipitiúil

Leasú ar alt 63 (liúntas i leith cánach gnóchan caipitiúil maidir leis an teagmhas céanna) den Acht Airgeadais, 1985 .

66. —(1) Leasaítear leis seo alt 63 (1) den Acht Airgeadais, 1985 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “i gcoinne an chéanna, anuas go dtí glanmhéid an chéanna”, eadhon—

“i gcoinne an chéanna:

Ar choinníoll, i ndáil le gach sócmhainn, nó le cuid de gach sócmhainn, a dhiúscrófar amhlaidh, gurb é méid a asbhainfear cibé méid acu seo a leanas is lú—

(a) méid is comhionann le méid na cánach gnóchan caipitiúil is inchurtha síos don tsócmhainn sin, nó don chuid den tsócmhainn sin, nó

(b) méid is comhionann le méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is inchurtha síos don mhaoin arb í an tsócmhainn sin, nó an chuid sin den tsócmhainn sin, í”,

agus tá an fo-alt sin 63 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás go muirearófar cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis.

AN TÁBLA

63.—(1) I gcás ina muirearaítear cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta i leith maoine maidir le teagmhas a tharlaíonn an 30ú lá d'Eanáir, 1985, nó dá éis, agus gur diúscairt sócmhainne (arb í an mhaoin chéanna nó aon chuid den mhaoin chéanna í) an teagmhas céanna chun críocha cánach gnóchan caipitiúil, ní dhéanfar an cháin ghnóchan caipitiúil, más ann, is inmhuirearaithe ar an diúscairt a asbhaint le linn an luach inchánach a bheith á fhionnadh chun críocha na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta ach, sa mhéid gur íocadh í, asbhainfear í as an nglancháin bhronntanais nó as an nglancháin oidhreachta mar chreidmheas i gcoinne an chéanna:

Ar choinníoll, i ndáil le gach sócmhainn, nó le cuid de gach sócmhainn, a dhiúscrófar amhlaidh, gurb é méid a asbhainfear cibé méid acu seo a leanas is lú—

(a) méid is comhionann le méid na cánach gnóchan caipitiúil is inchurtha síos don tsócmhainn sin, nó don chuid den tsócmhainn sin, nó

(b) méid is comhionann le méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is inchurtha síos don mhaoin arb í an tsócmhainn sin, nó an chuid sin den tsócmhainn sin, í.