An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VI Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Creidmheasanna Cánach)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 3.

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 , de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) in alt 138—

(i) i mír (a), trí “£4,100” a chur in ionad “£4,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ),

(ii) i mír (b)—

(I) trí “£2,550” a chur in ionad “£2,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), i bhfomhír (i), agus

(II) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) baintreach fir nó mná, seachas duine lena mbaineann mír (a), ar sa bhliain mheasúnachta sin a d'éag a chéile nó a céile, asbhaint £4,100, agus”,

agus

(iii) i mír (c), trí “£2,050” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ),

(b) in alt 138A(2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1985 ), trí “£1,550” a chur in ionad “£1,500” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) agus trí “£2,050” a chur in ionad “£2,000” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ), agus

(c) in alt 138B(1), trí “£800” a chur in ionad “£700” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1986 ) gach áit a bhfuil sé.