An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Leasú ar Achtacháin) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

AN DARA SCEIDEAL

Creidmheasanna Cánach

Alt 31.

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Mhéideanna Creidmheasanna Cánach i leith Dáiltí

1. Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear in alt 31 (1):

(a) ailt 45 (5), 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2) agus 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977 ) d'alt 66 (3) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”,

(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977 ) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “an ráta caighdeánach faoin gcéad” gach áit a bhfuil sé, agus

(d) in alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , an míniú ar “A” i mír (b).

2. (1) Chun críocha na míre seo agus alt 45 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an dáta sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh,

agus

(b) i gcás dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh.

(2) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na bhfocal ó “ach beidh feidhm ag an tsriantacht” go dtí deireadh an fho-ailt, eadhon “ach ní mó méid an chreidmheasa cánach, nó comhiomlán na gcreidmheasanna cánach i gcás breis agus dáileadh amháin a bheith faighte, is féidir a fhritháireamh ná méid a chinnfear de réir na foirmle

S × (A - B)

________________

100

i gcás—

arb é S an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an dáileadh,

arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí a chuirtear san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta óna gnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus

arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí a bhfuil, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éilimh faoi alt 8 (3).”

3. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh a dhéanann cuideachta sa bhliain 1988-89 agus a bhfuil feidhm ag alt 64 den Acht Cánach corparáide, 1976 , maidir leis.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978 , ná ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo.

(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo—

(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8739, sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988, agus

(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar 1.0980, sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983.

4. (1) Tá feidhm ag an mír seo maidir le dáileadh a dhéanann cuideachta sa bhliain 1989-90 nó i mblianta measúnachta dá éis, agus a bhfuil feidhm ag alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 28 (7) den Acht Airgeadais, 1978 , ná ag alt 28 (3) den Acht Airgeadais, 1983 , maidir le dáileadh lena mbaineann an mhír seo.

(3) Déanfar an tagairt do chreidmheasanna cánach áirithe sa mhíniú ar “B” i bhfo-alt (2) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an mhír seo—

(a) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .7222 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1983, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1988,

(b) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .9074 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1978, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1983, agus

(c) mar thagairt do na creidmheasanna cánach sin arna n-iolrú ar .8264 sa mhéid gur creidmheasanna cánach iad i leith dáiltí a rinneadh sa bhliain 1988-89.

CUID II

Leasuithe ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

Alt 32.

1. Leasaítear leis seo Caibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le dáiltí a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7) d'alt 45:

“(7) Más dealraitheach don chigire gur mó méid an chreidmheasa cánach ar taispeánadh faighteoir dáilte iomchuí (lena n-áirítear cuid de dháileadh a áirítear faoi fho-alt (2) mar dháileadh iomchuí) a bheith ina theideal sa ráiteas a bhí i gceangal nó ag gabháil le haon bharántas nó seic nó ordú eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó in aon ráiteas a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, ná méid an chreidmheasa cánach ar chóir a thaispeáint sa ráiteas sin go bhfuil faighteoir an ráitis ina theideal faoi threoir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an cigire measúnacht i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar an gcuideachta faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina ndéantar an ráiteas, ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air, de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin, agus an méid ar mó an creidmheas cánach a thaispeántar sa ráiteas ná an creidmheas cánach ar chóir a thaispeáint sa ráiteas sin go bhfuil faighteoir an ráitis sin ina theideal:

Ar choinníoll—

(a) nach ndéanfar aon mhéid a ndéantar, de bhua an fho-ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ar chuideachta ina leith le measúnacht faoi Chás IV de Sceideal D, a áireamh mar ioncam de chuid na cuideachta chun críche ar bith de chuid na nAchtanna Cánach, agus

(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo más deimhin leis an gcigire nó, ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go mbeadh sé cóir réasúnach de bhíthin na cuideachta do cheartú an ráitis a bhí i gceangal nó ag gabháil leis an mbarántas nó leis an seic nó leis an ordú iomchuí eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó an ráitis a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, nó ar aon chúis leormhaith eile, nach mbeadh feidhm acu.”,

(b) trí “nó C” a scriosadh as fo-alt (2) d'alt 46,

(c) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982 , agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 47 (2):

“(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sna mínithe, in alt 45 (1) ar A, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus ar R, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, a laghdú mar a leanas:

(I) maidir le A, méid a chinnfear de réir na foirmle

G ×

5

×

H

_

__

4

J

i gcás—

arb é G méid an laghdaithe san fhaoiseamh maidir leis an trádáil don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (bb) den choinníoll sin,

arb é H ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus

arb é J an cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta de réir bhrí an ailt sin 182, agus

(II) maidir le R, méid a chinnfear de réir na foirmle

V ×

H

__

J

i gcás—

na bríonna céanna a bheith le H agus J atá leo i bhfomhír (I) den mhír seo, agus

arb é V méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 182 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi mhíreanna (b) agus (bb) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin, agus”,

(d) trí “nó D” a scriosadh as mír (ii) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982 , agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 47 (2),

(e) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (i) d'fho-alt (2) d'alt 48:

“(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú, in alt 45 (1), ar A, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus ar R, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta, a laghdú mar a leanas:

(I) maidir le A, méid a chinnfear de réir na foirmle

K ×

L

×

N

__

__

M

P

i gcás—

arb é K méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 184 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi fhorálacha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin,

arb é L ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

arb é M an cháin chorparáide iomchuí de réir bhrí alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta,

arb é N an t-ioncam ó dhíol earraí, de réir bhrí alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

arb é P an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta,

agus

(II) maidir le R, méid a chinnfear de réir na foirmle

K ×

L

__

M

i gcás—

na bríonna céanna a bheith le K, L agus M atá leo i gclásal (I) den mhír seo,

agus”,

(f) trí “nó D” a scriosadh as mír (ii) (arna leasú le halt 26 den Acht Airgeadais, 1982 , agus le Cuid II de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht sin) d'alt 48 (2), agus

(g) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2) d'alt 49:

“(2) I gcás go bhfaighidh cuideachta, i dtréimhse chuntasaíochta, dáileadh forlíontach iomlán, nó cuid de dháileadh forlíontach, faoi fho-alt (1) is dáileadh iomchuí de réir bhrí alt 45, ansin, chun críocha an ailt sin—

(a) is é a bheidh sa dáileadh forlíontach iomlán nó sa chuid de dháileadh forlíontach, de réir mar a bheidh, méid a chuirtear i gcuntas faoin míniú ar E, agus

(b) is é a bheidh sa dáileadh forlíontach iomlán méid a chuirtear i gcuntas faoin míniú ar T

sna foirmlí i bhfo-ailt (1) agus (1B) den alt sin.”.