An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN DARA SCEIDEAL Creidmheasanna Cánach) Ar Aghaidh (AN CEATHRÚ SCEIDEAL Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Athruithe ar Rátaí Cánach Corparáide: Forálacha Iarmhartacha

Alt 33.

CUID I

Feidhm ailt 6 (3), 13 (1B), 28, 79, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir leis na blianta airgeadais 1988 agus 1989

1. (a)  Maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, beidh éifeacht le halt 6 (3) agus leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 13 (1B) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , ionann is dá mba bhliain airgeadais gach tréimhse ar leith díobh seo a leanas—

(i) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988,

(ii) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus

(iii) an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990.

(b) Leasaítear leis seo alt 13 (1B) den Acht sin, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll:

“Ar choinníoll, chun críocha na forála roimhe seo den fho-alt seo, i gcás gur i mbliain airgeadais amháin (dá ngairtear ‘an bhliain airgeadais chéadluaite’ ina dhiaidh seo sa choinníoll seo) a thiteann cuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite a thiteann an chuid eile, agus go mbeidh rátaí éagsúla i bhfeidhm faoi alt 1 (1) do gach bliain de na blianta sin, measfar gurb é ‘an ráta a shonraítear in alt 1 (1)’ ráta faoin gcéad arna ríomh de réir na foirmle

(A × C)

+

(B × D)

________

________

E

E

i gcás—

arb é A an ráta faoin gcéad a bheidh i bhfeidhm don bhliain airgeadais chéadluaite,

arb é B an ráta faoin gcéad a bheidh i bhfeidhm don bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite,

arb é C fad an chuid sin den tréimhse chuntasaíochta a thiteann sa bhliain airgeadais chéadluaite,

arb é D fad an chuid sin den tréimhse chuntasaíochta a thiteann sa bhliain airgeadais i ndiaidh na bliana airgeadais céadluaite, agus

arb é E fad na tréimhse cuntasaíochta.”.

2. (1) Chun críocha alt 33 (2) agus ailt 28 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

(2) (a)  Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú le halt 21 den Acht Airgeadais, 1978 ) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, trí “17.5 faoin gcéad” a chur in ionad “25 faoin gcéad” i bhfo-alt (2).

(b)  Chun críocha na fomhíre seo agus an ailt sin 28, i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

3. (1) Chun críocha fhomhír (3) agus ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976

(a) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad, agus

(b) i gcás go dtosóidh tréimhse chuntasaíochta roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus go gcríochnóidh sí ar an lá sin nó dá éis, roinnfear í i gcuid amháin, dar tosach an lá a dtosóidh an tréimhse chuntasaíochta agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus i gcuid eile, dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an lá a gcríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta, agus déileálfar leis an dá chuid ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh iad.

(2) Más rud é, faoi fhomhír (1), go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, measfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar don chuid a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear dí, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.

(3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin d'aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, ionann is dá mba é a bhí sa ráta caighdeánach—

(a) 32 faoin gcéad don bhliain 1988-1989, agus

(b) 28 faoin gcéad don bhliain 1989-1990 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis.

CUID II

Leasú ar Chaibidil VI (Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

1. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus a chríochnaíonn ar an lá sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Airgeadais, 1980 , dá ngairtear “alt 41 (2)” ina dhiaidh seo sa Chuid seo, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú ceithre chúigiú” go dtí deireadh an fho-ailt:

“a laghdú—

(a) ceithre chúigiú, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, agus

(b) tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989,

agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—

(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1987, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1988, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.

(2) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, nó roimh an dáta sin, beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá gcuirfí “tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe” in ionad “ceithre chúigiú”.

(3) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a thosaíonn roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus a chríochnaíonn an dáta sin nó dá éis, beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas in ionad na bhfocal ó “a laghdú ceithre chúigiú” go dtí deireadh an fho-ailt:

“a laghdú—

(a) tríocha a seacht de dhaichead seachtuithe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoi alt 6 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, agus

(b) tríocha a trí de dhaichead tríthe, sa mhéid gur cáin chorparáide í arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990,

agus maidir leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin—

(i) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (a), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

(ii) is é a bheidh inti, chun críocha mhír (b), an méid sin a bhfuil idir é agus an chuid den cháin chorparáide iomchuí arna muirearú ar bhrabúis a bheidh, faoin alt sin 6 (3), á gcionroinnt ar an tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1990, an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.”.

(4) Leasaítear leis seo alt 41 (2), maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, trí “tríocha a trí de dhaichead tríthe” a chur in ionad “ceithre chúigiú”.

2. (1) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1988, nó dá éis, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1989, nó roimh an dáta sin, beidh éifeacht le hailt 47 (2) agus 48 (2) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1982 ) den Acht Airgeadais, 1980 , ionann is dá gcuirfí—

(a) “47/37” in ionad “5/4” i mír (i) d'alt 47 (2),

(b) “10/37” in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 47 (2), agus

(c) “10/37” in ionad “1/4” i mír (ii) d'alt 48 (2).

(2) Leasaítear leis seo ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis—

(a) trí “43/33” a chur in ionad “5/4” i mír (i) d'alt 47 (2),

(b) trí “10/33” a chur in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 47 (2), agus

(c) trí “10/33” a chur in ionad “1/4” i mír (ii) den alt sin 48 (2).

(3) Más rud é, de bhua mhír 3 (1) de Chuid I, go ndéileálfar le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , déileálfar freisin leis an gcuid sin mar thréimhse chuntasaíochta ar leithligh chun críocha na míre seo agus chun críocha ailt 47 (2) agus 48 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , agus measfar, chun críocha na n-alt sin 47 (2) agus 48 (2), gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar do chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi amhlaidh, sa mhéid go ndéanann an ráta cánach corparáide a mheastar a bheith muirearaithe difear di, an cháin chorparáide a bheadh muirearaithe dá mba thréimhse chuntasaíochta ar leithligh an chuid sin.