An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil VI Tobhach ar Chiste Pinsean) Ar Aghaidh (CUID III Cáin Bhreisluacha)

12 1988

AN tACHT AIRGEADAIS, 1988

CUID II

Custaim agus Mál

Léiriú (Cuid II).

54. —Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1987” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 285) (Dleachtanna Máil), 1987 (I.R. Uimh. 19 de 1987 ).

Táirgí tobac.

55. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977 .

(b) San alt seo agus sa Cheathrú Sceideal tá le “toitíní”, “todóga”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” na bríonna céanna atá leo in Acht 1977, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979), agus leis an alt seo.

(2) Leasaítear leis seo Acht 1977—

(a) in alt 1 (1)—

(i) tríd an míniú ar “cavendish nó negrohead” a scriosadh, agus

(ii) trí “tobac píopa milsithe” a chur in ionad “cavendish nó negrohead” sna mínithe ar “tobac cruafháiscthe” agus “tobac píopa eile”,

agus

(b) sa Chéad Sceideal, trí “Tobac píopa milsithe” a chur in ionad “Cavendish nó negrohead”.

(3) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hOrdú 1987.

Hidreacarbóin.

56. —(1) San alt seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir £29.47 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (1) d'Ordú 1987.

(3) (a) Chun críocha an fho-ailt seo—

(i) measfar gur ola díluaidhe ola éadrom hidreacarbóin mhianra má bhíonn cion nach mó ná 0.013 ghram luaidhe an lítear ann nó, i gcás ola den sórt sin a sheachadadh le haghaidh úsáide baile roimh an lú lá d'Aibreán, 1990, má bhíonn cion nach mó ná 0.020 gram luaidhe an lítear ann, agus

(ii) cinnfear an cion luaidhe in ola éadrom hidreacarbóin mhianra de réir fhorálacha Treoir Uimh. 85/210/CEE ón gComhairle, dar dáta 20 Márta, 1985(1) .

(b) Faoi réir cibé coinníollacha a bheith comhlíonta is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a fhorchur, déanfar lacáiste ar an dleacht máil a fhorchuirtear, le mír 11 (1) d'Ordú 1975, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianra a lamháil de réir £0.80 an heictilítear i leith ola den sórt sin (nach gásailín eitleoireachta de réir bhrí alt 73 den Acht Airgeadais, 1984 ) a meastar gur ola díluaidhe í de bhua mhír (a) agus a n-íoctar an dleacht sin a dúradh uirthi an 28ú lá d'Eanáir, 1988, nó dá éis.

(4) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Eanáir, 1988, de réir £22.31 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (2) d'Ordú 1987.

Substaintí atá measctha le hearraí, a ndlitear dleacht máil orthu, a bhaint astu.

57. —(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon earraí ar a ndlitear dleacht máil agus atá measctha le substaint nó substaintí éigin eile chun críocha a bhaineann le lacáiste dleachta máil ar na hearraí sin nó leis na hearraí sin a dhíolmhú ó dhleacht máil.

(2) Aon duine a dhéanfaidh, gan toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí Ioncaim, substaint nó substaintí a luaitear i bhfo-alt (1) a bhaint as earraí lena mbaineann an t-alt seo, nó a dhéanfaidh iarracht an tsubstaint nó na substaintí sin a bhaint astu, nó a bheidh bainteach go feasach leis an mbaint nó leis an iarracht ar an mbaint sin nó a dhéileálfaidh go feasach, ar bhealach ar bith, le hearraí den sórt sin a mbeidh an tsubstaint nó na substaintí a luaitear i bhfo-alt (1) bainte astu gan an toiliú sin a dúradh, beidh sé ciontach i gcion.

(3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (2) dlífear—

(a) ar é a chiontú go hachomair, pionós máil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó iad araon, a chur air, nó

(b) ar é a chiontú ar díotáil, pionós máil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 5 bliana, nó iad araon, a chur air.

(4) Beidh feidhm ag alt 13 den Acht um Nós Imeachta Coiriúil, 1967 , arna leasú le halt 17 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1984 , i ndáil le cion faoi fho-alt (2) ionann is dá mba thagairtí do phionós máil na tagairtí i bhfo-alt (3) (a) den alt sin 13 do fhíneáil.

(5) I gcás go ndéanfaidh comhlacht corpraithe cion faoi fho-alt (2) agus go suífear go ndearnadh an cion le toiliú nó le cúlcheadú aon duine a bhí, tráth déanta an chiona, ina stiúrthóir, ina bhainisteoir, ina rúnaí nó ina oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe, nó ina bhall de choiste bainisteoireachta nó d'údarás rialaithe eile an chomhlachta chorpraithe, measfar an duine sin a bheith ciontach freisin sa chion agus féadfar agairt ina leith agus é a phionósú dá réir sin.

Ordú a dhaingniú.

58. —Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 287) (Dleacht Máil ar Uiscí Boird), 1987 (I.R. Uimh. 338 de 1987).

(1) I.O. Uimh. L96, 3.4.1985, 1. 25.