An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V Clubanna Cláraithe) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL)

16 1988

AN tACHT DEOCHANNA MEISCIÚLA, 1988

CUID VI

Ilghnéitheach

Forálacha i ndáil le deochanna meisciúla a dhíol in ollmhargaí, etc.

47. —(1) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon áitreabh nach ndéantar deochanna meisciúla a dhíol ann lena n-ól san áitreabh, ach ina ndéantar deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól in áit nach san áitreabh ar scór eischeadúnais nó ar scór ar-cheadúnais fíona agus ina ndéantar tráchtearraí seachas deochanna meisciúla a mhiondíol.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon áitreabh arb é an t-aon ghnó amháin a dhéantar ann deochanna meisciúla a dhíol lena n-ól in áit nach san áitreabh chomh maith le tráchtearraí a dhíol a fhoghabhann leis an ngnó sin, fearacht toitíní, tobac, todóga, lasán, milseogra agus deochanna seachas deochanna meisciúla.

(3) Ní dhéanfar, in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, deochanna meisciúla a dhíol ar mhodhanna féinseirbhíse agus ní dhíolfar san áitreabh iad ar bhealach seachas ó chuntar le haghaidh deochanna meisciúla.

(4) Más rud é, in aon áitreabh lena mbaineann an t-alt seo, go ndéanfar sárú ar fhorálacha an ailt seo, beidh an sealbhóir ceadúnais i leith an áitribh ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £500 a chur air agus measfar, chun críocha Chuid III (a bhaineann le formhuiniú ceadúnas) d'Acht 1927, gur cion é lena mbaineann an Chuid sin den Acht sin.

(5) San alt seo—

ciallaíonn “modhanna féinseirbhíse” aon mhodh díola a ligeann do chustaiméir an rud atá á dhíol a fháil dó féin nuair a íocfaidh sé as nó sula n-íocfaidh sé as;

ciallaíonn “cuntar le haghaidh deochanna meisciúla” cuntar, nó cuid ar leithligh den áitreabh ceadúnaithe lena mbaineann, nach ndíoltar tráchtearraí seachas deochanna meisciúla uaidh nó nach n-íoctar as na tráchtearraí sin aige.

(6) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1927 (deimhnithe tighe bhidh).

48. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1927 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1A) (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Deocha Meisciúla, 1943 ):

“(1B) Más rud é, tar éis iarratas a dhéanamh de bhun alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 , chuig oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar athnuachan ar-cheadúnais gan deimhniú ón gCúirt Dúiche a bheith tugtha ar aird, go n-iarrfaidh an t-iarratasóir ar an gCúirt a dheimhniú gur tigh bidh chun críocha an Achta seo an t-áitreabh a bhfuiltear ag iarraidh an archeadúnas a athnuachan ina leith, beidh feidhm agus éifeacht le forálacha fho-alt (1) den alt seo ionann is dá mba iarratas de réir an fho-ailt sin ar dheimhniú tighe bhidh an t-iarratas sin chun na Cúirte.”.

Leasú ar alt 18 d'Acht 1962 (ceadúnais do rásrianta cúnna).

49. —Leasaítear leis seo alt 18 (2) d'Acht 1962 trí “tríocha nóiméad tar éis an ama a thosóidh an rás deireannach den chruinniú” a chur in ionad “an t-am a thosóidh an rás deireannach den chruinniú” i bhfomhír (ii).

“Ceadúnas” in alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 .

50. —Leasaítear leis seo alt 4 d'Acht na gCúirteanna (Uimh. 2), 1986 , trí “agus folaíonn sé ceadúnas arna dheonú faoi alt 13 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860” a chur isteach i ndiaidh “chun go ndeonófar é” sa mhíniú ar “ceadúnas”.

Fíneálacha a mhéadú.

51. —Déantar leis seo gach foráil a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo den achtachán a luaitear i gcolún (1) den Sceideal sin os coinne lua na forála sa cholún sin (2) a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin os coinne lua na forála sa cholún sin (2).