An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I Réamhráiteach) Ar Aghaidh (CUID III Seirbhísí Craolacháin Fuaime)

20 1988

AN tACHT RAIDIÓ AGUS TEILIFÍSE, 1988

CUID II

An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách

Bunú an Choimisiún.

3. —(1) Ar cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú, beidh comhlacht arna bhunú ar a dtabharfar An Coimisiún um Raidió agus Teilifís Neamhspleách.

(2) Beidh an Coimisiún ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha faoina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh a fháil, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Beidh feidhm maidir leis an gCoimisiún ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.

Feidhmeanna an Choimisiúin.

4. —(1) Beidh sé d'fheidhm ag an gCoimisiún a shocrú, de réir fhorálacha an Achta seo, go gcuirfear ar fáil seirbhísí craolacháin fuaime (lena n-áirítear seirbhís craolacháin fuaime náisiúnta) agus seirbhís clár teilifíse amháin de bhreis ar aon seirbhísí craolacháin a sholáthraíonn Radio Telefís Éireann de bhun na nAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979.

(2) (a) Déanfaidh an Coimisiún conarthaí (dá ngairtear “conarthaí craolacháin fuaime” san Acht seo) le daoine (dá ngairtear “conraitheoirí craolacháin fuaime” san Acht seo) faoina mbeidh sé de cheart ag na conraitheoirí craolacháin fuaime agus de dhualgas orthu, faoi réir fhorálacha an Achta seo, tarchuradóirí craolacháin fuaime a bhunú, a chothabháil agus a oibriú, a fhreastalóidh ar na limistéir a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime chomh maith le seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de réir mar a bheidh sonraithe sa chonradh craolacháin fuaime.

(b) Déanfaidh an Coimisiún freisin conradh (dá ngairtear “conradh seirbhíse clár teilifíse” san Acht seo) le duine nó daoine (dá ngairtear “conraitheoir seirbhíse clár teilifíse” san Acht seo) a mbeidh sé de cheart aige agus de dhualgas air seirbhís clár teilifíse a chur ar fáil.

(3) Ní údaróidh an Coimisiún do chonraitheoir craolacháin fuaime tarchuradóir craolacháin fuaime a oibriú agus seirbhís craolacháin fuaime a chur ar fáil de bhun conartha craolacháin fuaime mura mbeidh, agus go dtí go mbeidh, ceadúnas maidir leis an tarchuradóir craolacháin fuaime lena mbaineann an conradh eisithe ag an Aire de bhun an fho-ailt seo chuig an gCoimisiún.

(4) Ní bailí d'aon cheadúnas arna eisiúint faoi fho-alt (3) ach amháin go ceann cibé tréimhse ama a mbeidh conradh craolacháin fuaime ar marthain idir an Coimisiún agus conraitheoir craolacháin fuaime.

(5) Beidh coinníoll i ngach conradh craolacháin fuaime á cheangal ar an gconraitheoir craolacháin fuaime áirithe an tarchuradóir craolacháin fuaime áirithe a bhunú, a chothabháil agus a oibriú de réir cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis an Aire a chur ag gabháil leis an gceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (lena n-áirítear aon athruithe arna ndéanamh ar an gceadúnas de réir fhorálacha alt 7 den Acht seo) agus fad a dhéanfar de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha, beidh d'éifeacht leis an gconradh tairbhí an cheadúnais a thabhairt don chonraitheoir craolacháin fuaime agus measfar aon tarchuradóir den sórt sin arna bhunú, arna chothabháil agus arna oibriú amhlaidh, a bheith ceadúnaithe chun críocha alt 3 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 .

(6) Beidh gach ceadúnas arna eisiúint ag an Aire chuig an gCoimisiún faoi fho-alt (3) ar fáil lena iniúchadh ag baill den phobal in oifigí cláraithe an Choimisiúin.

(7) Beidh sé de dhualgas ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh gach conraitheoir craolacháin fuaime agus an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse forálacha an Achta seo.

(8) Beidh ag an gCoimisiún na cumhachtaí sin go léir is gá le haghaidh comhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht seo, nó a bhainfidh lena gcomhlíonadh, lena n-áirítear, go háirithe, an chumhacht a cheangal ar chonraitheoirí craolacháin fuaime agus ar an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse dul i mbannaí airgeadais leis an gCoimisiún agus a ordú do chonraitheoir taifeadadh a dhéanamh d'aon cheann nó de gach ceann de na cláir a chraolann sé, i gcás conradh craolacháin fuaime, nó a chuireann sé ar fáil, i gcás conradh seirbhíse clár teilifíse, agus na taifeadtaí sin a choinneáil go ceann tréimhse 30 lá tar éis an taifeadadh a dhéanamh agus na taifeadtaí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, má cheanglaíonn an Coimisiún amhlaidh.

(9) (a) Ní sárú é ar an gcóipcheart in aon saothar, taifeadadh fuaime nó scannán cineamatagrafach, ná

(b) ní cion é faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta um Chosaint Taibheoirí, 1968 ,

conraitheoir do dhéanamh taifeadadh de bhun ordaithe ón gCoimisiún de bhun fho-alt (8), agus an Coimisiún d'úsáid aon taifeadadh den sórt sin chun críocha a fheidhmeanna faoin Acht seo, agus chuige sin amháin.

(10) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (8), beidh de chumhacht ag an gCoimisiún—

(a) cibé conarthaí, comhaontuithe agus comhshocraíochtaí a dhéanamh, agus na nithe eile sin go léir a dhéanamh, a bheidh teagmhasach do chuspóirí an Choimisiúin nó cuiditheach leo;

(b) cóipchearta, paitinní, ceadúnais, pribhléidí agus lamháltais a fháil agus leas a bhaint astu;

(c) cibé irisí, leabhair agus ábhar clóite eile agus cibé ábhar éisteachta agus ábhar féachana is dealraitheach don Choimisiún a bheith teagmhasach dá aidhmeanna nó cuiditheach leo a thiomsú, a ullmhú, a fhoilsiú agus a dháileadh. faoi réir muirir nó gan mhuirear;

(d) faoi réir thoiliú an Aire, socrú a dhéanamh go gcuirfeadh conraitheoir craolacháin fuaime nó an conraitheoir seirbhíse clár teilifíse seirbhísí ar fáil, faoi réir muirir nó gan mhuirear, d'aon Aire den Rialtas nó thar a cheann;

(e) a cheangal ar chonraitheoirí craolacháin fuaime agus ar an gconraitheoir seirbhíse clár teilifíse comhoibriú leis an nGarda Síochána, le húdaráis áitiúla agus le boird sláinte chun faisnéis ábhartha a scaipeadh ar an bpobal i gcás éigeandálaí tromchúiseacha.

(11) Fad a mhairfidh aon éigeandáil arna fógairt faoi alt 10 den Acht Radio-Thelegrafaíochta, 1926 , féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eisíodh faoi fho-alt (3) a chur ar fionraí agus, fad a leanfaidh aon fhionraí den sórt sin, feadfaidh an tAire aon seirbhís a bhí á cur ar fáil faoin gceadúnas fionraithe a oibriú nó féadfaidh sé a cheangal an tseirbhís sin a oibriú de réir mar a ordóidh sé.