|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988) | Ar Aghaidh (CUID II Bunú agus Riaradh) |
AN tACHT FORAOISEACHTA, 1988
[EN] | ||
[EN] |
CUID I Réamhráiteach agus Ginearálta | |
[EN] |
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Foraoiseachta, 1988 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1988, a ghairm de na hAchtanna Foraoiseachta, 1946 go 1976, agus den Acht seo, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin. | |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | ciallaíonn “an chuideachta” an chuideachta dá dtagraítear in alt 9 (1); | |
[EN] | ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán atá le forléiriú leis mar aon Acht amháin; | |
[EN] | folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais; | |
[EN] | folaíonn “talamh” talamh atá faoi uisce; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Fuinnimh; | |
[EN] | ciallaíonn “ceardchumainn agus comhlachais foirne aitheanta” ceardchumainn agus comhlachais foirne atá aitheanta ag an gcuideachta chun críocha caibidlí a bhaineann le luach saothair nó coinníollacha fostaíochta fostaithe, nó le coinníollacha oibre fostaithe; | |
[EN] | ciallaíonn “údarás Stáit” údarás arb éard é— | |
[EN] | (a) Aire Rialtais, | |
[EN] | (b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, | |
[EN] | (c) Coimisiún Talún na hÉireann; | |
[EN] | tá le “fochuideachta” an bhrí a shanntar dó le halt 155 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ; | |
[EN] | ciallaíonn “lá dílseacháin” an lá a bheidh ceaptha, faoi alt 9 (2), mar lá dílseacháin. | |
[EN] | (2) Aon tagairt san Acht seo d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo, mura léirítear gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura léirítear gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe. | |
[EN] | (4) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán, forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna oiriúnú le haon achtachán iardain, nó faoi. | |
[EN] | (5) Más rud é, faoi mheabhrán comhlachais fochuideachta de chuid na cuideachta, gur feidhm de chuid na fochuideachta aon fheidhm de chuid na cuideachta, beidh feidhm, i dtaca leis an bhfeidhm sin, ag gach foráil den Acht seo, nó d'aon achtachán eile a bhaineann leis an gcuideachta, maidir leis an bhfochuideachta, mar atá feidhm aici maidir leis an gcuideachta. | |
[EN] |
Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais. |
3. —Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe sin, beidh an t-ordú ar neamhni dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú. |
[EN] |
Caiteachais. |
4. —Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Aisghairm. |
5. —(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Foraoiseachta, 1946 , a aisghairm ó dháta an Achta seo a rith. |
[EN] | (2) Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a aisghairm le héifeacht ón lá dílseacháin a mhéid a shonraítear sa tríú colún. | |
[EN] |
Leasú ar fhorálacha an Achta Foraoiseachta, 1946 . |
6. —(1) Gach foráil den Acht Foraoiseachta, 1946 , a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ó dháta an Achta seo a rith mar a leasaítear sa dara colún. |
[EN] | (2) An fhoráil den Acht Foraoiseachta, 1946 , a luaitear i gCuid II den Dara Sceideal, beidh éifeacht léi ón lá dílseacháin mar a leasaítear sa dara colún. | |
[EN] | (3) Aon duine a chúiseofar i gcion faoi aon fhoráil acu seo a leanas de chuid an Achta Foraoiseachta, 1946 , is é sin le rá, ailt 37 (3), 38 (2), 39 (4), 42 (3), 45 (2), 47 (2) agus 51 (2), féadfar é a thriail ar díotáil agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £2,000 mar aon le méid nach mó ná £50 in aghaidh gach crainn a ndearnadh an cion ina leith, nó de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air. | |
[EN] | (4) Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Foraoiseachta, 1946 , trí thagairt do chion achomair a chur in ionad gach tagartha do chion. | |
[EN] |
Pionóis. |
7. —(1) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoi alt 33 nó 37 dlífear— |
[EN] | (a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air, nó | |
[EN] | (b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £10,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air. | |
[EN] | (2) Ar dhuine a chiontú ar díotáil i leith ciona lena mbaineann fo-alt (1) féadfaidh an chúirt, i dteannta aon phionóis eile, a ordú go bhforghéillfear aon ghaireas, trealamh nó ní eile a úsáideadh chun an cion a dhéanamh. | |
[EN] | (3) I gcás cion lena mbaineann fo-alt (1) a bheith déanta ag comhlacht corpraithe agus go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine (nó aon duine ag gníomhú thar a cheann) is stiúrthóir, bainisteoir nó rúnaí de chuid an chomhlachta sin, beidh an duine sin nó an duine a bhí ag gníomhú amhlaidh, de réir mar a bheidh, ciontach freisin sa chion sin. | |
[EN] |
Imeachtaí. |
8. —(1) Féadfaidh an tAire nó an chuideachta imeachtaí achoimre mar gheall ar chion faoi alt 33 nó 37 a thabhairt ar aghaidh agus a ionchúiseamh. |
[EN] | (2) D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre mar gheall ar chion lena mbaineann aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona. |