An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL Aisghairm)

27 1988

AN tACHT FÉIMHEACHTA, 1988

AN CHÉAD SCEIDEAL

Cruthúnas ar Fhiacha

Alt 76.

Ginearálta

(Nua)

1. Cruthóidh gach creidiúnaí a fhiach agus aon chreidiúnaí nach ndéanfaidh amhlaidh ní bheidh sé i dteideal bheith rannpháirteach in aon dáileadh a dhéanfar.

2. (a) Féadfaidh creidiúnaí a fhiach a chruthú trí shonraí i dtaobh a fhéich (dá ngairtear “cruthúnas ar fhiach” sa Sceideal seo) a sheachadadh nó a chur leis an bpost chuig an Sannaí Oifigiúil.

(b) Ní dhéanann fomhír (a) dochar don teideal atá ag creidiúnaí a fhiach a chruthú ag suí den Chúirt.

3. Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil tréimhse a shocrú nach mór cruthúnais ar fhiacha a chur chuige laistigh di. Ní cheadófar cruthúnas a chuirfear isteach ina dhiaidh sin ach amháin le hordú ón gCúirt.

4. Féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt i bhfoirm ráitis cuntais mionsonraithe, i bhfoirm mionnscríbhinne féich nó ar mhodhanna forordaithe eile.

5. Sonróidh an creidiúnaí na dearbháin nó aon fhianaise eile lena bhféadfar tacú a thabhairt don fhiach. Tabharfaidh sé sonraí freisin i dtaobh aon fhrithéilimh a bheidh, go bhfios dó, ag an bhféimheach nó ag an bhféichiúnaí comhshocraíochta, agus cuirfidh sé in iúl cé acu an creidiúnaí urraithe é nó nach ea.

6. Beidh na sonraí a cheanglaítear le halt 16 (2) den Acht Iasachtaithe Airgid, 1933, i gceangal le cruthúnas ar fhiach maidir le hairgead arna thabhairt ar iasacht ag iasacht ag iasachtóir airgid.

7. Beidh mionnscríbhinn ag teastáil in aon chás ina mbeidh díospóid ann i dtaobh an fhéich nó más cuí leis an gCúirt nó leis an Sannaí Oifigiúil é.

(1857, a. 246)

8. Féadfar cruthúnas ar fhiach a thabhairt le mionn nó le mionnscríbhinn an chreidiúnaí féin nó le mionn nó le mionnscríbhinn duine éigin eile a bheidh údaraithe ag an gcreidiúnaí nó thar a cheann, agus más duine a bheidh údaraithe amhlaidh a thabharfaidh é déarfar ann cén t-údarás atá aige foinse a eolais.

9. Faoi réir mhír 24 (5), féadfaidh creidiúnaí, le toiliú an tSannaí Oifigiúil, a chruthúnas ar fhiach a leasú.

10. Gach creidiúnaí a mbeidh cruthúnas ar fhiach lóisteáilte aige beidh sé i dteideal cruthúnais chreidiúnaithe eile a fheiceáil agus a scrúdú.

11. Féadfaidh fearchéile agus banchéile fiach a chruthú i gcoinne a chéile amhail is nach mbeidís pósta.

(Nua)

12. Beidh iontaobhaí aonair (lena n-áirítear ionadaí pearsanta) is féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta, i dteideal, gan cead na Cúirte, cruthúnas a thabhairt ina fhéimheacht nó ina chomhshocraíocht féin maidir le fiach a bheidh dlite de don eastát iontaobhais. Aon díbhinn maidir le fiach den sórt sin íocfar í le Cuntasóir na hArd-Chúirte chun creidmheas an eastáit iontaobhais.

(1872, a. 48)

13. Más rud é ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta go mbeidh féimheach nó féichiúnaí comhshocraíochta faoi dhliteanas maidir le conarthaí ar leithligh mar chomhalta de dhá ghnólacht ar leithligh nó níos mó nó mar chonraitheoir aonair agus freisin mar chomhalta de ghnólacht, ní thoirmeascfar cruthúnas maidir leis na conarthaí sin i gcoinne na maoine a bheidh faoi dhliteanas faoi seach de réir na gconarthaí sin de bhíthin gurb iad na pearsana aonair céanna, go hiomlán nó go páirteach, atá sna gnólachtaí sin nó gur duine de na comhchonraitheoirí an conraitheoir aonair freisin.

(cf. 1857, a. 260)

14. Maidir le haon fhiach nó suim chinnte, is iníoctha tráth áirithe nó ar shlí eile, nach mbeidh ús forchoimeádta air ná comhaontú ann ina leith, agus a bheidh thar téarma ar dháta an bhreithnithe, féadfaidh an creidiúnaí cruthúnas a thabhairt le haghaidh úis de réir an ráta reatha is iníoctha ar fhiacha breithiúnais go dtí an dáta sin ón tráth a raibh an fiach nó an tsuim iníoctha, má bhíonn an fiach nó an tsuim iníoctha tráth áirithe de bhua ionstraime i scríbhinn, agus má bhíonn sé iníoctha ar shlí eile, ansin ón tráth a mbeidh éileamh i scríbhinn déanta ag tabhairt fógra go n-éileofar ús ó dháta an éilimh go dtí tráth na híocaíochta.

(cf. 1857, a. 252)

15. Maidir le fiacha a bheidh dlite tar éis an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta, agus a rabhthas faoi dhliteanas ina leith ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta sin, féadfaidh creidiúnaí cruthúnas a thabhairt le haghaidh luach an fhéich ar an dáta sin.

16. Más rud é, maidir le duine a dhlífidh aon íocaíocht thréimhsiúil a dhéanamh (lena n-áirítear cíos), go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndeonófar ordú cosanta dó, ar lá seachas an lá a thiocfaidh an íocaíocht sin chun bheith dlite, féadfaidh an duine a mbeidh teideal aige chun na híocaíochta cruthúnas a thabhairt le haghaidh cuid chomhréireach den íocaíocht i leith na tréimhse ón dáta ar tháinig an íocaíocht dheireanach chun bheith dlite go dtí dáta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta amhail is dá mbeadh an íocaíocht dlite ar bhonn fabhraithe ó lá go lá.

(1857, a. 251)

17. (1) I gcás creidmheasanna nó fiacha frithpháirteacha a bheith ann amhail idir féimheach agus aon duine a bheidh ag éileamh mar chreidiúnaí, féadfar fiach nó éileamh amháin a fhritháireamh i gcoinne an chinn eile agus ní bheidh inghnóthaithe ar thaobh amháin nó ar an taobh eile ach an t-iarmhéid a fhionnfar a bheith dlite.

(2) Beidh feidhm ag alt 36 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (lena ndéantar socrú maidir le héilimh a fhritháireamh), arna leasú le halt 5 den Acht um Dhliteanas Sibhialta (Leasú), 1964 , ach tagairt d'fhomhír (1) a chur isteach in alt 36 (3) in ionad na tagartha d'alt 251 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857.

18. Ní dhéanann an Sceideal seo dochar d'alt 61 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 (lena ndéantar foráil maidir le héilimh ar dhamáistí nó ar ranníoc maidir le héagóir a chruthú) ná d'alt 62 den Acht sin (lena ndéantar foráil maidir le húsáid airgid is iníoctha faoi pholasaithe árachais áirithe i gcás go dtagann an duine árachaithe chun bheith ina fhéimheach).

19. Mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt, is faoi chreidiúnaí a bheidh sé a chostais féin a íoc maidir le fiach a chruthú.

(1857, a. 246)

20. Féadfaidh an Chúirt aon duine atá ag iarraidh fiach a chruthú nó a n-éilítear cruthúnas breise uaidh, nó aon duine eile, a scrúdú i ndáil leis sin.

21. Más rud é, le hintinn calaois a dhéanamh, go ndéanfaidh creidiúnaí nó duine eile aon éileamh bréagach nó go dtabharfaidh sé aon chruthú, dearbhú nó ráiteas cuntas os comhair na Cúirte nó ina mhionnscríbhinn nach mbeidh fíor in aon phonc ábhartha i ndáil le fiacha a chruthú, féadfaidh an Chúirt i dteannta aon phionóis eile dá bhforáiltear san Acht seo, an t-éileamh a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach.

22. Sula ndéanfaidh sé cinneadh ar éileamh, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil a cheangal ar chreidiúnaí faisnéis nó cruthúnas breise a sholáthar nó teacht i láthair os a chomhair.

23. Déileáfaidh an Sannaí Oifigiúil le héilimh ar an modh seo a leanas:

(a) Ullmhóidh sé liosta, arna dheimhniú aige, de na héilimh.

(b) Taífeadfar sa liosta sin—

(i) na héilimh a bheidh ceadaithe aige, a mheasfar a bheith admhaithe, agus

(ii) na héilimh a bheidh dícheadaithe aige nó ar dóigh leis nach cóir iad a admháil gan iad a tharchur chun na Cúirte.

(c) Déanfaidh sé fiacha a bheidh faoi dhíospóid a tharchur chun na Cúirte chun a mbreithnithe.

(d) Déanfar cinneadh an tSannaí Oifigiúil maidir le héileamh a dhaingniú i scríbhinn chuig an gcreidiúnaí.

(e) Aon duine arb éagóir leis cinneadh an tSannaí Oifigiúil féadfaidh sé achomharc a dhéanamh chun na Cúirte.

(f) Cuirfidh an Sannaí Oifigiúil cóip den liosta ar chomhad na Cúirte.

(g) Beidh cead ag an bpobal an liosta a iniúchadh ar tháille fhorordaithe a íoc ach ní ghearrfar aon táille ar chreidiúnaithe a iniúchfaidh an liosta.

Creidiúnaithe Urraithe

(1872, a. 21)

24. (1) Má réadaíonn creidiúnaí urraithe a urrús, féadfaidh sé cruthúnas a thabhairt le haghaidh an iarmhéid a bheidh dlite dó tar éis an glanmhéid a réadaíodh a asbhaint agus féadfaidh sé díbhinní a fháil ar an iarmhéid ach sin ar chaoi nach gcuirfidh as d'aon díbhinn a bheidh dearbhaithe cheana an tráth sin. Má ghéilleann sé a urrús chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe, féadfaidh sé cruthúnas a thabhairt le haghaidh a fhéich go léir.

(2) Mura réadaíonn nó mura ngéilleann creidiúnaí urraithe a urrús, déanfaidh sé, roimh chéimniú le haghaidh díbhinne, sonraí a urrúis, an dáta ar tugadh é agus a luach de réir a mheasúnachta féin, a shonrú ina chruthúnas, agus ní bheidh sé i dteideal díbhinn a fháil ach amháin maidir leis an iarmhéid a bheidh dlite dó tar éis an luach a mheasúnófar amhlaidh a asbhaint.

(3) Ní bheidh creidiúnaí urraithe i dteideal a urrús a ghéilleadh tar éis an ama a bheidh socraithe ag an Sannaí Oifigiúil chun cruthúnais ar fhiacha a fháil, ach amháin le hordú na Cúirte.

(4) (a) I gcás gurb é an creidiúnaí a dhéanfaidh urrús a luacháil, féadfaidh an Sannaí Oifigiúil é a fhuascailt aon tráth ar an luach measúnaithe a íoc leis an gcreidiúnaí. Mura mbíonn an Sannaí Oifigiúil sásta leis an luach measúnaithe féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar an mhaoin a chuimsítear in aon urrús a luacháiltear amhlaidh, a thairiscint lena díol cibé tráth agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha ar a gcomhaontóidh sé féin agus an creidiúnaí, nó ceal comhaontú, a ordóidh an Chúirt. Más trí cheant poiblí a dhéantar an díol, féadfaidh an creidiúnaí, nó an Sannaí Oifigiúil thar ceann an eastáit, imthairiscint nó ceannach a dhéanamh.

(b) Féadfaidh an creidiúnaí aon tráth, áfach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar an Sannaí Oifigiúil a roghnú cé acu a fheidhmeoidh nó nach bhfeidhmeoidh sé a chumhacht chun an t-urrús a fhuascailt nó chun a cheangal é a thairiscint lena dhíol, agus mura gcuirfidh an Sannaí Oifigiúil in iúl don chreidiúnaí i scríbhinn, laistigh de thrí mhí tar éis an fógra a fháil, go bhfuil roghnaithe aige an chumhacht a fheidhmiú, ní bheidh sé i dteideal í a fheidhmiú; agus is don chreidiúnaí a dhílseoidh an cothromas fuascailte, nó aon leas eile sa mhaoin a chuimsítear san urrús atá dílsithe don Sannaí Oifigiúil, agus laghdófar méid fhiach an chreidiúnaí den méid is ionann agus an luacháil a tugadh don urrús.

(5) I gcás go mbeidh luacháil tugtha ag creidiúnaí dá urrús féadfaidh sé an luacháil agus an cruthúnas a leasú aon tráth ar a shuíomh chun sástacht an tSannaí Oifigiúil nó na Cúirte gur tugadh an luacháil agus an cruthúnas bona fide ar bhonn meastacháin earráidigh, ach is ar an gcreidiúnaí a bheidh costas gach leasaithe den sórt sin agus déanfar é ar cibé téarmaí a ordóidh an Chúirt, mura gceadaíonn an Sannaí Oifigiúil an leasú gan iarratas chun na Cúirte.

(6) I gcás luacháil a bheith leasaithe de réir fhomhír (5), aisíocfaidh an creidiúnaí láithreach aon díbhinn barrachais a bheidh faighte aige de bhreis ar an méid a mbeadh teideal aige chuige de réir na luachála leasaithe nó, de réir mar a bheidh, beidh sé i dteideal aon díbhinn nó cuid de dhíbhinn nach bhfuair sé de bhíthin an chéad luacháil a bheith míchruinn, a íoc leis as aon airgead a bheidh ar fáil le haghaidh díbhinní de thuras na huaire, sula gcuirfear an t-airgead sin chun feidhme chun aon díbhinn a íoc ina dhiaidh sin ach ní bheidh sé i dteideal cur as do dháileadh aon díbhinne a dearbhaíodh roimh dháta an leasaithe.

(7) Má dhéanann creidiúnaí, tar éis a urrús a luacháil, an t-urrús a réadú ina dhiaidh sin, nó má réadaítear é faoi fhorálacha fhomhír (4), cuirfear an glanmhéid a réadaítear in ionad mhéid aon luachála a bheidh déanta ag an gcreidiúnaí roimhe sin, agus déileálfar leis i ngach slí mar luacháil leasaithe arna déanamh ag an gcreidiúnaí.

(8) Má fhionntar aon tráth nach raibh sé ráite sa mhionnscríbhinn a thug creidiúnaí urraithe nó a tugadh thar a cheann gur creidiúnaí urraithe é, géillfidh an creidiúnaí sin a urrús don Sannaí Oifigiúil chun leas ginearálta na gcreidiúnaithe mura n-ordaíonn an Chúirt a mhalairt ar iarratas chuici, agus féadfaidh an Chúirt a cheadú an mhionnscríbhinn a leasú ar cibé téarmaí maidir le haisíoc aon díbhinne nó thairis sin is cóir leis an gCúirt.

(9) Mura gcomhlíonann creidiúnaí urraithe fomhír (8), eiseofar é ó gach cuid d'aon díbhinn.

(10) Faoi réir fhorálacha fhomhír (4), ní bhfaighidh an creidiúnaí i gcás ar bith méid is mó ná punt sa phunt maille le hús, i gcás go mbeidh an creidiúnaí i dteideal cruthúnas a thabhairt le haghaidh úis.

(11) I gcás go sealbhóidh morgáistí, mar urrús, polasaí árachais ar shaol féimhigh nó féichiúnaí comhshocraíochta ina mbeidh foráil go ndéanfar, i gcás nach n-íocfar préimheanna, na préimheanna sin a urscaoileadh go huathrialach as airgead is iníoctha faoin bpolasaí, glacfar leis nach lú luach an pholasaí chun críche cruthúnais san fhéimheacht nó sa chomhshocraíocht ná an luach amhail ar dháta an bhreithnithe nó an ordaithe cosanta; ar choinníoll go bhféadfaidh an morgáistí, má éagann an féimheach nó an féichiúnaí comhshocraíochta sula ngéilltear an polasaí, iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun a urrús a athluacháil.