33 1988

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1988


AN tACHT UM AN gCOMHLACHT TALÚN DO MHAIRNÉALAIGH AGUS DO SHAIGHDIÚIRÍ ÉIREANNACHA, 1988


RIAR NA nALT

Alt

1.

Míniú.

2.

Glacadh thar ceann an Rialtais le hairgead a íocann an tIontaobhas agus diúscairt an airgid sin.

3.

Aisghairm.

4.

Caiteachais.

5.

Gearrtheideal.


Na hAchtanna dá dTagraítear

Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919

1919, c. 82

An tAcht um Chomhachtanna don Chólucht Talmhan, 1923

1923, Uimh. 25

/images/harp.jpg


Uimhir 33 de 1988


AN tACHT UM AN gCOMHLACHT TALÚN DO MHAIRNÉAL-AIGH AGUS DO SHAIGHDIÚIRÍ ÉIREANNACHA, 1988

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN GO nGLACFAR THAR CEANN AN RIALTAIS LE hAON AIRGEAD IS INÍOCTHA LEIS AN RIALTAS AG AN gCOMHLACHT TALÚN DO MHAIRNÉALAIGH AGUS DO SHAIGHD-IÚIRÍ ÉIREANNACHA, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN AON AIRGEAD DEN SÓRT SIN ARNA ÍOC AMHLAIDH A DHIÚSCAIRT AGUS LE hAGHAIDH NITHE COMHGH-AOLMHARA. [30 Samhain, 1988]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

Míniú.

1. —San Acht seo ciallaíonn “an tIontaobhas” an Comhlacht Talún do Mhairnéalaigh agus do Shaighdiúirí Éireannacha.

Glacadh thar ceann an Rialtais le hairgead a íocann an tIontaobhas agus diúscairt an airgid sin.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais thar ceann an Rialtais glacadh le haon airgead is iníoctha leis an Rialtas as an Iontaobhas de bhun Achta de chuid Pharlaimint na Breataine dar teideal an Irish Sailors and Soldiers Land Trust Act 1987 agus déanfar aon airgead den sórt sin lena nglacfaidh sé a íoc isteach sa Státchiste agus a dhiúscairt chun críocha cibé tionscadal nó gnóthas (lena n-áirítear an Foras Ríoga Náisiúnta Bád Tarrthála) a chinnfidh an Taoiseach, le toiliú an Aire Airgeadais, ar tionscadail nó gnóthais iad ina mbeidh comhoibriú i gceist idir an Stát agus Tuaisceart Éireann nó idir an Stát agus an Bhreatain Mhór nó a bhaineann le hoileán na hÉireann ina iomláine.

Aisghairm.

3. —(1) Aisghairtear leis seo iad seo a leanas:

(a) alt 4 den Irish Land (Provision for Sailors and Soldiers) Act, 1919, agus

(b) an tAcht um Chomhachtanna don Chólucht Talmhan, 1923 .

(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an Taoiseach le hordú, is lá nach luaithe ná an lá a dhíscaoilfear an tIontaobhas de bhun an Achta de chuid na Breataine dá dtagraítear in alt 2 den Acht seo.

Caiteachais.

4. —Déanfar na caiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht um an gComhlacht Talún do Mhairnéalaigh agus do Shaighdiúirí Éireannacha, 1988 , a ghairm den Acht seo.