An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Rialacháin agus Cóid Chleachtais) Ar Aghaidh (CUID VI Faisnéis a Fháil agus a Nochtadh)

7 1989

AN tACHT UM SHÁBHÁILTEACHT, SLÁINTE AGUS LEAS AG AN OBAIR, 1989

CUID V

Forfheidhmiú

Gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin.

32. —(1) Faoi réir alt 16 (1) (a) agus (3), féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, agus tar éis dó dul i gcomhairle le haon Aire den Rialtas a cheapfaidh an tAire a bheith iomchuí, daoine (lena n-áirítear údaráis áitiúla) a fhorordú chun bheith ina ngníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin (agus gairfear “gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin” den duine sin san Acht seo) in ionad an Údaráis chun cibé forálacha de na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú a mhéid a bheidh forordaithe.

(2) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhshocraíochtaí leordhóthanacha a dhéanamh chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú, a mhéid a chuirtear an fhreagracht uirthi, le rialacháin faoi fho-alt (1), iad a fhorfheidhmiú, agus an dualgas sin agus aon fheidhmeanna eile a thugtar di le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh de réir cibé treorach a thabharfaidh an tÚdarás di.

(3) Beidh sé de dhualgas ar gach gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon tuairiscí agus aon fhaisnéis a bhaineann lena feidhmeanna agus lena gníomhaíochtaí faoin Acht seo, agus a éileoidh an tÚdarás ó am go ham, a thabhairt don Údarás.

Cigirí a údarú.

33. —(1) Féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin daoine a údarú chun bheith ina gcigirí chun na forálacha reachtúla ábhartha a fhorfheidhmiú laistigh dá limistéar freagrachta de réir alt 16 nó 32, de réir mar a bheidh, agus féadfaidh siad na húdaruithe sin a chúlghairm.

(2) Tabharfar deimhniú a údaraithe do chigire agus má éilítear air amhlaidh, le linn dó a bheith ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó le haon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha, nó ag féachaint lena feidhmiú, tabharfaidh sé ar aird a dheimhniú údaraithe nó cóip de agus é fíordheimhnithe go cuí ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin maille le céannacht phearsanta de chineál éigin.

Cumhachtaí cigirí.

34. —(1) Beidh cumhacht ag cigire—

(a) dul isteach gach tráth in aon áit a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint gur áit é a úsáidtear mar áit oibre agus an áit sin a iniúchadh, a scrúdú agus a chuardach gach tráth;

(b) comhalta den Gharda Síochána a thabhairt leis má bhíonn cúis réasúnach aige lena cheapadh go gcuirfear aon bhac tromaí air agus é ag feidhmiú a dhualgais;

(c) aon duine eile a thabhairt leis a bheidh údaraithe ag an Údarás nó ag an ngníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin ábhartha nó aon trealamh nó ábhair a thabhairt leis a bheidh riachtanach chun críche ar bith dá mbeidh an chumhacht iontrála á feidhmiú;

(d) i gcás go mbeidh cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil cion faoin Acht seo déanta nó á dhéanamh ag nó in áit oibre ar bith, forneart réasúnach a úsáid nuair is gá é chun dul isteach san áit oibre, ar choinníoll go bhfuil sé údaraithe chuige sin le barántas ó Bhreitheamh den Chúirt Dúiche (agus údaraítear leis seo do Bhreitheamh den sórt sin an barántas sin a eisiúint ar fhoras réasúnach a bheith tugtha faoi mhionn);

(e) cibé scrúdú agus fiosrú a dhéanamh is gá chun a fhionnadh an bhfuil na forálacha reachtúla ábhartha á gcomhlíonadh;

(f) a cheangal go dtabharfar ar aird aon leabhair, cláir, taifid (cibé acu a choinnítear de láimh iad nó ar mhodh eile), deimhnithe, fógraí, doiciméid, léarscáileanna, agus pleananna a cheanglaítear a choinneáil de bhun aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, nó aon doiciméid eile ar gá dó iad a fheiceáil chun críocha aon scrúdú nó fiosrúcháin faoin Acht seo agus iad a iniúchadh, a scrúdú agus cóip a dhéanamh díobh nó a cheangal go soláthrófar cóip díobh, nó d'aon iontráil iontu, dó;

(g) a cheangal ar aon duine, a bhfuil cúis réasúnach aige lena chreidiúint go bhfuil sé in ann faisnéis a thabhairt atá ábhartha maidir le haon scrúdú nó fiosrúchán faoin Acht seo, freagra a thabhairt, ina aonar nó i láthair aon duine eile, de réir mar is cuí leis, ar cibé ceisteanna maidir le nithe faoin Acht seo is cuí leis a chur agus dearbhú a shíniú i dtaobh fhírinne na bhfreagraí a thugtar, ar choinníoll nach gceanglófar ar aon duine freagra a thabhairt ar aon cheist ná aon fhianaise a thabhairt a d'ionchoireodh an duine féin;

(h) ordú a thabhairt go bhfágfar gan cur isteach orthu aon áit oibre nó aon chuid d'áit oibre agus aon ní san áit nó sa chuid sin a fhad is gá le réasún chun críche aon scrúdaithe nó fiosrúcháin faoin Acht seo;

(i) maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre, a cheangal ar an bhfostóir nó ar aon duine a fhaigheann sé ag an áit oibre nó ar aon duine a ndealraítear don chigire é a bheith i seilbh an airteagail nó na substainte, samplaí leordhóthanacha den chéanna a sholáthar gan íocaíocht le haghaidh tástála, scrúdú nó anailíse;

(j) a chur faoi deara, maidir le haon airteagal nó substaint a fhaigheann sé ag nó in aon áit oibre agus a ndealraítear don chigire gur thrúig chontúirte a bhí, nó is dóigh a bheidh, ann don tsábháilteacht nó don tsláinte, é a dhíchóimeáil nó a chur faoi aon phróiseas nó tástáil (ach ní ar shlí go ndéanfaí díobháil dó nó go millfí é mura bhfuil sin riachtanach sna himthosca chun críocha an Achta seo) agus i gcás go mbeartaíonn cigire an chumhacht a thugtar leis an bhfo-alt seo a fheidhmiú i gcás airteagail nó substainte a fhaightear ag nó in aon áit oibre, déanfaidh sé, má iarrann duine air é atá i láthair an tráth sin ag an áit oibre sin nó ann agus a bhfuil freagrachtaí air i ndáil leis an áit oibre sin, a chur faoi deara gur i láthair an duine sin a dhéanfar aon ní atá le déanamh de bhua na cumhachta sin;

(k) i ndáil le haon airteagal nó substaint a fhaightear ag áit oibre de réir mhír (j), seilbh a ghlacadh ar an airteagal nó ar an tsubstaint sin agus é a choinneáil a fhad is gá chun gach ceann nó aon cheann de na críocha seo a leanas, eadhon—

(i) é a scrúdú, nó a shocrú go ndéanfar é a scrúdú, agus aon ní a dhéanamh leis a bhfuil cumhacht aige é a dhéanamh faoi mhír (j);

(ii) a chinntiú nach gcuirfear isteach air sula gcríochnófar an scrúdú;

(iii) a chinntiú go mbeidh fáil air lena úsáid mar fhianaise in aon imeachtaí;

(l) samplaí den atmaisféar a thógáil in aon áit oibre;

(m) aon toisí nó aon fhótagraif a thógáil nó aon téipthaifeadtaí nó taifeadtaí, leictreacha nó eile, a dhéanamh a mheasann sé is gá chun críocha aon iniúchadh, scrúdú, nó fiosrúcháin a dhéanann sé faoin Acht seo;

(n) a cheangal ar aon duine cibé saoráidí agus cúnamh a thabhairt dó atá faoina urláimh nó mar chuid dá fhreagrachtaí agus is gá le réasún lena chumasú dó aon chumhacht de na cumhachtaí a thugtar dó faoin Acht seo a fheidhmiú; agus

(o) cibé cumhachtaí eile a fheidhmiú is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Sula bhfeidhmeoidh sé cumhacht a thugtar dó le fo-alt (1) (j) i gcás aon airteagail nó substainte, rachaidh cigire, a mhéid is féidir sin a dhéanamh le réasún, i gcomhairle le cibé daoine a dhealraíonn dó a bheith iomchuí chun a fhionnadh cé na contúirtí, más ann, a bhainfeadh le haon ní a dhéanamh a bheartaíonn sé a dhéanamh faoin gcumhacht sin.

(3) Más rud é, faoin gcumhacht a thugtar dó le fo-alt 1 (k), go nglacfaidh cigire seilbh ar aon airteagal nó substaint a fhaightear ag nó in aon áit oibre, tógfaidh sé sampla den airteagal nó den tsubstaint más féidir leis sin a dhéanamh agus tabharfaidh sé cuid den sampla a bheidh marcáilte ar shlí leordhóthanach faoi chomhair a aithinte do dhuine freagrach ag an áit oibre.

(4) (a) Féadfaidh an tÚdarás aon chigire ar liachleachtóir cláraithe é a ainmniú i scríbhinn mar liachomhairleoir ceirde.

(b) Beidh sé de dhualgas ar liachomhairleoir ceirde glacadh thar ceann an Údaráis le haon fhógra, tuairisc nó deimhniú a cheanglaítear, le foráil ar bith de na forálacha reachtúla ábhartha, ar liachleachtóir cláraithe a chur chuig an Údarás.

(c) Féadfaidh liachomhairleoir ceirde—

(i) a iarraidh ar aon duine a bhí, nó a d'fhéadfadh a bheith, ina thuairim, i gcúrsa a chuid oibre, faoi lé aon phriacail díobhála coirp nó aon chontúirte eile dá shláinte; agus

(ii) d'fhonn staid sláinte daoine a fhostaítear in áiteanna oibre éagsúla nó in áiteanna oibre sonraithe nó in áiteanna éagsúla san áit oibre céanna, a chur i gcomparáid le staid sláinte daoine eile, a iarraidh ar aon duine

samplaí bitheolaíocha a chur ar fáil nó dul faoi scrúdú liachta, nó iad araon, ag cibé áit a ainmneoidh sé, cibé acu ag an liachomhairleoir féin nó thar a cheann nó ag cibé liachleachtóir cláraithe eile a shonróidh sé nó thar a cheannsan.

Orduithe agus pleananna feabhsúcháin.

35. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh dóibh a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má seoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo.

(2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann, nó gur dóigh go ngabhfaidh, priacal sábháilteachta nó sláinte daoine leo de réir mar a sheoltar iad nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad ag an duine i gceist, nó faoina rialú, féadfaidh an cigire ordú i scríbhinn a sheirbheáil ar an duine sin á iarraidh go ndéanfar, laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú, plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid an chigire lena cheadú, ina sonrófar na bearta leasúcháin a bheartaítear a dhéanamh chun na nithe a bheidh leagtha amach san ordú a chur ina gceart.

(3) Má chuirtear plean feabhsúcháin faoi bhráid cigire de réir fho-alt (2) agus nach deimhin leis é a bheith leordhóthanach féadfaidh sé a ordú go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a chur faoina bhráid arís laistigh de thréimhse a bheidh sonraithe san ordú.

Fógra feabhsúcháin.

36. —(1) Más é tuairim cigire go bhfuil aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha á shárú nó sáraithe ag duine nó gur mhainnigh an duine sin plean feabhsúcháin iomchuí a chur faoi bhráid an chigire nó a chur i ngníomh ar ordú a bheith tugtha dó chuige sin faoi alt 35, féadfaidh an cigire fógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige (dá ngairtear “fógra feabhsúcháin” san Acht seo) a sheirbheáil ar an duine sin á rá gurb é sin a thuairim agus san fhógra feabhsúcháin—

(a) sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo;

(b) tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige;

(c) más infheidhme, déarfar gur mhainnigh an duine plean feabhsúcháin a chur faoi bhráid cigire nó an plean sin a chur i ngníomh; agus

(d) ordófar don duine sin na sáruithe líomhnaithe a leigheas faoi dháta a bheidh sonraithe san fhógra, nár choir a bheith níos luaithe ná an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar achomharc a dhéanamh faoi fho-alt (3).

(2) Féadfaidh orduithe maidir leis na bearta a bheidh le déanamh chun na sáruithe líomhnaithe atá leagtha amach san fhógra a leigheas, a bheith ar áireamh i bhfógra feabhsúcháin.

(3) Duine arb ábhar éagóra leis fógra feabhsúcháin, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a sheirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra, ar an modh forordaithe, chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Cúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh—

(a) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú, fara nó d'éagmais modhnaithe, nó

(b) an fógra a chealú.

(4) Déanfaidh duine a dhéanann achomharc in aghaidh fógra feabhsúcháin fógra a thabhairt an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin de réir mar is iomchuí i dtaobh an achomhairc agus na bhforas le haghaidh an achomhairc agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht.

(5) I gcás achomharc a dhéanamh i gcoinne fógra feabhsúcháin, glacfaidh an fógra éifeacht an lá díreach i ndiaidh an lae a dhaingnítear an fógra ar achomharc nó a tharraingítear siar an t-achomharc, nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(6) I gcás nach ndéantar aon achomharc in aghaidh fógra feabhs úcháin, glacfaidh an fógra éifeacht ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(7) Féadfaidh cigire fógra feabhsúcháin a tharraingt siar aon tráth roimh an dáta a bheidh sonraithe ann faoi fho-alt (1) (d) agus féadfaidh sé an dáta sin a chur siar nó a chur siar tuilleadh tráth ar bith nach mbeidh achomharc in aghaidh an fhógra ar feitheamh.

Fógra toirmisc.

37. —(1) Baineann an t-alt seo le haon ghníomhaíochtaí atá, nó ar dóigh iad a bheith, á seoladh ag aon duine nó faoi rialú aon duine, ar gníomhaíochtaí iad a bhfuil nó, má sheoltar na gníomhaíochtaí amhlaidh, a mbeidh, feidhm ag aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha maidir leo nó i ndáil leo.

(2) Más rud é, i leith aon ghníomhaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo, gurb é tuairim cigire go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, gur dóigh go ngabhfaidh, priacal díobhála pearsanta tromaí do dhaoine ag aon áit oibre de réir mar a sheoltar iad, nó de réir mar is dóigh a sheolfar iad, ag an duine, nó faoi rialú an duine, i gceist, féadfaidh an cigire fógra (dá ngairtear “fógra toirmisc” san Acht seo) arna shíniú aige a sheirbheáil ar an duine sin.

(3) I bhfógra toirmisc—

(a) déarfar go bhfuil an cigire den tuairim a dúradh;

(b) sonrófar na nithe arb é a thuairim gur astu, nó de réir mar a bheidh, gur dóigh gurb astu, a eascraíonn an priacal sin;

(c) más rud é ina thuairim go ngabhann nó, de réir mar a bheidh, go ngabhfaidh, le haon cheann de na nithe sin, sárú ar aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha, déarfar go bhfuil sé den tuairim sin, sonrófar an fhoráil nó na forálacha a bhfuil an tuairim sin aige maidir leo, agus tabharfar sonraí i dtaobh na gcúiseanna a bhfuil an tuairim sin aige; agus

(d) ordófar, maidir leis na gníomhaíochtaí lena mbaineann an fógra, nach seolfar iad ag an duine, ná faoi rialú an duine, ar a seirbheáiltear an fógra ná ag aon duine eile ná faoi rialú aon duine eile mura leigheasfar na nithe a bheidh sonraithe san fhógra de bhun mhír (b), agus aon sárú comhbhainteach ar fhorálacha a bheidh sonraithe amhlaidh de bhun mhír (c).

(4) Glacfaidh fógra toirmisc éifeacht—

(a) má dhearbhaíonn an fógra amhlaidh, a luaithe díreach a fhaigheann an duine é ar a seirbheáiltear é;

(b) in aon chás eile—

(i) mura ndéantar aon achomharc in aghaidh an fhógra, ar dhul in éag don tréimhse ina bhféadfar achomharc den sórt sin a dhéanamh nó ar an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é ar a dtiocfaidh an fógra in éifeacht, cibé acu is déanaí; nó

(ii) i gcás achomharc den sórt sin a dhéanamh, ar an lá díreach i ndiaidh an lae a ndaingnítear an fógra ar achomharc nó a dtarraingítear siar an t-achomharc nó an lá a mbeidh sé sonraithe san fhógra gurb é an lá é a dtiocfaidh sé in éifeacht, cibé acu is déanaí.

(5) Má thionscnaítear achomharc i gcoinne fógra toirmisc atá le héifeacht a ghlacadh de réir fho-alt (4) (a) ní bheidh d'éifeacht leis sin go ndéanfaidh sé oibriú an fhógra a fhionraí; ar choinníoll, áfach, go bhféadfaidh an t-achomharcóir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte chun oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh, agus ar iarratas den sórt sin a bheith déanta, féadfaidh an Chúirt, más cuí léi déanamh amhlaidh, ordú a thabhairt oibriú an fhógra a fhionraí go dtí go mbeidh an t-achomharc curtha de láimh.

(6) (a) Duine arb ábhar éagóra leis fógra toirmisc, féadfaidh sé, laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a seirbheáiltear an fógra air, achomharc a dhéanamh in aghaidh an fhógra ar an modh forordaithe chuig Breitheamh den Chúirt Dúiche sa Dúiche Chúirte Dúiche inar seirbheáladh an fógra agus le linn dó an t-achomharc a chinneadh féadfaidh an Breitheamh sin—

(i) más deimhin leis go bhfuil sé réasúnta déanamh amhlaidh in imthosca an cháis, an fógra a dhaingniú fara nó d'éagmais modhnaithe; nó

(ii) an fógra a chealú.

(b) Más rud é, ar achomharc faoin alt seo a éisteacht, go ndaingneofar fógra toirmisc, d'ainneoin fho-alt (4) féadfaidh an Breitheamh Dúiche a d'éist an t-achomharc, ar iarratas an achomharcóra, oibriú an fhógra a fhionraí go ceann cibé tréimhse a mheasann sé a bheith iomchuí in imthosca an cháis.

(7) Duine a dhéanann achomharc i gcoinne fógra toirmisc nó a dhéanann iarratas ar ordú chun feidhmiú an fhógra a fhionraí faoi fho-alt (5), tabharfaidh sé fógra an tráth céanna don Údarás nó don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dtaobh an achomhairc nó an iarratais agus i dtaobh na bhforas le haghaidh an achomhairc nó an iarratais agus beidh an tÚdarás nó an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal a bheith i láthair, éisteacht a fháil agus fianaise a thabhairt ar aird le linn an t-achomharc nó an t-iarratas a bheith á éisteacht.

(8) Féadfaidh cigire fógra toirmisc a chúlghairm.

(9) (a) I gcás fógra toirmisc a bheith seirbheáilte agus gníomhaíochtaí a bheith á seoladh de shárú ar an bhfógra, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó chigire, toirmeasc a chur, le hordú, ar leanúint ar aghaidh leis na gníomhaíochtaí.

(b) Is le foriarratas a dhéanfar iarratas chun na hArd-Chúirte ar ordú faoin bhfo-alt seo agus féadfaidh an Chúirt agus an t-ábhar á bhreithniú aici cibé ordú (más aon ordú é) eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi agus féadfaidh cibé téarmaí agus coinníollacha (más ann) maidir le híocaíocht costas a cheapann an Chúirt a bheith iomchuí, a bheith san ordú trína ndéantar cinneadh ar iarratas faoin bhfo-alt seo.

Cumhacht oifigigh custam agus máil airteagail etc., a choinneáil.

38. —D'fhonn a éascú don Údarás aon cheann de na cumhachtaí nó de na dualgais is infheidhmithe acu faoi aon cheann de na forálacha reachtúla ábhartha a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh oifigeach custam agus máil ar é bheith údaraithe dó déanamh amhlaidh ag na Coimisinéirí Ioncaim, ar iarraidh i scríbhinn chuige sin ón Údarás, aon airteagal nó substaint a allmhairítear a choinneáil a fhad is gá le réasún le go scrúdóidh cigire é, ach in aon chás tráth nach faide ná 48 n-uaire an chloig ó thráth coinneála an airteagail nó na substainte i gceist.

Ordú ón Ard-Chúirt maidir le húsáid áite oibre.

39. —(1) Má cheapann an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil an priacal do shábháilteacht agus do shláinte daoine chomh tromaí sin gur chóir srian nó toirmeasc láithreach a chur le húsáid áite oibre nó cuid d'áit oibre go dtí go mbeidh bearta sonraithe déanta chun an priacal a laghdú go dtí leibhéal réasúnta, féadfaidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin iarratas a dhéanamh ex parte chun na hArd-Chúirte ar ordú chun srian nó toirmeasc a chur le húsáid na háite oibre nó cuid den áit oibre, dá réir sin.

(2) Féadfaidh an Chúirt cibé ordú eatramhach nó idirbhreitheach a dhéanamh is iomchuí léi.

(3) Beidh éifeacht le haon ordú den sórt sin d'ainneoin théarmaí aon cheada a bheidh tugtha faoi aon achtachán eile faoi chomhair úsáide na háite oibre nó cuid den áit oibre.

(4) Ar aon iarratas chun ordú a chúlghairm nó a athrú faoi fho-alt (1), beidh an tÚdarás nó gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin, de réir mar is iomchuí, i dteideal éisteacht a fháil.

Cigirí a shlánú, etc.

40. —I gcás gur deimhin leis an Údarás nó le gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin go bhfuil cigire a bheidh údaraithe acu, nó aon chomhalta eile d'fhoireann an Údaráis, tar éis a dhualgais i ndáil le forfheidhmiú na bhforálacha reachtúla ábhartha a urscaoileadh ar mhodh bona fide, slánóidh siad an cigire nó an comhalta sin d'fhoireann an Údaráis in aghaidh gach caingne nó éilimh, is cuma conas a éiríonn siad, maidir le hurscaoileadh a dhualgas aige.

Fiosrúchán ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin.

41. —(1) Má líomhnaíonn an tÚdarás gur mhainnigh aon ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin aon fheidhm dá feidhmeanna faoi aon fhoráil de na forálacha reachtúla ábhartha a chomhlíonadh, féadfaidh an tÚdarás le toiliú an Aire (agus ní thabharfar an toiliú sin ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire den Rialtas atá freagrach as gníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a líomhnaítear gur mhainnigh sí a feidhmeanna a chomhlíonadh) a ordú go ndéanfar imscrúdú i dtaobh na mainneachtana chun gníomhú atá á líomhain.

(2) Ceapfaidh an tÚdarás duine nó daoine, a bheidh inniúil, chun an t-imscrúdú a dhéanamh agus chun tuarascáil a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Údaráis ina luafar tátail faoin líomhain gur mhainnigh an ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(3) Féadfaidh an tÚdarás, le toiliú an Aire, a chur faoi deara go ndéanfar iomlán aon tuarascála, nó aon chuid d'aon tuarascáil, a thugtar de bhua fho-alt (2)—

(a) a chur ar fáil don ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin i gceist,

(b) a fhoilsiú cibé tráth agus ar cibé modh a cheapann an tÚdarás a bheith iomchuí.

(4) Beidh sé de dhualgas ar ghníomhaireacht fhorfheidhmiúcháin comhoibriú le duine atá ag seoladh fiosrúcháin faoin alt seo.