An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III Ilghnéitheach) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghnéitheach)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

CUID VI

Frithsheachaint

Idirbhearta chun dliteanas cánach a sheachaint.

86. —(1) (a) San alt seo—

ciallaíonn “na hAchtanna”—

(i) na hAchtanna Cánach,

(ii) na hAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil,

(iii) an tAcht Cánach Breisluacha, 1972 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(iv) an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú an Achta sin,

(v) Cuid VI den Acht Airgeadais, 1983 , agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin, agus

(vi) na reachtanna a bhaineann le dleacht stampa,

agus aon ionstraim arna déanamh faoin gcéanna;

ciallaíonn “gnó” aon trádáil, gairm nó slí bheatha;

ciallaíonn “fógra tuairime” fógra arna thabhairt ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi fhorálacha fho-alt (6);

ciallaíonn “cáin” aon cháin, dleacht, tobhach nó muirear a chuirtear, de réir fhorálacha na nAchtanna, faoi chúram agus bainisteoireacht na gCoimisinéirí Ioncaim, agus aon ús, pionós nó méid eile is iníoctha de bhun na bhforálacha sin;

ciallaíonn “buntáiste cánach”—

(i) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, lena n-áiritear aon mhuirear nó measúnacht féideartha nó ionchasach, nó

(ii) aisíocaíocht nó íocaíocht méid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine, lena n-áirítear aon mhéid féideartha nó ionchasach is inaisíoctha nó is iníoctha amhlaidh,

a éiríonn de bharr nó de thoradh idirbhirt, lena n-áirítear idirbheart i gcás nach ndéanfaí idirbheart eile a ghabháil de láimh nó a shocrú chun na torthaí, nó aon chuid de na torthaí, a bhaint amach a baineadh amach nó a bheartaítear a bhaint amach de bharr an idirbhirt;

tá le “idirbheart seachanta cánach” an bhrí a shanntar dó le fo-alt (2);

ciallaíonn “iarmhairtí cánach”, i ndáil le hidirbheart seachanta cánach, cibé coigeartuithe agus gníomhartha a fhéadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh de bhun fho-alt (5) d'fhonn an buntáiste cánach a thig de thairbhe an idirbhirt seachanta cánach a tharraingt siar nó a dhiúltú;

ciallaíonn “idirbheart”—

(i) aon idirbheart, gníomh, bealach gníomhaithe, bealach iompair, scéim, plean nó togra, agus

(ii) aon chomhaontú, comhshocraíocht, comhthuiscint, geallúint nó gealltanas, cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad infheidhmithe, nó ceaptha a bheith infheidhmithe, le himeachtaí dlí, agus

(iii) aon sraith nó cumasc de na himthosca dá dtagraítear i míreanna (i) agus (ii),

arna dhéanamh nó arna shocrú ag duine amháin, nó ag dhá dhuine nó níos mó—

(I) bíodh nó ná bíodh siad ag gníomhú de chomhbheart, nó

(II) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar é, nó a shocraítear nó nach socraítear é, go hiomlán nó go páirteach lasmuigh den Stát, nó

(III) cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar é, nó a shocraítear nó nach socraítear é, mar chuid d'idirbheart níos mó, nó i gcomhar le haon idirbheart nó idirbhearta eile.

(b) I bhfo-ailt (2) agus (3), chun críocha éisteacht nó athéisteacht a thabhairt faoi fho-alt (8) d'achomharc arna dhéanamh faoi fho-alt (7) nó chun cinneadh a dhéanamh ar cheist dlí a éiríonn de thoradh cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air, déanfar na tagairtí do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí do na Coimisinéirí Achomhairc nó do bhreitheamh den Chúirt Chuarda nó, a mhéid is gá sin, do bhreitheamh den Ard-Chúirt, de réir mar is cuí.

(2) Chun críocha an ailt seo agus faoi réir fho-alt (3), is “idirbheart seachanta cánach” idirbheart más rud é, ag féachaint d'aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas, is é sin le rá—

(a) torthaí an idirbhirt,

(b) mar a úsáideadh é chun na torthaí sin a bhaint amach, agus

(c) aon mhodh eile trína bhféadfaí na torthaí nó aon chuid de na torthaí a bhaint amach,

go dtagann na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim—

(i) go n-eascraíonn nó, murach an t-alt seo go n-eascródh, buntáiste cánach dá bharr, agus

(ii) nach ndearnadh nó nár socraíodh an t-idirbheart go príomha chun críocha seachas chun go n-eascródh buntáiste cánach dá bharr,

agus aon tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim do theacht ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart forléireofar iad mar thagairtí do na Coimisinéirí sin do theacht ar thuairim maidir leis an idirbheart de réir fhorálacha an fho-ailt seo.

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fhorálacha fho-alt (2), le linn dóibh teacht ar thuairim, de réir an fho-ailt sin agus fho-alt (4), maidir le cibé acu an idirbheart seachanta cánach idirbheart nó nach ea, ní mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart más deimhin leo—

(a) d'ainneoin go bhféadfaí cuspóir nó cuspóirí an idirbhirt a bhaint amach trí idirbheart éigin eile a bheadh ina bhun le méid is mó cánach a bheith iníoctha ag an duine—

(i) go ndearna nó gur shocraigh duine an t-idirbheart le hionchas, go díreach nó go neamhdhíreach, brabúis a réadú i gcúrsa na ngníomhaíochtaí gnó de ghnó a sheolann an duine, agus

(ii) nach ndearnadh nó nár socraíodh an t-idirbheart go príomha chun go n-eascródh buntáiste cánach dá bharr,

(b) go ndearnadh nó gur socraíodh an t-idirbheart d'fhonn tairbhe a bhaint as aon fhaoiseamh, liúntas nó lacáiste eile a chuirtear ar fáil le haon fhoráil de chuid na nAchtanna agus nach mbeadh de thoradh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar an idirbheart go mbainfí drochúsáid nó mí-úsáid as an bhforáil ag féachaint do na cuspóirí dár cuireadh ar fáil í:

Ar choinníoll go mbeidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim, le linn dóibh bheith ag teacht mar a dúradh ar thuairim i ndáil le haon idirbheart, ar na nithe seo a leanas—

(I) foirm an idirbhirt sin,

(II) substaint an idirbhirt sin,

(III) substaint aon idirbhirt nó idirbheart eile a bhféadfaí a mheas le réasún baint nó ceangal, díreach nó neamhdhíreach, a bheith ag an idirbheart sin leis nó leo, agus

(IV) críoch agus toradh deiridh an idirbhirt sin agus aon chumaisc de na hidirbhearta eile sin a bhfuil baint nó ceangal acu amhlaidh.

(4) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim tráth ar bith, i ndáil le haon idirbheart—

(a) teacht ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart,

(b) an buntáiste cánach is dóigh leo a eascraíonn, nó a d'eascródh murach an t-alt seo, de bharr an idirbhirt, a ríomh,

(c) na hiarmhairtí cánach is dóigh leo a d'eascródh i leith an idirbhirt, dá dtiocfadh a dtuairim chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte de réir fho-alt (5) (e), a chinneadh, agus

(d) méid aon fhaoisimh ó chánachas dúbailte, a bheartóidís a thabhairt d'aon duine de réir fhorálacha fho-alt (5) (c), a ríomh.

(5) (a) I gcás ina dtiocfaidh tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte féadfaidh siad, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, na coigeartuithe agus na gníomhartha sin go léir a dhéanamh atá cóir agus réasúnach (sa mhéid go mbeidh na coigeartuithe agus na gníomhartha sin sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime arna thabhairt faoi fho-alt (6) agus faoi réir an chaoi ar cinneadh go críochnaitheach aon achomharc a rinneadh faoi fho-alt (7) i gcoinne aon ní a sonraíodh nó a tuairiscíodh san fhógra tuairime, lena n-áirítear aon choigeartuithe agus gníomhartha nach raibh sonraithe nó tuairiscithe amhlaidh san fhógra tuairime ach ar cuid iad de chinneadh críochnaitheach ar aon achomharc den chineál a dúradh) ionas go ndéanfar an buntáiste cánach atá mar thoradh ar idirbheart seachanta cánach a tharraingt siar ó aon duine lena mbaineann nó a dhiúltú dó.

(b) Faoi réir mhír (a), ach gan dochar do ghinearáltacht na míre sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim—

(i) ceadú nó dícheadú a dhéanamh, go hiomlán nó go páirteach, ar aon asbhaint nó méid eile atá ábhartha chun an cháin is iníoctha, nó aon chuid den chéanna, a ríomh,

(ii) aon asbhaint, caillteanas, lacáiste, faoiseamh, liúntas, díolúine, ioncam nó méid eile, nó aon chuid den chéanna, a leithroinnt ar dhuine nó a dhiúltú dó, nó

(iii) cineál aon íocaíochta nó méid eile a athaicmiú chun críocha cánach.

(c) I gcás ina ndéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon choigeartú nó aon ghníomh chun críocha mhír (a), tabharfaidh siad faoiseamh ó aon chánachas dúbailte is dóigh leo a d'eascródh, murach an mhír seo, de bhua aon choigeartaithe nó gnímh arna dhéanamh acu de bhun na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(d) D'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, más rud é—

(i) de bhun fho-alt (4) (c), go gcinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim na hiarmhairtí cánach is dóigh leo a d'eascródh i leith idirbhirt dá dtiocfadh an tuairim atá acu, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, agus

(ii) de bhun an chinnidh sin, go sonróidh siad nó go dtuairisceoidh siad, i bhfógra tuairime, aon choigeartú nó gníomh is dóigh leo a bheadh mar iarmhairtí cánach air sin nó a bheadh mar chuid de na hiarmhairtí sin,

ansin, sa mhéid go raibh aon cheart achomhairc ann faoi fho-alt (7) i gcoinne aon choigeartaithe nó gnímh den sórt sin arna shonrú nó arna thuairisciú amhlaidh, ní bheidh aon cheart achomhairc, ná ceart eile achomhairc, ann faoi na hAchtanna i gcoinne an choigeartaithe nó an ghnímh sin an tráth a dhéanfar é de réir fhorálacha an fho-ailt seo ná i gcoinne aon choigeartaithe nó gnímh arna dhéanamh amhlaidh nach mbeidh sonraithe nó tuairiscithe amhlaidh san fhógra tuairime ach ar cuid é den chinneadh críochnaitheach ar aon achomharc a rinneadh faoin bhfo-alt sin (7) i gcoinne aon ní a bhí sonraithe nó tuairiscithe san fhógra tuairime.

(e) Chun críocha an fho-ailt seo beidh tuairim ó na Coimisinéirí Ioncaim, gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte—

(i) más rud é, laistigh den teorainn ama a thugtar, nach ndéanfar aon achomharc faoi fho-alt (7) i gcoinne aon ní nó nithe a bheidh sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra nó i bhfógraí tuairime a bheidh tugtha de bhun na tuairime sin, nó

(ii) amhail mar a bheidh agus nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach déanta ar na hachomhairc go léir a rinneadh faoin bhfo-alt sin (7) i gcoinne aon ní nó nithe den sórt sin agus i gcás nach ndearnadh aon cheann de na hachomhairc a chinneadh amhlaidh trí ordú á ordú go bhfuil tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, a deir gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, ar neamhní.

(6) (a) Más rud é, de bhun fho-ailt (2) agus (4), go dtiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart, déanfaidh siad láithreach air sin fógra i scríbhinn faoin tuairim a thabhairt d'aon duine a ndéanfaí buntáiste cánach a tharraingt siar uaidh, nó buntáiste cánach a dhiúltú dó, nó faoiseamh ó chánachas dúbailte a thabhairt dó, dá dtiocfadh an tuairim chun bheith ina tuairim chríochnaitheach dhochloíte, agus sonrófar nó tuairisceofar san fhógra—

(i) an t-idirbheart ar idirbheart seachanta cánach é i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim,

(ii) an buntáiste cánach, nó an chuid den chéanna, arna ríomh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a tharraingeofaí siar ón duine dá dtugtar an fógra, nó a dhiúltófaí dó,

(iii) iarmhairtí cánach an idirbhirt arna gcinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim, sa mhéid go mbainfeadh siad leis an duine, agus

(iv) méid aon fhaoisimh ó chánachas dúbailte, arna ríomh ag na Coimisinéirí Ioncaim, a bheartóidís a thabhairt don duine de réir fho-alt (5) (c).

(b) Beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag alt 542 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , chun críocha fógra arna thabhairt faoin bhfo-alt seo, nó faoi fho-alt (10), ionann is dá mba fhógra é arna thabhairt faoin Acht sin.

(7) Aon duine arb éagóir leis tuairim ar ar tháinig na Coimisinéirí Ioncaim, nó, sa mhéid go mbaineann sé leis an duine, ríomh nó cinneadh arna dhéanamh acu, de bhun fho-alt (4), féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó dháta an fhógra tuairime, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar na forais seo a leanas agus, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna, ar na forais seo a leanas amháin, eadhon, gurb amhlaidh, ag féachaint do na himthosca go léir, lena n-áirítear aon fhíoras nó ní nach raibh ar eolas ag na Coimisinéirí Ioncaim nuair a tháinig siad ar a dtuairim nó nuair a rinne siad a ríomh nó a gcinneadh, agus ag féachaint d'fhorálacha an ailt seo—

(a) nach idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó

(b) go bhfuil méid an bhuntáiste cánach, nó méid na coda de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, arb é an méid é a tharraingeofaí siar ón duine nó a dhiúltófaí dó, mícheart, nó

(c) nach mbeadh na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó cibé cuid de na hiarmhairtí sin a bheidh sonraithe nó tuairiscithe ag an achomharcóir san fhógra achomhairc, cóir ná réasúnach d'fhonn an buntáiste cánach, nó an chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a tharraingt siar nó a dhiúltú, nó

(d) nach leor nó nach ceart méid an fhaoisimh ó chánachas dúbailte a bheartaíonn na Coimisinéirí Ioncaim a thabhairt don duine.

(8) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a rinneadh chucu faoi fho-alt (7) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc é i gcoinne measúnachta cánach ioncaim agus, faoi réir fho-alt (9), beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha uile den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phonc dlí:

Ar choinníoll, ar an achomharc a éisteacht nó a athéisteacht—

(a) nach dleathach aon fhorais eile achomhairc a ardú seachas na forais a shonraítear i bhfo-alt (7), agus

(b) má bhíonn dhá achomharc nó níos mó déanta ag dhá dhuine nó níos mó de bhun na tuairime céanna, an ríomha chéanna nó an chinnidh chéanna ar ar tháinig na Coimisinéirí Ioncaim, nó a rinne siad, de bhun fho-alt (4), go bhféadfar, ar na hachomharcóirí dá iarraidh sin, na hachomhairc sin a éisteacht nó a athéisteacht le chéile.

(9) (a) Le linn dóibh achomharc a rinneadh faoi fho-alt (7) a éisteacht, beidh aird ag na Coimisinéirí Achomhairc ar na nithe go léir a bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, nó a bhfuil ceangal orthu, aird a bheith acu orthu faoi fhorálacha an ailt seo agus—

(i) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é,—

(I) más dóigh leo, nó le tromlach díobh, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, nó aon chuid den idirbheart sin, trína ordú gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó

(II) más dóigh leo, nó le tromlach díobh, faoi réir cibé leasú nó breisiú a dhéanamh air sin a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc, nó an tromlach sin díobh, is gá agus a shonróidh nó a thuairisceoidh siad, gur idirbheart seachanta cánach an t-idirbheart, nó aon chuid de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, trína ordú go ndéanfar an t-idirbheart, nó an chuid sin de, a leasú nó a bhreisiú amhlaidh agus, faoi réir an leasaithe nó an bhreisithe, gur bailí don tuairim, nó don tuairim sa mhéid go mbaineann sí leis an gcuid sin, nó

(III) mura dóigh leo, nó le tromlach díobh, amhail mar a shonraítear i gclásal (I) nó (II), trína ordú go bhfuil an tuairim ar neamhní,

(ii) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar méid an bhuntáiste cánach, nó méid na coda de, a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime, a mhéadú nó a laghdú de cibé méid a ordóidh siad, nó gur bailí don mhéid sin,

(iii) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (c) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar na hiarmhairtí cánach a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a athrú nó a bhreisiú ar cibé caoi a ordóidh siad, nó gur bailí do na hiarmhairtí sin,

(iv) i ndáil le hachomharc arna dhéanamh ar na forais dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (7), cinnfidh siad an t-achomharc, sa mhéid gur ar na forais sin a dhéantar é, trína ordú go ndéanfar méid an fhaoisimh ó chánachas dúbailte a shonraítear nó a thuairiscítear san fhógra tuairime a mhéadú nó a laghdú de cibé méid a ordóidh siad, nó gur bailí don mhéid sin.

(b) Beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha an fho-ailt seo maidir le hathéisteacht achomhairc ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus, a mhéid is gá sin, maidir leis an Ard-Chúirt do chinneadh aon cheist nó ceisteanna dlí a éireoidh de bharr cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil air.

(10) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, tráth ar bith, aon ní a bheidh sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime a leasú, a bhreisiú nó a tharraingt siar trí fhógra (dá ngairtear an “fógra leasúcháin” anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i scríbhinn faoin leasú, faoin mbreisiú nó faoin tarraingt siar a thabhairt do gach uile dhuine dá ndéanann sé difear, sa mhéid go ndéantar difear don duine amhlaidh, agus beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo ar gach caoi ionann is dá mba fhógra tuairime an fógra leasúcháin agus ionann is dá mbeadh aon ní atá sonraithe nó tuairiscithe san fhógra leasúcháin sonraithe nó tuairiscithe i bhfógra tuairime:

Ar choinníoll nach féidir aon leasú, breisiú nó tarraingt siar den sórt sin a dhéanamh d'fhonn aon ní a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, an tráth ar cinneadh achomharc a rinneadh i ndáil leis an ní sin faoi fho-alt (7), a chur ar ceal nó a athrú.

(11) Más rud é, de bhun fho-ailt (2) agus (4), go dtiocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim ar an tuairim gur idirbheart seachanta cánach idirbheart agus, de bhun na tuairime sin, go mbeidh fógraí le tabhairt faoi fho-alt (6) do dhá dhuine nó níos mó, aon oibleagáid a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim rúndacht a choinneáil nó aon srian eile a bheidh ar na Coimisinéirí Ioncaim maidir le nochtadh faisnéise, ní bheidh feidhm aici nó aige maidir leis na fógraí a thabhairt mar a dúradh ná maidir le haon ghníomhartha a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh a údaraíonn an t-alt seo dóibh a dhéanamh nó a chomhlíonadh, ná maidir le haon ghníomh a dhéanamh nó aon fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear aon ghníomh nó feidhm i ndáil le hachomharc arna dhéanamh faoi fho-alt (7), a bhaineann go díreach nó go neamhdhíreach leis na gníomhartha nó na feidhmeanna a údaraítear amhlaidh.

(12) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon oifigeach dá gcuid a ainmniú chun aon ghníomhartha a dhéanamh agus aon fheidhmeanna a chomhlíonadh, lena n-áirítear teacht ar thuairim, a údaraíonn an t-alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh nó a chomhlíonadh agus déanfar tagairtí san alt seo do na Coimisinéirí Ioncaim a fhorléiriú, fara aon mhodhnuithe is gá, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'oifigeach a bheidh ainmnithe amhlaidh.

(13) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon idirbheart i gcás ina ndéanfar nó ina socrófar an t-idirbheart go léir, nó aon chuid den idirbheart, ar an 25ú lá-d'Eanáir, 1989, nó dá éis, agus maidir le haon idirbheart a bheidh déanta nó socraithe go hiomlán roimh an dáta sin sa mhéid go n-eascraíonn nó, murach an t-alt seo, go n-eascródh, dá bharr—

(a) laghdú, seachaint nó iarchur aon mhuirir cánach nó measúnachta cánach, nó cuid den chéanna, má eascraíonn an muirear nó an mheasúnacht de bhua aon idirbhirt eile a sheolfar go hiomlán ar dháta, nó tar éis dáta, nó

(b) aisíocaíocht nó íocaíocht de mhéid cánach, nó méadú ar mhéid cánach, nó cuid den chéanna, is inaisíoctha nó is iníoctha ar shlí eile le duine i gcás go dtiocfadh an méid sin, nó an méadú sin ar an méid, chun bheith inaisíoctha nó iníoctha amhlaidh i gcéaduair, thairis sin, leis an duine ar dháta,

is dáta nach bhféadfadh bheith níos luaithe ná an 25ú lá sin d'Eanáir, 1989, de réir mar a bheidh.

Leasú ar alt 33 (daoine bainteacha) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 .

87. —Leasaítear leis seo alt 33 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):

“(5A) (a) I gcás ina ndiúscróidh duine sócmhainn chuig duine eile in imthosca a fhágann—

(i) go mbeadh feidhm murach an fo-alt seo ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5) chun margadhluach na sócmhainne a chinneadh, agus

(ii) nach bhfuil cáin ghnóchan caipitiúil inmhuirearaithe ar an duine faoi alt 4 maidir le haon ghnóchan a fhabhraíonn as diúscairt na sócmhainne aige,

ansin, maidir le haon diúscairt dá éis sin a dhéanfaidh an duine eile ar an tsócmhainn, measfar, chun críocha an Achta seo, go bhfuair an duine eile sin an tsócmhainn ar mhéid ab ionann agus margadhluach na sócmhainne arna chinneadh ionann is dá mba nár achtaíodh an coinníoll sin a ghabhann le fo-alt (5).

(b) Maidir leis an bhfo-alt seo—

(i) beidh feidhm aige maidir le diúscairtí a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis, agus

(ii) beidh éifeacht leis chun cinneadh a dhéanamh maidir le haon asbhaint atá le déanamh as gnóchan inmhuirearaithe a fhabhraíonn, an 25ú lá d'Eanáir, 1989 nó dá éis, i leith caillteanais inlamhála, d'ainneoin gur fhabhraigh an caillteanas nó, murach an t-alt seo, go bhfabhródh an caillteanas, as diúscairt a rinneadh roimh an lá sin.”.

Scéimeanna chun dliteanas cánach faoi Sceideal F a sheachaint.

88. —(1) Is alt é seo chun cur i gcoinne aon scéime nó comhshocraíochta a dhéanfaidh nó a shocróidh dlúthchuideachta, nó ar páirtí inti an dlúthchuideachta, is scéim nó comhshocraíocht arb é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, atá léi a áirithiú go seachnóidh nó go laghdóidh aon scairshealbhóir sa dlúthchuideachta muirear nó measúnacht cánach ioncaim faoi Sceideal F trí aon mhéid a chomhshó ina fháltas caipitiúil de chuid an scairshealbhóra, ar méid é a bheadh ar fáil thairis sin lena dháileadh ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir ar mhodh díbhinne.

(2) Faoi réir fho-alt (6), beidh feidhm ag an alt seo maidir le diúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta ag scairshealbhóir más rud é, tar éis na diúscartha nó tar éis aon scéim nó comhshocraíocht a sheoladh ar cuid di an diúscairt, nach mbeidh laghdú suntasach ar leas an scairshealbhóra in aon trádáil nó gnó (dá ngairtear an “gnó sonraithe” anseo feasta san alt seo) a bhí á sheoladh ag an dlúthchuideachta tráth na diúscartha, bíodh nó ná bíodh an gnó sonraithe á sheoladh fós ag an dlúthchuideachta i ndiaidh na diúscartha.

(3) Faoi réir fho-alt (4) agus d'ainneoin fho-alt (1) d'alt 84 d'Acht 1976 nó aon fhorála de chuid na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, déanfar—

(a) méid na bhfáltas, in airgead nó i luach airgid nó iontu araon, a bheidh faighte ag scairshealbhóir as diúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta lena mbaineann an t-alt seo, nó

(b) más lú í ná na fáltais sin, an bhreis a bheidh ag na fáltais sin ar aon chomaoin—

(i) is comaoin nua arna fáil ag an dlúthchuideachta as na scaireanna sin a eisiúint, agus

(ii) is comaoin nach mbeidh curtha i gcuntas roimhe sin chun críocha an fho-ailt seo,

a áireamh, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, mar dháileadh (de réir bhrí Acht 1976) arna dhéanamh, tráth na diúscartha, ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir.

(4) (a) Maidir leis an méid is féidir, tráth ar bith, a áireamh faoi fho-alt (3) mar dháileadh arna dhéanamh ag dlúthchuideachta ar scairshealbhóir i ndáil le haon diúscairt scaireanna sa dlúthchuideachta, ní mó é ná méid an fháltais chaipitiúil, nó comhiomlán mhéideanna na bhfáltas caipitiúil, a bheidh faighte an tráth sin ag an scairshealbhóir—

(i) i leith na diúscartha, nó

(ii) mar gheall ar aon ghníomh a dhéanamh de bhun scéime nó comhshocraíochta ar cuid di an diúscairt:

Ar choinníoll—

(I) má fhaigheann scairshealbhóir fáltas caipitiúil tráth ar bith ar an diúscairt a dhéanamh nó dá éis, go mbeidh de thoradh air sin, maidir leis an tráth sin, go n-áireofar mar dháileadh (arna dhéanamh ag an dlúthchuideachta ar an scairshealbhóir tráth na diúscartha) cibé cion den mhéid a luaitear i bhfo-alt (3) nach mó ná méid an fháltais chaipitiúil, nó comhiomlán mhéideanna na bhfáltas caipitiúil sin, a bheidh faighte ag an scairshealbhóir an tráth sin ar an diúscairt a dhéanamh nó dá éis, agus

(II) más rud é, de bharr fáltas caipitiúil a bheith faighte ag scairshealbhóir, go measfar dáileadh a bheith déanta ag dlúthchuideachta air faoi fho-alt (3), go mbeidh feidhm, chun críocha na cánach a bheidh dlite i leith an dáilte sin, ag aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hús ar cháin neamhíoctha, ionann is dá mba nach raibh an cháin dlite agus iníoctha ach ón lá a bhfuair an scairshealbhóir an fáltas caipitiúil.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ciallaíonn “fáltas caipitiúil”, de réir mar is cuí sna himthosca, aon mhéid airgid nó luacha airgid, nó díobh araon (seachas scaireanna arna n-eisiúint ag dlúthchuideachta a sheolann an gnó sonraithe) ar méid é—

(i) a fhaigheann scairshealbhóir i leith diúscairt scaireanna nó mar gheall ar aon ghníomh a dhéanamh de bhun scéime nó comhshocraíochta ar cuid di an diúscairt, agus

(ii) nach bhfuíl, ar leith ón alt seo, cáin ioncaim inmhuirearaithe air i lámha an scairshealbhóra.

(5) D'ainneoin fhorálacha alt 88 (1) d'Acht 1976, i gcás ina n-áireofar faoin alt seo dáileadh a bheith faighte ó dhlúthchuideachta ag scairshealbhóir sa dlúthchuideachta sin, ní bheidh an scairshealbhóir i dteideal creidmheas cánach a fháil i leith an dáilte ach amháin a mhéid a bheidh luathcháin chorparáide íoctha ag an dlúthchuideachta i leith an dáilte de réir Chaibidil VII de Chuid I den Acht Airgeadais, 1983 :

Ar choinníoll, i gcás go mbeadh méid nó méid breise luathchánach corparáide íoctha ag dlúthchuideachta i leith dáilte mura mbeadh feidhmiú fhorálacha alt 41 den Acht Airgeadais, 1983 , sin, go n-áireofar ansin an méid sin nó an méid breise sin luathchánach corparáide a bheith íoctha ag an dlúthchuideachta i leith an dáilte sin chun críocha an fho-ailt seo.

(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo maidir le scairshealbhóir do dhiúscairt scaireanna i ndlúthchuideachta má shuitear chun sástacht an chigire nó, ar achomharc a éisteacht nó a athéisteacht, chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc, nó an bhreithimh den Chúirt Chuarda, de réir mar a bheidh, go ndearnadh an diúscairt ar chúiseanna tráchtála bona fide agus ní mar chuid de scéim nó comhshocraíocht arbh é an cuspóir, nó ceann de na cuspóirí, a bhí léi cáin a sheachaint.

(7) (a) San alt seo—

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Cánach Corparáide, 1976 ;

ciallaíonn “achomharc” achomharc arna dhéanamh de bhun fhorálacha alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 ;

tá le “dlúthchuideachta” an bhrí chéanna atá leis, de bhíthin ailt 94 agus 95 d'Acht 1976, chun críocha an Achta sin;

forléireofar “margadhluach” de réir alt 49 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 ;

tá le “comaoin nua” an bhrí a shanntar dó le halt 87 d'Acht 1976;

folaíonn “scaireanna” stoc iasachta, bintiúir agus aon leas nó cearta i scaireanna, i stoc iasachta nó i mbintiúir nó tharstu, nó aon rogha i ndáil leo, agus is dá réir sin a fhorléireofar tagairtí do “scairshealbhóir”.

(b) (i) Chun críocha an ailt seo, beidh diúscairt scaireanna ag scairshealbhóir ann má dhiúscraíonn an scairshealbhóir scaireanna nó má mheastar, faoi fhorálacha na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, scaireanna a bheith diúscartha aige, agus folóidh tagairtí do dhiúscairt scaireanna tagairtí do scaireanna a pháirtdiúscairt de réir bhrí na nAchtanna sin.

(ii) Más rud é, faoi aon chomhshocraíocht idir dlúthchuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chéadluaite” anseo feasta san fhomhír seo) agus a scairshealbhóirí nó cuid dá scairshealbhóirí (ar comhshocraíocht ar bith í atá ar aon dul le comhshocraíocht arna déanamh chun críocha scéime athchóiriúcháin nó cónasctha, nó i ndáil le scéim den sórt sin), go n-eiseoidh dlúthchuideachta eile scaireanna chuig na scairshealbhóirí sin i leith a gcuid sealbhán scaireanna sa chuideachta chéadluaite, nó i gcomhréir (nó, a mhéid is féidir é, i gcomhréir) leis na sealbháin sin, ach go gcoinneoidh na scairshealbhóirí na scaireanna sa chuideachta chéadluaite, nó go gcealófar na scaireanna sin, ansin, chun críocha an ailt seo, áireofar diúscairt, nó páirtdiúscairt, de réir mar a bheidh, a bheith á déanamh ag na scairshealbhóirí sin ar na scaireanna sa chuideachta chéadluaite mar mhalairt ar na scaireanna sin atá á sealbhú acu de thoradh na comhshocraíochta sin.

(c) Chun críocha an ailt seo, níl laghdú suntasach ar leas scairshealbhóra i dtrádáil nó i ngnó tar éis scaireanna a dhiúscairt nó tar éis scéim nó comhshocraíocht, ar cuid di an diúscairt, a sheoladh más rud é, ach ar an gcoinníoll amháin, tráth ar bith tar éis na diúscartha, nach mbeidh an céatadán—

(i) de ghnáth-scairchaipiteal na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin atá faoi úinéireacht thairbhiúil ag an scairshealbhóir an tráth sin, nó

(ii) d'aon bhrabúis, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais, de chuid na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin a mbeidh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige an tráth sin, nó

(iii) d'aon sócmhainní, a bheidh ar fáil lena ndáileadh ar shealbhóirí cothromais tráth foirceanta, de chuid na dlúthchuideachta a sheolann an trádáil nó an gnó an tráth sin a mbeadh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige an tráth sin ar an dlúthchuideachta d'fhoirceannadh,

níos lú, go suntasach, ná an céatadán den ghnáth-scairchaipiteal sin, de na brabúis sin nó de na sócmhainní sin, de réir mar a bheidh, de chuid na dlúthchuideachta a sheol an trádáil nó an gnó tráth ar bith roimh an diúscairt—

(I) a bhí faoi úinéireacht thairbhiúil ag an scairshealbhóir, nó

(II) a raibh teideal tairbhiúil ag an scairshealbhóir chuige,

an tráth sin roimh an diúscairt, agus beidh feidhm, fara aon mhodhnuithe is gá, ag ailt 109 go 111 agus alt 114 d'Acht 1976, ach sin gan féachaint d'alt 107 (7) d'Acht 1976 sa mhéid go mbaineann sé leis na hailt sin, maidir le cinneadh a dhéanamh, chun críocha na míre seo, ar an gcéatadán de scairchaipiteal, nó de mhéid eile, a bheidh faoi úinéireacht thairbhiúil ag scairshealbhóir nó a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuige, amhail mar atá feidhm acu maidir le cinneadh a dhéanamh chun críocha Chuid XI d'Acht 1976 ar an gcéatadán d'aon mhéid den sórt sin a bheidh faoi úinéireacht amhlaidh ag cuideachta nó a mbeidh teideal amhlaidh ag cuideachta chuige.

(d) Chun críocha an ailt seo is é luach aon mhéid a gheofar i luach airgid margadhluach an luacha airgid an tráth a gheofar é.

(8) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon diúscairt scaireanna a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis.

Íocaíochtaí bliantúla ar chomaoin neamhinchánach.

89. —(1) Leasaítear leis seo alt 433 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 , maidir le haon ús bliantúil airgid, blianacht, nó íocaíocht bhliantúil eile a íocfar an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, trí na focail “ní dhéanfar aon mheasúnacht ar an duine a bheidh i dteideal an leasa, an blianachta, nó na híocaíochta bliantúla sin, ach” i bhfo-alt (1) a scriosadh, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(1) I gcás inarb iníoctha, go hiomlán, as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach aon ús bliantúil airgid, blianacht nó aon íocaíocht bhliantúil eile (cibé acu is iníoctha é sa Stát nó lasmuigh de, mar mhuirear ar aon mhaoin de chuid an duine a bheidh ag íoc an chéanna de bhua aon ghníomhais nó uachta nó eile, nó mar fhorcoimeád as, nó mar fhiach nó oibleagáid phearsanta de bhua aon chonartha, nó cibé acu is iníoctha é go leathbhliantúil nó i gceann aon tréimhsí níos giorra nó níos faide), déanfar iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach ar an duine a bheidh faoi dhliteanas an úis, na blianachta nó na híocaíochta bliantúla, gan an céanna a idirdhealú, agus an duine a bheidh faoi dhliteanas an íocaíocht sin a dhéanamh, cibé acu as na brabúis nó na gnóchain a muirearaíodh i leith cánach nó as aon íocaíocht bhliantúil a bheidh faoi dhliteanas asbhainte, nó a ndearnadh asbhaint aisti beidh sé i dteideal, ar an íocaíocht sin a dhéanamh, suim a asbhaint agus a choinneáil aisti in ionannas mhéid na cánach air de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm i gcaitheamh na tréimhse a bhí an íocaíocht sin ag faibhriú chun bheith dlite. Déanfaidh an duine ar leis a dhéanfar an íocaíocht sin cibé asbhaint a lamháil ar iarmhar an chéanna a fháil, agus beidh an duine a dhéanfaidh an asbhaint sin saortha agus urscaoilte ó cibé méid airgid dá n-ionannaíonn an asbhaint, ionann agus dá mbeadh an tsuim sin íoctha iarbhír.

(2) (a) Maidir le haon íocaíocht lena mbaineann an fo-alt seo—

(i) déanfar í gan cáin ioncaim a bhaint aisti,

(ii) ní lamhálfar mar asbhaint í le linn ioncam nó ioncam iomlán an duine a dhéanann í a bheith á ríomh, agus

(iii) ní muirear ar ioncam a bheidh inti chun críocha cánach corparáide.

(b) Baineann an fo-alt seo le haon íocaíocht a dhéanfar an 9ú lá de Bhealtaine, 1989, nó dá éis, arb é atá inti—

(i) blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile ar a muirearaítear cáin faoi Chás III de Sceideal D, seachas—

(I) ús,

(II) blianacht arna deonú i ngnáthchúrsa gnó deonaithe blianachtaí, nó

(III) íocaíocht arna déanamh le pearsa aonair faoi dhliteanas a tabhaíodh i gcomaoin é do ghéilleadh, do shannadh nó d'urscaoileadh leasa i maoin shocraithe do dhuine, nó i bhfabhar duine, a bhfuil leas iardain aige,

agus

(ii) íocaíocht arna déanamh faoi dhliteanas a tabhaíodh ar chomaoin in airgead nó i luach airgid, i gcás nach gceanglaítear an chomaoin sin go léir nó aon chuid di a chur i gcuntas le linn ioncam an duine a dhéanann an íocaíocht a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide.

Comhshocraíochtaí a laghdaíonn luach scaireanna cuideachta.

90. —(1) San alt seo—

folaíonn “comhshocraíocht”—

(a) aon ghníomh nó neamhghníomh ag duine nó ag iontaobhaithe diúscartha;

(b) aon ghníomh nó neamhghníomh ag aon duine a bhfuil leas aige i scaireanna i gcuideachta;

(c) rith rúin ag aon chuideachta; nó

(d) aon chumasc gníomhartha, neamhghníomhartha nó rún dá dtagraítear i míreanna (a), (b) agus (c);

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir na brí a shanntar le halt 16 (2) den Phríomh-Act;

tá le “cuideachta faoi rialú deontaí nó comharba” an bhrí chéanna a shanntar do “cuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba” le halt 16 den Phríomh-Act;

folaíonn “teagmhas”—

(a) bás; agus

(b) tréimhse shonraithe a bheith caite;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976 ;

ciallaíonn “scaireanna gaolmhara” na scaireanna i gcuideachta a ndéantar a margadhluach a mhéadú de bharr aon chomhshocraíochta: tá le “iontaobhas gaolmhar” an bhrí a shanntar dó le fo-ailt (2) agus (4);

ciallaíonn “méid sonraithe” méid is ionann agus an difríocht eatarthu seo a leanas, eadhon—

(a) margadhluach na scaireanna i gcuideachta díreach roimh chomhshocraíocht a dhéanamh, arna fhionnadh faoi fhorálacha alt 16 nó 17 den Phríomh-Acht ionann is dá mba scair i gcuideachta faoi rialú deontaí nó comharba gach scair acu; agus

(b) margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht a dhéanamh, arna fhionnadh faoi fhorálacha alt 15 den Phríomh-Acht,

agus measfar an méid sonraithe sin a bheith suite san áit ina bhfuil an chuideachta corpraithe.

(2) Más rud é—

(a) go bhfuil leas iomlán seilbhe ag duine i scaireanna i gcuideachta; agus

(b) go mbeidh de thoradh ar aon chomhshocraíocht gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,

ansin, beidh cáin iníoctha ar gach caoi ionann is dá mba é a bhí i méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin, tairbhe arna glacadh, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ón duine sin, mar dhiúscróir—

(i) ag úinéirí tairbhiúla na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin; agus

(ii) sa mhéid go mbeidh na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin á sealbhú ar iontaobhas (dá ngairtear an “iontaobhas gaolmhar” san alt seo) agus nach bhfuil aon úinéirí tairbhiúla infhionnta acu, ag an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar sin ionann is dá mba é an diúscróir sin úinéir tairbhiúil iomlán na scaireanna gaolmhara sin díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh,

sa chomhréir chéanna ina ndéanfar margadhluach na scaireanna gaol mhara atá, nó a mheastar a bheith, ar úinéireacht thairbhiúil acu, a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin.

(3) Más rud é—

(a) go mbeidh leas i maoin teoranta, de bharr na diúscartha a bhunaíonn é, le scor ar teagmhas tarlú;

(b) díreach roimh chomhshocraíocht a dhéanamh lena mbaineann mír (c), go mbeidh scaireanna i gcuideachta ar áireamh sa mhaoin; agus

(c) go mbeidh de thoradh ar an gcomhshocraíocht gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,

ansin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt sin ar gach caoi—

(i) i gcás inar leas seilbhe an leas i maoin, ionann is dá mbeadh méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin ar áireamh sa mhaoin sin;

(ii) i gcás nach leas seilbhe an leas i maoin, ionann is dá mba leas seilbhe é agus ionann is dá mbeadh méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin ar áireamh sa mhaoin sin; agus

(iii) ionann is dá mbeadh an teagmhas, a raibh an leas teoranta faoin diúscairt le scor ar é do tharlú, tar éis tarlú, go feadh an méid shonraithe, díreach roimh an gcomhshocraíocht sin a dhéanamh.

(4) Más rud é—

(a) díreach roimh chomhshocraíocht lena mbaineann mír (b) a dhéanamh, go mbeidh scaireanna i gcuideachta faoi réir iontaobhais lánroghnaigh faoi réim nó de dhroim aon diúscartha; agus

(b) go mbeidh de thoradh ar an gcomhshocraíocht go leanfaidh na scaireanna sin, nó maoin in ionannas do na scaireanna sin, de bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh sin ach gur lú margadhluach na scaireanna sin, nó maoine in ionannas do na scaireanna sin, díreach tar éis an chomhshocraíocht a dhéanamh, ná an margadhluach a bheadh leo mura mbeadh an chomhshocraíocht sin,

ansin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt sin ar gach caoi ionann is dá mba é a bhí i méid sonraithe a bhaineann leis an gcomhshocraíocht sin, tairbhe arna glacadh, díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh—

(i) ag úinéirí tairbhiúla na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin; agus

(ii) sa mhéid go mbeidh na scaireanna gaolmhara sa chuideachta sin á sealbhú ar iontaobhas (dá ngairtear an “iontaobhas gaolmhar” san alt seo) agus nach bhfuil aon úinéirí tairbhiúla infhionnta acu, ag an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar sin ionann is dá mba é an diúscróir sin úinéir tairbhiúil iomlán na scaireanna gaolmhara sin díreach tar éis an chomhshocraíocht sin a dhéanamh,

sa chomhréir chéanna ina ndéanfar margadhluach na scaireanna gaolmhara atá, nó a mheastar a bheith, ar úinéireacht thairbhiúil acu, a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin.

(5) Ní dochar forálacha fho-ailt (2), (3) agus (4) d'aon mhuirear cánach maidir le haon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoi aon diúscairt arna déanamh an tráth a dhéanfar comhshocraíocht dá dtagraítear sna fo-ailt sin, nó aon tráth dá éis, is bronntanas nó oidhreacht arb é atá ann nó inti scaireanna i gcuideachta nó maoin in ionannas do scaireanna den sórt sin.

(6) Más rud é, maidir le scaireanna i gcuideachta atá á sealbhú ar iontaobhas faoi dhiúscairt arna déanamh ag aon diúscróir, gur scaireanna gaolmhara iad de bharr aon chomhshocraíochta dá dtagraítear san alt seo, ansin aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoin diúscairt an tráth a dhéanfar an chomhshocraíocht nó aon tráth dá éis, arb é atá ann nó inti na scaireanna gaolmhara sin nó maoin in ionannas do na scaireanna gaolmhara sin, measfar gur ón diúscróir sin a ghlactar é nó í.

(7) I ndáil leis an gcáin a bheidh dlite agus iníoctha maidir le haon bhronntanas nó oidhreacht a ghlacfar faoi fhorálacha mhír (ii) d'fho-alt (2) nó mhír (ii) d'fho-alt (4), agus d'ainneoin fhorálacha an Phríomh-Achta—

(a) ní duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc na cánach sin an diúscróir i ndáil leis an iontaobhas gaolmhar; agus

(b) aon duine is iontaobhaí, de thuras na huaire, ar an iontaobhas gaolmhar lena mbaineann, amhail ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta nó ar aon dáta dá éis sin, beidh sé cuntasach go príomha amhlaidh.

(8) Aon duine atá cuntasach in íoc cánach maidir le haon mhéid sonraithe, nó chuid de mhéid sonraithe, arna ghlacadh mar bhronntanas nó oidhreacht faoin alt seo, beidh an chumhacht aige, chun an cháin a íoc nó chun méid na cánach a chruinniú nuair a bheidh sí íoctha, agus bíodh nó ná bíodh na scaireanna gaolmhara dílsithe dó, méid na cánach sin, mar aon le haon ús agus caiteachais a bheidh íoctha nó tabhaithe go cuí aige ina leith, a chruinniú trí na scaireanna gaolmhara sa chuideachta iomchuí a dhíol nó a mhorgáistiú nó trí mhuirear infhoirceanta ar na scaireanna sin.

(9) Beidh an cháin a bheidh dlite agus iníoctha, maidir le bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach a ghlacfar faoin alt seo, ina muirear, agus fanfaidh sí ina muirear, ar na scaireanna gaolmhara sa chuideachta iomchuí.

(10) I gcás scaireanna gaolmhara a bheith faoi réir iontaobhais lánroghnaigh díreach tar éis comhshocraíocht a dhéanamh de réir fhorálacha an ailt seo, beidh an méid dá ndéanfar margadhluach na scaireanna sin a mhéadú de bharr na comhshocraíochta sin ina mhaoin chun críocha muirir chánach a éireoidh de bharr fhorálacha alt 106 den Acht Airgeadais, 1984 .

(11) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin maidir le bronntanas nó oidhreacht a ghlacfar de thoradh comhshocraíochta a dhéanfar an 25ú lá d'Eanáir, 1989, nó dá éis.