An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil) Ar Aghaidh (Caibidil IV Cáin Ghnóchan Caipitiúil)

10 1989

AN tACHT AIRGEADAIS, 1989

Caibidil III

Cáin Chorparáide

Leasú ar alt 36 (ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

20. —Leasaítear leis seo alt 36 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

“(2) Má chruthaíonn an chuideachta, ar an éileamh a dhéanamh, gur iompair sí, d'aon bhliain airgeadais ar mhó an ráta cánach corparáide ina leith ná 35 faoin gcéad, cáin chorparáide i leith aon chuid den ioncam neamhfhaoisimh sin, beidh an chuideachta i dteideal go n-aisíocfar léi an méid sin den cháin sin a d'iompair sí don bhliain sin ar cóimhéid é leis an méid ar mó—

(a) an cháin chorparáide a d'iompair an chuideachta don bhliain sin i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) den ioncam neamhfhaoisimh sin,

ná—

(b) an cháin chorparáide a d'iomprófaí amhlaidh i leith na coda sin den ioncam sin dá mba 35 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain sin.”

Leasú ar Chuid IX (Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976 .

21. —(1) Leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976 , tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 84A (a cuireadh isteach le halt 41 den Acht Airgeadais, 1984 ):

“Teorainn leis an mbrí atá le ‘dáileadh'.

84A.—(1) Aon ús nó dáileadh eile—

(a) a íocfar, an 12ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, as sócmhainní cuideachta (dá ngairtear ‘an t-iasachtaí’ anseo feasta san alt seo) le cuideachta eile atá laistigh de réim cánach corparáide, agus

(b) a íocfar amhlaidh i leith urrúis (dá ngairtear ‘urrús iomchuí’ anseo feasta san alt seo) atá faoi réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d),

ní dáileadh é chun críocha an Achta seo mura mbeidh feidhm an fho-ailt seo eisiata le fo-alt (2) nó (10).

(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) maidir le haon ús a íocfaidh an t-iasachtaí, i dtréimhse chuntasaíochta de chuid an iasachtaí, le cuideachta eile i leith príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta eile sin, i gcás—

(a) ina seolann an t-iasachtaí, sa tréimhse chuntasaíochta sin, trádáil shonraithe sa Stát,

(b) ina ndéantar an phríomhshuim iomchuí, ar ina leith a íoctar an t-ús, a úsáid i gcúrsa na trádála sonraithe sin—

(i) ar mhaithe le gníomhaíochtaí na trádála arb éard iad monarú earraí de réir bhrí fho-alt (6), nó

(ii) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (7), ar mhaithe le gníomhaíochtaí na trádála arb éard iad mórdhíol den chineál dá dtagraítear i mír (ii) den mhíniú ar ‘trádáil shonraithe’ san fho-alt sin (7),

agus

(c) ina n-áireofaí an t-ús, dá mba nár dháileadh é, mar chostas trádála de chuid na trádála sin don tréimhse chuntasaíochta sin.

(3) D'ainneoin fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith tar éis an 12ú lá d'Aibreán, 1989, gur mó iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí (dá ngairtear ‘méideanna reatha príomhshuime iomchuí’ anseo feasta san fho-alt seo) a bheidh airleactha ag cuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta an tráth sin ná teorainn, ar teorainn í is ionann agus 110 faoin gcéad d'iomlán na méideanna príomhshuime iomchuí a bheidh airleactha ag an gcuideachta i leith urrús iomchuí arna sealbhú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an gcuideachta ar an 12ú lá d'Aibreán, 1989, sin, ansin ní áireofar mar dháileadh chun críocha an Achta seo i lámha na cuideachta cibé cuid d'aon ús, arna íoc an tráth sin leis an gcuideachta i leith príomhshuime iomchuí, a mbeidh idir í agus méid iomlán an úis arna íoc amhlaidh leis an gcuideachta an chomhréir chéanna atá idir an bhreis sin agus na méideanna reatha príomhshuime iomchuí.

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le hús arna íoc, i leith príomhshuime iomchuí, le cuideachta nach raibh, an 12ú lá d'Aibreán, 1989, aon mhéideanna príomhshuime iomchuí airleactha ach gan íoc aici.

(5) I bhfo-ailt (2), (3) agus (4), ciallaíonn ‘príomhshuim iomchuí’ méid airgid arna airleacan chuig iasachtaí ag cuideachta atá faoi réim mhuirear cánach corparáide agus ar cuid dá gnáthghníomhaíochtaí trádála airgead a thabhairt ar iasacht, i gcás—

(a) gur urrús iomchuí an chomaoin a thugann an t-iasachtaí i leith an méid sin, agus

(b) gur as sócmhainní an iasachtaí a íoctar ús nó aon dáileadh eile i leith an urrúis sin.

(6) Faoi réir fho-alt (7), ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', i bhfo-alt (2), trádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór monarú earraí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bheadh, dá ndéanfadh an t-iasachtaí éileamh ar fhaoiseamh i leith na trádála faoi Chaibidil VI de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 , le háireamh chun críocha na Caibidle sin mar mhonarú earraí, ach ní fholaíonn sé gníomhaíochtaí trádála a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire Airgeadais ina leith faoi alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 .

(7) I gcás inarb éard é an t-iasachtaí a luaitear i bhfo-alt (2) fochuideachta 75 faoin gcéad—

(a) de chumann talmhaíochta, nó

(b) de chumann iascaigh,

ciallaíonn ‘trádáil shonraithe', san fho-alt sin, trádáil de chuid an iasachtaí arb éard í go hiomlán nó go formhór ceachtar díobh seo a leanas nó iad araon, eadhon—

(i) monarú earraí de réir bhrí fho-alt (6), agus

(ii) mórdhíol—

(I) earraí talmhaíochta, i gcás feidhm a bheith ag mír (a), nó

(II) éisc, i gcás feidhm a bheith ag mír (b).

(8) Chun críocha fho-ailt (6) agus (7), áireofar trádáil, maidir le tréimhse chuntasaíochta, mar thrádáil arb éard í go hiomlán nó go formhór gníomhaíochtaí áirithe más rud é, agus ar an gcoinníoll amháin, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó dhíolacháin a rinneadh i gcúrsa na ngníomhaíochtaí sin sa tréimhse chuntasaíochta, ná 75 faoin gcéad den mhéid iomlán is infhaighte ag an iasachtaí ó na díolacháin go léir a rinneadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse sin.

(9) I bhfo-alt (7)—

tá le ‘cumann talmhaíochta’ agus ‘cumann iascaigh’ na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, le halt 18 den Acht Airgeadais, 1978 ;

ciallaíonn ‘mórdhíol’ earraí d'aicme ar bith a dhíol le haon duine a sheolann gnó ag díol earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais atá á sheoladh aige.

(10) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás inarb ionannas an chomaoin a thug an t-iasachtaí i leith úsáid na príomhshuime atá urraithe do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin:

Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt seo, nach n-oibreoidh aon ní i bhfomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh chun críocha an Achta seo leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin.”.

(2) Na forálacha d'alt 84A den Acht Cánach Corparáide, 1976 , a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo leanfaidh siad, d'ainneoin fho-alt (1), d'éifeacht a bheith leo i leith aon úis nó dáileadh eile a íocfar i leith urrúis atá laistigh de réim fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i gcás—

(a) go mbeidh an phríomhshuim atá urraithe airleactha ag cuideachta as airgead a suibscríobhadh i leith scairchaipiteal na cuideachta agus go bhfuil an scairchaipiteal sin ar úinéireacht thairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine nó daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát, nó

(b) go n-íocfar an t-ús nó an dáileadh eile ar nó roimh an 31ú lá de Nollaig, 1991, i leith urrúis arna eisiúint roimh an 12ú lá d'Aibreán, 1989.

Leasú ar Chaibidil VI (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980 .

22. —Leasaítear leis seo Caibidil VI (arna leasú le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984 ) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1980

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” in alt 38:

“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta iomchui’ tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse seo a leanas di—

(a) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1CC) (a cuireadh isteach le halt 45 den Acht Airgeadais, 1984 ) d'alt 39, ón 13ú lá d'Aibreán, 1984,

(b) i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (1CC) (arna chur isteach amhlaidh agus arna leasú le halt 22 den Acht Airgeadais, 1989 ) d'alt 39, ón 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó

(c) in aon chás eile, ón lú d'Eanáir, 1981,

go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000;”,

agus

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (a) d'fho-alt (1CC) d'alt 39:

“(a) San fho-alt seo ciallaíonn ‘seirbhísí ríomhaire’ aon tseirbhís díobh seo a leanas nó iad go léir:

(i) seirbhísí sonra-phróiseála,

(ii) seirbhísí forbartha bog-earraí, agus

(iii) seirbhísí teicniúla nó sainchomhairle a bhaineann le fomhír (i) nó (ii), nó leo araon,

ar seirbhísí iad a ndéantar an obair á dtabhairt a sheoladh sa Stát i gcúrsa gnóthais seirbhíse ar thug an tÚdarás Forbartha Tionscail deontas fostaíochta ina leith faoi alt 25 den Acht um Fhorbairt Tionscail, 1986 .”

Leasú ar alt 39A (faoiseamh i ndáil le hioncam ó oibríochtaí trádála áirithe a sheoltar in Aerfort na Sionna) den Acht Airgeadais, 1980 .

23. —Leasaítear leis seo alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 , trí fho-ailt (8) agus (9) a scriosadh.

Leasú ar alt 45 (dáiltí) den Acht Airgeadais, 1980 .

24. —Maidir le dáiltí arna ndéanamh ag cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 45 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1988 ) den Acht Airgeadais, 1980 :

(a) i mír (a) d'fho-alt (1)—

(i) trí “nó faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1989 ,” a chur isteach i ndiaidh “faoi fho-alt (1A)”,

(ii) trí “nach mó ná” a chur in ionad “is comhionann leis”,

(iii) tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur in ionad na foirmle atá inti:

“Y ×

(A-B) + E-U

____________

(R-S) + T-W

”,

agus

(iv) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “U”:

“arb é U méid na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—

(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó

(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá mba rud é—

(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus

(II) go gcuirfí ‘dáileadh iomchuí’ agus ‘ioncam monarúcháin indáilte’ in ionad ‘dáileadh’ agus ‘ioncam indáilte', faoi seach, gach áit a bhfuil na téarmaí sin sna fo-ailt sin (3) agus (6),

arb é W méid na ndáiltí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—

(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó

(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá mba rud é—

(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus

(II) gurbh é a bhí i ngach tagairt do ‘ioncam indáilte na cuideachta’ san fho-alt sin (3) tagairt don mhéid a chinnfear de réir na foirmle

(R - S) + T

i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S agus T atá leo in áiteanna eile sa mhír seo,

agus”,

(b) i bhfo-alt (1A), tríd an méid seo a leanas a chur in ionad an chéad choinníll:

“Ar choinníoll, maidir le dáileadh arna dhéanamh ag cuideachta—

(a) ar díbhinn eatramhach é arna híoc, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, ag stiúrthóirí na cuideachta, de bhun cumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í, nó

(b) nach dáileadh é ach amháin de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Canach Corparáide, 1976 , nó

(c) ar dáileadh é arna dhéanamh i leith scaireanna de chineál dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar ‘scaireanna tosaíochta’ i bhfo-alt (1) d'alt 42 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1984 ,

go ndéileálfar leis, faoi réir an choinníll ina dhiaidh seo, mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina dtiteann an chéad lá sin a luadh:”,

(c) i mír (a) d'fho-alt (1B), trí “W” a chur in ionad “U” gach áit a bhfuil sé, agus

(d) i bhfo-alt (2), trí “, de bhua fho-ailt (1) agus (1A),” a scriosadh agus trí“, chun críocha an fho-ailt seo,” a chur isteach i ndiaidh “go ndéileálfar”,

agus tá an mhír sin (a) d'fho-alt (1), fo-alt (1B) (cé is moite de mhír (b)) agus fo-alt (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) (a) Áireofar mar dháileadh sonraithe chun críocha fho-alt (2) cibé riar de dháileadh (dá ngairtear “an chéad dáileadh a luadh” ina dhiaidh seo sa mhír seo), a áirítear faoi fho-alt (1A) nó faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1989 , mar dháileadh arna dhéanamh ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, nach mó ná an méid, agus féadfaidh gur nialas é, a chinnfear de réir na foirmle

Y ×

(A-B) + E-U

____________

(R-S) + T-W

i gcás, faoi réir ailt 46 go 49—

arb é A méid ioncam na cuideachta, a ndéantar an cháin chorparáide is inchurtha ina leith a laghdú faoi alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta nó ar cuid den tréimhse sin í,

arb é B méid na cánach corparáide, arna laghdú faoi alt 41, is inchurtha i leith an méid a luaitear sa mhíniú ar A,

arb é E méid na ndáiltí iomchuí, cibé acu a dhéantar iad roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó ar an lá sin nó dá éis, a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin,

arb é R an méid d'ioncam na cuideachta ar a muirearaítear cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a mhínítear sin in alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , mar aon le haon mhéid d'ioncam na cuideachta ar a muirearófaí cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mura mbeadh forálacha alt 18 den Acht Airgeadais, 1969 , alt 34 den Acht Airgeadais, 1973 , nó alt 71 den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

arb é S méid na cánach corparáide, roimh aon fhritháireamh cánach nó creidmheas i leith cánach, lena n-áirítear cáin choigríche, agus i ndiaidh aon fhaoisimh faoi alt 58, 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , nó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , is inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta, cé is moite den cháin chorparáide, roimh aon chreidmheas i leith cánach coigríche, is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha síos do ghnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin: agus measfar gurb é atá sa chuid sin an méid a thugtar faoi réim bhrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe sula ndéantar aon asbhaint maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainisteoireachta nó méideanna eile is féidir a asbhaint ó bhrabúis de bhreis agus tuairisc amháin nó is féidir a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin nó ar féidir déileáil leo mar mhéideanna a laghdaíonn na brabúis sin,

arb é T méid na ndáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus atá ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin, mar aon le haon mhéid a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta lena mbaineann forálacha alt 76 (2) (a) (ii), alt 81 (4), alt 93 (3) nó alt 170 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976 ,

arb é U méid na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—

(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó

(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá mba rud é—

(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus

(II) go gcuirfí “dáileadh iomchuí” agus “ioncam monarúcháin indáilte” in ionad “dáileadh” agus “ioncam indáilte”, faoi seach, gach áit a bhfuil na téarmaí sin sna fo-ailt sin (3) agus (6).

arb é W méid na ndáiltí a rinne an chuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, ar dáiltí iad—

(i) a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta, nó

(ii) a measfaí iad a bheith déanta don tréimhse chuntasaíochta de bhua fho-ailt (3) agus (6) d'alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , dá mba rud é—

(I) go ndéileálfaí leis na fo-ailt sin (3) agus (6) mar fho-ailt a bhfuil feidhm acu chun críocha an mhínithe seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 64, agus

(II) gurbh é a bhí i ngach tagairt do “ioncam indáilte na cuideachta” san fho-alt sin (3) tagairt don mhéid a chinnfear de réir na foirmle

(R - S) +T

i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S agus T atá leo in áiteanna eile sa mhír seo,

agus

arb é Y méid an chéad dáilte a luadh.

(1B) Chun críocha an ailt seo—

(a) is é méid ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an méid a chinnfear de réir na foirmle

(R-S) + T-W

i gcás na bríonna céanna a bheith le R, S, T agus W atá leo i bhfo-alt (1), agus

(2) Más rud é go ndéileálfar, chun críocha an fho-ailt seo, le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis (dá ngairtear an chéad dáileadh a luadh ina dhiaidh seo san fho-alt seo)—

(i) mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe, nó

(ii) mar dháileadh arb éard é dhá dháileadh nó níos mó, a ndéileáiltear le dáileadh amháin nó níos mó acu mar dháileadh arb éard é, nó ar cuid de, dáileadh sonraithe,

de réir mar a bheidh, déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, d'ainneoin aon fhorála eile de chuid na nAchtanna sin, leis an gcéad dáileadh a luadh ionann is dá mba éard a bhíann dhá dháileadh, a bhféadfaidh nialas a bheith i gceann acu ach ní sa dá cheann, arb é atá iontu faoi seach—

(a) dáileadh is dáileadh iomchuí chun críocha an ailt seo de mhéid is ionann agus méid an dáilte shonraithe a luaitear i mír (i) nó is ionann agus méid iomlán na ndáiltí sonraithe a luaitear i mír (ii), de réir mar a bheidh, agus

(b) dáileadh nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an chéad dáilte a luadh.

Dáiltí a chur síos do thréimhsí cuntasaíochta.

25. —(1) (a) D'ainneoin fho-alt (1A) d'alt 45 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1980 , ach faoi réir fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, aon chuideachta a dhéanfaidh dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, féadfaidh sí a shonrú, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de 6 mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ina ndéantar an dáileadh, cá mhéad a dhéileálfar leis an dáileadh, chun críocha an ailt sin 45, mar dháileadh a rinneadh d'aon tréimhse chuntasaíochta nó tréimhsí cuntasaíochta.

(b) Aon chuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fhorálacha mhír (a) mar dháileadh a rinneadh do thréimhse chuntasaíochta déileálfar léi chun críocha fho-ailt (1), (1A) agus (2) den alt sin 45 mar dháileadh ar leith.

(2) Féadfaidh cuideachta a shonrú, de réir fho-alt (1), nach ndéanfar ach cibé riar de dháileadh, nó de bhreis agus dáileadh amháin, a dhéanfar aon lá—

(a) d'aon tréimhse chuntasaíochta, nach mbeidh níos mó ná ioncam neamhdháilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ar an lá sin, agus

(b) do thréimhse chuntasaíochta nó tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh breis agus 9 mbliana roimh an lá sin, nach mbeidh níos mó ná an méid ar mó méid an dáilte nó méid comhiomlán na ndáiltí, de réir mar a bheidh, ná comhiomlán ioncam neamhdháilte na cuideachta ar an lá sin do thréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh roimh an lá sin ach nár chríochnaigh breis agus 9 mbliana roimh an lá sin.

(3) Ach amháin i gcás inarb é atá i ndáileadh arna dhéanamh ag cuideachta—

(a) díbhinn eatramhach arna híoc, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1990, ag stiúrthóirí na cuideachta, de bhun cumhachtaí a thugtar dóibh le hairteagail chomhlachais na cuideachta, i leith bhrabúis na tréimhse cuntasaíochta ina n-íoctar í, nó

(b) dáileadh de bhua fhomhír (ii), (iii) (I) nó (v) d'alt 84 (2) (d) den Acht Cánach Corparáide, 1976 , agus dá bhua sin amháin, nó

(c) dáileadh arna dhéanamh i leith scaireanna de chineál dá dtagraítear i mír (c) den mhíniú ar “scaireanna tosaíochta” i bhfo-alt (1) d'alt 42 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1984 , nó

(d) dáileadh arna dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta ina scoireann nó ina dtosaíonn an chuideachta de bheith faoi réim mhuirear cánach corparáide,

ní bheidh an chuideachta i dteideal a shonrú, de réir fho-alt (1), go ndéileálfaí leis an dáileadh mar dháileadh a rinnneadh don tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar é.

(4) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh i méid ioncam neamhdháilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ar aon lá, méid ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, arna chinneadh de réir fho-alt (1B) d'alt 45 (arna leasú leis an Acht seo) den Acht Airgeadais, 1980 , arna laghdú de mhéid gach dáilte, nó gach coda de dháileadh, arna dhéanamh roimh an lá sin agus ar an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, a ndéileálfar leis, cibé acu faoin alt sin 45 nó faoin alt seo, mar dháileadh arna dhéanamh don tréimhse chuntasaíochta sin.

Leasú ar alt 42 (mar a dhéileálfar le díbhinní ar scaireanna tosaíochta áirithe) den Acht Airgeadais, 1984 .

26. —Leasaítear leis seo alt 42 den Acht Airgeadais, 1984 , maidir le scaireanna tosaíochta arna n-eisiúint an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

“(1) San alt seo—

ní fholaíonn ‘scaireanna tosaíochta’ scaireanna tosaíochta—

(a) a luaitear ar stocmhargadh sa Stát,

(b) nach luaitear amhlaidh ach a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát, nó

(c) ar scaireanna neamhinaistrithe iad arna n-eisiúint ag cuideachta, i gcúrsa oibríochtaí trádála iomchuí a sheoladh de réir bhrí alt 39A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1981 ) den Acht Airgeadais, 1980 , nó alt 39B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987 ) den Acht sin, chuig cuideachta—

(i) nach bhfuil aon scair dá cuid ar úinéireacht thairbhiúil, go díreach nó go neamhdhíreach, ag duine a chónaíonn sa Stát, agus

(ii) nach mbeadh, murach gur achtaíodh an mhír seo, cáin chorparáide inmhuirearaithe uirthi i leith aon bhrabús seachas díbhinní a mbeadh an cháin sin inmhuirearaithe orthu de bhua an ailt seo;

folaíonn ‘scaireanna’ stoc.”.

Formhuirir: leasú ar fhorálacha maidir leo.

27. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 100 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , i mír (h), trí “, ar leith ó alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 ,” a chur isteach i ndiaidh “iníoctha”, agus tá an mhír sin (h), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(h) méid na cánach corparáide ab iníoctha, ar leith ó alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980 , ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ríomhfaí an cháin ar bhonn an ioncaim a dhéanfaí amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1980 , trí “, 101, 162” a chur isteach i ndiaidh “ailt 58”, agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 58, 101, 162, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976 , inmhuirearaithe maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a áireamh is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht leis an alt seo maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1989, nó dá éis.

Leasú ar alt 35 (faoiseamh i leith infheistíochta i scannáin) den Acht Airgeadais, 1987 .

28. —Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Airgeadais, 1987

(a) i bhfo-alt (1), trí “cúig” a chur in ionad “trí” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach”,

(b) maidir le hinfheistíochtaí iomchuí a dhéanfar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

“(3) (a) Faoi réir mhír (b), más rud é, in aon tréimhse dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £200,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, nó a rinne cuideachta den sórt sin agus na cuideachtaí go léir (agus gairfear ‘cuideachtaí bainteacha’ de na cuideachtaí eile sin anseo feasta san alt seo) a n-áireofaí, tráth ar bith sa tréimhse sin, baint a bheith acu leis an gcuideachta sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo i leith na breise agus, i gcás níos mó ná infheistíocht iomchuí amháin den sórt sin a bheith ann, déanfaidh an cigire nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, cibé cionroinnt ar an bhfaoiseamh atá ar fáil is cóir agus is réasúnach d'fhonn cion cuí den fhaoiseamh atá ar fáil a leithroinnt ar gach infheistíocht iomchuí ar leith agus, más gá, d'fhonn méid faoisimh i gcomhréir le méid na hinfheistíochta iomchuí, nó méid comhiomlán na n-infheistíochtaí iomchuí, a rinne sí sa tréimhse sin a dheonú do gach cuideachta infheistiúcháin incheadaithe ar leith lena mbaineann.

(b) Más rud é, i dtréimhse (dá ngairtear ‘an chéad tréimhse' anseo feasta sa mhír seo) dhá mhí dhéag a chríochnaíonn ar chothrom dáta rite an Achta seo, gur mó ná £200,000 méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí a rinne cuideachta infheistiúcháin incheadaithe, agus na cuideachtaí bainteacha, i gcuideachta cháilitheach d'fhonn a chumasú don chuideachta cháilitheach scannán cáilitheach amháin, agus gan ach scannán cáilitheach amháin, a dhéanamh agus, le linn don chuideachta infheistiúcháin incheadaithe, agus do gach ceann de na cuideachtaí bainteacha, a rinne infheistíocht iomchuí mar a dúradh, a héileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh i leith na hinfheistíochta iomchuí, go roghnóidh sí go mbeidh feidhm ag forálacha na míre seo, ansin—

(i) beidh feidhm ag mír (a) don chéad tréimhse i ndáil leis an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe ionann is dá mba é a bhí sa tagairt inti do £200,000, tagairt—

(I) don mhéid arb ionann é agus £600,000, nó

(II) don mhéid ar mhéid comhiomlán £600,000 a bheadh ann dá gcuirfí é le méid, nó méid comhiomlán, na n-infheistíochtaí iomchuí arna ndéanamh—

(A) ar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, agus

(B) sa tréimhse ceithre mhí is fiche dar críoch an lá díreach roimh thosach na chéad tréimhse,

ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe agus ag na cuideachtaí bainteacha,

cibé méid acu is lú, agus

(ii) ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo maidir le haon infheistíocht iomchuí eile nó infheistíocht iomchuí breise arna déanamh ag an gcuideachta infheistiúcháin incheadaithe sin, nó ag aon cheann de na cuideachtaí bainteacha—

(I) sa chéad tréimhse, agus

(II) sa tréimhse ceithre mhí is fiche dar tosach an lá díreach tar éis dheireadh na chéad tréimhse.”,

agus

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (7), i ndiaidh mhír (b):

“(bb) d'ainneoin mhír (b), más rud é, ar an 9ú lá d'Iúil, 1989, nó dá éis, go mbeidh infheistíocht iomchuí (dá ngairtear ‘an chéad infheistíocht iomchuí’ anseo feasta sa mhír seo) déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus go ndiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe na scaireanna sin ar lá nach luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfuair an chuideachta sin iad, agus más rud é—

(i) go ndéanfaidh an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe, laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá sin, an chomaoin i leith na diúscartha sin a úsáid chun infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí, agus gur chuige sin amháin a úsáidfaidh sí í, agus

(ii) go n-úsáidfidh an chuideachta sin an tsuim a infheisteofar chun scannán cáilitheach a tháirgeadh, seachas scannán cáilitheach ar ar a tháirgeadh a caitheadh an chéad infheistíocht iomchuí,

ansin, na forálacha de mhír (b) a bhaineann le cinneadh a dhéanamh, i ndáil le gnóchan nó caillteanas a ríomh chun críche cánach gnóchan caipitiúil, ar shuimeanna is inlamháilte mar asbhaintí ó chomaoin lena mbaineann mír (b), beidh feidhm acu maidir leis an gcomaoin a úsáidfear chun an infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh, de réir mar a thuairiscítear sa mhír seo, amhail mar atá feidhm acu maidir leis an gcomaoin lena mbaineann mír (b):

Ar choinníoll, i gcás go mbeidh infheistíocht iomchuí déanta ag cuideachta infheistiúcháin incheadaithe trí shuibscríobh le haghaidh gnáthscaireanna nua de chuid cuideachta cáilithí agus gur infheistíocht iomchuí dá dtagraíonn mír (b) d'fho-alt (3) an infheistíocht iomchuí sin, ansin, má dhiúscraíonn an chuideachta infheistiúcháin incheadaithe na scaireanna sin tráth nach luaithe ná dhá mhí dhéag tar éis an dáta a bhfuair an chuideachta sin iad, go mbeidh feidhm ag an mír seo—

(a) mura lú ná £600,000 an infheistíocht iomchuí, maidir leis an gcomaoin i leith na diúscartha sin, nó

(b) más lú ná £600,000 an infheistíocht iomchuí, maidir le cibé cuid den chomaoin i leith na diúscartha sin a mbeidh idir í agus an chomaoin iomlán i leith na diúscartha an chomhréir chéanna atá idir an bhreis atá ag an infheistíocht ar £200,000 agus méid iomlán na hinfheistíochta,

gan an choinníoll go n-úsáidfí an chomaoin chun infheistíocht iomchuí bhreise a dhéanamh.”,

agus tá an míniú sin san fho-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse cháilitheach” an tréimhse a thosaíonn ar dháta rite an Achta seo agus a chríochnaíonn ar chothrom cúig bliana an dáta sin;