An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII Díospóidí agus Gearáin) Ar Aghaidh (CUID X Cónascthaí agus Aistrithe Gealltanas)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID IX

Cosaint Coigiltis

Taisce sa Bhanc Ceannais.

93. —(1) Ní fheidhmeoidh cumann foirgníochta aon fheidhm lena mbaineann údarú faoi alt 17 mura mbeidh méid a chinnfear de réir an ailt seo ar taisce aige leis an mBanc Ceannais.

(2) Is é méid taisce ag cumann faoin alt seo suim is ionann agus 0.2 faoin gcéad, nó cibé cionmhaireacht eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94, de dhliteanais iomlána an chumainn—

(a) i leith scaireanna agus taiscí (lena n-áirítear taiscí i gcuntais reatha más ann dóibh, ach, faoi réir mhír (b), gan scaireanna agus taiscí a shonraítear i bhfo-alt (4), agus taiscí arb ionannas dóibh deimhnithe inaistrithe ar thaiscí, a áireamh) darb ainmluach puint na hÉireann, agus

(b) i leith cibé scaireanna agus taiscí eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94,

a bheidh eisithe nó á sealbhú ag cumann ina oifigí sa Stát ach ní bheidh sé níos lú ná £20,000.

(3) Déanfaidh an Banc Ceannais méid na taisce a ríomh a luaithe is féidir tar éis thosach feidhme an ailt seo nó an tráth a dheonófar údarú, de réir mar is iomchuí, agus déanfar é a athríomh i leith gach cumainn gach 12 mhí (nó chomh gar dó sin agus is féidir le réasún) dá éis sin faoi threoir cibé tuairisceáin a thabharfaidh an cumann ar iarraidh ón mBanc.

(4) D'fhonn a thaisce faoin alt seo a ríomh, ní chuirfear i gcuntas scaireanna i gcumann nó taiscí le cumann ó aon cheann acu seo a leanas, is é sin le rá—

(a) cumann eile,

(b) banc,

(c) banc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979,

(d) Corparáid an Chairde Talmhaíochta cuideachta phoiblí theoranta,

(e) an chuideachta a bheidh foirmithe agus cláraithe de bhua alt 2 den Acht Cáirde Tionnscail, 1933 ,

(f) aon duine, nach banc é, atá bunaithe lasmuigh den Stát agus atá, i dtuairim an Bhainc Ceannais, údaraithe go cuí lasmuigh den Stát chun gnó baincéireachta a sheoladh,

(g) cibé daoine eile a bheidh forordaithe i rialacháin arna ndéanamh faoi alt 94.

(5) Déanfar méid taisce faoin alt seo a mhéadú, más gá, go dtí an méid iomchuí arna ríomh faoi fho-alt (3) tráth nach déanaí ná 7 lá, nó cibé tréimhse is faide ná sin ar a gcomhaontóidh an Banc Ceannais i scríbhinn, tar éis an dáta a gheobhaidh an cumann fógra ón mBanc faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh.

(6) Féadfaidh an Banc Ceannais méid taisce faoin alt seo a shocrú ag an slánuimhir is gaire is méadú ar chéad punt agus trína shlánú suas go dtí an uimhir sin i gcás an méid a ríomhfar faoi fho-alt (3) a bheith inroinnte ar £50.

(7) Béarfaidh taisce faoin alt seo ús de réir cibé ráta nó rátaí, agus beidh sé iníoctha ar cibé dóigh agus cibé tráthanna, a chinnfidh an Banc Ceannais ó am go ham.

(8) Beidh aon mhuirear a airbheartaítear a bheith bunaithe ar thaisce faoin alt seo ar shlí seachas ag an mBanc Ceannais, ar neamhní.

(9) Ní bheidh taisce faoin alt seo faoi réir forfheidhmiú d'aon chineál do shásamh aon éilimh, nó do shásamh aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne de chuid aon chúirte sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí, ar shlí seachas faoi réim agus de réir fhorálacha an Achta seo nó rialachán arna ndéanamh faoi.

Cistí scairshealbhóirí agus taisceoirí a chosaint.

94. —(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais, a shocrú le rialacháin go mbeidh feidhm, faoi réir cibé modhnuithe is dóigh leis is gá, maidir le scairshealúchais i gcumainn fhoirgníochta agus le taiscí leo, ag forálacha aon achtacháin a thugann cosaint go feadh méid ar bith do thaiscí le bainc (“an scéim cosanta coigiltis”).

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfar, le rialacháin faoin bhfo-alt sin—

(a) a shocrú go ndéanfar taiscí a bheidh á gcoimeád ag cumainn fhoirgníochta leis an mBanc Ceannais de bhua alt 93 a aistriú chuig aon chuntas a choimeádann an Banc chun críocha na scéime cosanta coigiltis,

(b) a shocrú, más gá, go ndéileálfar le scairshealúchais i gcumann mar thaiscí leis an gcumann chun críocha na scéime,

(c) a shocrú go ndéanfar aicme shonraithe de scairshealbhóirí i gcumann, agus de thaisceoirí le cumann, a eisiamh ó chosaint a fháil faoin scéim,

(d) aon aicme scairshealúchas i gcumann agus taiscí le cumann a fhéadfaidh sochar a fháil faoin scéim, a shonrú,

(e) cearta agus dualgais leachtaitheora i bhfoirceannadh cumainn a athrú, de réir mar is gá,

(f) a cheangal go ndéanfar, i gcás ina mbaineann dliteanas cumainn i leith duine le scaireanna agus taiscí araon, méid aon íocaíochta faoin scéim a chur chun feidhme i dtosach báire chun dliteanas an chumainn ó thaobh na scaireanna de a laghdú,

(g) a shocrú go ndéanfar íocaíochtaí eile in imthosca forordaithe a mhuirearú ar an gcuntas dá dtagraítear i mír (a),

(h) a shocrú go ndéanfar na hachtacháin iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a leasú, de réir mar is gá,

(i) scaireanna agus taiscí a fhorordú chun críocha alt 93 (2) (b) agus (4) (g).