An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IX Cosaint Coigiltis) Ar Aghaidh (CUID XI Comhshó go Cuideachta Phoiblí Theoranta)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID X

Cónascthaí agus Aistrithe Gealltanas

Cónascadh cumann.

95. —(1) Faoi réir alt 97 a bheith comhlíonta, féadfaidh aon 2 chumann foirgníochta nó níos mó cónascadh trí chumann foirgníochta a fhoirmiú mar chomharba orthu.

(2) D'fhonn cumann a fhoirmiú mar chomharba orthu ní mór do na cumainn chónascacháin—

(a) comhaontú ar chuspóirí a gcomharba, agus ar mhéid a chu mhachtaí, i meabhrán a chomhlíonfaidh na ceanglais atá, de thuras na huaire, i gCuid I den Dara Sceideal,

(b) comhaontú ar na rialacha chun a gcomharba a rialáil, is rialacha a chomhlíonfaidh ceanglais Chuid II den Dara Sceideal agus aon rialacháin a bheidh déanta de thuras na huaire faoi alt 11 (2),

(c) téarmaí an chónasctha a cheadú, ar leithligh, trí rún speisialta ina gceadófar freisin meabhrán agus rialacha a gcomharba, agus

(d) iarratas a dhéanamh i gcomhpháirt chuig an mBanc Ceannais, faoi alt 98, go ndaingneofaí an cónascadh agus 3 chóip de mheabhrán agus rialacha a gcomharba, a mbeidh gach cóip acu sínithe ag rúnaí gach cumann acu, a chur chuig an mBanc.

(3) Má dhaingníonn an Banc Ceannais an cónascadh faoi alt 98, déanfaidh sé, má tá sé sásta faoi na nithe nach mór dó bheith sásta fúthu sula gcláraíonn sé meabhrán agus rialacha cumainn, meabhrán agus rialacha an chumainn comharbais a chlárú agus deimhniú corpraithe a eisiúint chuige agus dáta (“an dáta sonraithe”) a shonrú ar amhail uaidh a mbeidh éifeacht leis an gcorprú.

(4) Ar an dáta sonraithe beidh, de bhua an fho-ailt seo, maoin, cearta agus dliteanais uile gach ceann de na cumainn ar dhaingnigh an Banc Ceannais a gcónascadh arna aistriú chuig an gcumann, agus arna dhílsiú don chumann, a bheidh corpraithe amhlaidh mar chomharba orthu.

(5) Ar an dáta sonraithe, beidh gach ceann de na cumainn a mbeidh an comharba i gcomharbas orthu arna dhíscaoileadh de bhua an fho-ailt seo; ach measfar an t-aistriú a dhéantar le fo-alt (4) a bheith déanta díreach roimh an díscaoileadh.

(6) Más rud é, ar an dáta sonraithe, gur cumainn údaraithe na cumainn go léir ar dhaingnigh an Banc Ceannais a gcónascadh, measfar gur cumann údaraithe a gcomharba, chun críocha an Achta seo, amhail ón dáta sin.

(7) Taifeadfaidh an Banc Ceannais i gcomhad poiblí an chomharba go meastar, de bhua fho-alt (6), gur cumann údaraithe an cumann chun críocha an Achta seo.

Aistriú gealltanas.

96. —(1) Faoi réir alt 97 a bheith comhlíonta, féadfaidh cumann foirgníochta a ghealltanais a aistriú, go feadh méid ar bith, chuig cumann eile a gheallfaidh, de réir an ailt seo, na gealltanais a chomhall.

(2) Ní mór do chumann, d'fhonn—

(a) a ghealltanais a aistriú go feadh méid ar bith, nó

(b) a ghealladh gealltanais chumainn eile a chomhall,

a shocrú sin a dhéanamh trí rún speisialta nó, má thoilíonn an Banc Ceannais leis i gceachtar cás in imthosca inar dóigh leis gur fóirsteanach é, trí rún ón mbord stiúrthóirí.

(3) Déanfar méid an aistrithe, mar a socraíodh amhlaidh é idir an cumann a bheidh ag déanamh an aistrithe agus an cumann a bheidh á ghlacadh, a thaifeadadh in ionstraim aistrithe gealltanas.

(4) Ní bheidh éifeacht le haistriú gealltanas idir cumainn—

(a) mura ndaingneoidh an Banc Ceannais an t-aistriú faoi alt 98, agus

(b) mura n-eiseofar deimhniú clárúcháin maidir leis an aistriú faoi fho-alt (5).

(5) I gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais aistriú gealltanas idir cumainn, déanfaidh sé—

(a) cóip den ionstraim aistrithe gealltanas a chlárú, agus

(b) deimhniú clárúcháin a eisiúint chuig an gcumann a bheidh ag glacadh an aistrithe,

agus, ar cibé dáta a bheidh sonraithe sa deimhniú agus a mhéid a fhorálfar san ionstraim aistrithe gealltanas, beidh, de bhua an fho-ailt seo, maoin, cearta agus dliteanais an chumainn a mbeidh a ngealltanais á n-aistriú aige arna n-aistriú chuig an gcumann, agus arna ndílsiú don chumann, a mbeidh an t-aistriú á ghlacadh aige.

(6) Coimeádfaidh an Banc Ceannais cóip den ionstraim agus den deimhniú clárúcháin a eiseofar faoi fho-alt (5) i gcomhaid phoiblí na gcumann lena mbaineann.

(7) I gcás a ghealltanais uile a bheith aistrithe, beidh cumann arna dhíscaoileadh, de bhua an fho-ailt seo, ar an dáta a bheidh sonraithe sa deimhniú clárúcháin; ach measfar an t-aistriú a dhéantar le fo-alt (5) a bheith déanta díreach roimh an díscaoileadh.

Ráiteas do chomhaltaí i ndáil le cónascadh nó aistriú gealltanas beartaithe.

97. —(1) Aon chumann foirgníochta a bheartóidh cónascadh le cumann amháin eile nó níos mó, a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh gealltanais chumainn eile a chomhall, cuirfidh sé faoi deara, mura mbeidh an Banc Ceannais, i gcás cumann a bheidh ag aistriú gealltanas nó ag gealladh gealltanais a chomhall, tar éis toiliú faoi alt 96 lena ghníomhú trí rún ón mbord stiúrthóirí, go gcuirfear chuig gach comhalta atá i dteideal fógra faoi chruinniú a fháil, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Banc Ceannais, ina dtaispeánfar—

(a) staid airgeadais gach cumainn lena mbaineann,

(b) leas stiúrthóirí gach cumainn lena mbaineann,

(c) aon chúiteamh nó comaoin a bheartaítear a íoc le stiúrthóirí nó oifigigh eile gach cumainn lena mbaineann, nó a bheartaítear a thabhairt dóibh,

(d) sonraí i dtaobh aon íocaíochtaí a bheartaítear a thabhairt do chomhaltaí gach cumainn lena mbaineann i gcomaoin an chónasctha nó an aistrithe bheartaithe,

(e) aon athruithe atá le déanamh, i ndáil leis an gcónascadh nó leis an aistriú, ar na téarmaí a rialaíonn iasachtaí atá le haisíoc,

(f) sonraí na gcomhshocraíochtaí a bheartaítear a dhéanamh i ndáil le fostaithe gach cumainn, agus

(g) aon ní eile a cheanglóidh an Banc i gcás cónascadh nó aistriú áirithe.

(2) Aon ráiteas a bheidh le cur chuig gach comhalta de chumann faoi fho-alt (1) cuirfear é ar shlí go bhfaighidh gach comhalta atá i dteideal fógra faoi chruinniú den chumann a fháil an ráiteas sin tráth nach déanaí ná an dáta a bhfaighidh sé fógra faoi aon rún i bhfabhar an togra atá le tairgeadh ag cruinniú den chumann nó faoi aon phostbhallóid atá le déanamh ar an togra.

(3) Ní chuirfear ráiteas faoin alt seo chuig comhaltaí mura mbeidh an t-ábhar atá ann ceadaithe ag an mBanc Ceannais.

Cónascadh nó aistriú a dhaingniú.

98. —(1) Is i cibé modh a shonróidh an Banc a dhéanfar iarratas go ndaingneoidh an Banc Ceannais cónascadh cumann foirgníochta nó aistriú gealltanas.

(2) Aon chumann a dhéanfaidh iarratas, nó a uamfaidh chun iarratas a dhéanamh, go ndaingneofaí cónascadh nó aistriú cuirfidh sé faoi deara, laistigh de 7 lá tar éis dháta an iarratais, go bhfoilseofar i 2 nuachtán laethúla ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil príomhoifigí na gcumann atá i gceist sa togra, fógra ina dtabharfar sonraí i dtaobh an iarratais agus ina gcuirfear in iúl go bhféadfar agóidí nó uiríll i ndáil leis a dhéanamh i scríbhinn chuig an mBanc Ceannais laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 21 lá tar éis dáta foilsithe an fhógra) a bheidh sonraithe san fhógra.

(3) Is i cibé foirm a shonróidh an Banc Ceannais a bheidh fógra faoi fho-alt (2) agus cuirfear in iúl ann gur féidir cóip den ráiteas a ullmhaíodh faoi alt 97 a fháil, ach é a éileamh, i bpríomhoifig an chumainn le linn gnáthuaireanta oifige an chumainn.

(4) Féadfar agóidí agus uiríll i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh chuig an mBanc Ceannais laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí a foilsíodh faoi fho-alt (2).

(5) Tabharfaidh an Banc Ceannais deis don chumann nó do na cumainn, a bheidh ag iarraidh go ndaingneofaí cónascadh nó aistriú, a thuairimí nó a dtuairimí i dtaobh na n-uiríoll a bheidh déanta a thabhairt sula mbeidh deireadh le cibé tréimhse a shonróidh an Banc i bhfógra don chumann.

(6) Déanfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó aon iarratas, agóid, uiríoll agus tuairim faoin alt seo a bhreithniú,—

(a) an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú; nó

(b) i gcás inar deimhin leis—

(i) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail, nó d'fheidhmeanna an Bhainc ó thaobh cumann de, an daingniú a dhéanamh,

(ii) i gcás cónascadh nó i gcás aistriú ab ábhar do rún speisialta, nach ndearnadh faisnéis éigin a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh na gcomhaltaí ar an gcónascadh nó ar an aistriú a chur ar fáil do na comhaltaí uile a bhí i dteideal vótáil, nó

(iii) nach ndearnadh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha aon cheann de na cumainn atá páirteach sa chónascadh nó san aistriú a chomhall, nó nach ndearnadh é a chomhall ó thaobh an chumainn sin de,

diúltú, faoi réir fho-alt (7), an cónascadh nó an t-aistriú a dhaingniú.

(7) Ní choiscfear ar an mBanc Ceannais cónascadh nó aistriú a dhaingniú de bhua amháin nár comhalladh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha cumainn más dealraitheach don Bhanc nach bhféadfadh sé difear a bheith déanta aige do chinneadh na gcomhaltaí ar an gcónascadh nó ar an aistriú agus más deimhin leis an mBanc gur féidir neamhaird a thabhairt ar an mainneachtain chun críocha an ailt seo.

(8) Ní chuirfidh mainneachtain déanamh de réir ceanglais de chuid na Coda seo nó de chuid rialacha cumainn cónascadh nó aistriú ó bhail ach beidh aon chumann agus aon duine a mhainneoidh déanamh de réir aon cheanglais de chuid na Coda seo ciontach i gcion.

Cúiteamh i gcailliúint oifige agus bónais do chomhaltaí.

99. —(1) I gcás ina mbeidh, i dtéarmaí cónasctha cumann foirgníochta nó i dtéarmaí an aistrithe ghealltanas eatarthu, aon fhoráil—

(a) go n-íocfaidh an cumann cúiteamh le haon stiúrthóir nó oifigeach eile de chuid an chumainn sin nó aon chumainn eile, nó ina leith, i gcailliúint oifige nó i laghdú díolaíochtaí is inchurtha síos don chónascadh nó don aistriú, nó

(b) go ndéanfar cuid de chistí cumainn rannpháirtigh amháin nó níos mó a dháileadh, i gcomaoin an chónasctha nó an aistrithe, i measc aon chomhaltaí de chuid na gcumann rannpháirteach,

ní mór an fhoráil sin a cheadú tríd an rún speisialta ina dtugtar ceadú an chumainn do théarmaí an chónasctha nó an aistrithe, mura dtagann an cás faoi réim fho-alt (2).

(2) I gcás ina mbeidh, i dtéarmaí aistrithe gealltanas idir cumainn, forálacha chun cúiteamh a íoc mar gheall ar chailliúint oifige nó i dtaobh dáileadh cistí mar a luaitear i bhfo-alt (1) agus go n-iarrfaidh cumann lena mbaineann ar an mBanc Ceannais, faoi alt 96 (2), toiliú leis an gcumann do cheadú an aistrithe ghealltanas nó an ghealladh gealltanais a chomhall trí rún ón mbord stiúrthóirí seachas trí rún speisialta ón gcumann, ní thabharfaidh an Banc a thoiliú mura deimhin leis go bhfuil, sna himthosca go léir, bunús leis an gcúiteamh nó an dáileadh a bheartaíonn gach cumann a thabhairt nó a dhéanamh agus go bhfuil sé réasúnach é a thabhairt nó a dhéanamh.

(3) San alt seo—

folaíonn “cúiteamh” sochair chomhchineáil a chur ar fáil;

folaíonn “dáileadh cistí”, agus tagairt á déanamh do chomhaltaí, dáileadh trí bhíthin ráta speisialta úis a bheith ar fáil do chomhaltaí ar feadh tréimhse teoranta;

folaíonn “cailliúint oifige”, i ndáil le hoifigeach cumainn atá i seilbh oifige i bhfochuideachta nó i gcomhlacht comhlachaithe eile de chuid an chumainn sin de bhua a stádais sa chumann sin, cailliúint na hoifige sin.