An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID X Cónascthaí agus Aistrithe Gealltanas) Ar Aghaidh (CUID XII Foirceannadh, etc.)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID XI

Comhshó go Cuideachta Phoiblí Theoranta

Léiriú ar an gCuid seo.

100. —Sa Chuid seo—

tá le “comhalta iasachtach” an bhrí a shanntar dó le halt 71;

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phoiblí faoi theorainn scaireanna de réir bhrí Achtanna na gCuideachtaí;

ciallaíonn “dáta comhshó” an dáta a dtiocfaidh an cumann chun bheith comhshóite agus a gclárófar mar chuideachta é;

ciallaíonn “scéim chomhshó” scéim, arna tarraingt suas ag bord stiúrthóirí cumainn, chun an cumann a chomhshó ina chuideachta;

ciallaíonn “cuideachta chomharbais” an chuideachta a gcomhshónn an cumann é féin inti.

Cumann a chomhshó ina chuideachta phoiblí theoranta.

101. —(1) Féadfaidh cumann foirgníochta, faoi réir na Coda seo, é féin a chomhshó ina chuideachta.

(2) D'fhonn é féin a chomhshó ina chuideachta ní mór do chumann—

(a) scéim chomhshó a cheadú trí rún comhshó de bhun alt 71,

(b) daingniú an Bhainc Ceannais a fháil don scéim chomhshó faoi alt 104, agus

(c) féachaint chuige go gclárófar an cumann mar chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí de réir fhorálacha na Coda seo agus aon rialachán arna ndéanamh fúithi.

(3) Maidir le scéim chomhshó chun críocha fho-alt (2)—

(a) luafar inti ainm na cuideachta beartaithe,

(b) luafar inti, i ndáil leis an gcuideachta bheartaithe, méid an scairchaipitil údaraithe bheartaithe agus an méid den chaipiteal sin a bheartaítear a eisiúint tráth an chomhshó,

(c) beidh ag gabháil léi meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na cuideachta beartaithe agus iad i gcomhréir le ceanglais Achtanna na gCuideachtaí,

(d) sonrófar inti ainmneacha na ndaoine a bheartaítear a bheith mar chéad-stiúrthóirí agus mar chéad-iniúchóirí ar an gcuideachta bheartaithe,

(e) sonrófar inti na daoine nó na haicmí daoine a bheidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe,

(f) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine atá ina gcomhaltaí den chumann agus a bheidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe, faoi threoir scairshealúchas na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine sa chumann—

(i) cén teideal a bheidh acu chuig scaireanna sa chuideachta bheartaithe, agus

(ii) cé na cearta (más ann) atá acu chun suibscríobh le haghaidh scaireanna sa chuideachta bheartaithe,

agus, i gceachtar cás, cad iad na cearta a ghabhann leis na scaireanna,

(g) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine (más ann) atá ina gcomhaltaí den chumann agus nach mbeidh ina gcomhaltaí den chuideachta bheartaithe, cearta agus dliteanais na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine,

(h) sonrófar inti na hathruithe a bheartaítear a dhéanamh ar infheistíochtaí an chumainn (más ann) i bhfochuideachtaí agus i gcomhlachtaí comhlachaithe eile de dhroim an chomhshó,

(i) sonrófar inti, i gcás daoine nó aicmí daoine atá ina gcomhaltaí den chumann ar an dáta comhshó, cearta na ndaoine sin nó na n-aicmí sin daoine chun dáileadh ar a sócmhainní a fháil i gcás go ndéanfar an chuideachta chomharbais a fhoirceannadh laistigh de 5 bliana ón dáta comhshó, agus mura bhfuil aon chearta den sórt sin le bheith ann, luafar an méid sin sa scéim,

(j) sonrófar inti na téarmaí ar a ndéanfaidh an chuideachta chomharbais scairshealúchais chomhaltaí an chumainn a shealbhú mar thaiscí,

(k) sonrófar inti téarmaí aon dáileadh a bheartaítear a dhéanamh ar chistí an chumainn i ndáil leis an scéim chomhshó, agus

(l) déanfar socrú inti le haghaidh cibé nithe eile agus nithe gaolmhara a shonróidh an Banc Ceannais.

(4) Aon chumann a bheartóidh comhshó a dhéanamh go cuideachta déanfaidh sé, 6 mhí ar a laghad roimh an dáta ar a bhfuil sé i gceist an rún comhshó a thairiscint ag cruinniú ginearálta den chumann nó vótáil air i bpostbhallóid, scéala a chur chuig an mBanc Ceannais á rá leis go bhfuil sé i gceist é sin a dhéanamh agus rachaidh sé i gcomhairle leis an mBanc i ndáil leis na nithe dá bhforálfar sa scéim chomhshó.

(5) Ní chuirfear scéim chomhshó faoin alt seo chuig comhaltaí an chumainn mura mbeidh an scéim ceadaithe ag an mBanc Ceannais mar scéim a chomhlíonann ceanglais na Coda seo nó ceanglais fúithi.

(6) Déarfar i dtéarmaí scéime comhshó, maidir le haon chearta a thugtar do chomhaltaí an chumainn agus a thugann teideal dóibh chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a bheith acu, chun scaireanna sa chuideachta chomharbais a fháil i dtosaíocht ar shuibscríobhaithe eile nó chun aon dáileadh ar chistí an chumainn a fháil, nach mbaineann na cearta sin, i gcás na ndaoine sin a tháinig chun bheith ina gcomhaltaí den chumann tar éis 21 Nollaig, 1988, ach amháin leis na comhaltaí a raibh scaireanna sa chumann á sealbhú acu i gcaitheamh na tréimhse 2 bhliain ar fad dar chríoch an lá a dtugtar fógra do chomhaltaí i dtaobh an rúin comhshó.

Forálacha cosantacha.

102. —(1) Ní dhéanfaidh cuideachta chomharbais, go ceann tréimhse 5 bliana tar éis an dáta comhshó—

(a) aon scaireanna sa chuideachta nó aon bhintiúir dá cuid a thairiscint don phobal nó iad a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, d'fhonn iad a thairiscint lena ndíol don phobal,

(b) aon scair sa chuideachta nó aon bhintiúr dá cuid a leithroinnt, nó comhaontú lena leithroinnt, nó

(c) aon aistriú ar scaireanna sa chuideachta nó ar bhintiúir dá cuid a chlárú,

dá mbeadh d'éifeacht—

(i) leis an tairiscint, leis an leithroinnt nó le clárú an aistrithe, go mbeadh 15 faoin gcéad nó níos mó de na scaireanna sa chuideachta nó de bhintiúir dá cuid ar seilbh ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó

(ii) leis an tairiscint, leis an leithroinnt nó le clárú an aistrithe scaireanna, go mbeadh 15 faoin gcéad nó níos mó de na cearta vótála, a ghabhann le scaireanna na cuideachta, ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó ag daoine nó a n-ainmnithigh ag gníomhú dóibh de chomhbheart.

(2) Beidh ar áireamh in airteagail chomhlachais na cuideachta comharbais, forálacha de chineál a áiritheoidh nach ndéanfaidh an chuideachta aon bheart de shárú ar fho-alt (1) agus ní dhéanfaidh an chuideachta aon athrú ar na forálacha sin le linn na tréimhse 5 bliana a shonraítear san fho-alt sin.

(3) Beidh aon leithroinnt nó clárú ar aistriú scaireanna nó bintiúr a dhéanfar de shárú ar fho-alt (1) ar neamhní agus aon chearta vótála a bheidh ag aon duine amháin, nó ag ainmnithigh d'aon duine amháin, nó ag daoine nó a n-ainmnithigh ag gníomhú dóibh de chomhbheart, de bhreis ar uimhir in ionannas do 15 faoin gcéad de na cearta vótála go léir, ní bheidh siad infheidhmithe ag an duine nó ag na daoine sin nó ag a n-ainmnithigh.

(4) Féadfaidh an Banc Ceannais, más dóigh leis gur gá déanamh amhlaidh ar mhaithe le leasanna taisceoirí leis an gcuideachta chomharbais, a ordú trí fhógra chuig an gcuideachta, go scoirfidh fo-ailt (1), (2) agus (3) d'fheidhm a bheith acu maidir léi.

(5) San alt seo ní fholaíonn “aistriú”, i ndáil le scaireanna nó bintiúir, aistriú chuig duine a mbeidh an ceart chuig aon scaireanna nó bintiúir tarchurtha chuige trí oibriú an dlí.

Ráiteas comhshó.

103. —(1) Sula dtairgfear rún comhshó de bhun alt 101 cuirfidh an cumann foirgníochta ráiteas de réir fho-alt (2) chuig gach comhalta atá i dteideal fógra a fháil faoin gcruinniú den chumann ag a dtairgfear an rún comhshó nó, de réir mar a bheidh, faoin bpostbhallóid.

(2) I ngach ráiteas a cheanglaítear le fo-alt (1)—

(a) tabharfar achoimre sách mion, chun a chumasú do dhaoine atá i dteideal vótáil a chinneadh conas vótáil ar an rún, ar na nithe a gceanglaítear tagairt dóibh sa scéim chomhshó, agus ar na doiciméid a cheanglaítear a bheith ag gabháil léi, le halt 101;

(b) tabharfar na cúiseanna atá leis an togra chun comhshó a dhéanamh;

(c) sonrófar aon athrú a bheartaítear a dhéanamh ar na priomhghníomhaíochtaí den chumann a bheidh á seoladh ag a chomharba, ag tagairt go háirithe dá bheartas beartaithe i ndáil le hiasachtaí a thabhairt chun tithíocht a chur ar fáil agus a fheabhsú agus leis an ráta úis a chinneadh a bheidh le muirearú ar iasachtaí marthanacha agus todhchaí den sórt sin;

(d) tabharfar staid agus stair airgeadais an chumainn agus a fhochuideachtaí;

(e) déarfar cén leas (más ann) atá ag oifigigh an chumainn sa chomhshó;

(f) déarfar cén cúiteamh nó comaoin eile (más ann) a bheartaítear a íoc le hoifigigh an chumainn nó ina leith;

(g) déarfar cén difear a dhéanfar do thuarastal, táillí, cearta iasacht a fháil agus sochair eile de chuid oifigigh den chumann a cheapfar chuig aon phost sa chuideachta chomharbais nó in aon chuideachta a bheidh i gcomhlachas léi;

(h) déarfar gur féidir le haon chomhalta cóip iomlán chruinn den scéim le haghaidh comhshó a fháil saor in aisce, ar í a éileamh, i ngach áit ghnó de chuid an chumainn tráth ar bith le linn gnáthuaireanta gnó; agus

(i) déileálfar le cibé nithe eile a shonróidh an Banc Ceannais.

(3) Ní chuirfear ráiteas faoin alt seo chuig comhaltaí an chumainn mura mbeidh an t-ábhar ann ceadaithe ag an mBanc Ceannais.

An Banc Ceannais do dhaingniú agus do chlárú scéime comhshó.

104. —(1) Déanfaidh cumann foirgníochta, a mbeidh scéim chomhshó ceadaithe go cuí aige de réir na Coda seo, iarratas chuig an mBanc Ceannais ar an scéim a dhaingniú, laistigh de 14 lá ón gcruinniú ag ar cheadaigh an cumann an scéim, trí chóip den rún mar a ritheadh é mar aon le 3 chóip den scéim mar a cheadaigh an cumann í a chur ar aghaidh chuig an mBanc.

(2) Beidh feidhm, faoi réir an ailt seo agus aon mhodhnuithe is gá, ag fo-ailt (1) go (5), (7) agus (8) d'alt 98 maidir le hiarratas chun an Bhainc Ceannais ar scéim chomhshó a dhaingniú faoin alt seo.

(3) Cuirfidh an Banc Ceannais scéala chuig an Aire agus chuig an Aire Airgeadais nuair a bheidh scéim chomhshó á daingniú aige.

(4) Déanfaidh an Banc Ceannais, tar éis dó iarratas faoi fho-alt (1), aon agóid nó uiríoll a fuarthas agus aon tuairim ón gcumann a bhreithniú, an scéim chomhshó a dhaingniú mura dóigh leis—

(a) go mbeadh sé contrártha do leas an phobail an daingniú a dhéanamh, nó

(b) nach ndearnadh faisnéis éigin a d'fhéadfadh difear a dhéanamh do chinneadh na gcomhaltaí ar an scéim chomhshó a chur ar fáil do na comhaltaí uile a bhí i dteideal vótáil, nó

(c) nach ndearnadh ceanglas iomchuí éigin den Acht seo nó de rialacha an chumainn a chomhall, nó

(d) go bhfuil baol substaintiúil ann nach ndeonófar ceadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971 don chuideachta chomharbais.

(5) I gcás ina ndaingneoidh an Banc Ceannais scéim chomhshó claróidh sé an scéim agus an rún comhshó agus cuirfidh sé deimhniú clárúcháin chuig an iarratasóir agus beidh an deimhniú sin ina fhianaise leordhóthanach, mura gcruthófar a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais na Coda seo i ndáil leis an scéim chomhshó.

(6) Foilseoidh an Banc Ceannais láithreach cibé fógra faoi dhaingniú agus clárú na scéime is dóigh leis is cuí.

Achainí chun na hArd-Chúirte i gcoinne scéime comhshó.

105. —(1) Féadfaidh—

(a) 100 comhalta ar a laghad a bhí cáilithe chun vótáil ar an rún comhshó ag ceadú na scéime comhshó, nó

(b) aon chomhalta den chumann, le ceadú an Cúirte,

achainí a dhéanamh chun na Cúirte chun scéim chomhshó mar a daingníodh faoi 104, a chealú.

(2) Déanfar achainí faoin alt seo laistigh de mhí amháin tar éis an dáta ar ar fhoilsigh an Banc Ceannais fógra faoi alt 104 á rá gur dhaingnigh agus gur chláraigh sé an scéim chomhshó.

(3) Féadfar achainí faoi fho-alt (1) (a) a dhéanamh, thar ceann duine amháin nó níos mó de na daoine atá i dteideal an achainí a dhéanamh, ag cibé duine amháin nó níos mó dá líon a bheidh ceaptha chuige sin i scríbhinn.

(4) I gcás achainí a bheith déanta chun na Cúirte, déanfaidh an Chúirt, a luaithe is féidir, cóip den achainí a chur chuig an mBanc Ceannais agus chuig an gcumann.

(5) Ar achainí faoi fho-alt (1) féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh ag daingniú nó ag cealú na scéime comhshó ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi.

(6) Le linn di bheith ag feidhmiú a cumhachtaí faoi fho-alt (5) ní bheidh aird ag an gCúirt ar aon ní seachas cearta agus leasanna chomhaltaí an chumainn, nó aon aicme díobh.

(7) Ní thionscnófar aon achomharc i gcoinne aon ordaithe faoi fho-alt (5) tar éis mí a bheith caite ón dáta ar cuireadh an t-ordú i gcrích.

Cumann a chlárú mar chuideachta.

106. —(1) A luaithe is féidir, ach tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an chláraithe de bhun alt 104 (5) agus, i gcás achainí a bheith déanta chun na Cúirte faoi alt 105, tar éis an achainí a bheith cinnte go críochnaitheach, seachadfaidh an cumann foirgníochta ar chláraitheoir na gcuideachtaí—

(a) na doiciméid seo a leanas—

(i) cóip den rún comhshó faoi alt 101 a mbeidh sé deimhnithe ag an mBanc Ceannais gur rún é a cláraíodh faoi alt 104,

(ii) cóip den scéim a dhaingnigh agus a chláraigh an Banc Ceannais faoi alt 104,

(iii) an t-ordú ón gCúirt faoi alt 105, más ann,

(iv) deimhniú corpraithe an chumainn mar chumann foirgníochta,

agus

(b) meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na cuideachta comharbais agus cibé doiciméid eile agus cibé táille a cheanglaítear a thabhairt, faoi Achtanna na gCuideachtaí, d'fhonn cuideachta a chlárú.

(2) Ar na doiciméid atá liostaithe i bhfo-alt (1) a bheith faighte aige agus ar é a bheith sásta gur comhlíonadh ceanglais uile Achtanna na gCuideachtaí maidir le meabhrán agus airteagail a chlárú agus nithe a réamhghabhann agus a chomhghabhann leis an gcéanna, coinneoidh agus cláróidh cláraitheoir na gcuideachtaí an meabhrán agus na hairteagail agus eiseoidh sé deimhniú corpraithe i ndáil leis an gcuideachta.

(3) Beidh deimhniú a chorpraithe mar chuideachta ina fhianaise leordhóthanach, go dtí go suífear a mhalairt, gur comhlíonadh ceanglais an ailt seo agus go raibh an cumann, ar an dáta a thaispeántar sa deimhniú, cláraithe go cuí mar chuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí.

(4) Ar an dáta a thaispeántar i ndeimhniú a chorpraithe mar chuideachta scoirfidh an cumann de bheith corpraithe faoin Acht seo agus is cuideachta atá corpraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí a bheidh ann agus beidh feidhm dá réir sin ag na hAchtanna sin maidir leis.

(5) Foilseoidh cláraitheoir na gcuideachtaí láithreach, de réir mar is cuí leis, fógra gur cláraíodh an cumann mar chuideachta.

(6) Ar chlárú cumainn mar chuideachta—

(a) na daoine go léir atá le bheith ina gcomhaltaí den chuideachta beidh siad, de réir théarmaí na scéime comhshó, ina gcomhaltaí den chuideachta; agus

(b) measfar na scaireanna, más ann, i gcaipiteal na cuideachta a bhfuil teideal ag na daoine sin go léir chucu de réir na scéime comhshó, a bheith leithroinnte chuig na daoine sin.

(7) D'ainneoin aon ní in alt 58 nó alt 116 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , ní bheidh de cheangal ar aon chuideachta ar chomhshóigh cumann inti de bhun na Coda seo slí bheatha aon duine a bhí, díreach roimh an dáta comhshó, ina chomhalta den chumann—

(a) a thaispeáint ar an liosta a cheanglaítear a sheachadadh ar chláraitheoir na gcuideachtaí le halt 58 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 , nó

(b) a thaifeadadh sa chlár dá chomhaltaí dá dtagraítear in alt 116 d'Acht na gCuideachtaí, 1963 ,

laistigh de 5 bliana ón dáta comhshó más rud é nach raibh slí bheatha an duine sin luaite sa chlár de chomhaltaí an chumainn.

Forálacha a leanann as comhshó cumainn.

107. —(1) I gcás ina ndéanfar cumann foirgníochta a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo—

(a) déanfar, tráth an chomhshó, taisce den mhéid céanna leis an gcuideachta chomharbais de gach scairshealúchas sa chumann agus de gach taisce leis an gcumann, agus

(b) dílseoidh gnó, maoin, cearta agus dliteanais an chumainn, ar an dáta comhshó, sa chuideachta.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo, is é sin le rá—

(a) aon tagairt (sainráite nó intuigthe) don chumann in aon ionstraim a rinneadh, a tugadh, a ritheadh nó a forghníomhaíodh roimh an dáta comhshó, léifear agus forléireofar í mar thagairt don chuideachta;

(b) ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), gach conradh, comhaontú, tíolacas, morgáiste, gníomhas, léas, ceadúnas, ionstraim eile, geallúint agus fógra (cibé acu i scríbhinn nó nach ea) a bheidh déanta ag nó leis an gcumann, nó tugtha dó nó aige, nó a bheidh dírithe chuige (ina aonar nó i dteannta aon duine eile) roimh an dáta comhshó agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, beidh siad, a mhéid a bhí siad, roimhe sin, ina gceangal ar an gcumann agus infheidhmithe aige, ina choinne nó ina fhabhar, ina gceangal ar an gcuideachta agus infheidhmithe aici, ina coinne nó ina fabhar chomh hiomlán agus chomh héifeachtúil céanna ar gach slí ionann is dá mba í an chuideachta, agus nárbh é an cumann, an duine a rinne iad, lena ndearnadh iad, a thug nó dár tugadh iad nó a dhírigh nó ar ar díríodh iad, de réir mar a bheidh;

(c) aon treoir, ordú, ordachán, mandáid nó údarás a tugadh don chumann agus a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, measfar é a bheith tugtha don chuideachta;

(d) aon urrús a bhí á shealbhú ag an gcumann mar urrús d'fhiach nó do dhliteanas eile i leith an chumainn agus a tabhaíodh roimh an dáta comhshó beidh sé ar fáil don chuideachta mar urrús do ghlanadh an fhéich nó an dliteanais sin agus, i gcás ina mbaineann an t-urrús freisin le fiacha nó dliteanais todhchaí nó ionchasacha, beidh sé ar fáil mar urrús do ghlanadh fiach nó dliteanas i leith na cuideachta, a thabhófar ar an dáta comhshó nó dá éis; agus, i ndáil le hurrús, beidh teideal ag an gcuideachta chuig na cearta agus na tosaíochtaí go léir (cibé caoi a éireoidh siad), agus beidh sí faoi réir na ndliteanas go léir, a mbeadh an cumann ina dteideal nó faoina réir mura mbeadh an cumann comhshóite ina chuideachta;

(e) déanfar cearta agus dliteanais uile an chumainn mar earbóir nó earbaí doiciméad nó airnéisí a dhílsiú sa chuideachta agus glacfaidh an chuideachta chuici féin iad;

(f) beidh le hionstraim sho-shannta nó le hordú íoca airgid atá, roimh an dáta comhshó, tarraingthe ar an gcumann nó tugtha dó nó glactha nó formhuinithe aige nó is iníoctha ag áit ghnó de chuid an chumainn, an éifeacht chéanna, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ar an dáta comhshó agus dá éis, ionann is dá mba í an chuideachta, agus nárbh é an cumann, an duine ar ar tarraingíodh é nó dár tugadh é nó a ghlac nó a fhormhuinigh é nó ionann is dá mbeadh sé iníoctha ag áit ghnó na cuideachta;

(g) aon ní a dhéantar nó a údaraítear leis an gCuid seo—

(i) ní mheasfar gur ní é a fhágfaidh go mbeidh an cumann, nó an chuideachta, nó aon duine eile ag sárú conartha nó rúndachta nó go mbeidh aon duine acu ciontach in éagóir shibhialta thairis sin; nó

(ii) ní mheasfar gur ní é óna bhfaigheann aon duine an ceart chun aon chonradh nó comhshocraíocht a fhoirceannadh nó a chealú nó chun comhlíonadh aon oibleagáide a thapú; nó

(iii) ní mheasfar gur ní é a fhágfaidh go mbeidh an cumann, nó an chuideachta, nó aon duine eile ag sárú aon achtachán nó riail dlí nó foráil chonarthach a thoirmisceann, a shrianann nó a rialálann sannadh nó aistriú aon mhaoine nó nochtadh aon fhaisnéise; nó

(iv) ní shaorfaidh sé aon urra, go hiomlán nó go páirteach, ó aon oibleagáid; nó

(v) ní dhéanfaidh sé aon chonradh nó urrús a chur ó bhail nó a urscaoileadh;

(h) aon chaingean, eadráin nó imeachtaí nó aon chúis caingne atá, díreach roimh an dáta comhshó, ar feitheamh nó ar marthain ag an gcumann nó ina choinne nó ina fhabhar nó ar páirtí ann an cumann, féadfar é a thabhairt ar aghaidh agus, gan aon eascaire, pléadáil nó doiciméad eile a leasú, féadfar leanúint de agus é a fhorfheidhmiú ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar;

(i) ar an dáta comhshó tiocfaidh gach fostaí don chumann chun bheith ina fhostaí don chuideachta ach, chun críocha gach achtachán, dlí, dámhachtain, cinneadh, conradh agus comhaontú a bhaineann le fostaíocht gach fostaí den sórt sin, measfar conradh fostaíochta an fhostaí sin a bheith gan briseadh agus measfar gur tréimhse sheirbhíse leis an gcuideachta an tréimhse sheirbhíse leis an gcumann, agus measfar gurb ionann, go dtí go n-athrófar iad, téarmaí agus coinníollacha fostaíochta gach fostaí den sórt sin agus téarmaí agus coinníollacha fostaíochta an fhostaí sin leis an gcumann díreach roimh an dáta comhshó agus gur féidir iad a athrú sa tslí chéanna.

(3) I gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo agus go ndéanfar socrú sa scéim chomhshó chun comhshó nó athrú a dhéanamh ar na cearta nó na dliteanais de chuid aon duine a bhí ar marthain díreach roimh an dáta comhshó, scoirfidh na cearta agus na dliteanais sin, d'ainneoin fho-alt (2), de bheith infheidhmithe ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar ar an dáta comhshó nó dá éis, ach amháin de réir na scéime sin.

(4) I gcás ina ndéanfar cumann a chomhshó ina chuideachta de bhun na Coda seo agus go ndéanfar socrú sa scéim chomhshó maidir le haon chearta nó dliteanais a éireoidh díreach i ndiaidh an dáta comhshó, beidh na cearta agus na dliteanais sin infheidhmithe ag an gcuideachta nó ina coinne nó ina fabhar ar an dáta comhshó agus dá éis.

Rialacháin chomhshó.

108. —Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, socrú breise a dhéanamh i ndáil le cumann foirgníochta a chomhshó ina chuideachta faoin gCuid seo, lena n-áirítear socrú le haghaidh an athraithe ó rialáil ag an Acht seo agus maoirsiú faoi, go dtí rialáil ag Achtanna na gCuideachtaí agus ag Achtanna an Airgid Reatha agus an Bhainc Ceannais, 1927 go 1971, agus maoirsiú fúthu, agus féadfaidh sé socrú a dhéanamh amhlaidh i ndáil leis an gcéanna.