An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHÉAD SCEIDEAL Na hAchtacháin a Aisghairtear) Ar Aghaidh (AN TRÍÚ SCEIDEAL Forálacha forlíontacha i ndáil lehúdarú)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

AN DARA SCEIDEAL

Forálacha is infheidhme maidir leis an meabhrán agus na rialacha

Alt 10.

Cuid I: An Meabhrán

1. Sonrófar i meabhrán cumainn foirgníochta—

(a) ainm an chumainn;

(b) cuspóirí an chumainn;

(c) na cumhachtaí inghlactha (más ann) agus aon srianta orthu atá glactha ag an gcumann de réir alt 36; agus

(d) na srianta (más ann) atá glactha ag an gcumann ar mhéid aon chumhachtaí eile dá chuid faoin Acht seo.

2. D'fhonn mír 1 (c) agus (d) a chomhlíonadh ní mór téarmaí gach cumhachta inghlactha agus gach srian ar mhéid aon chumhachta a bheith leagtha amach sa mheabhrán.

3. D'fhonn mír 1 (c) a chomhlíonadh ó thaobh na gcumhachtaí dá dtagraítear in alt 28 de, déarfar sa mheabhrán go bhfuil glactha leis na cumhachtaí infheistíochta agus tacaíochta i gcás comhlachtaí corpraithe nó comhlachtaí tithíochta ceadaithe agus cad is cuspóir don infheistíocht nó don tacaíocht.

4. I gcás ina scoirfidh aon chumhacht a bheidh glactha ag cumann faoin Acht seo de bheith infheidhmithe ag cumann, cuirfidh an cumann nóta á rá sin agus ag lua an dáta ónar scoir sí amhlaidh ag gabháil lena mheabhrán agus cuirfidh sé cóip den nóta chuig an mBanc Ceannais agus coimeádfaidh seisean an chóip i gcomhad poiblí an chumainn.

Cuid II: Na Rialacha

5. Déanfar foráil i rialacha cumainn foirgníochta maidir leis na nithe seo a leanas—

(a) ainm an chumainn;

(b) an dóigh ina bhféadfaidh an cumann a phríomhoifig a athrú;

(c) an dóigh ina gcinnfear na téarmaí ar a n-eiseofar agus ar a n-aisíocfar scaireanna, agus an dóigh ina gcuirfear athruithe ar na téarmaí ar a sealbhaíonn siad a gcuid scaireanna in iúl do scairshealbhóirí;

(d) cibé acu atá nó nach bhfuil aon scaireanna tosaíochta nó iarchurtha le heisiúint agus, má tá, cad iad na teorainneacha a bheidh leo agus na téarmaí ar a n-eiseofar iad;

(e) an dóigh ina dtabharfar agus ina n-aisíocfar iasachtaí tithíochta, agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh iasachtaí den sórt sin an méid a bheidh dlite de a fhuascailt roimh dheireadh na tréimhse dár tugadh an iasacht sin;

(f) na comhshocraíochtaí chun gníomhais mhorgáiste agus urrúis eile de chuid an chumainn a choimeád slán;

(g) an dóigh ina bhfionnfar caillteanais agus ina soláthrófar dóibh;

(h) cumhachtaí agus dualgais an bhoird stiúrthóirí;

(i) an dóigh ina gceapfar stiúrthóirí, ina n-íocfar luach saothair (lena n-áirítear pinsin) leo agus ina gcuirfear as oifig iad (lena n-áirítear an dóigh ina líonfar corrfholúntais) agus, i gcás nach mbeidh sé le socrú trí rún ag an gcruinniú ginearálta bliantúil, an luach saothair uasta a íocfar le stiúrthóirí;

(j) an dóigh ina n-íocfar luach saothair le hiniúchóirí;

(k) foirm shéala an chumainn agus na comhshocraíochtaí chun é a choimeád slán agus a úsáid;

(l) ceart comhaltaí cruinnithe a iarraidh;

(m) foirm an fhógra ag tionól cruinnithe agus an dóigh ina seirbheálfar an fógra;

(n) ceart comhaltaí rúin a thairiscint ag cruinnithe;

(o) an dóigh ina dtabharfar fógra do chomhaltaí i dtaobh aon rún (lena n-áirítear rún speisialta nó rún comhshó) atá le tairiscint ag cruinnithe;

(p) an nós imeachta a leanfar ag cruinnithe;

(q) cearta vótála comhaltaí, ceart comhalta vótaíocht a éileamh agus an dóigh ina ndéanfar vótaíocht;

(r) ceart comhalta seachvótálaí a cheapadh;

(s) cibé acu a dhéanfar díospóidí idir an cumann agus aon chomhalta dá chuid, nó aon duine a bheidh ag éileamh trí aon chomhalta nó faoi na rialacha, a réiteach trína dtarchur chun na Cúirte Cuarda, chun eadrána nó chun an Bhainc Ceannais;

(t) an dóigh ina scoirfidh comhaltas den chumann;

(u) ceart comhaltaí a bheith rannpháirteach i ndáileadh aon sócmhainní barrachais a bheidh ann tar éis íocaíochtaí le creidiúnaithe, tráth foirceanta nó tráth díscaoilte an chumainn; agus

(v) an dóigh ina gceapfar duine neamhspleách nó daoine neamhspleácha, nach oifigeach nó fostaí de chuid an chumainn, chun maoirsiú a dhéanamh ar stiúradh vótaíochta chun stiúrthóir a thoghadh.

6. Ní ghlacfar le haon ní sa Sceideal seo mar ní a údaraíonn aon fhoráil a dhéanamh i meabhrán nó i rialacha cumainn atá ar neamhréir leis an Acht seo nó le rialacháin arna ndéanamh faoi nó le ceanglais de chuid an Bhainc Ceannais i bhfeidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo, ná mar ní a dhéanann difear d'oibriú aon fhorála den Acht seo lena gcuirtear rialacha ar neamhní go feadh méid sonraithe ar bith.