An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989) Ar Aghaidh (CUID II Foirmiú agus Údarú Cumann Foirgníochta)

17 1989

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1989

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1989 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh ar cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, i gcoitinne nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh críoch éagsúil agus forálacha éagsúla.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963 ;

ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971 ;

folaíonn “athrú”, i ndáil le meabhrán nó rialacha cumainn foirgníochta, aon bhreis a chuirfear leis an meabhrán nó leis na rialacha nó aon éagsúlú a dhéanfar air nó orthu, cealú aon fhorála den mheabhrán nó de na rialacha, cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear foráil amháin nó níos mó sa mheabhrán nó sna rialacha in ionad aon fhorála a chealófar amhlaidh, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

ciallaíonn “cumhachtaí inghlactha” cumhachtaí nach mór, faoi aon fhoráil den Acht seo, a bheith glactha ag an gcumann le go mbeidh siad infheidhmithe agus ciallaíonn “glacadh” nó “glactha” glacadh nó glactha, trí chomhaontú, ar fhoirmiú an chumainn nó trí rún speisialta dá éis sin;

tá le “na cuntais bhliantúla” an bhrí a shanntar dó le halt 77;

ciallaíonn “comhlacht comhlachaithe” comhlacht a bhfuil scaireanna nó cearta comhaltais comhréire ag an gcumann ann faoi alt 28;

ciallaíonn “údarú” údarú faoi alt 17;

ciallaíonn “banc” an sealbhóir ar cheadúnas faoi alt 9 d'Acht 1971;

ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta atá corpraithe, nó a mheastar le halt 124 (2) a bheith corpraithe, faoin Acht seo;

ciallaíonn “Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;

folaíonn “coimisiún” aon bhronntanas, bónas, táille, íocaíocht nó sochar eile;

ciallaíonn “Achtanna na gCuideachtaí” Acht na gCuideachtaí, 1963 , agus gach achtachán atá le forléiriú le chéile leis mar aon Acht amháin;

folaíonn “sárú” mainneachtain comhlíonadh a dhéanamh;

tá le “rún comhshó” an bhrí a shanntar dó le halt 71;

ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt;

folaíonn “taisce” iasacht agus forléireofar abairtí gaolmhara dá réir sin;

folaíonn “diúscair” agus “diúscairt”, i ndáil le haon mhaoin, aon leas sa mhaoin nó aon cheart thairsti a dheonú;

folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra, cibé ainm a thugtar air;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

folaíonn “teach” aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a úsáidtear nó atá oiriúnach lena úsáid mar theaghais agus aon fhotheach, clós, gairdín nó talamh eile a chomhghabhann leis nó a theachtar de ghnáth ina theannta, agus déanfar “tithíocht” a fhorléiriú dá réir sin;

ciallaíonn “iasacht tithíochta” iasacht de réir bhrí alt 22;

ciallaíonn “comhalta”, i ndáil le cumann, comhalta de réir bhrí alt 16;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil;

folaíonn “morgáiste.” muirear;

ciallaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann foirgníochta nó comhlacht corpraithe eile, stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó rúnaí, cibé ainm a thugtar air, agus, i ndáil le haon chion, folaíonn sé freisin aon duine a airbheartaíonn a bheith ag gníomhú mar oifigeach de chuid an chomhlachta;

ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;

tá le “an comhad poiblí”, i ndáil le cumann foirgníochta, an bhrí a shanntar dó le halt 122;

ciallaíonn “achtacháin aisghairthe” na hachtacháin a aisghairtear le halt 6;

ciallaíonn “cumann” cumann foirgníochta;

tá le “rún speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 70;

tá le “fochuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Achtanna na gCuideachtaí;

tá le “ráiteas airgeadais achomair” an bhrí a shanntar dó le halt 79.

(2) In aon tagairt san Acht seo do scairshealúchas duine i gcumann glacfar leis gurb é luach scaireanna an duine an méid a bheidh chun creidmheasa dó i leith íocaíochtaí a rinne sé ar na scaireanna agus i leith úis a creidiúnaíodh dóibh trí chaipitliú.

(3) Aon tagairt san Acht seo do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid, d'alt nó do Sceideal den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(4) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

(5) Aon tagairt san Acht seo d'achtachán forléireofar í mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú ag aon achtachán dá éis, nó faoi aon achtachán dá éis, lena n-áirítear an tAcht seo, nó le rialacháin, nó faoi rialacháin, arna ndéanamh faoin Acht seo.

(6) Aon tagairt san Acht seo d'aon fhoráil den Acht seo forléireofar í, más iomchuí, mar thagairt don fhoráil sin arna modhnú le rialachán.

Rialacháin, treoracha, etc.

3. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuí, is é sin an tAire, an tAire Airgeadais, an tAire Dlí agus Cirt nó an Banc Ceannais, rialacháin a dhéanamh—

(a) chun críocha ginearálta nó chun aon chríche áirithe den Acht seo, nó

(b) ag forordú aon ní dá dtagraítear san Acht seo mar ní atá forordaithe nó le forordú, nó i ndáil le haon ní dá dtagraítear mar ábhar do rialacháin.

(2) Féadfaidh rialacháin faoin Acht seo feidhm a bheith acu i gcoitinne nó faoi threoir cumainn, iasachtaí, sócmhainní, dliteanais nó cumhachtaí cumann d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe, nó faoi threoir ama shonraithe nó amanna sonraithe, nó le linn tréimhse nó tréimhsí sonraithe, nó faoi threoir aon ní eile is cuí leis an údarás cuí.

(3) Gan dochar d'aon fhoráil shonrach den Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha (lena n-áirítear forálacha chun an t-aistriú ó na hachtacháin aisghairthe go dtí an tAcht seo a chur in éifeacht) a bheith in aon rialacháin faoin Acht seo is dóigh leis an údarás cuí is gá nó is iomchuí chun críche ar bith de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála ann nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil ann.

(4) Déanfar gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

(5) Féadfaidh an Banc Ceannais nithe a shonrú nó treoir a thabhairt i ndáil le haon fhoráil den Acht seo nó de rialacháin arna ndéanamh faoi ina ndéantar foráil maidir leis an mBanc sin do shonrú nithe den sórt sin nó do thabhairt treoracha den sórt sin do chumann agus beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

(a) is oifigeach don Bhanc Ceannais a bheidh údaraithe go cuí chuige sin a dhéanfaidh an sonrú sin nó a thabharfaidh an treoir sin,

(b) beidh feidhm, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag forálacha fho-ailt (2) agus (3) maidir leis na sonruithe nó na treoracha sin mar atá feidhm acu maidir le rialacháin ach féadfaidh feidhm a bheith ag sonrú nó ag treoir freisin maidir le cumann aonair.

Rialacháin chun deireadh a chur le deacrachtaí.

4. —Má éiríonn aon deacracht, ar bhealach ar bith, le linn aon fhoráil den Acht seo a thabhairt i ngníomh nó i ndáil le hoibriú aon fhorála den sórt sin, féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ní a dhéanamh is dóigh leis is gá nó is fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, chun an fhoráil sin a thabhairt i ngníomh, nó chun oibriú na forála sin a áirithiú nó a urasú, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil den Acht seo a mhodhnú a mhéid is gá nó is fóirsteanach chun an fhoráil sin a chur in éifeacht chun na gcríoch a dúradh ach ní dhéanfar aon rialacháin faoin alt seo i ndáil le haon fhoráil den Acht seo tar éis 3 bliana a bheith caite dar tosach an lá ar tháinig an fhoráil iomchuí den Acht seo i ngníomh.

An tAcht a mhodhnú lena chur i gcomhréir le hathruithe ar dhlí na gcuideachtaí agus na baincéireachta.

5. —(1) Má dhéantar aon mhodhnú ar na hachtacháin a bheidh i bhfeidhm i ndáil le cuideachtaí nó bainc, agus gur dóigh leis an Aire gur fóirsteanach forálacha an Achta seo a mhodhnú chun go mbeidh an dlí a bhaineann le cumainn fhoirgníochta ar aon dul leis an dlí a bhaineann le cuideachtaí nó le bainc, féadfaidh an tAire, le rialacháin a dhéanfar le toiliú an Aire Airgeadais, cibé modhnuithe a dhéanamh ar aon fhorálacha den Acht seo is dóigh leis is cuí chuige sin.

(2) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) folaíonn sí cumhacht chun na forálacha iomchuí den Acht seo a mhodhnú—

(a) chun cumhacht a thabhairt orduithe, rialacháin nó ionstraimí eile a dhéanamh;

(b) chun socrú a dhéanamh maidir le táillí a ghearradh ach ní chun aon mhuirear de chineál cánachais a ghearradh.

(3) Féadfar le rialacháin faoin alt seo—

(a) leasuithe iarmhartacha nó aisghairm a dhéanamh ar fhorálacha eile den Acht seo;

(b) cibé forálacha eatramhacha nó cosantacha a dhéanamh is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach.

(4) San alt seo folaíonn “modhnú” aon bhreisiú agus, maidir le modhnuithe ar na hachtacháin a bhaineann le cuideachtaí nó bainc, aon mhodhnú a chuirfear in éifeacht cibé acu le haon Acht sa todhchaí nó le hionstraim reachtúil a dhéanfar, tar éis an tAcht seo a rith, faoi Acht a ritheadh tráth ar bith.

Aisghairm agus forálacha iarmhartacha.

6. —(1) Faoi réir fho-ailt (2), (4) agus (5), déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.

(2) Faoi réir fho-alt (3), leanfaidh Cuid III de na Rialacháin Chumann Foirgníochta, 1987 (I.R. Uimh. 27 de 1987 ) arna leasú leis na Rialacháin um na Rialacháin Chumann Foirgníochta (Leasú), 1987 (I.R. Uimh. 339 de 1987) de bheith i bhfeidhm, ionann is dá mba é an Banc Ceannais a rinne iad faoi alt 11 (2) agus “an Banc Ceannais” á chur in ionad “an Cláraitheoir”—

(a) i ndáil le hiasachtaí a rinneadh roimh thosach feidhme alt 22 ar urrús eastát nó leas, ruílse nó léasaigh, i dteach a mhorgáistiú, agus

(b) i ndáil le hiasachtaí tithíochta arna dtabhairt ar an tosach feidhme sin nó dá éis.

(3) Ní bheidh feidhm ag Riail I den Chéad Sceideal a ghabhann leis na Rialacháin a dúradh (iasachtaí a fhuascailt) maidir le hiasacht tithíochta, arna tabhairt ar thosach feidhme alt 22, nó dá éis, a bhforálann an comhaontú morgáiste nó iasachta ina leith nach féidir an ráta úis a athrú nó nach féidir é a athrú ach amháin ag eatraimh nach lú ná bliain.

(4) Aon chumann atá, díreach roimh aisghairm alt 3 den Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986 , i dteideal, de bhua an ailt sin agus rialachán faoi, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí chun oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar theaghais, leanfaidh siad de bheith i dteideal na hiasachtaí sin a thabhairt ionann is dá mba nár aisghaireadh an t-alt sin—

(a) go dtí an dáta ar a nglacfaidh meabhrán an chumainn éifeacht de réir alt 124 (8), nó

(b) go dtí an dáta ar a dtiocfaidh an chumhacht iasachtaí a thabhairt faoi alt 23 (1) (e) chun bheith infheidhmithe ag an gcumann,

cibé acu is luaithe, agus go dtí an dáta sin amháin.

(5) D'ainneoin aisghairm an Achta Cumann Foirgníochta, 1976 , leanfaidh ailt 20, cé is moite d'fho-ailt (9) agus (11), agus 21 den Acht sin, d'fheidhm a bheith acu i ndáil le cumann foirgníochta d'fheidhmiú aon fheidhme lena mbaineann údarú faoi alt 17 go dtí go dtagann Cuid IX i bhfeidhm.

Fógraí a sheirbheáil.

7. —(1) I gcás ina n-údaraítear nó ina gceanglaítear leis an Acht seo nó faoi, nó le rialacháin arna ndéanamh faoin Acht seo nó fúthu, fógra, treoir nó doiciméad eile a sheirbheáil ar dhuine, déanfar, mura sonraítear a mhalairt san Acht seo, é a dhíriú chuige agus a sheirbheáil air nó a thabhairt dó ar cheann de na bealaí seo a leanas—

(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh air;

(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a mbíonn cónaí air de ghnáth nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;

(c) trína chur leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag an seoladh ag a mbíonn cónaí air de ghnáth nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin; nó

(d) i gcás oifigigh de chuid cumainn foirgníochta, trína chur chuige leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag seoladh phríomhoifig an chumainn.

(2) Féadfar aon doiciméad den sórt sin a sheirbheáil—

(a) i gcás cumainn foirgníochta nó aon chomhlachta chorpraithe eile, ar rúnaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe;

(b) i gcás comhpháirtíochta, ar aon chomhpháirtí; agus

(c) i gcás comhlachais neamhchorpraithe seachas comhpháirtíocht, ar aon chomhalta de chomhlacht rialaithe an chomhlachais sin.

Caiteachais.

8. —(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus an tAire Dlí agus Cirt ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(3) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an Banc Ceannais ag riaradh an Achta seo a íoc as ciste ginearálta an Bhainc.